|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6321 |
3.12.2025 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Pointí creidmheasa dúlra a dhearadh: creat chun an bhithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn
(C/2025/6321)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CNAR)
Pointí creidmheasa dúlra sa chomhthéacs idirnáisiúnta
|
1. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach féidir na creidmheasanna dúlra a chur in áit an chistithe phoiblí uaillmhianaigh, na rialála ceangailtí agus an fhorfheidhmithe. Is féidir leo cur leis an méid sin, agus sin a bhfuil, óir is é bunchloch na cosanta bithéagsúlachta i gcónaí an méid sin. Lena chois sin, ní mór do na scéimeanna creidmheasa dúlra aird iomlán a thabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na teorainneacha éiceolaíocha, lena chinntiú nach ndéanfaidh uirlisí airgeadais scriosadh an chomhshaoil a dhlisteanú ná dreasachtaí fritorthúla a chruthú. |
|
2. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú an dúlra ar na dúshláin chomhshaoil agus eacnamaíocha is tromchúisí atá romhainn sa lá atá inniu ann. Tá cur chuige nuálach, sistéamach agus díláraithe ag teastáil ina leith a mbeidh baint ag gach leibhéal rialtais leis, lena n-áirítear na réigiúin agus na cathracha, chomh maith leis na saoránaigh, na hinstitiúidí oiliúna agus oideachais, na hionaid taighde agus an earnáil ghnó. |
|
3. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur cúraimí reachtúla éigeantacha atá i gceist le cur chun feidhme na gceanglas Eorpach maidir le caomhnú an dúlra, e.g. Natura 2000 agus an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, agus nach mór iad a mhaoiniú trí bhíthin cistí poiblí. Dá bhrí sin, beidh ar an Aontas i bhfad níos mó acmhainní a chur ar fáil ionas go bhféadfar an costas mór atá i gceist a mhaoiniú. |
|
4. |
Tarraingíonn sé aird ar Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, arb é is aidhm dó 30 % de chailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú faoi 2030. Leagann sé béim go háirithe ar sprioc 19 an Chreata, is é sin USD 200 billiún a chur ar fáil in aghaidh na bliana ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear trí scéimeanna nuálacha airgeadais a spreagadh, creidmheasanna dúlra san áireamh. Cuireann CnaR i bhfáth nach mór na scéimeanna airgeadais sin a bheith faoi réir coimircí láidre, trédhearcachta agus faireachán neamhspleách chun an glas-snasú a sheachaint agus chun a áirithiú go rannchuideoidh siad le gnóthachain bhithéagsúlachta iarbhír agus intomhaiste. |
|
5. |
Cuireann CnaR béim ar an bhfíoras go dtagraítear go sonrach i gCreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, den chéad uair riamh, do Choiste Eorpach na Réigiún mar phríomh-chomhpháirtí chun tacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Rialtais Fhonáisiúnta, Cathracha agus Údaráis Áitiúla Eile don Bhithéagsúlacht faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (2021-2030). Cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá straitéisí caomhnaithe pobalbhunaithe faoi stiúir áitiúil lena n-urramaítear cearta, riachtanais agus córais eolais na bpobal dúchasach agus áitiúil. Éilíonn sé go ndéanfaí rannpháirt na bpobal dúchasach, na bpobal áitiúil, eagraíochtaí na hóige agus na sochaí sibhialta a chumasú trí phróisis chomhairliúcháin agus idirphlé, go háirithe i ndearadh agus i bhfaireachán na gcóras creidmheasa dúlra, agus ní mór a áirithiú ag an am céanna go bhfanfaidh inniúlachtaí cinnteoireachta faoi chúram na n-údarás poiblí ábhartha. |
|
6. |
Cuireann sé i bhfáth, má táthar chun maoiniú inbhuanaithe a chur ar fáil do chaomhnú na bithéagsúlachta, gur gá ionstraimí a éagsúlú. I dtaca leis sin, féadfaidh creidmheasanna dúlra fóirdheontais phoiblí agus deontais phoiblí a chomhlánú, mar sin féin, ní mór iad a bheith ar leithligh ó chreidmheasanna carbóin agus ón gcóras trádála astaíochtaí (CTA) agus níor cheart iad a úsáid chun oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh. Ní mór creidmheasanna dúlra a bheith nithiúil, trédhearcach agus bunaithe ar chritéir shoiléire cháilíochta (marthanacht, cosc ar sceitheadh), faoi mhaoirseacht phoiblí neamhspleách, agus i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim agus le cearta na bpobal lena mbaineann. Is é is cuspóir dóibh cosaint na bithéagsúlachta a fheabhsú trí bhíthin réitigh atá daingnithe go réigiúnach lena gcomhcheanglófaí beartais phoiblí agus dreasachtaí deonacha ón earnáil phríobháideach. |
