European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5885

6.11.2025

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe den Rialachán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/5885)

Is é is aidhm don doiciméad seo maidir le Ceisteanna Coitianta soiléiriú a thabhairt maidir le ceanglais áirithe Rialachán (AE) 2023/2631 (1). Tá sé de chuspóir ag an bhFógra seo tacú le páirtithe leasmhara a chuireann an caighdeán deonach nua maidir le Bannaí Glasa Eorpacha chun feidhme agus rannchuidiú le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais a dhéanamh níos soláimhsithe.

Leis na ceisteanna coitianta atá sa doiciméad seo, déantar soiléiriú ar fhorálacha ábhartha atá ann cheana sa reachtaíocht is infheidhme. Ní leathnaítear leo ar aon bhealach na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht den sórt sin ná ní thugtar isteach leo aon cheanglas breise le haghaidh na n-oibreoirí lena mbaineann ná le haghaidh na n-údarás inniúil. Tá sé beartaithe go dtabharfar leis na Ceisteanna Coitianta cúnamh do ghnóthais forálacha dlíthiúla áirithe a léirmhíniú agus a chur chun feidhme. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach. Leis na tuairimí a léirítear san Fhógra seo, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair an Aontais Eorpaigh agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

Clár

Liosta reachtaíochta is infheidhme 3

Roinn 1

Úsáid an ainmnithe ‘Banna Glas Eorpach’ 4

Roinn 2

Úsáid fáltas 5

Roinn 3

Úsáid fáltas/Tacsanomaíochta AE 6

Roinn 4

Bileoga fíricí agus nochtaí eile/Réamheolaire/Liostáil 9

Roinn 5

Athbhreithniú seachtrach 12

An reachtaíocht is infheidhme

Rialachán (AE) 2023/2631 maidir le bannaí glasa Eorpacha (‘Rialachán EuGB’)

Rialachán (AE) 2017/1129 (‘an Rialachán maidir le Réamheolairí) (2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (“Gníomh Tarmligthe um Réamheolairí”) (3)

Rialachán (AE) 2017/2402 (an Rialachán maidir le hUrrúsú) (4)

Rialachán (AE) 2020/852 (“an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht”) (5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (“Gníomh Tarmligthe maidir leis na Critéir Scagtha Theicniúla”) (6)

Treoir 2013/34/AE (“an Treoir Chuntasaíochta”) (7)

Treoir 2014/65/AE (Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais’) (8)

ROINN 1

Úsáid an ainmnithe ‘Banna Glas Eorpach’

1.   An féidir ‘banna glas’ atá ann cheana agus atá ailínithe go hiomlán le Tacsanomaíocht AE a thiontú ina Bhanna Glas Eorpach (EuGB), mar shampla trína lipéadú go haisghníomhach mar EuGB? Céard faoi athmhaoiniú?

Is féidir, i bprionsabal, ‘banna glas’ atá ann cheana agus atá ailínithe go hiomlán le Tacsanomaíocht AE a thiontú ina EuGB, ar choinníoll go gcomhlíontar diancheanglais.

Foráiltear le hAirteagal 3 de Rialachán EuGB nach n-úsáidfear an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ ach amháin i gcás bannaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTeideal II den Rialachán sin. Áirítear ar na ceanglais sin forálacha maidir le ceanglais a bhaineann le bannaí, lena n-áirítear úsáid fáltas, trédhearcacht agus athbhreithnithe seachtracha.

Foráiltear le hAirteagal 10(1) de Rialachán EuGB go gcomhlánóidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha bileog fíricí EuGB, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus go bhfaighidh siad tuairim dhearfach ó athbhreithneoir seachtrach ina leith sula n-eiseofar EuGB. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 14(1) ar an eisitheoir réamheolaire a fhoilsiú, de bhun an Rialacháin maidir le Réamheolairí (i gcásanna ina gceanglaítear réamheolaire), agus leagtar amach ann coinníollacha áirithe lena n-áirítear go n-ainmnítear na bannaí mar ‘Bhanna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ ar fud an réamheolaire.

