|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6346 |
21.11.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11811 — TIL / HUTCHISON PORTS / TERCAT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/6346)
1.
An 5 Samhain 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Terminal Investment Limited Holding S.A. (‘TIL’, Lucsamburg), faoi úinéireacht MSC Mediterranean Shipping Company Holding SA (‘MSC’, an Eilvéis), agus BlackRock, Inc. (‘BlackRock’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
Barcelona Europe Terminal, S.A.U (‘Hutchison Ports’, an Spáinn), faoi úinéireacht CK Hutchison Holdings Limited (‘CKHH’, Hong Cong), |
|
— |
Terminal Catalunya, S.A. (‘TERCAT’, an Spáinn). |
Gheobhaidh TIL agus Hutchison Ports rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar TERCAT.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Déanann TIL infheistíocht i gcríochfoirt coimeádán ar fud an domhain, forbraíonn agus bainistíonn sé iad agus tá sé faoi rialú comhpháirteach MSC agus BlackRock. Soláthraíonn MSC seirbhísí loingseoireachta línéir coimeádán agus seirbhísí coimhdeacha ar fud an domhain. Tá MSC gníomhach freisin in earnáil na cúrsála aigéanaí agus in earnáil na mbád farantóireachta paisinéirí muirí. Is cuideachta infheistíochta ilnáisiúnta Mheiriceánach é BlackRock, |
|
— |
Is é Hutchison Ports cuideachta rialaithe TERCAT faoi láthair agus is cuid de ghrúpa CKHH é. Is ilchuideachta ilnáisiúnta é CKHH a oibríonn ceithre chroíghrúpa gnó: (i) calafoirt agus seirbhísí gaolmhara, (ii) miondíol, (iii) bonneagar agus (iv) teileachumarsáid. |
3.
Is iad gníomhaíochtaí gnó ghnóthas TERCAT oibriú Chríochfort Barcelona na hEorpa Theas i gCalafort Barcelona.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11811 — TIL / HUTCHISON PORTS / TERCAT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6346/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)