|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6086 |
12.11.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/6086)
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Brillat-Savarin’
Uimh. AE: PGI-FR-02102-AM01 — 21.8.2025
1. Ainm an táirge
‘Brillat-Savarin’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☐ |
Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) |
|
☒ |
Tásc geografach faoi chosaint (TGFC) |
|
☐ |
Tásc geografach (TG) |
3. Earnáil
|
☒ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☐ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. Tír ar léi an limistéar geografach
An Fhrainc
5. Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
An Aireacht Talmhaíochta agus Bhiafhlaithis
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Míniú ar an gcúis a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143:
Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar TGFC ‘Brillat-Savarin’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:
|
(a) |
níl athrú ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint i gceist leis; |
|
(b) |
níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; |
|
(c) |
níl srianta breise ar chur ar an margadh an táirge i gceist leis. |
Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
1. Tuairisc ar an táirge
Is éard atá i gceist leis an leasú seo an uasteorainn meáchain (250 g) le haghaidh cáiseanna beaga a bhaint.
Ní athraíonn baint na huasteorann ar bhealach ar bith cáilíocht an táirge ach fágann sí gur féidir gan cáiseanna a bhfuil meáchan níos mó ná 250 g iontu a eisiamh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais cháilíochta uile na sonraíochta táirge
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
2. Críochú an limistéir gheografaigh
Tugadh liosta bhardais an limistéir gheografaigh cothrom le dáta i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2025, gan an limistéar geografach féin a leasú.
Cuireadh abairt isteach freisin chun a shonrú gur féidir breathnú ar na léarscáileanna ar a dtaispeántar an limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
3. Mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc leis an timpeallacht gheografach
Bogadh an abairt ina mínítear an nasc idir ‘Brillat-Savarin’ agus a limistéar geografach (a cháilíocht agus a cháil) chuig tús na roinne sa doiciméad aonair.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
4. Mionsonraí sonracha maidir le lipéadú
Sonraíodh go n-áirítear ar an lipéadú ainm cláraithe an táirge agus siombail TGFC an Aontais Eorpaigh sa réimse radhairc céanna.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
5. Sonraí teagmhála agus comhdhéanamh an ghrúpa iarrthaigh
Leasaíodh sonraí teagmhála an ghrúpa. Cuireadh isteach tuilleadh sonraí faoina chomhdhéanamh, rud nár athraíodh.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
6. Sonraí teagmhála an údaráis inniúil sa Bhallstát
Tugadh na sonraí teagmhála cothrom le dáta.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Brillat-Savarin’
Uimh. AE: PGI-FR-02102-AM01 — 21.8.2025
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm (nó ainmneacha) (an ATFC nó an TGFC)
‘Brillat-Savarin’
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
04 — TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA; UIBHEACHA ÉAN; MIL NÁDÚRTHA; TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH, NACH bhFUIL SONRAITHE NÁ ÁIRITHE IN ÁIT EILE
0406 — Cáis agus gruth
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is cáis bhog é ‘Brillat-Savarin’ a dhéantar as gruth lachtach, agus a tháirgtear ó bhainne bó agus ó uachtar bainne bó. Cuirtear ar an margadh den chéad uair é tráth nach luaithe ná 3 lá tar éis an bhinid a chur leis.
Nuair a aibítear é, déantar ‘Brillat-Savarin’ a aosú – ag tosú ón lá a chuirtear an bhinid leis – ar feadh 5 lá ar a laghad i gcás cáiseanna beaga agus 8 lá ar a laghad i gcás cáiseanna móra.
Nuair a chuirtear ar an margadh den chéad uair é, bíonn na saintréithe seo a leanas in ‘Brillat-Savarin’:
|
— |
eastóscán tirim iomlán níos mó ná nó cothrom le 40 %, |
|
— |
cion saille níos mó ná nó cothrom le 72 % den ábhar tirim, |
|
— |
ábhar salainn níos lú ná 2 %; |
|
— |
trastomhas idir 60 agus 100 mm, agus tiús idir 30 mm agus 60 mm i gcás na gcáiseanna beaga a bhfuil meáchan 100 g ar a laghad iontu; |
|
— |
trastomhas idir 110 agus 140 mm, agus tiús idir 40 agus 70 mm i gcás na gcáiseanna móra a bhfuil meáchan 500 g ar a laghad iontu. |
Tá ‘Brillat-Savarin’ ar fáil ina iomláine nó ina phíosaí gearrtha. Nuair a ghearrtar ina phíosaí é, déantar é sin agus ómós á thabhairt don cháis, i.e. i sciartha nó i gcodanna a ghearrtar feadh líne nó línte a théann trí lár an tsorcóra.