|
7. |
Tugann CnaR le fios go bhfuil éifeacht láidir iolraitheora ag infheistíochtaí in athchóiriú an dúlra. Mar shampla, ní hamháin go dtacaíonn athchóiriú bogaigh nó foraoisí leis an mbithéagsúlacht ach cuireann sé leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide freisin, maolaíonn sé tuilte, déanann sé foraoisí níos frithsheasmhaí i gcoinne dóiteán agus i leith scaipeadh dóiteán, cuireann sé borradh faoin ngeilleagar áitiúil agus réigiúnach agus faoi thionscal na turasóireachta trí dheiseanna a mhéadú d’fhiontair bheaga agus meánmhéide agus feabhsaíonn sé an tsláinte phoiblí agus cáilíocht an tsaoil i measc an phobail, agus, rud a léirítear i roinnt staidéar, is féidir leis na limistéir sin a bheith ina gconstaicí nádúrtha a chuireann leis an athléimneacht réigiúnach straitéiseach, go háirithe i réigiúin an oirthir. |
|
8. |
An creat a bheidh ann le haghaidh beartais chomhshaoil agus úsáide talún amach anseo, cuireann CnaR i bhfáth gur creat a bheidh ann a chuimseoidh gach táirgeoir talmhaíochta agus foraoiseachta san Aontas, beag beann ar mhéid ná struchtúr na feirme, an tsamhail táirgeachta, ná an réigiún geografach. Dearfar é ar bhealach a léireoidh éagsúlacht na hearnála agus a áiritheoidh an rochtain chomhionann trí shásraí a sheachaint a bheadh róchasta agus a chuirfeadh ualach díréireach ar oibríochtaí beaga nó ar oibríochtaí nach bhfuil thar a bheith speisialaithe. |
|
9. |
Cuireann CnaR i bhfáth go gcaithfear, agus an plé ar na tograí ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) ar siúl, cur go mór leis an tacaíocht airgeadais a theastaíonn chun na ceanglais Eorpacha maidir le caomhnú an dúlra a chur chun feidhme. Caithfear, ina leith sin, ranníocaíocht an Aontais a bhunú ar an gcostas cur chun feidhme atá socraithe. |
|
10. |
Is díol sásaimh do CnaR go bhfuil méadú ag teacht ar scéimeanna creidmheasa dúlra ar fud an domhain mar cheann den iomad uirlisí a d’fhéadfadh an bhearna airgeadais i gcistiú na bithéagsúlachta a dhúnadh, lena n-áirítear beartais chreidmheasa dúlra i stát Paraná na Brasaíle, agus an beartas maidir le Glanghnóthachan Bithéagsúlachta sa Ríocht Aontaithe, mar aon le go leor uirlisí eile a cuireadh i láthair le linn an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch in Cali na Colóime i mí Dheireadh Fómhair 2024. Is geal leis go bhfuil samhlacha á dtástáil cheana féin faoi thionscnaimh áirithe faoi láthair — amhail an Ciste Domhanda Fiadhúlra sa Fhrainc agus Wadapt — lena gcomhcheanglaítear caipiteal príobháideach le bearta nithiúla éiceolaíocha agus tuairisciú poiblí ar thorthaí. |
|
11. |
Sa chomhthéacs sin, cuireann CnaR i bhfios go láidir nach mór scaipeadh creidmheasanna dúlra a bheith coinníollach ar chomhoiriúnacht gheografach idir a n-áit tionscnaimh agus a gcur i bhfeidhm, chun sláine éiceolaíoch agus spriocdhíriú réigiúnach na mbeart a chaomhnú. Ní mór an trádáil thánaisteach a theorannú go docht agus cosc a chur ar aistriú creidmheasanna idir réigiúin nach bhfuil comhoiriúnach don chomhshaol. Ní mór gach scéim a bhainistiú trí chláir phoiblí thrédhearcacha agus ní mór rannchuidiú inchainníochtaithe leis an mbithéagsúlacht áitiúil a léiriú leo. |
|
12. |
Cuireann CnaR i bhfáth go léirítear leis na hionstraimí atá ann cheana (mar shampla, íocaíochtaí le haghaidh seirbhísí éiceachórais) gur féidir le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar dhreasachtaí agus arb é is aidhm dóibh caipiteal nádúrtha a chosaint agus a athbhunú luach príobháideach a chruthú nuair atá coimircí láidre, rialachas trédhearcach agus modheolaíochtaí atá bailíochtaithe go heolaíoch lena n-áirithítear torthaí intomhaiste éiceolaíocha mar bhonn taca leo. |
|
13. |
Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh clárlanna poiblí, rialachas áitiúil, agus coimircí ceangailteacha comhshaoil agus sóisialta ann, lena n-áirítear saorthoiliú feasach roimh ré na bpobal dúchasach agus na bpobal dá ndéantar difear, mar aon le rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach i ngach céim de phróiseas deartha, cur chun feidhme agus meastóireachta na dtionscadal maidir le pointí creidmheasa dúlra. Cuireann sé chun suntais nár cheart creidmheasanna dúlra a úsáid chun gníomhaíochtaí scriosacha sa Domhan Theas a dhlisteanú, gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag cuideachtaí bunaithe san Aontas atá ag iarraidh ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta intíre a chomhlíonadh. |
