European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6285

1.12.2025

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 9 Deireadh Fómhair 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Finanzamt Hamburg-Altona v XYRALITY GmbH

(Cás C-101/24  (1) , Xyrality)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE– Airteagal 28 - Rannpháirtíocht i soláthar seirbhísí - Airteagail 44 agus 45 - Áit soláthair seirbhísí - Airteagal 203 - CBL a lua ar shonrasc - Seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach - Aipmhargadh - Ceannacháin ‘ionaipe’)

(C/2025/6285)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Finanzamt Hamburg-Altona

Cosantóir: XYRALITY GmbH

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 28 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina ndearna duine inchánach atá bunaithe i mBallstát, roimh an 1 Eanáir 2015, seirbhísí a chur ar fáil go leictreonach do dhaoine neamh-inchánacha atá bunaithe i gcríoch an Aontais Eorpaigh trí aipmhargadh arna oibriú ag duine inchánach atá bunaithe i mBallstát eile, go gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm Airteagal 28 ar an bhforas amháin go ndéantar, leis na deimhnithe ordaithe arna gcur ar fáil ag an duine inchánach sin do chustaiméirí deiridh, an chéad duine inchánach a ainmniú mar an soláthraí agus go léirítear an ráta cánach breisluacha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an duine sin bunaithe leis na deimhnithe ordaithe sin.

2.

Maidir le Treoir 2006/112 arna leasú le Treoir 2008/8,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina meastar go bhfuair agus go ndearna duine inchánach atá bunaithe i mBallstát soláthar seirbhísí a chur ar fáil go pearsanta faoi Airteagal 28 de Threoir 2006/112 arna leasú, ní mór áit soláthair na seirbhísí arna gcur ar fáil ag duine inchánach atá bunaithe i mBallstát eile don duine inchánach sin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 44 den Treoir sin arna leasú.

3.

Maidir le hAirteagal 203 de Threoir 2006/112 arna leasú le Treoir 2008/8,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina ndearna duine inchánach atá bunaithe i mBallstát seirbhísí a chur ar fáil go leictreonach go dhaoine neamh-inchánacha ar chríoch an Aontais Eorpaigh trí aipmhargadh arna oibriú ag duine inchánach atá bunaithe i mBallstát eile, agus mar thoradh air sin go meastar go bhfuair an duine inchánach sin na soláthairtí seirbhísí sin agus gur sholáthair sé iad do chustaiméirí deiridh, ní féidir a mheas go bhfuil an chéad duine inchánach faoi dhliteanas cáin bhreisluacha a íoc sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe faoin Airteagal sin ar an bhforas, gur ainmníodh an chéad duine inchánach sin sna deimhnithe ordaithe a seoladh chuig na custaiméirí deiridh lena chomhaontú, mar sholáthraí agus gur luadh an ráta cánach bhreisluacha is infheidhme ina Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.


(1)  IO C, C/2024/3153


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6285/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)