Chun ‘banna glas’ atá ann cheana agus atá ailínithe go hiomlán le Tacsanomaíocht AE a thiontú ina EuGB, ní mór ceanglais Rialachán EuGB, lena n-áirítear iad siúd a luaitear thuas, a chomhlíonadh sular féidir leis an tiontú sin teacht i bhfeidhm. Sula ndéanfar aon athlipéadú, ní mór don eisitheoir, inter alia, an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) an bhileog fíricí a chomhlánú agus athbhreithniú seachtrach dearfach a fháil ar an doiciméad sin; (ii) an réamheolaire atá ann cheana a eisíodh de bhun an Rialacháin maidir le Réamheolairí a thabhairt cothrom le dáta; agus (iii) a áirithiú go gcuirfear infheisteoirí ar an eolas faoin tiontú ar bhealach atá tráthúil, soiléir agus cruinn. Ní mór don eisitheoir a áirithiú freisin go bhfuil infheisteoirí ar an eolas faoin bhfaisnéis uile maidir le stádas an bhanna agus faoin doiciméadacht nua agus nuashonraithe atá nasctha leis, agus go bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin. Tá sé sin ríthábhachtach chun mearbhall a sheachaint agus chun cosc a chur ar infheisteoirí a chur amú.

Mar a luaigh an Coimisiún Eorpach i bhfreagra ar C&F a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) isteach (9), is féidir le heisitheoirí an úsáid atá beartaithe acu as ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a chur in iúl agus a fhógairt de bhun fhorálacha ábhartha an Rialacháin maidir le Réamheolairí sula n-eiseofar banna den sórt sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh roimh thiontú, fad agus nach gcuireann eisitheoirí infheisteoirí ar míthreoir maidir leis an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an athbhreithniú seachtrach agus ar an scrúdú a dhéanann na húdaráis inniúla ar nuashonrú an réamheolaire.

Maidir le hathmhaoiniú, is féidir le heisitheoir Banna Glas Eorpach a eisiúint in ionad cineál eile ‘banna glas’ atá ann cheana, ar choinníoll go ndéantar é sin i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán EuGB.

2.   Má chomhlíonann an t-eisitheoir Rialachán EuGB nuair a eisítear EuGB, ach má fhaightear gur sháraigh sé an Rialachán tráth níos déanaí le linn shaolré an bhanna, céard iad na hiarmhairtí? Mar shampla, céard a tharlódh dá gcinnfí in athbhreithniú iareisiúna nach bhfuil leithdháileadh na bhfáltas ag cloí le hAirteagail 4 go 8 de Rialachán EuGB?

De bhun Airteagal 3 de Rialachán EuGB, má chinntear go bhfuil foráil á sárú ag eisitheoir faoi Theideal II, chaillfeadh an t-eisitheoir an ceart an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid agus d’fhéadfaí pionós a ghearradh air freisin. Leagtar síos cumhachtaí na n-údarás inniúil ina leith sin in Airteagail 45 agus 49 de Rialachán EuGB.

Foráiltear le hAirteagal 3 de Rialachán EuGB nach n-úsáidfear an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ ach amháin i gcás bannaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTeideal II den Rialachán sin. Tá feidhm aige sin ar feadh shaolré an bhanna. Dá bhrí sin, mura gcomhlíonann eisitheoir na ceanglais a leagtar amach ann, ní féidir an banna atá i gceist a ainmniú mar ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a thuilleadh. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá gcinnfí in athbhreithniú iareisiúna nach gcloíonn leithdháileadh na bhfáltas leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 go 8.