Gníomhaíocht an Aontais maidir le creidmheasanna dúlra
|
14. |
Is díol sásaimh do CnaR Treochlár i dtreo pointí creidmheasa dúlra a bheith foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach an 7 Iúil 2025. Meabhraíonn sé, ina fhianaise sin, go bhfuil Uachtarán an Choimisiúin tiomanta na réigiúin a choinneáil i gcroílár a cuid oibre. Cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé sin maidir le réitigh dhúlrabhunaithe a fhorbairt go comhpháirteach, deimhniú bithéagsúlachta agus creidmheasanna dúlra san áireamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. |
|
15. |
Maidir le sásra ar bith a thabharfar isteach le haghaidh creidmheasanna dúlra, éilíonn CnaR coimircí a bheith ina gcuid de chun grabáil talún a chosc agus chun a chinntiú go leanfar d’úsáid tháirgiúil na talún. Caithfidh na bearta na pobail talmhaíochta a chosaint ar ghníomhaithe seachtracha a fhaigheann talamh mar gur mian leo creidmheasanna dúlra a fháil chun críoch amhantrach nó neamhtháirgiúil, agus chun na gcríoch sin amháin. |
|
16. |
Cuireann sé i bhfios, de réir meastacháin AE, go bhfuil gá le EUR 48 mbilliún ar a laghad in aghaidh na bliana san Aontas chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú faoi Straitéis Bhithéagsúlachta 2030, ach go dtugann meastacháin níos leithne, lena n-áirítear faireachán ithreach agus talún, le fios go bhféadfadh suas le EUR 65 bhilliún in aghaidh na bliana a bheith i gceist le riachtanais chistiúcháin, agus bearna thart ar EUR 37 mbilliún ann. Cuireann CnaR i bhfáth, sa chomhthéacs sin, an imní atá air maidir leis na tograí a chuir an Coimisiún Eorpach chun tosaigh i mí Iúil 2025 le haghaidh CAI 2028-34, rudaí nach dtagann, faoi mar atá siad i láthair na huaire, le prionsabail lárnacha an rialachais il-leibhéil, na comhpháirtíochta agus na coimhdeachta agus fógraíonn sé an athuair go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach maidir leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach ar gach leibhéal má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathchóiriú an dúlra agus cosaint na bithéagsúlachta. Tathantaíonn CnaR ar an gCoimisiún Eorpach, chuige sin, cur leis an gclár LIFE sa leagan de CAI a bheidh ann do 2028-2034, ar clár é sin a raibh an rath air go dtí seo. |
|
17. |
Molann CnaR go mbreathnófaí ar thabhairt isteach creata creidmheasa dúlra san Aontas mar dheis straitéiseach chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a dhíriú ar bhearta nithiúla cosanta agus athchóirithe bithéagsúlachta — amhail gnáthóga díghrádaithe a athbhunú, nascacht éiceolaíoch a thabhairt chun feabhais agus feidhmeanna éiceachórais a fheabhsú — go háirithe i réigiúin a bhfuil brú suntasach comhshaoil orthu agus sna réigiúin is leochailí, cuir i gcás na réigiúin is forimeallaí. Le hais réigiúin eile, is mó atá na réigiúin is forimeallaí neamhchosanta ar an athrú aeráide, tá saibhreas bithéagsúlachta eindéimí iontu agus is lag an acmhainneacht atá acu chun déileáil le tionchair an athraithe aeráide. Tacaíonn an cur chuige sin le cuspóir an Aontais maoiniú do chaomhnú an dúlra a mhéadú i gcomhréir lena Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 agus cuidíonn sé le gealltanais idirnáisiúnta faoi Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal a chomhlíonadh. Ba cheart breathnú ar an deimhniú agus ar chreidmheasanna dúlra freisin mar chomhlánú ar bheartais aeráide agus oiriúnaithe an Aontais trí chreat dreasachta a chur ar fáil chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme a thacóidh leis an mbithéagsúlacht, a laghdóidh tionchar an athraithe aeráide agus a chuirfidh leis an athléimneacht chomh maith le cuidiú le geilleagair áitiúla agus réigiúnacha agus go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir le creidmheasanna dúlra, cuireann sé i dtreis nár cheart aird a tharraingt ó na spriocanna ceangailteacha athchóirithe faoin Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra agus faoi reachtaíocht ghaolmhar an Aontais leo, ach nach mór dóibh feidhmiú mar ionstraim bhreise atá nasctha leis an gcreat réigiúnach agus áitiúil, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, rud a chuideoidh le dlús a chur lena mbaint amach. |
