European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6416

26.11.2025

Fógra le haghaidh eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

(C/2025/6416)

Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (2).

Tá sé á bheartú ag an gComhairle na bearta sriantacha a bhaineann leis na heintitis sin a choinneáil ar bun.

Leis seo, cuirtear in iúl do na heintitis lena mbaineann go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a fháil a bhaineann le bearta sriantacha a choinneáil ar bun, faoin 3 Nollaig 2025, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)   IO L 229, 31.7.2014, lch. 13.

(2)   IO L 229, 31.7.2014, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6416/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)