|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6319 |
3.12.2025 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Cearta na mban agus an comhionannas inscne a neartú san Aontas Eorpach: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach
(C/2025/6319)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CNAR)
|
1. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur ceart bunúsach agus bunluach daonlathach é an comhionannas inscne. Le linn na tréimhse reachtaí a bhí ann roimhe seo, rinne an tAontas Eorpach dul chun cinn tábhachtach maidir leis an gcomhionannas inscne, go háirithe trí threoracha agus tionscnaimh bheartais maidir leis an gcothromaíocht oibre is saoil, an chothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha, an rochtain ar chúram, trédhearcacht pá, comhlachtaí comhionannais agus an chosaint ar fhoréigean in aghaidh na mban agus ar fhoréigean teaghlaigh. Treisíodh tiomantas an Aontais don chomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe ó ghlac sé le Coinbhinsiún Iostanbúl. |
|
2. |
Formhuiníonn CnaR an Treochlár um Chearta na mBan agus an Dearbhú prionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de (1) a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, ós rud é gur bunús láidir iad as ar féidir Straitéis nua AE um Chomhionannas Inscne a mhúnlú agus dul chun cinn follasach a dhéanamh maidir leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. |
|
3. |
Cé go n-aithnítear sa Treochlár, mar is ceart, a thábhachtaí atá sásraí institiúideacha láidre ar gach leibhéal, meabhraíonn CnaR nach leor an t-aitheantas atá tugtha don ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le beartais i réimse an chomhionannais inscne a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. |
|
4. |
Iarrann CnaR go ndéanfaí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha — i bhfianaise na n-inniúlachtaí agus an róil thábhachtaigh atá acu — a aithint mar chomhpháirtithe straitéiseacha i bpróisis deartha, cur chun feidhme agus faireacháin an Treochláir agus na Straitéise AE um Chomhionannas Inscne atá ar na bacáin. Is gá na hacmhainní airgeadais cuí, neartú comhlachtaí comhionannais áitiúla agus réigiúnacha agus comhar níos dlúithe leis an tsochaí shibhialta a bheith ann chun tacú leis an gcomhpháirtíocht sin. Sa chomhthéacs sin, tá an-tábhacht le prionsabal na coimhdeachta: ba cheart na cinntí agus na bearta a dhéanamh a ghaire agus is féidir do na saoránaigh, sna háiteanna sin inar follasaí na dúshláin agus na deiseanna atá ann maidir leis an gcomhionannas inscne. |
|
5. |
Lena chois sin, iarrann CnaR go ndéanfaí leis an gcéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) prionsabal an chomhionannais inscne agus dearcadh atá íogair ó thaobh inscne de a chur san áireamh i ngach clár atá ag an Aontas, agus an chomhsheasmhacht a áirithiú idir an buiséadú inscne agus na mórthosaíochtaí eile, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an t-iomaíochas agus an athléimneacht shóisialta. I gcomhréir leis na gealltanais a tugadh sa téarma reachtach roimhe seo, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar mhodheolaíocht an phríomhshruthaithe inscne atá ann agus í a neartú, anois agus ullmhúcháin á ndéanamh le haghaidh eagrán 2028-2034 de CAI, agus ról fóinteach a thabhairt lena linn sin do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’fhonn a áirithiú go mbainfear leas éifeachtach as cistí an Aontais chun torthaí a bhaint amach i réimse an chomhionannais inscne. |
|
6. |
Dearbhaíonn CnaR athuair nach mór cuspóirí soiléire agus intomhaiste inscne a bheith lárnach sna cistí comhtháthaithe agus téarnaimh, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhorbairt réigiúnach ag tacú leis na bearnaí inscne a dhúnadh agus leis an gceartas sóisialta a chur chun cinn, seachas cur leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana. Ba cheart an príomhshruthú inscne agus an measúnú ar an tionchar ar an gcomhionannas a chur i bhfeidhm go córasach le linn chéimeanna an chlársceidealaithe, an chur chun feidhme agus na meastóireachta. |
|
7. |
Cuireann CnaR i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) maidir le comhionannas inscne, cuimsiú sóisialta agus comhdheiseanna a chur chun cinn i margadh an tsaothair. Cé gur díol sásaimh dó an leithdháileadh EUR 100 billiún atá beartaithe do 2028-2034, cuireann sé i bhfios go láidir nach mór an cur in áirithe buiséadach sin a chosaint chun go mbeidh sé le leas daoine go díreach — mar shampla mná, tuismitheoirí aonair agus iad siúd a mbíonn orthu déileáil le hidirdhealú de chineálacha éagsúla ag an aon am amháin — seachas an leithdháileadh sin a laghdú trí leas a bhaint as le haghaidh bearta bonneagair nó infheistíochta freisin. Ba cheart leanúint de mhaoiniú spriocdhírithe a chur ar fáil trí CSE+ le haghaidh tionscnaimh i réimsí na hoiliúna, na scileanna, na fostaíochta agus na nuálaíochta sóisialta trína neartaítear neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus a chabhraíonn le bearnaí seasmhacha idir na hinscní a dhúnadh. Ní mór ról lárnach a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcónaí, ina gcáil mar bhainisteoirí agus mar thairbhithe de chláir CSE+, d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear na cistí go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag na daoine ar an leibhéal áitiúil. |