|
18. |
Molann CnaR go ndéanfaí tionscadail maidir le pointí creidmheasa dúlra a nascadh le pleananna réigiúnacha athléimneachta aeráide, lena n-áirítear córais luathrabhaidh, bonneagar glas ilfheidhmeach, réitigh dhúlrabhunaithe le haghaidh bainistiú uisce agus cláir oiriúnaithe faoi stiúir an phobail a fhorbairt. |
|
19. |
A mhéid a bhaineann le pointí creidmheasa dúlra a leithdháileadh, molann CnaR go dtabharfaí tús áite do na réigiúin agus do na pobail sin a bhfuil na rioscaí tromchúiseacha aeráide is mó ag bagairt orthu, amhail tuilte, triomaigh nó dóiteáin foraoise, d’fhonn athléimneacht éiceolaíoch, eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún agus na bpobal sin a neartú. |
|
20. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag na réigiúin agus na bardais maidir le cuspóirí comhshaoil a leagan síos agus a chur chun feidhme, ós iadsan atá sna limistéir ina dtarlaíonn athruithe ar an éiceachóras agus ina bhfuil saineolas praiticiúil maidir le caomhnú agus athchóiriú éiceachóras le fáil. Tá sé ag iarraidh go mbeadh acmhainní poiblí leordhóthanacha agus cúnamh teicniúil leordhóthanach ann lena áirithiú gur féidir le húdaráis fhonáisiúnta a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le caomhnú agus athchóiriú éiceolaíoch agus tacaíocht na hearnála príobháidí acu. |
|
21. |
Molann sé go n-úsáidfí creidmheasanna dúlra mar uirlis chun bearta caomhnaithe rathúla a neartú agus chun feabhsuithe éiceolaíocha a dhéanamh i gcríocha sonracha, go háirithe i réigiúin agus i gcathracha a bhfuil ualach comhshaoil orthu, ar minic iad ina limistéir atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta. Áirítear orthu sin réimsí ina bhfuil leibhéil arda neamhionannais, bochtaineacht fuinnimh nó eisiamh sóisialta. D’fhéadfaí deiseanna nua a chur ar fáil faoi chórais chreidmheasa dúlra do na réigiúin agus na cathracha sin ó thaobh na forbartha inbhuanaithe de agus d’fhéadfaidís cuidiú le poist ghlasa ardcháilíochta a chruthú i gcomhréir le prionsabail an aistrithe chóir agus an gheilleagair chiorclaigh. Ina theannta sin, d’fhéadfaidís cur le hathchóiriú, le hathbhunú agus le hathghiniúint limistéar a ndéanann gníomhaíocht thionsclaíoch, mianadóireacht nó truailliú fadtéarmach difear dóibh. |
|
22. |
Tá CnaR i bhfabhar creidmheasanna dúlra a aithint i gcreataí tuairiscithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTCI) agus, ar an gcaoi sin, creat dreasachta soiléir a chruthú, go mór mór do chuideachtaí a bhfuil lorg mór comhshaoil acu. Thairis sin, iarrann sé go ndéanfaí iad a rialáil agus a fhíorú ar bhealach trédhearcach. |
|
23. |
Is údar mór sásaimh dó gur tugadh isteach treoirthionscadail lena dtacaítear le creidmheasanna dúlra le sásra ráthaíochta aischeannaigh, rud is príomhshamhail de chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí chun infheistíocht a shlógadh i gcosaint agus in athbhunú na bithéagsúlachta agus iarrann sé ar an gCoimisiún i bhfad níos mó de na treoirthionscadail sin faoi stiúir áitiúil a sheoladh chun a thástáil cén córas is deafheidhmiúla i gcomhthéacsanna réigiúnacha agus áitiúla éagsúla d’fhonn an brú ar an mbithéagsúlacht a laghdú go díreach ag an bhfoinse. Chuige sin, iarrann CnaR go n-áireofaí sna treoirthionscadail na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide agus go bhfoilseofaí a dtorthaí agus a gcostais chun cuidiú le ceapadh beartas a threorú. |
|
24. |
Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach creat céimnithe oiriúnaitheach AE a cheapadh le haghaidh creidmheasanna dúlra ar bhonn na dtorthaí agus na taithí praiticiúla a fuarthas ó na treoirthionscadail agus na bearta atá leagtha amach sa Treochlár i dtreo Pointí Creidmheasa Dúlra. Tar éis do na Ballstáit agus na réigiúin an creat sin a chur chun feidhme ar bhonn deonach, ba cheart rialacha comhchuibhithe agus, b’fhéidir, ceangailteacha a thabhairt isteach i limistéir a bhfuil ardluach bithéagsúlachta nó riosca éiceolaíoch ag baint leo. |
|
25. |
