|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6323 |
3.12.2025 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Straitéis Eorpach um Chúram
(C/2025/6323)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CNAR)
An Comhtháthú Críochach
|
1. |
Cuireann CnaR chun suntais go bhfuil an infheistíocht i scileanna ríthábhachtach d’iomaíochas, d’athléimneacht agus do chomhtháthú fadtéarmach na hEorpa, go háirithe agus réigiúin áirithe ag dul i ngleic le hathruithe déimeagrafacha, le hiomaíocht dhomhanda mhéadaithe le haghaidh tallainne, agus leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Leis an gcur chuige sin, ba cheart tuiscint a léiriú i leith éagothromaíochtaí réigiúnacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin sin atá i mbaol a bheith fágtha ar lár. |
|
2. |
Athdhearbhaíonn CnaR a thábhachtaí atá an comhtháthú críochach maidir le rochtain chothrom ar na tairbhí a bhaineann le forbairt scileanna a áirithiú ar fud na réigiún uile trí idirghabhálacha sonracha atá ceaptha chun bacainní struchtúracha a shárú i gceantair thuaithe, iargúlta agus bheagfhorbartha, lena n-áirítear imirce na hóige, deiseanna fostaíochta teoranta, agus bearnaí sa bhonneagar oideachais. |
|
3. |
Molann sé straitéisí áitbhunaithe a ghlacadh chun tionscnaimh forbartha scileanna a ailíniú le dálaí eacnamaíocha réigiúnacha sonracha agus le comhthéacsanna déimeagrafacha. Leis na straitéisí sin, ba cheart obair ghníomhach a dhéanamh chun earnálacha eacnamaíocha traidisiúnta atá inbhuanaithe a athbheochan, treochtaí imirce na hóige a aisiompú agus próisis mheara an lánpháirtithe a chur chun cinn d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn. |
|
4. |
Aithníonn CnaR an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Leagann sé béim ar a ghaire atá siad do na saoránaigh agus ar a gcumas uathúil tionscnaimh oideachais a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla. Ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ardteicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú go gníomhach sa bhonneagar oideachais áitiúil chun freagairt go héifeachtach do dhálaí socheacnamaíocha réigiúnacha. |
|
5. |
Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí críochacha trí infheistíochtaí spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le réigiún ar leith, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta agus ceantair a bhfuil an bánú ag bagairt orthu agus bruachbhailte faoi mhíbhuntáiste, ar ceantair iad a bhíonn thíos go minic le bonneagar neamhleor, rochtain theoranta ar oideachas ar ardchaighdeán, agus imirce na hóige. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach díriú ar fheabhas a chur ar an mbonneagar oideachais agus ar an nascacht chun deiseanna cothroma a chur ar fáil do chách. |
|
6. |
Molann CnaR an t-iomaíochas réigiúnach a neartú trí chláir oiliúna don lucht saothair áitiúil a ailíniú le láidreachtaí tionsclaíocha réigiúnacha agus acmhainneacht nuálaíochta, lena n-áiritheofar go mbeidh scileanna an lucht saothair ábhartha agus go mbeidh éileamh ard orthu. |
|
7. |
Cuireann sé i bhfáth nach mór Aontas na Scileanna a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt don rialachas il-leibhéil agus do phrionsabal na comhpháirtíochta, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht fhóinteach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas scileanna; |
Córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú
|
8. |
Athdhearbhaíonn CnaR a thábhachtaí atá sé éiceachórais scileanna réigiúnacha a fhorbairt trí chomhpháirtíochtaí dinimiciúla poiblí-príobháideacha chun comhar a chothú idir na húdaráis áitiúla, institiúidí oideachais, gnólachtaí agus ionaid nuálaíochta. Ba cheart na héiceachórais sin a ailíniú le próifílí eacnamaíocha réigiúnacha, rud a d’éascódh forbairt scileanna ábhartha ardéilimh. |
|
9. |
Mar sin féin, ba ríthábhachtach Aontas na Scileanna cuimsitheacht a bheith in Aontas na Scileanna. Ní mór cothrom na rochtana ar dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe a áirithiú do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mná, daoine óga, imircigh, daoine faoi mhíchumas, agus iad siúd atá ina gcónaí i réigiúin thuaithe agus fhorimeallacha, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú glas agus san aistriú digiteach; |
|
10. |
Tarraingíonn sé aird ar an ngá atá le glacadh leis an nuálaíocht dhigiteach a úsáidtear go freagrach agus lena n-urramaítear feasacht cibearshlándála, curaclaim a thabhairt cothrom le dáta agus modhanna oideolaíocha nua-aimseartha a chur chun feidhme laistigh de chórais oideachais agus oiliúna ar fud na hEorpa. Is mór an tábhacht a bhaineann leis na tionscnaimh sin chun inniúlachtaí digiteacha láidre agus scileanna cuimsitheacha ETIM a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an margadh saothair amach anseo. |