Bíonn na saintréithe orgánaileipteacha seo a leanas in ‘Brillat-Savarin’:
|
— |
cruth rialta sorcóireach ar a bhfuil sáil dhíreach nó beagán cuasach agus taobhanna cothroma; |
|
— |
is iad na blasanna uachtair nó ime úir is láidre; |
|
— |
blas beagán aigéadach (blas lachtach) agus beagán goirt; |
|
— |
uigeacht a leáfadh sa bhéal; |
|
— |
taos bog réidh. |
Nuair a bhíonn an tuairisc ‘aibithe’ ar ‘Brillat-Savarin’, bíonn dath idir bán agus eabhartha ar an gcraiceann, ar a mbíonn flóra dromchla arb éard a bhíonn ann Penicilium candidum agus/nó Geotrichum den chuid is mó, agus tagann dea-bholaithe beacán agus casarnaí chomh maith le blasanna torthaíocha, cnónna chun cinn air.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Níl aon choinníoll cáilíochta ann a bhaineann leis an mbeatha ainmhithe.
Is bainne bó iomlán é an bainne atá beartaithe chun ‘Brillat-Savarin’ a tháirgeadh, a bhailítear laistigh d’uastréimhse 2 lá ó lá an chéad bhleáin. Úsáidtear é tráth nach déanaí ná 2 lá tar éis dó an déirí cáise a bhaint amach agus gan é a reo.
Is é uachtar bainne bó an t-aon chineál uachtair a úsáidtear, agus táirgtear é trí uachtar a bhearradh de bhainne bó iomlán. Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar uachtar meidhg a úsáid. Tá toirmeasc freisin ar homaiginiú agus reo an uachtair.
Áirithítear cáilíocht an uachtair trí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
|
— |
déantar an t-uachtar a bhearradh den bhainne laistigh de 2 lá tar éis an bainne a bhailiú; |
|
— |
bíonn luach aigéadachta Dornic, arna thomhas nuair a bhearrtar an t-uachtar den bhainne nó nuair a thagann sé chuig an déirí cáise, níos lú ná nó cothrom le 14° Dornic; |
|
— |
bíonn an teocht ar theacht chuig an déirí cáise dó agus le linn a stórála níos lú ná nó cothrom le 8 °C. |
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Tarlaíonn gach céim den táirgeadh sa limistéar geografach: idir uachtar agus bainne a chumasc agus an triomú a chríochnú; agus i gcás cáiseanna ar a bhfuil an tuairisc ‘aibithe’, go dtí go gcríochnófar an t-aibiú.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Sa bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair bia-earraí, ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar na lipéid:
|
(1) |
ainm cláraithe an táirge agus lógó TGFC an Aontais Eorpaigh sa réimse radhairc céanna; |
|
(2) |
ainm agus seoladh an táirgeora dheireanaigh a raibh baint aige leis an bpróiseas táirgthe, atá lonnaithe i limistéar geografach an TGFC. |
I gcás ina n-aibítear an táirge i gcomhréir leis an tuairisc sa tsonraíocht táirge seo, gabhann an tuairisc ‘aibithe’ leis an ainmniúchán ‘Brillat-Savarin’. Tá an tuairisc sin le feiceáil sa réimse radhairc céanna agus scríobhtar í i gcarachtair atá níos mó ná leath mhéid an ainm ‘Brillat-Savarin’, nó cothrom le leath na gcarachtar sin, agus níos lú ná carachtair an ainm ‘Brillat-Savarin’.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Ní mór gach céim den táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach, a chuimsíonn críocha na mbardas a leagtar amach thíos, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2025. Is féidir féachaint ar léarscáileanna den limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité – INAO).
Limistéar geografach: 13 cheantar
|
— |
Roinn Aube: Codanna de na ceantair seo a leanas:
|
|
— |
Roinn Côte-d’Or: Ceantair iomlána: Beaune. Codanna de na ceantair seo a leanas:
|
|
— |
Roinn Saône-et-Loire: Codanna de na ceantair seo a leanas:
|
|
— |
Roinn Seine-et-Marne: Codanna de na ceantair seo a leanas:
|
|
— |
Roinn Yonne: Codanna de na ceantair seo a leanas:
|
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir ‘Brillat-Savarin’ agus a limistéar geografach bunaithe ar a cháilíocht agus ar a cháil.