Molann CnaR go mbeadh an creat bunaithe ar phrionsabail na sláine comhshaoil, ar fhíorú ex post ar thorthaí, ar an trédhearcacht agus ar iniúchóireacht neamhspleách agus go mbeadh maoiniú ex ante faoi réir dianchóras trédhearcachta, lena n-áirítear an ceanglas nach n-eiseofar creidmheasanna ach amháin tar éis torthaí a bhaint amach agus a fhíorú. Ina theannta sin, agus riachtanais mhaoiniúcháin á ríomh, ba cheart tosca géaraitheacha a eascraíonn as leochaileacht limistéar a chur san áireamh, amhail nochtadh do theagmhais adhaimsire, díghrádú ithreach, creimeadh, cailliúint bithéagsúlachta agus leochaileacht éiceachóras (talamh agus farraige araon). |
|
26. |
Leagann sé béim air gur cheart an creat atá beartaithe a bheith ag luí le hionstraimí reachtacha atá ann cheana amhail an Creat Cuntasaíochta Comhshaoil, an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, an Treoir maidir le Maíomhanna Glasa, treoracha an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht (e.g. an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir maidir le hÉin), an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra agus Rialachán an Aontais maidir le hAistrithe Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin (ACFC). Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil gá le soiléireacht dhlíthiúil chun creidmheasanna dúlra a choimeád ón mbonn a bhaint de chreat rialála AE nó ó na huaillmhianta i réimse an chomhshaoil a lagú; ní mór rialacháin náisiúnta lena rialaítear oibriú margaí creidmheasa comhshaoil agus dúlra a chur san áireamh in aon chreat atá beartaithe agus ní mór dó a bheith i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. |
|
27. |
Molann CnaR go mór go dtacódh an creat le cur chun feidhme straitéisí réigiúnacha agus áitiúla agus le sineirgí a chruthú leo, straitéisí lena mbunaítear bearta praiticiúla chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach ar an leibhéal fonáisiúnta. Agus éifeachtacht an chreata á meas agus á fíorú, ba cheart creidmheasanna a scóráil de réir leibhéal na tosaíochta (leibhéal riosca) a shainaithnítear i straitéisí réigiúnacha/áitiúla d’fhonn ábharthacht éiceolaíoch agus tábhacht straitéiseach araon a léiriú. |
Rialachas na gcreidmheasanna dúlra agus ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach
|
28. |
Molann CnaR go mbeadh sásraí comhordúcháin ann chun tacú leis na Ballstáit agus lena n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha scéimeanna creidmheasa dúlra a thabhairt isteach, lena n-áirítear cineálacha cur chuige modheolaíochta comhchuibhithe, caighdeáin theicniúla agus ardáin chun dea-chleachtais a mhalartú, chun trédhearcacht, rialachas soiléir, cur chun feidhme ardcháilíochta, cur chuige atá dírithe ar thorthaí agus ardleibhéal glactha sa tsochaí a áirithiú. Is réamhriachtanais iad an méid sin chun feidhmiú inchreidte agus éifeachtach na sásraí sin a áirithiú. |
|
29. |
Iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur le ról na réigiún agus na gcathracha mar ghníomhaithe bunriachtanacha san aistriú glas agus i gcosaint an chaipitil nádúrtha, rud a cuireadh i bhfios cheana faoi mhórthionscnaimh idirnáisiúnta maidir le creidmheasanna dúlra, amhail an Painéal Comhairleach Idirnáisiúnta um Chreidmheasanna Bithéagsúlachta, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda agus an Chomhghuaillíocht um Chreidmheas Bhithéagsúlachta. |
|
30. |
Tathantaíonn sé ar na Ballstáit sásraí creidmheasa dúlra a chuimsiú ina straitéisí comhshaoil agus aeráide náisiúnta agus réigiúnacha/áitiúla, i gcás inarb ábhartha, agus na hacmhainneachtaí teicniúla, riaracháin agus gairmiúla is gá a fhorbairt chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na scéimeanna sin a reáchtáil. |
|
31. |
Molann CnaR go dtacódh scéimeanna creidmheasa dúlra le comhar éifeachtach idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí, á áirithiú ag an am céanna go ndéanfaidh údaráis chomhshaoil neamhspleácha ar an leibhéal réigiúnach/áitiúil nó náisiúnta dianmhaoirseacht phoiblí orthu, mar shampla, trí bhíthin deimhniúcháin, clárlann, sonraí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu maidir le modheolaíocht, chur chun feidhme agus thionchar gach tionscadail, mar aon le deiseanna chun athbhreithniú poiblí agus acadúil a dhéanamh. Is mór is tábhachtach luach saothair airgeadais agus sásraí dreasachta iomchuí a bhunú do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe beaga, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, úinéirí talún, bainisteoirí talún, iascairí, foraoiseoirí, feirmeoirí, agus FBManna eile mar aon leis an bpobal áitiúil — a bhféadfadh a rannpháirtíocht a bheith ríthábhachtach ó thaobh gníomhaíocht a mhéadú agus cothroime chríochach a áirithiú. |