|
11. |
Aithníonn CnaR an tábhachtach straitéiseach atá leis na hollscoileanna maidir le daoine aonair a ullmhú d’éilimh ghairme atá ag teacht chun cinn, go háirithe i réimsí ETIM a bhfuil dlúthbhaint acu leis an ngeilleagar glas agus leis an ngeilleagar digiteach. Agus é d’aidhm acu na bearnaí práinneacha scileanna atá ann faoi láthair a chomhlíonadh, d’fhéadfadh na hollscoileanna, i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, a bheith i dtús cadhnaíochta i nuachóiriú na gcuraclam agus na modhanna oiliúna go réamhghníomhach chun foghlaimeoirí a thuar agus a ullmhú do róil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo nach ann dóibh go fóill. |
|
12. |
Cuireann CnaR i bhfáth a chóiriúla atá rannpháirtíocht straitéiseach ollscoileanna agus cuideachtaí, go háirithe FBManna, in iarrachtaí athchóirithe oideachais agus ailínithe scileanna, go háirithe i réimsí ETIM, chun aschuir oideachais a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le héilimh an mhargaidh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. |
|
13. |
Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint agus molann sé aghaidh a thabhairt ar shrianta sistéamacha ar acmhainní, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn, agus cothromaíocht a bhaint amach idir scileanna gairme agus inniúlachtaí níos leithne. Tá gá le hathchóirithe den sórt sin chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair. |
|
14. |
Tarraingíonn CnaR aird ar an ngá atá le córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú trí infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht dhigiteach a úsáidtear go freagrach agus lena n-urramaítear feasacht cibearshlándála, curaclaim a thabhairt cothrom le dáta, rannpháirtíocht gnólachtaí agus FBManna a neartú agus modhanna oideolaíocha comhaimseartha a úsáid. |
|
15. |
Cuireann sé i bhfáth go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais múinteoirí, go háirithe i réimsí ETIM. Féadfar sin a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar na scileanna a shanntar do na comhlachtaí teagaisc éagsúla a mheaitseáil leis na hábhair a chuirtear ar fáil agus leibhéal na speisialtóireachta ábhair agus curaclaim á gcur san áireamh, trí oiliúint fheabhsaithe, dálaí oibre feabhsaithe agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil d’oideoirí chun aghaidh dhíreach a thabhairt ar bhearnaí sa lucht saothair teagaisc. |
Cuimsiú sa mhargadh saothair
|
16. |
Leagann CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé straitéisí saincheaptha a fhorbairt chun grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, amhail imircigh, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus oibrithe scothaosta. Ba cheart a áireamh ar na straitéisí sin bonneagar speisialaithe ar leibhéal an phobail agus córais tacaíochta, lena gcuirfí margaí saothair cuimsitheacha athléimneacha chun cinn. |
|
17. |
Cuireann CnaR i bhfios go láidir go bhfuil géarghá fós le bunscileanna a neartú, lena n-áirítear litearthacht, uimhearthacht, litearthacht dhigiteach, eolas eolaíoch, agus rannpháirtíocht shibhialta. Tá na scileanna sin ina gcnámh droma do rannpháirtíocht fhóinteach sa tsochaí agus do dhul isteach sa mhargadh saothair, go háirithe nuair atá comhthéacsanna teicneolaíocha agus sóisialta ag éirí níos casta. |
|
18. |
Cuireann CnaR i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an fhoghlaim atá bunaithe san ionad oibre agus an taithí phraiticiúil. Cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i ndéchórais oideachais, lena gcomhcheanglaítear printíseachtaí le gairmoideachas scoile, rud a thugann rochtain ar mhargadh an tsaothair do dhaoine óga agus daoine leochaileacha go háirithe, agus a nascann cuideachtaí le fostaithe ionchasacha san am céanna. |
|
19. |
Athdhearbhaíonn CnaR go bhfuil gá le bearta práinneacha chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais múinteoirí, go háirithe i réimsí ETIM. Is céimeanna ríthábhachtacha iad cáilíocht na hoiliúna múinteoirí a fheabhsú, dálaí oibre gairmiúla a fheabhsú, agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil d’oideoirí chun torthaí oideachais inbhuanaithe a áirithiú. |
|
20. |
Iarrann sé go ndéanfaí grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear imircigh, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus oibrithe scothaosta, a chuimsiú sa mhargadh saothair, trí chláir oiliúna spriocdhírithe agus trí bhonneagar tacaíochta iomchuí ar leibhéal na bpobal. |
