|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6173 |
24.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Deireadh Fómhair 2025 – PMC Vlissingen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-169/24) (1)
(An comhshaol agus cosaint shláinte an duine - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán áirithe - Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 - Aicmiú agus lipéadú ocsaíde débhúitiltine - Critéir chun substaint a aicmiú in aicme ghuaise na tocsaineachta don atáirgeach de chatagóir 1B - Easpa comhairliúchán poiblí maidir le tuairim ón gcoiste riosca ECHA - Gan oibleagáid athbhreithniú a bheith ann - Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 - Crostagairtí - Tocsaineacht mháthar - Earráid fhollasach measúnaithe)
(C/2025/6173)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PMC Vlissingen Netherlands BV (Leiden, an Ísiltír) (ionadaithe: J.-P. Montfort, P. Chopova-Leprêtre agus N. Kyriazopoulou, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Jokubauskaitė agus B. Cullen, Gníomhairí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman agus J. Langer, Gníomhairí), Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll, Gníomhaire), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: J. Olsson, F.-L. Göransson, C. Meyer-Seitz agus H. Eklinder, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: A. Hautamäki, A. Deloff-Bialek, W. Broere agus M. Heikkilä, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí áirithe (IO L, 2024/197), a mhéid a thugtar isteach leis aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe na substainte ocsaíd débhúitiltine in aicme ghuaise na tocsaineachta don atáirgeach de chatagóir 1B.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do PMC Vlissingen Netherlands BV a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
3) |
Ordaítear do Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Ríocht na Sualainne agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6173/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)