European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6414

26.11.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2025

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Gearmáine

(C/2025/6414)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027.

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir ionadaithe na rialtas tagtha chun bheith folamh ó tharla gur éirigh Erik HESS as.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Gearmáine don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Nils KLAGGE ina chomhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna in ionad Erik HESS, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6414/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)