|
32. |
Molann CnaR go dtacódh córas na gcreidmheasanna dúlra le cláir, tionscadail nó bearta atá comhsheasmhach le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha arb é is aidhm dóibh líonra Natura 2000 a chur chun feidhme. Thar aon ní eile, ba cheart do na creidmheasanna, mar ábhar tosaíochta, tacú leis na bearta coimirce, rialála, faireacháin, oiliúna agus scaipthe sin atá leagtha amach sa Chreat Gníomhaíochta Tosaíochta, lena sainaithnítear, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun cuspóirí caomhnaithe bithéagsúlachta a bhaint amach. |
|
33. |
Tathantaíonn CnaR go ndéanfaí gné oideachasúil agus éiceolaíoch a chur san áireamh i scéimeanna creidmheasa dúlra d’fhonn feasacht a ardú i measc an phobail i dtaobh chúrsaí an chomhshaoil agus d’fhonn cultúr a chur chun cinn ina nglacfadh an uile dhuine freagracht as an mbithéagsúlacht a chosaint le chéile, go háirithe daoine óga, institiúidí oideachais agus gníomhaithe pobail. |
|
34. |
Molann CnaR, maidir leis na críocha is leochailí, amhail na réigiúin is forimeallaí, go ndéanfaí sásraí creidmheasa dúlra a chur in oiriúint do chomhthéacs sonrach an réigiúin lena mbaineann. Mar shampla, is príomhghnéithe de na réigiúin sin a laghad a bhíonn siad ó thaobh méide de agus an brú ard antrapaigineach a bhíonn ar a n-éiceachórais uathúla. Ós mar sin don scéal, tá údar le modheolaíochtaí creidmheasa a fhorbairt atá curtha in oiriúint do na críocha sin lena n-aithnítear an luach uathúil a ghabhann lena n-éiceachóras siúd don Aontas agus don domhan trí chéile, á chur san áireamh gur éiceachórais iad nach bhfuil a macasamhail ann áit ar bith eile ar domhan. |
|
35. |
D’fhéadfaí deis a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcistí creidmheasa dúlra féin a bhunú agus scéimeanna creidmheasa dúlra a mhéadú de réir a chéile go dtí go mbeidh siad ina gcóras lena ngintear a acmhainní dílse agus lena gcomhroinntear sochair, agus sciar cothrom á thabhairt ar ais do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. |
|
36. |
Molann CnaR go ngníomhódh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar chosantóirí gníomhacha sásraí creidmheasa dúlra, bíodh sin mar eisitheoirí (chun bearta a chur chun feidhme), mar ardáin le haghaidh comhordú tionscadal nó mar idirghabhálaithe idir infheisteoirí agus gníomhaithe cur chun feidhme. |
|
37. |
Tugann sé dá aire go bhfuil taithí ag go leor réigiún agus cathracha san Aontas ar thionscadail atá bunaithe ar éiceachórais a fhaigheann tacaíocht trí chláir amhail an Clár LIFE, Fís Eorpach agus sásraí trasteorann amhail Interreg. Is bunús an méid sin as ar féidir bogadh chuig creat creidmheas-bhunaithe, i gcás inarb ábhartha. Cuireann sé chun suntais nach mór na cláir sin a choimeád ar bun agus gur cheart sineirgí a chruthú le scéim na gcreidmheasanna dúlra, agus an dúbláil á seachaint ag an am céanna. Ba cheart an maoiniú poiblí a bheith láidir i gcónaí agus ba cheart creidmheasanna dúlra a bheith ina bhfoinse chomhlántach chistiúcháin: níor chóir tarraingt orthu in ionad na tacaíochta atá ag an Aontas cheana do chosaint agus d’athbhunú na bithéagsúlachta. Dá bhrí sin, is údar ollmhór imní do CnaR nach leantar den Chlár LIFE i dtograí reatha an Choimisiúin Eorpaigh do CAI 2028-2034 agus éilíonn sé go mbunófaí ionstraim thiomnaithe a mbeidh, ar a laghad, an leibhéal céanna cistiúcháin aici chun tacú go díreach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin chomhshaoil. |
|
38. |
Molann CnaR go dtaispeánfadh na treoirthionscadail maidir le hiasachtaí dúlra conas a d’fhéadfadh na hiasachtaí sin dul chun tairbhe do chaomhnú an dúlra san fhíorshaol. Ba cheart a áireamh leis sin réigiúin agus cathracha atá caillteach le han-díghrádú comhshaoil agus inar féidir le hathbhunú an dúlra na tairbhí sineirgisteacha is práinní a thabhairt don tsláinte phoiblí, don gheilleagar agus do cháilíocht saoil na gcónaitheoirí, chomh maith le samplaí eile, d’fhonn cur chuige iomlánaíoch a chur ar fáil maidir le hacmhainneacht creidmheasanna dúlra a fhorbairt. Sampla amháin is ea na tionscnaimh i réigiún Košice sa tSlóvaic (tionscadal ina ndearnadh athchóiriú ar éiceachóras foraoise agus coinneáil uisce i limistéir uirbithe), tionscadal eile i mBaváir na Gearmáine (tionscadail chun bogaigh agus tuilemhánna a athchóiriú), nó tionscal san Ísiltír (an clár ‘Room for the River’ [Spás don abhainn] maidir le coinneáil uisce agus athchóiriú tírdhreacha). |
