Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Lúnasa 2025 – F Corporation v Bundeszentralamt für Steuern
(Cás C-533/25, F Corporation)
(C/2025/5937)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzhof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: F Corporation
Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Bundeszentralamt für Steuern
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1.
|
An bhfuil forlámhas ag an tsaoirse bunaíochta in Airteagal 49 CFAE ar shaorghluaiseacht caipitil in Airteagal 63 CFAE mar chritéar measúnaithe ar Mhír 32(1)(2) den Körperschaftsteuergesetz (Dlí Cánach Corparáide na Gearmáine, KStG), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(2) den Chomhaontú idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus an tSeapáin um chánachas dúbailte a sheachaint i ndáil le cáin ioncaim agus cánacha áirithe eile an 22 Aibreán 1966 (DBA-an tSeapáin 1966), i gcás
|
—
|
ar thaobh amháin, go bhforáiltear sna rialacha sin do shiarchoinneáil (chríochnúil) cánach gnóthachan caipitiúil arb ionann í agus 15 % de dhíbhinní na cuideachta dliteanais teoranta (GmbH), gan beann ar mhéid scairsheilbh na máthairchuideachta de chuid na Seapáine,
|
|
—
|
ach, ar an taobh eile, nach dtagann an srian arna mhaíomh ag an iarratasóir a eascraíonn as an gcáin shiarchoinneálach gnóthachan caipitiúil chun cinn ach de bharr go bhfuil seilbh ag an iarratasóir ar 25 % ar a laghad den GmbH dáileacháin agus go bhfuil sé ag éileamh aisíocaíocht iomlán ar cháin gnóthachan caipitiúil na Gearmáine de bhreis ar dhíolúine chánach a éileamh ón tSeapáin de 95 % de na díbhinní,
|
|
—
|
ionas go lorgaíonn an t-iarratasóir faoiseamh iomlán i leith na ndíbhinní le haghaidh an chumaisc leis an GmbH, mar a bheadh i gceist sa mhargadh inmheánach faoi raon feidhme Airteagal 5 de Threoir 90/435/CEE (1), arna leasú le Treoir 2006/98/CE (2) ón gComhairle an 20 Samhain 2006 (IO 2006 L 363, lch. 129)?
|
|
|
2.
|
Mura gcuirtear saorghluaiseacht caipitil as an áireamh mar chritéar measúnaithe:
|
—
|
An ionann cánach gnóthachan caipitiúil de chuid na Gearmáine a fhorchur go críochnúil ar na díbhinní de bhun Mhír 32(1)(2) de KStG, i gcomhar le hAirteagal 10(2) de DBA-an tSeapáin 1966, in imthosca an cháis seo, agus srian a bheith á chur ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar shaorghluaiseacht caipitil an iarratasóra, más amhlaidh
|
|
—
|
ar thaobh amháin, gur féidir cáin gnóthachan caipitiúil na Gearmáine arna gearradh ar na díbhinní a fhritháireamh agus a aisíoc sa mheasúnú cánach ar mháthairchuideachtaí cónaitheacha ón 1 Aibreán 2009 ar aghaidh, agus
|
|
—
|
ar an taobh eile, go raibh an t-iarratasóir in ann cáin gnóthachan caipitiúil na Gearmáine ar na díbhinní a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne cháin chorparáide na Seapáine roimh an 1 Aibreán 2009, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de DBA-an tSeapáin 1966,
|
|
—
|
ach ón 1 Aibreán 2009, níorbh féidir é sin a dhéanamh toisc go bhfuil díbhinní an iarratasóra ón GmbH 95 % díolmhaithe ó cháin mar gheall ar dhíolúine chánach de chuid na Seapáine arna tabhairt isteach le déanaí?
|
|
|
3.
|
Má ghlactar leis go bhfuil srian ar shaorghluaiseacht caipitil:
|
(a)
|
An féidir údar a thabhairt do cháin gnóthachan caipitiúil na Gearmáine de bhun Mhír 32(1)(2) de KStG, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(2) de DBA-an tSeapáin 1966, a fhorchur go críochnúil ar chúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí i bhfoirm cearta cánach a shannadh i leith na díbhinne i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de DBA-an tSeapáin 1966?
|
|
(b)
|
An féidir údar a thabhairt do cháin gnóthachan caipitiúil a forchur go críochnúil ar an mbonn nach féidir leis an iarratasóir díolúine a éileamh ó cháin shiarchoinneálach gnóthachan caipitiúil de bhreis ar an díolúine cánach ar dhíbhinní ón tSeapáin, trí bhuntáiste cánach dúbailte?
|
|
|
4.
|
Más amhlaidh gurb ionann cáin gnóthachan caipitiúil na Gearmáine agus srian neamhcheadaithe agus gan údar ar shaorghluaiseacht caipitil:
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 63 CFAE má chuirtear an aisíocaíocht ar cháin gnóthachan caipitiúil leis an iarratasóir faoi réir an choinníll
|
—
|
de bhreis ar theastas cánach na Gearmáine maidir le siarchoinneáil cánach gnóthachan caipitiúil, nach mór don iarratasóir a shonrú in euro méid na cánach gnóthachan caipitiúil de chuid na Gearmáine nach féidir a fhritháireamh sa tSeapáin i gcoinne cháin chorparáide na Seapáine sa bhliain tagartha do na díbhinní atá i gceist, ionas nach féidir aisíocaíocht a dheonú ach más amhlaidh go bhfuil an fhaisnéis a fuarthas ón iarratasóir fíoraithe ag an Bundeszentralamt für Steuern (Oifig cánach fheidearálach lárnach, BZSt), nó más amhlaidh gur dheimhnigh BZSt an fhaisnéis sin trí mhalartú faisnéise le húdaráis chánach na Seapáine,
|
|
—
|
ach nach gá do mháthairchuideachta chónaitheach, chun an cháin gnóthachan caipitiúil a fhritháireamh sa mheasúnú cánach corparáide Gearmánach, ach teastas a chur ar fáil d’údaráis chánach na Gearmáine maidir le coinneáil siar agus íocaíocht cánach corparáide?
|
|
(1) Treoir 90/435/CEE ón gComhairle an 23 Iúil 1990 maidir leis an gcomhchóras cánachais is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstáit éagsúla (IO 1990 L 225, lgh. 6).
(2) Treoir 2006/98/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena n-oiriúnaítear Treoracha áirithe i réimse an chánachais, mar gheall ar aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO 2006 L 363, lgh. 129).