|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6158 |
24.11.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 15 Meán Fómhair 2025 – S.A., Confederazione Generale Italiana del Lavoro (CGIL) del Trentino v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Avvocatura dello Stato
(Cás C-606/25, CGIL del Trentino)
(C/2025/6158)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí: S.A., Confederazione Generale Italiana del Lavoro (CGIL) del Trentino
Freagróirí: Presidenza del Consiglio dei Ministri, Avvocatura dello Stato
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht (1) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail reachtaíocht na hIodáile de leithéid Airteagal 1 de D.P.C.M. [Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí] Uimh. 141 de 2000, arna leasú le D.P.R [Foraithne Uachtarán na Poblachta] Uimh. 161 de 2011, atá ábhartha anseo, nó an bhfuil údar oibiachtúil leis an teorainn aoise atá socraithe ag 30 bliain d’aois chun cur isteach ar an gcomórtas do procuratore dello Stato (ionchúisitheoirí poiblí an Stáit), a leagtar síos leis an reachtaíocht réamhluaite sin, mar gheall ar chuspóirí dlisteanacha agus an bhfuil na modhanna chun iad a bhaint amach iomchuí agus riachtanach?
(1) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6158/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)