|
8. |
Meabhraíonn CnaR go bhfuil dlúthnasc idir cearta agus deiseanna na mban agus forbairt shocheacnamaíoch na réigiún, agus go mbíonn ar mhná i limistéir bheagfhorbartha déileáil le bacainní sistéamacha ar fhostaíocht, ar oideachas, ar an gcúram sláinte agus ar rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht. Caithfidh an tAontas Eorpach a áirithiú go bhfuil an comhionannas inscne curtha san áireamh ina iomláine sa rialachas áitiúil agus réigiúnach, trí thacú leis na Ballstáit an beartas comhtháthaithe, an infheistíocht shóisialta agus na straitéisí cuimsitheacha forbartha réigiúnaí a chur chun feidhme go héifeachtach. Airítear leis sin na réigiúin bheagfhorbartha, i measc réigiúin eile nach iad, na ceantair thuaithe agus iargúlta go háirithe, mar a mbíonn an iliomad bacainní trasnacha roimh na mná. Cuireann CnaR i bhfáth gur gá acmhainní a chur ar fáil chun foréigean gnéasach a chosc, faireachán leanúnach a dhéanamh air agus é a chomhrac, go háirithe i gceantair thuaithe, agus a chinntiú go mbeidh na hacmhainní sin infheicthe. Molann sé go leanfaí de dhíriú ar an líonra acmhainní le haghaidh comhdheiseanna a neartú agus ar fhoréigean inscne a chosc i gceantair thuaithe, agus ar an réiteach institiúideach lena dtugtar na seirbhísí níos gaire don phobal agus lena ndéantar an dídhaonrú agus an leithlisiú i gceantair thuaithe a chomhrac. Caithfear tacú lena gceannaireacht agus lena rannpháirtíocht san fhorbairt réigiúnach agus tuaithe, i gcosaint na bithéagsúlachta, sa talmhaíocht inbhuanaithe agus i ngeilleagar na tuaithe, trí bhíthin cláir spriocdhírithe a fhreagraíonn do chúrsaí inscne. |
|
9. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach mór gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní i gceantair thuaithe, ceantair inar minic níos mó deacrachtaí a bheith roimh na mná i gcomparáid lena mbíonn rompu i gceantair uirbeacha. Mar thoradh ar na deacrachtaí sin, ní féidir leas iomlán a bhaint as an rannchuidiú suntasach a d’fhéadfadh mná a dhéanamh leis an bhforbairt tuaithe. Chuige sin, iarrann CnaR go leagfaí béim níos mó i mbeartais agus tionscnaimh Eorpacha maidir le gaireacht i réimse na feirmeoireachta agus na forbartha tuaithe ar ról na mban i gceantair thuaithe agus go n-áireofaí iontu bearta nithiúla chun infheictheacht, oiliúint, fiontraíocht agus infhostaitheacht na mban sna ceantair sin a mhéadú, gan dearmad a dhéanamh ar shaincheisteanna amhail cothromaíocht oibre is saoil, rochtain ar sheirbhísí riachtanacha agus, ar ndóigh, foréigean inscnebhunaithe. I ndáil leis sin, cuireann sé i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhúinéireacht na bhfear agus na mban ar fheirmeacha, atá fós á reáchtáil den chuid is mó ag fir, agus líon na mban i gcomhlachtaí bainistíochta na gcomhlachas talmhaíochta, na gcomharchumann agus na mbord a mhéadú. |
|
10. |
Is díol sásaimh do CnaR tiomantas leanúnach an Aontais leas a bhaint as dhá cur chuige i leith an chomhionannais inscne, mar atá an comhionannas inscne a chur san áireamh go córasach i ngach beartas agus tacú le gníomhaíochtaí spriocdhírithe sonracha ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. |
|
11. |
Dearbhaíonn CnaR athuair go gcaithfidh an trasnachas (nó an forluí idir na catagóirí sóisialta) a bheith lárnach i gcónaí san obair a dhéanann an tAontas i réimse an chomhionannais inscne. Déantar idirdhealú de chineálacha éagsúla ar mhná ar leochaileach agus imeallaithe a gcás, mar shampla máithreacha singile agus mná a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus bíonn tionchar níos measa ag na héagothromaíochtaí struchtúracha orthu siúd ná mar a bhíonn ar ghrúpaí eile. Sin rud a bhaineann le gach bean san Aontas, lena n-áirítear mná gan dídean, imircigh ban, mná ó mhionlaigh eitneacha agus mná faoi mhíchumas. An straitéis Eorpach atá á hullmhú, ní mór díriú go sonrach inti ar na grúpaí sin, trína áirithiú go dtabharfar aird orthu agus go dtabharfar tacaíocht dóibh siúd is mó atá i mbaol, agus comhar leanúnach a chur chun cinn idir na húdaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta chun go bhféadfar teagmháil éifeachtach a dhéanamh leis na pobail sin. Aithníonn sé freisin a ríthábhachtaí atá sé gné na cothromaíochta inscne a chomhtháthú i gcomhthéacs na talmhaíochta tuaithe agus na bithéagsúlachta. Ní cothromas amháin atá i gceist le mná a chumhachtú sna réimsí sin, is réamhriachtanas é freisin ó thaobh fhorbairt inbhuanaithe na tuaithe agus chaomhnú an chomhshaoil de. Bunluach de chuid an Aontais is ea an comhionannas inscne. |
|
12. |