An t-iomaíochas réigiúnach agus an nuálaíocht
|
21. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur gá ionstraimí cistiúcháin an Aontais do thionscnaimh scileanna réigiúnacha a shimpliú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr, mar aon le tacaíocht theicniúil éifeachtach a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tríd an méid sin a dhéanamh, áiritheofar go gcuirfear straitéisí scileanna réigiúnacha chun feidhme go héifeachtach agus go mbeidh tionchar acu. |
|
22. |
Tugann CnaR chun suntais a thábhachtaí atá sé inaistritheacht agus aitheantas cáilíochtaí a fheabhsú ar fud an Aontais chun soghluaisteacht an lucht saothair a chothú, dul i ngleic le himirce daoine oilte, agus leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair agus as an tallann laistigh de gheilleagair réigiúnacha. |
|
23. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil gá le hionstraimí cistiúcháin an Aontais lena gcuirfear fóirdheontais ar fáil do chuideachtaí chun triail a bhaint as próisis oibre a fhreastalaíonn ar riachtanais grúpaí éagsúla, cuir i gcás níos mó solúbthachta a thabhairt d’oibrithe, obair pháirtaimseartha, obair a eagrú go neamhspleách nó ar bhonn comhairliúcháin agus cláir a fhorbairt le haghaidh athrú cultúrtha ionas go mbeidh níos mó fostaithe ar a gcompord. |
|
24. |
Cuireann sé i bhfáth gur féidir feabhas suntasach a chur ar chruinneas na n-idirghabhálacha beartais trí chur chuige cuimsitheach agus sonraíbhunaithe a ghlacadh i leith faisnéis réigiúnach maidir le scileanna, lena n-áiritheofar a gcumas freagairt i bhfíor-am d’éilimh an mhargaidh saothair réigiúnaigh. |
|
25. |
Molann CnaR go mbeadh comhar idir-réigiúnach agus trasteorann ann i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun dea-chleachtais a chomhroinnt, fadhbanna comhchoiteanna a réiteach, soghluaisteacht mac léinn agus gairmithe a éascú, agus córais scileanna athléimneacha a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin choiteanna. |
|
26. |
Iarrann sé go mbeadh beartais réigiúnacha spriocdhírithe ann atá ceaptha chun dul i ngleic le himirce daoine oilte, amhail tacú le tionscnaimh phríobháideacha agus comhpháirtíochtaí ilpháirtí a chur chun cinn idir institiúidí ardoideachais, údaráis phoiblí agus tionscail, ós rud é gur féidir leo borradh suntasach a chur faoin nuálaíocht réigiúnach agus caipiteal daonna luachmhar a choinneáil. |
|
27. |
Iarrann CnaR go dtabharfaí tosaíocht shainráite d’fhorbairt scileanna laistigh de phleanáil straitéiseach na hEorpa don iomaíochas, don athléimneacht agus don chomhtháthú sóisialta, agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hiomaíocht dhomhanda le haghaidh tallainne, le hathruithe déimeagrafacha, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. |
|
28. |
Iarrann sé go nglacfaí cur chuige réamhghníomhach maidir le lucht saothair na hEorpa a chumasú chun freastal ar éilimh an mhargaidh saothair amach anseo trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra a sainaithníodh, amhail éagothromaíochtaí réigiúnacha, bunscileanna neamhleora i measc daoine óga agus daoine fásta, infheistíocht neamhleor sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, agus na bacainní atá ar phobail leochaileacha páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair. |
|
29. |
Molann sé go mbeadh an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus beartais oideachais chuimsitheacha ina n-uirlisí bunúsacha chun slándáil eacnamaíoch na hEorpa a fheabhsú agus chun eisiamh aon réigiúin nó aon ghrúpa sóisialta a chosc le linn aistrithe eacnamaíocha claochlaitheacha. |
Na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú
|
30. |
Molann CnaR go mbeadh comhar níos dlúithe ann leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha trí idirphlé struchtúrtha, chun a áirithiú go mbeidh dearcthaí réigiúnacha éagsúla agus riachtanais áitiúla ina mbonn eolais cuimsitheach do cheapadh beartais an Aontais. |
|
31. |
Tugann sé chun suntais gur gá beartais oideachais a bheith solúbtha agus inoiriúnaithe agus nach mór dóibh freagairt go tapa do luaineachtaí eacnamaíocha agus d’athruithe sa mhargadh saothair. Tá an tsolúbthacht sin ríthábhachtach chun forbairt eacnamaíoch agus fostaíocht athléimneach a chothú. |
|
32. |
Molann sé go mbeadh córais oideachais ilteangacha agus córais dé-oideachais ann chun inniúlachtaí idirchultúrtha agus an infhostaitheacht a fheabhsú, go háirithe i réigiúin trasteorann, d’fhonn daoine aonair a ullmhú d’éagsúlacht na margaí saothair ar fud na hEorpa agus chun cuimsiú oideachais a chur chun cinn. |