Thairis sin, le Rialachán EuGB, tugtar de chumhacht d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna ainmniú de bhun Airteagal 31 den Rialachán maidir le Réamheolairí, pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha le haghaidh, inter alia, sáruithe ar a n-oibleagáidí faoi Theideal II, Caibidil 2, agus Airteagail 18 agus 19 de Rialachán EuGB (ach amháin i gcásanna ina gcumhdaítear an t-eisitheoir le hAirteagal 1(2), pointí (b) agus (d) den Rialachán maidir le Réamheolairí). I gcásanna bannaí urrúsaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 29(5) den Rialachán maidir le hUrrúsú, maoirseacht ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag tionscnóirí faoi Theideal II, Caibidil 2, agus faoi Airteagail 18 agus 19 de Rialachán EuGB.

ROINN 2

Úsáid fáltas

3.   An féidir fáltais EuGB faoin ‘gcur chuige céimnithe’ a leithdháileadh ar eisíocaíochtaí iasachta (sócmhainní airgeadais) a rinneadh sula n-eisítear EuGB?

Leis an ‘gcur chuige céimnithe’ faoi Airteagal 4(1)(d) de Rialachán EuGB, ceadaítear d’eisitheoirí EuGB fáltais a leithdháileadh ar shócmhainní airgeadais a cruthaíodh tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis eisiúint an Bhanna Ghlais Eorpaigh, ar an gcoinníoll go leithdháiltear iad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le Tacsanomaíocht. Leis an bhforáil, ní chuirtear cosc ar eisitheoirí fáltais a leithdháileadh ar shócmhainní airgeadais a cruthaíodh sular eisíodh an Banna Glas Eorpach, fad a chomhlíonann na sócmhainní sin na ceanglais maidir le Tacsanomaíocht.

4.   An féidir EuGB a úsáid chun tacú le sócmhainní airgeadais an eisitheora atá ann cheana faoin ‘gcur chuige punainne’?

Leis an gcur chuige punainne faoi Airteagal 4(2) de Rialachán EuGB, cuirtear ar a gcumas d’eisitheoirí fáltais ó cheann amháin nó níos mó de Bhannaí Glasa Eorpacha gan íoc a leithdháileadh ar phunann sócmhainní seasta nó punann sócmhainní airgeadais i gcomhréir leis na ceanglais maidir le Tacsanomaíocht. Leis an bhforáil, ní chuirtear cosc ar eisitheoirí fáltais a leithdháileadh ar shócmhainní a cruthaíodh sular eisíodh an Banna Glas Eorpach, fad a chomhlíonann na sócmhainní sin na ceanglais maidir le Tacsanomaíocht.

5.   I gcomhthéacs Airteagal 4 de Rialachán EuGB, an gceadaítear le Rialachán EuGB don eisitheoir céanna ‘cur chuige céimnithe’ a ghlacadh le haghaidh eisiúintí EuGB áirithe agus ‘cur chuige punainne’ le haghaidh eisiúintí EuGB eile? An féidir le heisitheoir an dá chur chuige a chomhcheangal in eisiúint aonair?

Le Rialachán EuGB, ní chuirtear cosc ar eisitheoir EuGB an ‘cur chuige céimnithe’ a roghnú le haghaidh roinnt eisiúintí EuGB agus an ‘cur chuige punainne’ le haghaidh eisiúintí eile. Mar sin féin, ní féidir an dá chur chuige a chomhcheangal in eisiúint aonair. Leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán EuGB conas a leithdháilfidh eisitheoir Banna Ghlais Eorpaigh fáltais banna den sórt sin faoin ‘gcur chuige céimnithe’. De réir Airteagal 4(2), agus aithrisí 12 agus 16, is féidir an ‘cur chuige punainne’ a úsáid le haghaidh ceann amháin nó níos mó de Bhannaí Glasa Eorpacha (ach ní gá go n-úsáidfear é leis na cinn uile) arna n-eisiúint ag an eisitheoir céanna. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh eisitheoirí a roghnú freisin na fáltais ó cheann amháin nó níos mó de Bhannaí Glasa Eorpacha atá gan íoc a leithdháileadh ar phunann sócmhainní seasta nó sócmhainní airgeadais faoin ‘gcur chuige punainne’.