Cuireann CnaR i bhfáth go dtéann sé chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine nuair a chuirtear deireadh le gnásanna contúirteacha a bhaineann le hinscne, nuair a chuirtear i gcoinne na cainte idirdhealaithí agus nuair a chuirtear tuiscintí dearfacha comhfhreagrachta ar an bhfearúlacht chun cinn. Nuair nach mbíonn aon solúbthacht i gceist i róil na n-inscní, buanaítear an éagothromaíocht, an foréigean agus an t-eisiamh sóisialta. Teastaíonn bearta a dhéanamh san iliomad réimse más uainn an comhionannas inscne a chur chun cinn, mar shampla oideachas cuimsitheach i réimse an chomhionannais inscne, ag díriú go háirithe ar a thábhachtaí atá an chomhfhreagracht agus an obair chúraim i réimsí áirithe den saol, buachaillí agus fir a mhealladh mar chomhghuaillithe, príomhghníomhaithe agus príomhthairbhithe, tacú le fir a fhéachann le ciogail foréigin a bhriseadh agus comhionannas inscne ó thaobh cineálacha teaghlaigh de agus i réimse na tuismitheoireachta a chur chun cinn. Tá deis ar leith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na hathruithe cultúrtha agus iompraíochta sin a stiúradh trí oibriú go dlúth leis na scoileanna, na heagraíochtaí pobail agus na seirbhísí sóisialta. |
|
13. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil easpa acmhainní, easpa cumais sna hinstitiúidí agus easpa saineolais ar chúrsaí inscne ina mbacainní móra go fóill ar obair éifeachtach a dhéanamh i réimse an chomhionannais inscne ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Dá bhrí sin, iarrann sé oiliúint leanúnach, agus na hacmhainní cuí ar fáil di, a chur ar oifigigh phoiblí agus ar bhaill foirne sna hearnálacha uile chun díriú ar an gcomhionannas inscne a chomhtháthú i bpróisis pleanála, soláthair agus meastóireachta na seirbhísí poiblí uile. San am céanna, cuireann sé i bhfáth gur gá acmhainneacht na mban agus an tacaíocht do na mná a neartú i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus i gceantair thuaithe — lena n-áirítear iad siúd ar cuid de phobail talmhaíochta iad — trí bhíthin cláir spriocdhírithe lena ndírítear ar theicnící agra-éiceolaíochta, uirlisí digiteacha, fiontraíocht, an rochtain ar mhaoiniú, nuálaíocht shóisialta agus sealbhú scileanna digiteacha agus eile. Na tionscnaimh sin, a reáchtáiltear go minic i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí áitiúla, ba cheart é a bheith d’aidhm acu an neamhspleáchas eacnamaíoch agus an mhaoirseacht éiceolaíoch araon a chothú. |
|
14. |
Dearbhaíonn CnaR nach mór na hacmhainní cuí airgeadais agus daonna a ráthú d’fhonn a áirithiú gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na gealltanais atá tugtha acu i leith an chomhionannais inscne a chomhlíonadh dáiríre. |
|
15. |
Molann CnaR úsáid chórasach a bhaint as an mbuiséadú inscne ar gach leibhéal rialachais. Is uirlisí polaitiúla iad na buiséid a léiríonn an chaoi a ndáiltear na hacmhainní idir gníomhaíochtaí éagsúla, mná agus fir, cailíní agus buachaillí. D’fhonn a sheachaint go gcuirfí leis na héagothromaíochtaí idir na hinscní de thaisme, ní mór gné na hinscne a chur san áireamh ón tús sna cuspóirí atá leis an gcaiteachas agus sa chaoi a leithdháiltear é. |
Beart de réir briathair — Prionsabail an chomhionannais inscne agus an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
Saor ón bhforéigean inscne
|
16. |
Is díol sásaimh do CnaR gur glacadh an Treoir Eorpach chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, óir tá dearcadh trasnach san áireamh i bhforálacha na Treorach sin. Is oth leis, áfach, nach bhfuil an sainmhíniú ar éigniú bunaithe ar thoiliú, rud a iarradh i gCoinbhinsiún Iostanbúl. Iarrann sé ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus a áirithiú go gcuirfear cosaintí na Treorach chun feidhme ina n-iomláine. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit an Treoir sin a chur chun feidhme go cuí agus go tráthúil chun cosaint láidir a chur ar fáil do mhná agus chun rochtain ar an gceartas agus ar sheirbhísí tacaíochta a áirithiú, agus is cloch mhíle é sin maidir le tiomantas an Aontais deireadh a chur leis an bhforéigean inscne. |
|
17. |
Dearbhaíonn CnaR gur gá gach duine a chosaint ar an bhforéigean inscne, gan beann ar inscne an duine ar theacht ar an saol dó nó di, ná ar fhéiniúlacht inscne ná ar léiriú inscne an duine. Cuireann sé i bhfáth gur gá daoine trasinscneacha agus daoine atá éagsúil ó thaobh inscne de, ar daoine iad a bhíonn thíos ar bhonn díréireach leis an idirdhealú agus an foréigean, a chur san áireamh go sainráite i mbeartais phoiblí agus i seirbhísí poiblí. Tá sé riachtanach an bhanúlacht a aithint mar fhéiniúlacht shóisialta, má táthar chun cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chearta a áirithiú maidir leis an gcomhionannas inscne agus an chosaint ar fhoréigean. |
|
18. |
Molann CnaR don Choimisiún Eorpach an tuairim ó CnaR (CnaR 2023/02488) (2) a chomhtháthú sa Straitéis um Chomhionannas Inscne atá á hullmhú agus aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag na cathracha agus na réigiúin maidir le bearta sonracha a dhéanamh chun an foréigean inscne a chomhrac. |
|
19. |
