European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6292

1.12.2025

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna – an Bhulgáir) – BR v Direktor na Natsionalno tol upravlenie, Agentsia ‘Patna infrastruktura’

(Cás C-549/24  (1) , Direktor na Natsionalno tol upravlenie)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Ceanglas maidir le húdair a thabhairt leis an ngá le freagra ón gCúirt Bhreithiúnais agus leis an nasc idir forálacha an Aontais a bhfuil léiriú orthu á iarraidh agus an reachtaíocht náisiúnta infheidhme - Easpa sonraí leordhóthanacha - Do-ghlacthacht fhollasach)

(C/2025/6292)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad - Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BR

Cosantóir: Direktor na Natsionalno tol upravlenie, Agentsia ‘Patna infrastruktura’

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad – Varna (an Chúirt Riaracháin, Varna, an Bhulgáir), le cinneadh an 30 Iúil 2024, do-ghlactha go follasach.


(1)  Dáta taiscthe: 14.8.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6292/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)