European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6175

24.11.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2025 – Frutaria Innovation v EUIPO – Schneider (Frutaria)

(Cás T-381/24)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Frutaria - Dearbhfhoras neamhbhailíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 - Easpa saincháilíochta trína úsáid - Airteagal 7(3) agus Airteagal 51(2) de Rialachán Uimh. 40/94)

(C/2025/6175)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Frutaria Innovation SL (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: M. Anadón Giménez agus J. Learte Álvarez, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Markus Schneider (Bonn, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Klopmeier agus F. Breuer, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Bealtaine 2024 (Cás R 1377/2023-2), arna cheartú an 17 Iúil 2024, ar neamhní go páirteach.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Frutaria Innovation SL na costais a íoc.


(1)   IO C, C/2024/5330, 9.9.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6175/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)