Cuireann CnaR i bhfáth go n-éilítear le cosc éifeachtach ar an bhforéigean go gcaitear dul i ngleic ar bhonn trasnach le steiréitíopaí inscne, gnásanna contúirteacha a bhaineann leis an bhfearúlacht mar aon le struchtúir phatrarcacha, agus tuiscint a fháil ar eispéiris saoil na mban. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin ról gníomhach a thabhairt do na fir sna hiarrachtaí chun an foréigean a chosc ós iadsan an chuid den daonra is mó faoi deara an foréigean inscne. Is gá páirt a thabhairt do na fir agus na buachaillí sa ghnó seo, agus ní mór na hacmhainní agus na hinniúlachtaí a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun go mbeidh siad in ann an obair sin a stiúradh ar an leibhéal áitiúil. |
|
20. |
Iarrann CnaR ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha infheistíocht bhreise a dhéanamh i spásanna sábháilte inrochtana dóibh siúd a ndearnadh foréigean inscne orthu Tá sé riachtanach an ghné sin a chomhtháthú sa phleanáil uirbeach, sna straitéisí forbartha áitiúla agus sa leagan amach foriomlán ar na cathracha agus na bailte. Tá tábhacht thar na bearta ag baint leis an bpleanáil áitiúil agus réigiúnach atá íogair ó thaobh inscne de. Cuireann sé i bhfáth freisin go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar na seirbhísí áitiúla agus réigiúnacha, tearmainn agus ionaid chomhairleoireachta san áireamh, chun tacaíocht agus cosaint chuimsitheach a chur ar fáil do gach bean a ndéantar foréigean inscne uirthi, gan beann ar fhéiniúlacht inscne ná ar a cúlra. Ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfar na seirbhísí sin a dhearadh agus a bhainistiú ar bhealach a chinnteoidh nach ndéanfar íospartaigh ban an fhoréigin inscne a athíospairt, agus a sheachnóidh cleachtais institiúideacha a dhéanann macasamhlú ar thráma, milleán nó nochtadh neamhriachtanach ar a dtaithí. |
|
21. |
Iarrann CnaR ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gné na hinscne a chomhtháthú sa phleanáil uirbeach agus iompair, lena n-áirítear trí bhíthin an chomhair chórasaigh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, i bhfoirm tionscnaimh fheimineacha, cuir i gcás, nó tionscnaimh faoi stiúir an phobail, ionas gur féidir spásanna poiblí níos sábháilte a chruthú agus baol an fhoréigin inscne a laghdú ar na sráideanna, san iompar poiblí, sna scoileanna, sna hionaid oibre, sna páirceanna poiblí agus sa ghnáth-thimpeallacht. Áitíonn sé ar an gCoimisiún Eorpach an tosaíocht sin a léiriú sa Straitéis um Chomhionannas Inscne atá á hullmhú agus tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar an leibhéal áitiúil, e.g. trí mhaoiniú agus comhairle a thabhairt agus dea-chleachtais a mhalartú. |
|
22. |
Meabhraíonn CnaR go bhfuil géarghá le tús áite a thabhairt don luathchosc sna scoileanna, tríd an oideachas cuimsitheach atá bunaithe ar an gcomhionannas inscne, ar an meas agus ar an tseachaint foréigin a chur chun cinn. Iarrann sé an obair sin a chomhtháthú i ngnáthchultúr na scoile seachas trí fheachtais feasachta aon uaire, trí uirlisí agus oiliúint a chur ar fáil do na daltaí agus don fhoireann ionas go mbeidh siad in ann gach cineál foréigin, an foréigean inscne san áireamh, a aithint, a chosc agus déileáil leis. Meabhraíonn sé an ról ríthábhachtach atá ag na scoileanna maidir leis na steiréitíopaí inscne a cheistiú agus gnásanna sóisialta dearfacha a chur chun cinn ag aois óg, lena n-áirítear gnásanna a bhaineann leis an gcomhfhreagracht agus leis an obair chúraim. |
|
23. |
D’fhonn scrúdú a dhéanamh ar shamhlacha rialachais il-leibhéil Choinbhinsiún Iostanbúl, molann CnaR go seolfaí cleachtadh chun mapáil chórasach a dhéanamh ar na líonraí áitiúla a chuireann i gcoinne an fhoréigin. Is iad na húdaráis réigiúnacha agus na húdaráis áitiúla a dhéanfadh an mhapáil sin le chéile trí phrótacail, comhaontuithe agus meabhráin tuisceana áitiúla a mhapáil. Is é an cuspóir atá leis sin grinnanailís a dhéanamh ar shaintréithe na líonraí áitiúla sin agus na tosca lena gcinntear an raon feidhme atá acu, a n-éifeachtacht agus a mbreisluach a shainaithint a fhad a bhaineann sé le neamhspleáchas íospartaigh an fhoréigin a chosaint agus a chothú, lena n-áirítear maidir le feidhmiú na líonraí sin a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná faoi mhíchumas. Is minic nach mbraitear go bhfuil na híospartaigh sin ann agus nach ndéantar aon tuairisciú orthu. Tá dhá chúis leis sin, mar atá, nach leor na bealaí cumarsáide atá ann chun an foréigean a thuairisciú agus go mbíonn deacrachtaí ag na híospartaigh féin glacadh leis gur íospartaigh iad. |
|
24. |
Molann CnaR don Choimisiún Eorpach tacú leis an gcomhar agus le malartú struchtúrtha cleachtas fianaisebhunaithe idir na Ballstáit, agus a áirithiú go mbeidh an t-oideachas a bhaineann leis an gcomhionannas inscne agus le cosc an fhoréigin ina chuid lárnach den Straitéis um Chomhionannas Inscne atá á hullmhú faoi láthair. |
|
25. |