Prionsabail ionracais na gcreidmheasanna dúlra
|
39. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach mór creidmheasanna dúlra a bheith ina gcomhlánú ar ghnáthchaomhnú an dúlra phoiblí agus nár cheart dóibh reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a lagú. Ag an am céanna, ba chóir iad a bheith i gcomhréir leis na straitéisí comhshaoil agus forbartha atá ann cheana ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus rannchuidiú le cur chun feidhme na straitéisí sin a neartú. Chuige sin, ba cheart acmhainneachtaí leordhóthanacha a bheith ann chun pleanáil, cur chun feidhme agus fíorú torthaí a áirithiú. |
|
40. |
Molann CnaR go ndéanfaí prionsabail na cothroime idirghlúine a ionchorprú i ndearadh an chreata creidmheasa dúlra ar mhaithe lena chinntiú nach gcuirfidh na cinntí a dhéantar inniu isteach ar na glúnta a bheidh ann amárach. |
|
41. |
Iarrann CnaR go n-úsáidfí creidmheasanna chun tacú le bearta éiceolaíocha breise, lena n-áirítear bearta éiceolaíocha caomhnaithe agus athbhunaithe (gníomhach nó éighníomhach) nuair atá fíor-riosca ann go dtiocfadh meath ar an oidhreacht nádúrtha agus/nó go gcaillfí an oidhreacht sin agus nuair atá fianaise ann go gcuirfeadh úsáid na gcreidmheasanna sin feabhas ar an scéal, fianaise a d’fhéadfaí a fháil trí bhíthin cás bonnlíne nach n-áirítear creidmheasanna ann. Ba cheart na tairbhí a bhaineann leis na creidmheasanna sin a chainníochtú trí pharaiméadar nó táscaire bithéagsúlachta aitheanta agus a fhíorú i gcomhréir le modheolaíochtaí deimhniúcháin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus níor cheart iad a bhronnadh ach amháin má léirítear go bhfuil tionchar dearfach ann. Ba chóir creidmheasanna a eisiúint ar bhonn ex post chun glas-snasú a chosc, i gcomhréir le prionsabail an mhaolaithe agus an ghlanghnóthachain bithéagsúlachta. Cuireann sé chun suntais nach mór cosaint agus athbhunú an dúlra a bheith mar bhunchloch d’ordlathas an mhaolaithe i gcónaí. Tugann sé dá aire go bhfuil an glanghnóthachan bithéagsúlachta ina chuspóir an-tábhachtach ach go gcaithfear a sheachaint, mar sin féin, go nglacfaí le cur i bhfeidhm na mbeart a bhaineann leis mar rud a chosnaíonn díghrádú dúlra a tharla san am i caitheadh nó cleachtais fritháirimh. |
|
42. |
Tá CnaR den tuairim go gcaithfear leanúint de chistí poiblí iomchuí de chuid an Aontais a chur ar fáil le haghaidh cur chun feidhme comhoibríoch. Is féidir le creidmheasanna dúlra cur go mór le caomhnú an dúlra trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh bearta deonacha a théann níos faide ná na ceanglais Eorpacha maidir le caomhnú an dúlra agus ná reachtaíocht eile atá i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le caomhnú an dúlra. Mar sin féin, ní mór cistí poiblí a chur ar fáil le haghaidh cúraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí de, toisc nach féidir cinnteacht agus iontaofacht pleanála a áirithiú gan iad. |
|
43. |
Aithníonn CnaR, bíodh is gur féidir le creidmheasanna dúlra agus creidmheasanna carbóin araon rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, is ríthábhachtach idirdhealú a dhéanamh eatarthu ar bhonn coincheapúil agus feidhmiúil. Ba dhíol sásaimh é sineirgí a bheith eatarthu i gcás ina léirítear go soiléir go mbeadh tairbhí comhshaoil ann, ach tugann CnaR rabhadh gan caitheamh leo mar nithe inmhalartaithe, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí sonracha caomhnaithe dúlra. Thairis sin, murab ionann agus creidmheasanna carbóin ar gá breisíocht a ghiniúint leo chun go measfaí iad a bheith dlisteanach, ba cheart do chreidmheasanna dúlra caomhnú éiceachóras agus leanúint dea-chleachtas a chúiteamh freisin. |
|
44. |
Cuireann sé i bhfáth nár cheart creidmheasanna dúlra a bheith ina sásra fritháirimh; ba chóir é a bheith mar aidhm acu rannchuidiú go dearfach le cúrsaí éiceolaíocha agus glanghnóthachan bithéagsúlachta a ghiniúint trí mhéadrachtaí aitheanta a úsáid. |
|
45. |