Tá an ‘cur chuige punainne’ le tuiscint mar rogha mhalartach ar an ‘gcur chuige céimnithe’, i bhfianaise na ndifríochtaí bunúsacha idir an dá cheann: faoin ‘gcur chuige céimnithe’, leithdháiltear fáltais de réir a chéile go dtí go leithdháiltear an méid iomlán a chruinnítear leis an mbanna ar shócmhainní incháilithe agus/nó ar chaiteachas incháilithe. Ní mór tuairisc a thabhairt i ngach tuarascáil leithdháilte bhliantúil ar na fáltais uile a leithdháileadh go dtí seo ar gach EuGB, mar sin má eisíonn eisitheoir roinnt EuGBanna faoin ‘gcur chuige céimnithe’, leithdháilfear gach ceann acu ar a shócmhainní agus ar a gcaiteachas faoi seach. Os a choinne sin, tá an ‘cur chuige punainne’ bunaithe ar stoc iomlán na sócmhainní incháilithe a chomhardú le luach na mBannaí Glasa Eorpacha gan íoc, seachas bannaí sonracha a leithdháileadh ar shócmhainní sonracha. Leis na teimpléid le haghaidh bhileog fíricí EuGB agus le haghaidh na dtuarascálacha leithdháilte bliantúla, a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán EuGB, faoi seach, ceanglaítear ar eisitheoirí a chur in iúl cén cur chuige a roghnaigh siad le haghaidh eisiúint ar leith.

6.   Faoin ‘gcur chuige punainne’, an gá luach iomlán na sócmhainní seasta nó na sócmhainní airgeadais sa phunann a bheith níos mó ná luach iomlán EuGBanna i gcónaí le linn shaolré an bhanna, nó an féidir le heisitheoirí EuGB an tréimhse go dtí an chéad tuarascáil leithdháilte, nó tréimhsí idir tuarascálacha leithdháilte, a úsáid chun a gcuid sócmhainní a bhreisiú agus na ceanglais maidir le leithdháileadh a chomhlíonadh?

I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán EuGB, nuair a leithdháileann eisitheoirí fáltais EuGB i gcomhréir leis an ‘gcur chuige punainne’, ní mór dóibh a léiriú sa tuarascáil leithdháilte arna tarraingt suas le haghaidh gach tréimhse 12 mhí de bhun Airteagal 11 gur mó luach iomlán na sócmhainní ná luach iomlán EuGBanna. Leis sin, tugtar solúbthacht d’eisitheoirí, i gcás nach gceanglaítear orthu infheisteoirí a thabhairt cothrom le dáta ach uair amháin in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, is cosúil go dtitfeadh luach na punainne sócmhainní faoi bhun luach na EuGBanna gan íoc go sealadach le linn na tréimhse tuairiscithe. An tráth céanna, d’fhéadfadh go léireofar le luaineachtaí móra saincheisteanna maidir le rogha agus bainistiú sócmhainní incháilithe, mar shampla, nó saincheisteanna maidir le heaspa tiomantais ó thaobh an eisitheora de.

Foilseofar tuarascálacha leithdháilte le haghaidh gach tréimhse 12 mhí go dtí dáta leithdháileadh iomlán fháltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh. I gcás bannaí a bhfuil an ‘cur chuige punainne á úsáid ina dtaobh, meastar go ndéantar an phunann bannaí ina hiomláine ‘a ath-leithdháileadh’ gach bliain, rud a léiríonn an cineál dinimiciúil a d’fhéadfadh a bheith ag punann den sórt sin. Tráth ar bith, féadfar sócmhainní nua a chur leis agus is féidir sócmhainní níos sine a aisíoc (i gcás iasachtaí) nó a bhaint den phunann (mar shampla, toisc nach meastar iad a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht a thuilleadh). Ar an gcúis sin, éilítear athbhreithniú seachtrach le gach tuarascáil leithdháilte a fhoilsítear faoin ‘gcur chuige punainne’, ach amháin i gcásanna nach ndéantar aon athrú ar an leithdháileadh sa phunann sócmhainní. I gcomhréir le hAirteagal 11(6), tabharfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach aird ar leith ar na sócmhainní sin nár áiríodh in aon tuarascáil leithdháilte a foilsíodh roimhe sin.