Is oth le CnaR nach leor mar a théann an Treochlár i ngleic leis na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear mná faoi mhíchumas, imircigh, lucht iarrtha tearmainn, agus iad siúd a mbraitheann a stádas cónaithe ar a bpáirtí. Bíonn ar na grúpaí sin déileáil le hardrioscaí foréigin agus eisiaimh agus caithfear aird a thabhairt orthu i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais. Iarrann sé go ndéanfaí beart níos láidre chun a gcearta a chosaint agus meabhraíonn sé an ról atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag obair i gcomhar leis an tsochaí shibhialta chun cosaint agus tacaíocht a thabhairt ar an leibhéal áitiúil. Maidir le mná imirceacha agus dídeanaithe agus a leanaí ar chríoch an Aontais, iarrann sé go n-urramófaí prionsabal an athaontaithe teaghlaigh. |
|
26. |
Leagann CnaR béim ar bhagairt an fhoréigin dhigitigh ar bagairt í atá ag fás, mar shampla fuath ban ar líne, an chibearstalcaireacht agus an docsáil, cleachtais a dhírítear níos mó ar mhná ná ar fhir — go háirithe mná sa pholaitíocht agus sa saol poiblí. Iarrann CnaR go dtabharfaí isteach straitéisí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun an tsábháilteacht dhigiteach, an fheasacht agus an tacaíocht a thugtar dóibh siúd a théann trí chleachtais den chineál sin a chur chun cinn, agus molann sé níos mó freagrachta a chur ar na hardáin teicneolaíochta a fhad a bhaineann sé leis an bhforéigean inscne ar líne a chomhrac. |
Na caighdeáin sláinte is airde
|
27. |
Is díol sásaimh do CnaR gur aithin an Coimisiún go gcaithfear tacú leis na Ballstáit chun an rochtain a bhíonn ag mná ar chearta a bhaineann le sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe a áirithiú agus chun taighde leighis agus cúram sláinte ina gcuirtear gné na hinscne san áireamh a chur chun cinn. Cuireann sé chun suntais gur bunchearta daonna iad an na cearta a bhaineann le sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus gur bunriachtanas iad maidir leis an gcomhionannas inscne a bhaint amach. Cuireann sé i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé cumhachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a threisiú maidir le cosc agus maidir leis an tsláinte a chur chun cinn, ós rud é gur príomhghníomhaithe iad sa luathbhrath agus i ngníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an neamhionannais inscne ar shláinte fhisiciúil, mheabhrach agus mhothúchánach na mban, go háirithe i gcomhthéacs na leochaileachta sóisialta. |
|
28. |
Meabhraíonn CnaR go mbíonn bearnaí go síoraí seasta i gcúram sláinte na mban, an mheabhairshláinte agus an cúram atáirgthe agus máthartha san áireamh. Cuireann sé i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le seirbhísí sláinte inrochtana cothroma atá bunaithe ar chearta a áirithiú, lena n-áirítear ionaid pleanála clainne, do gach bean agus gach cailín. |
|
29. |
Tugann CnaR dá aire an maolú ar na cearta sin i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas, rud a léiríonn a phráinní atá sé na cearta sin a chosaint ar gach leibhéal rialachais. Iarrann sé go mbeadh rochtain ag gach bean san Aontas Eorpach ar chúram ginmhillte atá de réir an dlí, sábháilte agus inacmhainne i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Meabhraíonn sé a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeadh an cúram sin ar fáil gan idirdhealú agus gur gá aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha maidir leis an rochtain ar an gcúram. Molann sé do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha oibriú chun rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim sláinte atáirgthe a ráthú i ngach limistéar. Cuireann sé i bhfáth go bhfuil an ceart ag gach bean ar a neamhspleáchas coirp féin agus ar chinntí eolasacha a dhéanamh faoina sláinte agus faoina saol, saor ó dhúshaothrú. |
|
30. |
Iarrann CnaR go bhforbrófaí comhchaighdeáin Eorpacha maidir leis an gcúram sláinte máthartha agus atáirgthe, lena n-áirítear go mbeadh teacht ag mná agus ag fir ar fhrithghiniúint inacmhainne gan stiogma agus ar chomhairleoireacht. Cuireann sé i bhfáth gur gá na héagothromaíochtaí idir na réigiúin a laghdú agus tacaíonn sé le vacsaíniú HPV mar chéim thábhachtach chun deireadh a chur leis an ailse cheirbheacs. |
|
31. |
Molann CnaR do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le táirgí sláinteachais mhíosta a chur ar fáil saor in aisce i spásanna poiblí atá faoina gcúram, lena n-áirítear scoileanna, ionaid cúraim shóisialta, lárionaid óige agus ionaid bhardasacha. Tá sé riachtanach an rochtain ar shláinteachas míosta a áirithiú má táthar chun dínit an duine a chosaint, an comhionannas inscne a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sláinte ar an leibhéal áitiúil. Moltar do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freisin a bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun feasacht a mhúscailt maidir leis an meanapás agus chun a áirithiú nach measfar a thuilleadh gur tinneas atá ann. |
|
32. |
Éilíonn CnaR deireadh a chur leis an gcáin bhándearg, mar a thugtar uirthi, is é sin cáin bhreisluacha a ghearradh nó praghsáil níos airde a dhéanamh ar tháirgí sláinteachais mhíosta, rud a chuireann leis an neamhionannas eacnamaíoch inscnebhunaithe. Céim nithiúil amháin i dtreo an cheartais fhioscaigh agus an chomhionannais inscne ab ea an cháin bhreisluacha ar tháirgí sláinteachais mhíosta a bhaint trí leas a bhaint as an tsolúbthacht a cheadaítear faoi Threoir 2006/112/CE (3) ón gComhairle. |
