European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6224

2.12.2025

P10_TA(2025)0111

Leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a mhéid a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús faoin gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús faoin gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (COM(2025)0146 – C10-0059/2025 – 2025/0077(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/6224)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0146),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0059/2025),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Bealtaine 2025  (1),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Aibreán 2025  (2),

ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P10_TC1-COD(2025)0077

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Bealtaine 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús faoin gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/1215.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6224/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)