7.   An bhfuil gá le hathbhreithniú iareisiúna mura bhfuil athrú tagtha ar an bpunann, ach go bhfuil laghdú tagtha ar luach na punainne sócmhainní mar gheall ar aisíocaíochtaí?

Níl, murar tháinig aon athrú ar an bpunann, ach má tháinig laghdú ar luach na punainne sócmhainní mar gheall ar aisíocaíochtaí, ní bheadh aon ghá le hathbhreithniú iareisiúna seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte. Foráiltear le hAirteagal 11(6) de Rialachán EuGB nach mbeidh gá leis an athbhreithniú seachtrach ar thuarascálacha leithdháilte ar eisiúintí EuGBanna i gcás, le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil leithdháilte, nach ndearnadh aon athrú ar leithdháileadh ar an bpunann sócmhainní agus nár athraíodh aon sócmhainn sa phunann ná nach raibh aon sócmhainn faoi réir athrú ar leithdháileadh, i gcomparáid leis an tréimhse a cumhdaíodh sa tuarascáil leithdháilte roimhe sin.

De bhun Airteagal 11(6), an dara fomhír, de Rialachán EuGB, i gcás den sórt sin, áireoidh an t-eisitheoir ráiteas ina thuarascáil leithdháilte ina sonrófar nach ndéanfar aon athbhreithniú iareisiúna ós rud é nach ndearnadh athruithe ar an bpunann. Níor cheart go mbeadh cás ann, mar thoradh ar na haisíocaíochtaí, ina mbeadh le feiceáil sa tuarascáil leithdháilte luach comhiomlán sócmhainní atá níos ísle ná luach comhiomlán EuGBanna atá gan íoc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2), an dara fomhír.

ROINN 3

Úsáid fáltas/Tacsanomaíocht AE

8.   Faoin ‘gcur chuige céimnithe’, níl aon tréimhse aisamhairc ann le haghaidh caiteachas caipitiúil (CapEx). An gciallaíonn sé sin nach bhfuil ach caiteachas caipitiúil nua tabhaithe tar éis EuGB a eisiúint incháilithe?

Ní dhéantar foráil in Airteagal 4(1)(b) de Rialachán EuGB maidir le tréimhse aisamhairc le haghaidh caiteachas caipitiúil. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach caiteachas caipitiúil nua arna thabhú tar éis eisiúint EuGB incháilithe. I ngach ceann de na blianta tar éis eisiúint EuGB agus go dtí a aibíocht, féadfaidh an t-eisitheoir fáltais arna gcruinniú ag EuGB sin a leithdháileadh chun caiteachas caipitil a mhaoiniú.

9.   Céard is féidir a chumhdach leis an bpóca solúbthachta 15 %?

Faoi Airteagal 5 de Rialachán EuGB, féadfaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha suas le 15 % de na fáltais a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil aon chritéar scagtha teicniúil Tacsanomaíochta tagtha i bhfeidhm ina leith faoi dháta eisiúna an Bhanna Ghlais Eorpaigh, ná ar ghníomhaíochtaí i gcomhthéacs tacaíocht idirnáisiúnta lena n-áirítear maoiniú don aeráid agus cúnamh oifigiúil forbraíochta. Ní mór do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin ceanglais an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht a chomhlíonadh. Go háirithe, ní mór do na gníomhaíochtaí sin rannchuidiú go substaintiúil le ceann de na 6 chuspóir comhshaoil mar a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, gan dochar suntasach a dhéanamh d’aon cheann de na cuspóirí atá fágtha mar a shonraítear in Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus iad a dhéanamh i gcomhréir leis na coimircí íosta i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