|
33. |
Cuireann CnaR chun suntais gur féidir le mídhiagnóisiú agus cúram éagothrom teacht as steiréitíopaí inscne agus as easpa tuisceana ar na difríochtaí idir na hinscní. Tá sé ag iarraidh feasacht bhreise, sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, agus go ndéanfaí dea-chleachtais sa chúram sláinte inscne-íogair a mhalartú. |
|
34. |
Iarrann CnaR ar an gCoimisiún an feimeamharú, sin le rá bean a dhúnmharú mar gheall ar a hinscne, a ainmniú de réir an mhínithe sin agus é a cháineadh sa straitéis atá aige chun an foréigean inscne a chomhrac. Cuireann CnaR chun suntais gur gá daoine a d’fhulaing foréigean inscne agus baile, lena n-áirítear foréigean gnéasach, foréigean onóra, ciorrú ball giniúna agus cleachtais chontúirteacha, a aithint go luath agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Ní mór an t-eolas, na hacmhainní agus na creataí dlíthiúla a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun freagairt go héifeachtach do na cásanna sin. |
Pá comhionann agus cumhachtú eacnamaíoch
|
35. |
Cuireann CnaR chun suntais gur gá na bearnaí pá agus pinsin idir fir agus mná a dhúnadh, aghaidh a thabhairt ar an leithscaradh inscne i margadh an tsaothair, agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a chur chun cinn. Meabhraíonn sé go bhfuil acmhainn sa soláthar poiblí an comhionannas inscne a chur chun cinn trí chlásail spriocdhírithe agus trí oiliúint a chur ar na ceannaitheoirí. |
|
36. |
Éilíonn CnaR beartais forbartha tuaithe agus uirbeacha a chur chun cinn atá íogair ó thaobh inscne de agus a thugann spreagadh ar bhonn gníomhach d’fhiontraíocht na mban, lena n-áirítear trí rochtain na mban ar thalamh, creidmheas, teicneolaíocht a fheabhsú agus trí bhíthin eolais agus maoiniú spriocdhírithe in earnáil na talmhaíochta agus sna hearnálacha glasa. Áirítear leis sin tionscnaimh faoi stiúir na mban a mhaoiniú, tacú leo dul i ngleic le próisis riaracháin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rochtain a fháil ar scéimeanna maoinithe, sin agus comhairle agus oiliúint a chur ar fáil i réimse na talmhaíochta. Sna réigiúin bheagfhorbartha, ní mór straitéisí áitiúla cuimsitheacha a cheapadh a thugann tús áite do thionscnaimh faoi stiúir na mban a rannchuidíonn, i measc cuspóirí eile nach iad, le cosaint na bithéagsúlachta agus le húsáid inbhuanaithe na talún. |
|
37. |
Tugann CnaR dá aire go mbíonn mná fós i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta níos mó na fir, agus meabhraíonn sé an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis na dúshláin sin a fhreagairt. Iarrann sé go mbeadh creataí dlíthiúla agus maoiniú iomchuí ann a chabhródh leo beart a dhéanamh go héifeachtach (4). |
|
38. |
Iarrann CnaR go gcuirfí cur chuige trasnach san áireamh i ngach beartas Eorpach agus náisiúnta, go háirithe beartais mhargadh an tsaothair i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, chun na cearta a chosaint ní b’fhearr agus a neartú do mhná a mbíonn orthu déileáil le hidirdhealú de chineálacha éagsúla ag an aon am amháin, mar shampla imircigh, lucht iarrtha tearmainn, mná faoi mhíchumas agus mná ó mhionlaigh eitneacha. Meabhraíonn sé go bhfuil an baol ann go gcuirfidh an digiteáil leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana agus tathantaíonn sé go ndéanfaí beart lena áirithiú gurb é an cuimsiú, agus ní an t-eisiamh, a chuirfear chun cinn tríd an digiteáil. |
An chothromaíocht oibre is saoil agus comhfhreagrachtaí cúraim
|
39. |
Is díol sásaimh do CnaR an bhéim a chuirtear sa Treochlár ar chomhroinnt níos cothroime a dhéanamh ar na freagrachtaí cúraim agus ar infheistíocht níos láidre a dhéanamh in earnáil an chúraim. Cuireann sé i bhfáth an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le bonneagar cúraim ardcháilíochta a chur ar fáil lenar féidir mná a ath-imeascadh i margadh an tsaothair agus páirt ghníomhach a thabhairt dóibh ann, rud a chabhraíonn leis na bearnaí pá agus pinsin a dhúnadh. Tugann sé dá aire gur mná fós a mbíonn an chuid is mó den obair chúraim le déanamh acu, idir obair neamhíoctha sa réimse príobháideach agus obair íoctha in earnáil an chúraim, agus nach bhfuil, dá thoradh sin, na milliúin ban san áireamh i margadh an tsaothair. Is mná iad 90 % den lucht saothair in earnáil an chúraim fhoirmiúil agus tá 7.7 milliún bean ann nach bhfuil san áireamh i margadh an tsaothair mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim (5). |
|
40. |