Tugann CnaR le fios go bhfuil aon chomparáid idir damáiste don chomhshaol agus cúiteamh teoranta ó thaobh na heolaíochta de. Dá bhrí sin, ba cheart don chóras creidmheasa feidhmiú go príomha mar uirlis chun tacú le caomhnú agus le hathbhunú, seachas mar mhodh chun díothú an chomhshaoil a chúiteamh. |
|
46. |
Iarrann CnaR go mbeadh scéimeanna creidmheasa bunaithe go docht ar thorthaí agus go mbeadh nósanna imeachta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe mar chuid díobh, i gcomhréir le caighdeáin a d’fhéadfaí a chomhchuibhiú le tionscnaimh idirnáisiúnta amhail an Painéal Comhairleach Idirnáisiúnta um Chreidmheasanna Bithéagsúlachta, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda nó an Chomhghuaillíocht um Chreidmheas Bhithéagsúlachta. Thairis sin, iarrann sé go mbeadh na nósanna imeachta sin ag teacht le méid, cuspóirí agus rioscaí an tionscadail chun nach gcruthófaí ualach díréireach riaracháin agus eacnamaíoch. |
|
47. |
Is é barúil CnaR gur tábhachtach go léireofaí leis na creidmheasanna na bearta a rinneadh (e.g. athchóiriú bogach, plandú foraoise dúchasaí, athrú ar bhainistiú talún, atáirgeadh foraoiseolaíochta) agus go gcuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha, leibhéal forbartha eacnamaíche, infhaighteacht sonraí le haghaidh faireacháin agus fíoraithe agus measúnú ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chreidmheasa chun idir-inoibritheacht agus forbairt an mhargaidh a éascú. |
|
48. |
Cuireann CnaR chun suntais gur cheart go seachnófaí le scéimeanna creidmheasa dúlra srianta a fhorchur as a n-eascraíonn caillteanas táirgiúlachta talmhaíochta nó foraoiseachta, agus, ina ionad sin, gur cheart cleachtais a dhreasú a chuireann caomhnú agus athchóiriú na bithéagsúlachta agus úsáid inbhuanaithe talún chun cinn bonn ar bhonn le chéile agus a chuireann deiseanna ar fáil chun ioncam nua a ghiniúint. |
|
49. |
Molann CnaR go ndéanfaí measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail maidir le pointí creidmheasa dúlra ar shlándáil bia, ar rochtain chothrom ar uisce agus ar bhiacheannasacht réigiúnach, á chinntiú ag an am céanna nach ndéanfar an táirgeadh a easáitiú, rud a dhéanann dochar do phobail áitiúla nó do tháirgeoirí beaga. |
|
50. |
Molann sé go mbunófaí sásraí cothroma le haghaidh comhroinnt tairbhí ó dhíol creidmheasanna, go háirithe i dtionscadail a bhfuil geallsealbhóirí iomadúla rannpháirteach iontu agus a bhfuil inbhuanaitheacht chomhshaoil fhadtéarmach i gceist leo, mar shampla, trí chonarthaí fadtéarmacha nó éasúintí fadtéarmacha, agus trí rannpháirtíocht FBManna a neartú, a mhéid is féidir. |
|
51. |
Molann CnaR go ndéanfaí sochair a chomhroinnt go cothrom sa chreat rialála Eorpach maidir le pointí creidmheasa dúlra agus go dtabharfaí tús áite ann do phobail leochaileacha. |
|
52. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhféadfar teacht chun cinn margaidh thánaistigh do chreidmheasanna dúlra a fhiosrú sna blianta atá amach romhainn, ar choinníoll nach lagófar an bhithéagsúlacht fhoriomlán ar fud an Aontais, nach mbainfear an bonn den fhócas réigiúnach, nach mbeidh amhantraíocht airgeadais ar bun dá ndeasca ná nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí bithéagsúlachta atá ar bun ar fud an Aontais cheana féin. Molann sé, chuige sin, go bhféadfaí teorainn a chur leis an trádáil thánaisteach, i bhfoirm cion sainithe creidmheasanna d’iomlán na n-aonad a eisítear. Iarrann CnaR go dtabharfaí isteach sásraí lena gcuirtear srian ar thrádáil creidmheasa go heisiach chun gealltanais chomhshaoil a chomhlíonadh agus molann sé go mbunófaí comhlacht maoirseachta neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar shreafaí creidmheasa, a luach éiceolaíoch iarbhír a fhíorú agus trédhearcacht an chórais a áirithiú ar mhaithe leis an bpobal agus le hinchreidteacht fhoriomlán na scéime. |
|
53. |
Cuireann CnaR i bhfios go bhfuil sé faoi réir chun dul i gcomhar agus rannchuidiú ar bhonn gníomhach le beartas AE maidir le scéimeanna creidmheasa dúlra a fhorbairt i gcomhthéacs grúpa saineolaithe Eorpach nua um chreidmheasanna dúlra, an saineolas agus an líonra de ghníomhaithe críochacha atá aige a chur ar fáil agus molann sé go mbeadh scéimeanna den chineál sin ar cheann de na colúin i gclaochlú comhshaoil an Aontais. |
An Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eorpach na Réigiún
Kata TÜTTŐ
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6321/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)