|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6362 |
21.11.2025 |
Fógra le haghaidh an duine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2369 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2368 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
(C/2025/6362)
Dírítear aird an duine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2369 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2368 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart an duine sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 agus i Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine. Tugtar na forais leis an duine sin a ainmniú san iontráil ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl don duine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha, mar a shonraítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 iad, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
An duine lena mbaineann, féadfaidh siad iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, le go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, roimh an 29 Bealtaine 2026 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile ón gComhairle, de bhun Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2023/2135.
Cuirtear in iúl don duine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú mír agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.
(2) IO L, 2025/2369, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2369/oj.
(3) IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.
(4) IO L, 2025/2368, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2368/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6362/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)