Meabhraíonn CnaR a thábhachtaí atá straitéis cúraim na hEorpa (6) chun rochtain ar sheirbhísí cúraim inacmhainne agus ardcháilíochta a áirithiú agus feabhas a chur ar na dálaí do chúramóirí agus d’fhaighteoirí araon. Cuireann sé chun suntais gur mná is mó a ndéanann bearnaí cúraim difear dóibh, óir is iadsan a bhíonn freagrach as an gcuid is mó de na freagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúla. Cuireann sé i bhfáth gur rud é aosú an daonra sna ceantair thuaithe a chruthaíonn riachtanais shonracha i measc mná 60 bliana d’aois agus os a chionn. Chuige sin, molann sé go ndéanfaí socruithe a dhearadh lena gcuirfí ar chumas cúramóirí cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus faoiseamh a fháil ón obair, chomh maith le cláir lena gcuirfí feabhas ar shláinte an ghrúpa áirithe sin. Is mian le CnaR a chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí oiriúnacha cúraim agus ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis na seirbhísí sin a chur ar fáil; rud eile is mian leis a chur i bhfáth an tábhacht atá leis an Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí (7) agus spriocanna Barcelona chun an comhionannas inscne a chur san áireamh san obair chúraim. |
|
41. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur gá an bhanúlacht a dhícheangal ó róil thraidisiúnta a bhaineann leis an iompar clainne agus an cúram, agus leis an méid sin amháin, i gcomhréir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne 2020-2025 (Gníomhaíocht 4). Dá bhrí sin, éilíonn sé go n-aithneofaí go sainráite sna beartais atá fabhrach do theaghlaigh go bhfuil teaghlaigh dhifriúla, teaghlaigh aontuismitheora agus teaghlaigh LGBTQ+ san áireamh, chomh tábhachtach céanna le gach teaghlach eile, go bhfuil an chosaint chéanna tuillte acu agus go gcuirfí tacaíocht ar fáil dóibh. Déanann an cur chuige sin roinnt an tsaothair laistigh den teaghlach, mar aon leis an gcuimsiú sóisialta, a chur chun cinn agus aghaidh á tabhairt ar an ualach éagothrom atá á chur ar na mná leis na cianta. |
Comhdheiseanna fostaíochta agus dálaí maithe oibre
|
42. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur gá don Aontas Eorpach, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, deiseanna cothroma a chur chun cinn i margadh an tsaothair agus aghaidh a thabhairt ar an leithscaradh inscne agus ar an idirdhealú, trí stádas na ngairmeacha inar líonmhaire na mná a ardú, agus na mná á spreagadh ag an am céanna dul isteach níos mó i ngairmeacha inar líonmhaire na fir. Meabhraíonn sé an ról straitéiseach atá ag na bardais agus na réigiúin mar fhostóirí a thugann dea-shampla. |
|
43. |
Leagan CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé gné na hinscne a chomhtháthú ar bhonn córasach sna beartais aeráide agus chomhshaoil, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Aithníonn sé gurb iad na mná, ar bhonn díréireach, go háirithe iad siúd ar cuid de phobail leochaileacha iad, a bhíonn thíos leis an athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil. Éilíonn sé bearta spriocdhírithe chun rannpháirtíocht iomlán na mban a áirithiú sa chinnteoireacht aeráide, sna poist ghlasa, agus sna hiarrachtaí an athléimneacht a fhorbairt chun an ceartas aeráide agus an comhionannas inscne araon a bhaint amach. |
Oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán
|
44. |
Meabhraíonn CnaR go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an t-oideachas i réimse an chomhionannais inscne a chomhtháthú ar gach leibhéal den chóras oideachais chun sochaí níos cothroime a thógáil. Cuireann sé chun suntais gur minic a tharlaíonn sé nach mbraitheann cailíní chomh sábháilte céanna le buachaillí sna scoileanna, agus go mbíonn níos mó éifeachta leis na hiarrachtaí sábháilteachta agus cuimsithe nuair a nasctar iad le cur chuige córasach atá freagrúil ó thaobh inscne de, le ceannaireacht thacúil agus le curaclaim chuimsitheacha. Dá nglacfaí cur chuige oideachasúil i leith na comhfhreagrachta agus an chúraim, chabhródh sé le deireadh a chur le steiréitíopaí a bhaineann le fir sa mhéid is go gcuideodh an cur chuige sin leis an mbrú a bhaint de bhuachaillí agus fir a fhad a bhaineann sé leis an méid a bhfuil an tsochaí ag súil leis uathu. |
|
45. |
Iarrann CnaR go ndéanfaí cláir a fhorbairt chun an ciapadh ag an obair agus an gnéaschiapadh sna ceantair thuaithe a chomhrac, chun aird a tharraingt ar na cineálacha sin ciaptha agus chun cur ina gcoinne. |
|
46. |
Leagann CnaR béim ar a thábhachtaí atá an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, idir an fhoghlaim fhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, trí leas a bhaint as ábhar agus cleachtas oideolaíoch atá feimineach, frithchiníoch agus cuimsitheach, agus trí mhná a spreagadh chun eolas agus scileanna a fháil sna heolaíochtaí, mar shampla i réimsí a bhaineann leis an gcomhshaol agus na teicneolaíochtaí digiteacha. |
Rannpháirtíocht pholaitiúil agus ionadaíocht chomhionann
|
47. |
Cuireann CnaR i bhfáth a theirce atá ionadaíocht na mban sa pholaitíocht áitiúil go fóill agus gur gá an chothromaíocht inscne a áirithiú sna comhlachtaí agus sna meithleacha cinnteoireachta. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach tacú leis na Ballstáit rannpháirtíocht pholaitiúil agus ceannaireacht na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear tionscnaimh trína dtugtar aghaidh ar bhacainní struchtúracha, steiréitíopaí agus gnásanna idirdhealaitheacha. Meabhraíonn sé go bhfágann na dálaí éagothroma go bhfuil bac ar a lán ban páirt iomlán a ghlacadh sa saol polaitiúil ar an leibhéal áitiúil. |
