|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6339 |
20.11.2025 |
Caingean arna tabhairt an 8 Deireadh Fómhair 2025 ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh na hIorua
(Cás E-20/25)
(C/2025/6339)
Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne Ríocht na hIorua os comhair Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 8 Deireadh Fómhair 2025, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Sigurbjörn Bernharð Edvardsson, Hildur Hjörvar, Sigrún Ingibjörg Gísladóttir agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts 19H, 1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.
Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(1) |
A dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE toisc nach ndearna sí cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh dá dtagraítear i bpointe 5cpaa d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí breise na ngnéithe atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus na bparaiméadar chun a chinneadh an bhfuil tionchar substaintiúil ag teagmhas), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus |
|
(2) |
Ordú a thabhairt don Iorua costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Leis an iarratas seo, iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar an gCúirt a dhearbhú nár ghlac an Iorua na bearta is gá chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den ghníomh dá dtagraítear i bpointe 5cpaa d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí breise na ngnéithe atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus na bparaiméadar chun a chinneadh an bhfuil tionchar substaintiúil ag teagmhas), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 LEE. |
|
— |
Sheol Údarás Faireacháin CSTE litir fógra fhoirmiúil chuig an Iorua an 4 Samhain 2024, inar iarradh ar an Iorua a barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó í a fháil. |
|
— |
D’fhreagair an Iorua an litir fógra fhoirmiúil an 6 Eanáir 2025, á rá nach raibh na bearta is gá déanta aici go fóill chun an Gníomh a chur chun feidhme. Chuir an Iorua in iúl freisin go raibh na bearta reachtacha ar bun, agus go raibh coinne leis go dtiocfadh na leasuithe reachtacha ábhartha i bhfeidhm le linn an dara leath de 2025. |
|
— |
Thug Údarás Faireacháin CSTE tuairim réasúnaithe uaidh an 26 Márta 2025 inar chloígh sé leis na conclúidí uaidh a leagtar amach sa litir fógra fhoirmiúil agus thug sé 2 mhí don Iorua na bearta is gá a dhéanamh chun an tuairim réasúnaithe a chomhlíonadh, i.e. tráth nach déanaí ná an 26 Bealtaine 2025. |
|
— |
Sa fhreagra uaithi an 28 Bealtaine 2025, thagair an Iorua dá freagra ar an litir fógra fhoirmiúil, á rá go raibh coinne leis go dtiocfadh glacadh na mbeart is gá chun an Gníomh a chur chun feidhme i bhfeidhm le linn an dara leath de 2025 agus gur tugadh an tréimhse chomhairliúcháin don Bhille atá beartaithe chun críche. |
|
— |
Faoin tráth a chuaigh an spriocdháta a leagadh síos sa tuairim réasúnaithe in éag, ní raibh Údarás Faireacháin CSTE curtha ar an eolas ag an Iorua faoi aon bheart a ghlac sí chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh, ná ní raibh aon fhaisnéis eile ag Údarás Faireacháin CSTE a thug le fios go ndearnadh cuid de dhlíchóras inmheánach na hIorua den Ghníomh. |
|
— |
Ós rud é nár chomhlíon an Iorua an tuairim réasúnaithe faoin spriocdháta a leagadh síos inti, chinn Údarás Faireacháin CSTE, an 8 Deireadh Fómhair 2025, an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte, de bhun Airteagal 31 den gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú. |
|
— |
Tugann an tÚdarás dá aire gurb amhlaidh, ag am taiscthe an iarratais seo, nach ndearna an Iorua cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh, agus nár chuir sí in iúl don Údarás go ndearna sí amhlaidh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6339/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)