Síneann an limistéar geografach ó thuaisceart na roinne Saône-et-Loire go dtí roinn Seine-et-Marne, is críoch é inar leanadh, le 50 bliain anuas, de cháis grutha lachtaigh a tháirgeadh, ar cáis í a bhíonn saibhrithe le saill agus a bhféadfadh a dromchla a bheith brataithe le múscán.
Téann táirgeadh cáise boige a dhéantar as gruth lachtach den chuid is mó sa limistéar geografach siar go dtí ré na meánaoise, agus le linn na ré sin cuireadh an teicníc sin in oiriúint go speisialta do shaol na mainistreacha Cistéirseacha.
Le linn an 17ú agus an 18ú céad, cuireadh saineolas sa teicneolaíocht lachtach sin, atá bunaithe ar thréimhse fhada gruthaithe agus ar dhraenáil nádúrtha an ghrutha, ar aghaidh i bhfeirmeacha a bhí dírithe ar fheirmeoireacht mheasctha agus ar thógáil stoic. Ar na feirmeacha sin, d’fhág an iliomad cúraimí feirme éagsúla a bhí le déanamh nach raibh mórán ama ag mná céile na bhfeirmeoirí, a raibh sé de chúram orthu díriú ar cháis a tháirgeadh. Thosaigh an cleachtas bainne a shaibhriú le saill trí uachtar a chur leis ag teacht chun cinn sa limistéar geografach sa 19ú haois.
I réigiún Brie i dtuaisceart an limistéir gheografaigh, tagann na cleachtais sin as an mbarrachas uachtair a d’eascair as táirgeadh na gcáiseanna eapainmneacha (L’art de faire le beurre et les meilleurs fromages, Anderson, 1833 [An cheird a bhaineann le him agus na cáiseanna is fearr a dhéanamh]). Ach ní raibh aon táirgeadh uachtair ann ó dheas sa chuid Bhurgúnach den limistéar geografach mar gheall ar an gcleachtas bainne iomlán a phróiseáil. Sa limistéar sin, bhíothas in ann forbairt a dhéanamh ar an teicneolaíocht mar gheall ar infhaighteacht uachtair ó réigiúin chomharsanacha, a raibh ceas saillte acu.
Bíonn taos mín ag ‘Brillat-Savarin’. Bíonn uigeacht an-bhog agus uachtarúil i gceist leis sa bhéal. Bíonn blas beagán aigéadach mar shaintréith ann freisin, mar aon le blas lachtach ar leith agus taos an-mhín-uigeach. Is iad bolaithe uachtair nó ime úir is mó atá le brath ar a dhea-bholaithe.
Tá an cháilíocht sin nasctha le scileanna atá thar a bheith deacair a chur chun feidhme ar mhórscála. Na déirithe cáise a dhéanann ‘Brillat-Savarin’ agus atá lonnaithe sa limistéar geografach sa lá atá inniu ann, choinnigh siad an saineolas comhchoiteann sin beo go dtí an lá atá inniu ann.
Tá saineolas speisialta ag teastáil chun an cháis sin a tháirgeadh, lena gcomhcheanglaítear saineolas i dteicneolaíocht lachtach agus saibhriú saille ar bhealach ealaíonta. Sula gcuirtear binid leis, déantar an bainne a aibiú ar feadh tréimhse fhada ag teocht shrianta chun dálaí oiriúnacha aigéadaithe a fhorbairt. Tugann sé sin a dhea-bholaithe saintréithiúla d’uachtar nó d’im úr do ‘Brillat-Savarin’.
Cuidíonn an chothromaíocht idir téachtadh einsímeach agus aigéadach le gruth an-dímhianraithe a chruthú, agus dá bhrí sin, gruth an-leochaileach, nach mór a chóireáil go han-chúramach ionas nach mbrisfear é. Mar thoradh ar shaill a chur leis, coinnítear níos mó uisce sa ghruth, rud a laghdaíonn a chomhtháiteacht agus a fhágann go mbíonn sé níos leochailí. Tugann táirgeadh grutha lachtaigh blas beagán aigéadach don cháis, ar a mbíonn blas lachtach ar leith agus ina mbíonn taos an-mhín-uigeach. Tugann an cion ard saille a uigeacht bhog uachtarúil dó, ach is feabhsaitheoir den scoth é freisin ar dhea-bholaithe saintréithiúla ‘Brillat-Savarin’.
Áirithítear le máistreacht ar na próisis íogaire draenála agus triomaithe go gcaomhnófar an cháilíocht lachtach a bhraitear ar bhlaiseadh, agus go gcaomhnófar boige agus comhsheasmhacht chothrom an taois. Áirithítear leis freisin cruth sorcóireach rialta, sáil dhíreach, agus taobhanna cothroma ‘Brillat Savarin’.