|
33. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an straitéis um Aontas na Scileanna a chur chun feidhme, ag tógáil ar a rannpháirtíocht dhíreach leis na saoránaigh agus ar fhaireachán a dhéanamh ar bhonneagair oideachais agus oiliúna áitiúla. |
|
34. |
Iarrann sé go ndéanfaí iarrachtaí réamhghníomhacha chun comhpháirtíochtaí réigiúnacha éifeachtacha maidir le scileanna a éascú agus comhar poiblí-príobháideach a chur chun cinn trí shásraí soiléire, trí chistiú leordhóthanach agus trí thacaíocht riaracháin, rud a chuirfeadh ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach straitéisí forbartha scileanna réigiúnacha a stiúradh agus a chur chun feidhme go héifeachtach. |
|
35. |
Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú chun tacú leis an oiriúnú áitiúil don aistriú glas agus don aistriú digiteach trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhunú i measc institiúidí oideachais, fiontair phríobháideacha agus braislí nuálaíochta, rud a chuirfidh feabhas ar acmhainneachtaí áitiúla chun dul i ngleic le gné eacnamaíoch na n-aistrithe sin. |
An fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus t-oiriúnú leanúnach
|
36. |
Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt d’oideachas agus do chúram na luath-óige, go háirithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste, chun feabhas a chur ar fhorbairt scileanna bunúsacha agus ar thorthaí fadtéarmacha oideachais. |
|
37. |
Molann sé go leathnófaí cur chun feidhme na gCuntas Foghlama Aonair chun borradh a chur faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus chun an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú is gá le haghaidh inoiriúnaitheacht gairme a éascú. |
|
38. |
Molann CnaR go méadófaí an infheistíocht i micridhintiúir agus i réitigh foghlama sholúbtha lena ndéantar feabhsuithe spriocdhírithe ar scileanna atá ábhartha do riachtanais láithreacha an tionscail. |
|
39. |
Iarrann sé go neartófaí tionscnaimh comhionannais inscne laistigh de réimsí ETIM trí fhor-rochtain spriocdhírithe, modhanna teagaisc atá íogair ó thaobh inscne de agus tacaíocht ghairme chun rannpháirtíocht agus coinneáil na mban a mhéadú go suntasach. |
|
40. |
Tugann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé sábháilteacht dhigiteach, litearthacht sna meáin agus oideachas cibearshlándála a chur chun cinn ar gach leibhéal oideachais chun daoine aonair a ullmhú do rannpháirtíocht shlán sa tsochaí dhigiteach. |
|
41. |
Iarrann CnaR go dtabharfaí aghaidh ar an mbearna scileanna airgeadais agus fiontraíochta. Leagann sé béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh arb é is aidhm dóibh litearthacht airgeadais a fheabhsú, go háirithe i measc na n-óg, agus leagann sé béim ar an ról bunúsach atá ag an oideachas fiontraíochta laistigh d’institiúidí oideachais chun meonta fiontraíochta agus scileanna atá riachtanach don nuálaíocht agus do chruthú gnó a chothú. |
|
42. |
Molann sé go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe d’fhoghlaim leanúnach oibrithe scothaosta agus dá lánpháirtiú i margaí saothair. Tríd an méid sin a dhéanamh, d’fhéadfaí leas a bhaint as an taithí atá ag na hoibrithe sin agus aistriú eolais idirghlúine a éascú. |
|
43. |
Molann CnaR go bhforbrófaí straitéisí cuimsitheacha chun taithí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcreataí foirmiúla cáilíochta, agus aitheantas á thabhairt do na conairí foghlama éagsúla. |
|
44. |
Tarraingíonn sé aird ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chumais a bhaineann le hullmhacht i gcomhair rioscaí agus le freagairt ar ghéarchéimeanna laistigh de chórais oideachais chun leanúnachas agus athléimneacht a áirithiú i soláthar oideachais, cuir i gcás tríd an oideachas aeráide a áireamh ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil. |
|
45. |
Molann CnaR naisc níos éifeachtúla a fhorbairt idir an t-oideachas, institiúidí taighde agus an tionsclaíocht, gan neamhspleáchas ná sláine intleachtúil na n-institiúidí oideachais a chur i mbaol in earnálacha teicneolaíochta atá ag athrú go tapa agus i réimsí atá tábhachtach don chomhtháthú sóisialta. Ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar chur i bhfeidhm scileanna praiticiúla agus ar thorthaí nuálaíochta. |
An Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eorpach na Réigiún
Kata TÜTTŐ
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6323/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)