|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6172 |
24.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Deireadh Fómhair 2025 – NTT Data Belgique agus páirtithe eile v BEI
(Cás T-161/24) (1)
(Conarthaí seirbhíse poiblí - Nós imeachta tairisceana - Comhairleoireacht TF d’iarratais shonracha BEI - Diúltú do thairiscint an tairgeora - Tairiscint thar a bheith íseal - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach measúnaithe - Comhréireacht)
(C/2025/6172)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: NTT Data Belgique (an Bhruiséil, an Bheilg), Sopra Steria PSF Luxembourg SA (Leudelange, Lucsamburg), UniSystems Luxembourg Sàrl (Bertrange, Lucsamburg), Netcompany – Intrasoft (Ixelles, an Bheilg) (ionadaithe: M. Troncoso Ferrer, L. Lence de Frutos agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, K. Carr, C. Solazzo agus P. Alegria Torrellas, Gníomhairí, le cúnamh ó H. Plancke agus D. Degrande, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 4 Márta 2024 ar neamhní, lenar dhiúltaigh BEI don tairiscint a chuir an cuibhreannas a bhunaigh siad, OMNIA, isteach i gcomhthéacs an nós imeachta soláthair phoiblí a bhaineann leis an nglao ar thairiscintí lena ngabhann an tagairt CFT-1699 agus dar teideal ‘Comhairleoireacht TF le haghaidh iarratais a bhaineann go sonrach le BEI (TAILOR)’, ar an bhforas go raibh sé thar a bheith íseal.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do NTT Data Belgique, Sopra Steria PSF Luxembourg SA, UniSystems Luxembourg Sàrl agus Netcompany – Intrasoft na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6172/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)