Cuidíonn na próisis sin freisin le huisce a chur ar fáil chun forbairt saothrán aibithe a chumasú, más inmhianaithe é sin.
Tugtar aire ar leith le linn aibithe, amhail le linn rothlú agus sórtáil na gcáiseanna, chomh maith le dálaí aerála agus teochta na n-áitreabh a choigeartú. Ní mór na próisis sin a chur in oiriúint do shaintréithe gach ceann de na baisceanna éagsúla. Nuair a aosaítear ‘Brillat-Savarin’ bíonn a chraiceann rialta, gan smál, ar a mbíonn dath idir bán agus dath an eabhair, agus bíonn múscán dromchla clúdaithe le flóra dromchla. Tagann dea-bholaithe beacán, casarnaí, torthaí agus cnónna coill chun cinn air ansin.
Tá cáil ‘Brillat-Savarin’ mar thoradh ar an rath tráchtála a tháinig air go luath sna 1930í. Ba é Henry Androuët, aibitheoir cáise de bhunú Pháras a raibh cáil idirnáisiúnta air, a thug an t-ainm sin don cháis, mar ómós don bhreitheamh cáiliúil Anthelme Brillat-Savarin, údar an leabhair Physiologie du Goût [Fiseolaíocht an Bhlais], a foilsíodh in 1830.
Thosaigh na déirithe cáise a bhí lonnaithe sa limistéar geografach, a bhí ábalta, go stairiúil, do na scileanna praiticiúla a bhain le cáis a dhéantaí as gruth lachtach agus a bhí saibhrithe le huachtar a tháirgeadh, ag margú a gcáiseanna faoin ainm ‘Brillat-Savarin’ go luath sna 1960í. Bronnadh dhá bhonn óir agus airgid ar dhéirí cáise a bhí lonnaithe in Côte-d’Or as ‘Brillat-Savarin’ aibithe in 1976 ag Concours Général Agricole (Comórtas Talmhaíochta Ginearálta). Poiblíodh an t-imeacht sin go forleathan sa phreas áitiúil.
Is féidir an méadú atá tagtha ar tháirgeadh ‘Brillat-Savarin’ ó bhí na 1970í ann a mhíniú leis an tóir atá ag tomhaltóirí air, sa Fhrainc agus sa chuid eile den domhan. Déantar thart ar 30 % den táirgeacht a onnmhairiú, go príomha chuig an nGearmáin, chuig an mBeilg, chuig Sasana agus chuig Meiriceá Thuaidh.
Seoladh ‘Brillat-Savarin’ le déanaí lena dhíol in ollmhargaí chun go bhféadfadh an oiread daoine agus ab fhéidir fáil a bheith acu air, díoladh ‘Brillat-Savarin’ roimhe seo i siopaí traidisiúnta ar mhionscála. Dá bhrí sin, tá dea-cháil air le saineolaithe a mheasann gur cáis í lena mbaineann gradam, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a cáilíochtaí orgánaileipteacha agus a fhíneáltacht mhór.
Bíonn an cháis ar fáil go comhsheasmhach ar bhiachláir na mbialann gastranómach is mó le rá sa réigiún. Dá bhrí sin, cuireann maîtres d’hôtel na mbialann cáiliúil ‘Bernard Loiseau’ in Saulieu, Côte-d’Or agus ‘Lameloise’ in Chagny, Saône-et-Loire i dtábhacht ‘gur mór ag custaiméirí go háirithe a cháilíocht uachtarúil’.
I gcás Hervé Mons, ‘crémier affineur’ cáiliúil (aibitheoir déiríochta) i roinn Loire agus ‘Meilleur Ouvrier de France’ (‘An Ceardaí is Fearr sa Fhrainc’) in 2000, ‘tá saintréithe orgánaileipteacha (Brillat-Savarin) suimiúil ar fad...tá meas ag custaiméirí ar an gcáis seo mar gheall ar a huachtarúlacht, a taos mion-uigeach, agus a blas cothrom, measartha ime’.
Ar deireadh, labhraíonn Rodolphe Le Meunier, ‘crémier affineur’ freisin agus bronnadh ‘An Ceardaí is Fearr sa Fhrainc’ air in 2007 ar ‘Brillat-Savarin’ mar ‘cháis... a iarrtar go minic... séimh agus galánta, réitíonn sé le goile roinnt mhaith custaiméirí’.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6086/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)