|
48. |
Meabhraíonn CnaR a thábhachtaí atá sé gné na hinscne a chur san áireamh i ngach céim den phróiseas polaitiúil agus iarrann sé ar na páirtithe agus na grúpaí polaitiúla bearta réamhghníomhacha a ghlacadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuótaí agus cur chuige atá bunaithe ar an bpaireacht chun ionadaíocht na mban a mhéadú, go háirithe i gcás róil thofa agus róil cheannaireachta. Tugann sé dá aire gur féidir le liostaí iarrthóirí atá cothrom ó thaobh inscne de feabhas a chur ar an inniúlacht (8) i gcoitinne agus dlús a chur leis an dul chun cinn ó thaobh ionadaíocht chomhionann de. Is cúis imní dó an méadú ar bhagairtí agus ar chiapadh atá dírithe ar oifigigh thofa áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe mná, mná óga ó chúlraí mionlaigh agus iad siúd a bhfuil róil cheannaireachta acu. Iarrann sé ar na cathracha agus na réigiúin a áirithiú go bhfuil an timpeallacht pholaitiúil sábháilte ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus áitíonn sé ar na hinstitiúidí uile cóid iompair atá íogair ó thaobh inscne de agus oiliúint éigeantach frithchiaptha a ghlacadh, agus sásraí soiléire a bheith ann maidir lena bhforfheidhmiú. |
|
49. |
Iarrann CnaR go n-aistreofaí ó chur chuige ina ndírírtear ar ghné na rannpháirtíochta amháin go cur chuige ina ndírítear ar an gcumhacht a athdháileadh go fírinneach, rud lena n-áiritheofaí go bhfuil an rochtain chéanna ag fir agus ag mná ar róil cheannaireachta agus chinnteoireachta agus trína léireofaí meas ar eolas agus ceannaireacht na mban ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí atá eisiata go sóisialta. |
|
50. |
Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceannaireacht na mban a chur chun cinn sa rialachas comhshaoil agus tuaithe, lena n-áirítear i gcomharchumainn talmhaíochta, ar chomhairlí bithéagsúlachta agus ar bhoird forbartha tuaithe. Tá an chothromaíocht inscne riachtanach sna struchtúir sin, má táthar chun cinnteoireacht chuimsitheach a áirithiú, i gcomhréir le prionsabail dhaonlathacha an Aontais. |
Sásraí institiúideacha trína n-áirithítear cearta na mban
|
51. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach mór an comhionannas inscne a bheith san áireamh sa ghnáthchóras rialachais — ó chéim na cinnteoireachta agus an bhuiséadaithe go socrú rialacha — agus nár cheart caitheamh leis mar thionscadal aon uaire. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an comhionannas inscne a phríomhshruthú i ngach córas. Molann sé do chathracha agus do réigiúin a bhfuil taithí acu sa réimse dea-chleachtais a roinnt ionas gur féidir obair struchtúrtha chórasach a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Meabhraíonn sé a thábhachtaí atá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh gnéis de agus staidreamh inscne le gur féidir beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh. Caithfidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ról lárnach a imirt chun na sonraí sin a bhailiú agus a úsáid, rud ba cheart a léiriú freisin sa Straitéis AE um Chomhionannas Inscne atá á hullmhú. |
|
52. |
Meabhraíonn (9) CnaR do chomhaltaí CnaR, do na Polaiteoirí Tofa Óga agus do Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh dul céim níos faide agus páirt a ghlacadh sa ‘Chairt Eorpach um Chomhionannas idir Mná agus Fir sa Saol Áitiúil’ (10) a bhfuil páirt glactha inti cheana féin ag breis agus 2 000 údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud na hEorpa agus éagsúlacht mhór eatarthu. |
|
53. |
Iarrann CnaR go mbunófaí sásraí soiléire cuntasachta, lena n-áirítear faireachlanna neamhspleácha i réimse an chomhionannais inscne, iniúchtaí rialta ar ghné na hinscne agus maoirseacht faoi cheannas na sochaí sibhialta, lena áirithiú gur dul chun cinn intomhaiste ar gach leibhéal rialachais an toradh a bheidh ar na gealltanais. |
An Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eorpach na Réigiún
Kata TÜTTŐ
(1) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52025DC0097&qid=1747817875093.
(2) Deireadh a chur leis an bhforéigean inscne – cathracha agus réigiúin ar thús cadhnaíochta (IO C, C/2024/1042, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1042/oj).
(3) (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(4) Tuairim ó CnaR Mná agus an Bhochtaineacht san Aontas Eorpach (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 81, 4.4.2006, lch. 37).
(5) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_5169.
(6) Tuairim ó CnaR An Straitéis Eorpach um Chúram (IO C 157, 3.5.2023, lch. 28).
(7) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(8) https://jamstalldhetsmyndigheten.se/media/buhj543w/slutredovisning-lokal-demokrati.pdf, achoimre i mBéarla ar lch. 45.
(9) Seoladh an glao cheana féin i dTuairim SEDEC-VII/039 ó CnaR Deireadh a chur leis an bhforéigean inscne.
(10) Téacs na Cairte — Faireachlann na Cairte Eorpaí (charter-equality.eu).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6319/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)