De bhun Airteagal 5(3) de Rialachán EuGB, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil aon chritéar scagtha teicniúil ann ina leith, ní mór dóibh na critéir chineálacha maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar amach i bhFoscríbhinní A, B, C agus D d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis na Critéir Scagtha Theicniúla a chomhlíonadh freisin, i gcás inarb infheidhme.

Ba cheart na gníomhaíochtaí eacnamaíocha nár tháinig aon chritéar scagtha teicniúil i bhfeidhm ina leith a thuiscint mar ghníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis na Gníomhartha Tarmligthe ábhartha atá ann cheana lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, i.e. gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht tráth eisiúna EuGB. Áirítear le maoiniú idirnáisiúnta don aeráid na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán EuGB, ach níl sé teoranta dóibh.

10.   Ba cheart do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a áirítear faoin bpóca solúbthachta a léiriú go rannchuidíonn siad go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil agus nach ndéanann siad dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil sin. In éagmais Critéir Scagtha Theicniúla, cén chaoi ar cheart d’athbhreithneoirí seachtracha an measúnú sin a dhéanamh?

Foráiltear leis na teimpléid le haghaidh nochtaí a bhaineann le EuGBanna, a leagtar amach in Iarscríbhinní 1 go 3 a ghabhann le Rialachán EuGB, i gcás ina leithdháileann eisitheoir fáltais i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán, go dtabharfaidh siad tuairisc ar neamhailíniú, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus, i gcás ina mbeidh fáil ar an bhfaisnéis sin, ar chéatadán measta na bhfáltas atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ina mbeidh an suim iomlán agus suimeanna ar leithligh le haghaidh gach gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe/na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán EuGB atá á úsáid/á n-úsáid. Thairis sin, míneoidh eisitheoirí an fáth nach féidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus an bealach a bhfuil sé beartaithe acu a áirithiú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán EuGB agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí agus d’athbhreithneoirí seachtracha measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann in aghaidh na gceanglas maidir le rannchuidiú substaintiúil agus dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil éagsúla, a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus in Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht faoi seach. Chun críche an mheasúnaithe sin, d’fhéadfadh sé gur mhian le heisitheoirí agus athbhreithneoirí seachtracha tagairt a dhéanamh do threoraíocht theicniúil arna foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach chun an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm faoi chláir chistiúcháin shonracha de chuid an Aontais (10).

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur mhian le heisitheoirí agus athbhreithneoirí seachtracha treoraíocht theicniúil neamhoifigiúil agus uirlisí atá ar fáil go poiblí a chur san áireamh. Mar shampla, d’fhoilsigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh dhá thuarascáil ina leagtar amach na bealaí éagsúla inar féidir rannchuidiú go substaintiúil leis na cuspóirí éagsúla Tacsanomaíochta (11). Lean an Coimisiún an cur chuige a leagtar amach anseo sna Gníomhartha Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht.

Ar deireadh, féadfaidh eisitheoirí agus athbhreithneoirí seachtracha na moltaí measúnaithe arna n-eisiúint ag grúpaí saineolaithe comhairleacha neamhspleácha ábhartha an Choimisiúin a chur san áireamh, amhail an Sainghrúpa Teicniúil maidir le maoiniú inbhuanaithe agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe.

11.   Cén chaoi ar cheart do cheannasaithe ailíniú le coimircí íosta?

Tá feidhm ag ceanglais Tacsanomaíochta AE gan idirdhealú a dhéanamh idir cineál oibreora na gníomhaíochta. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar eisitheoirí ceannasacha na coimircí íosta a chur i bhfeidhm. D’eisigh an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe moltaí teicniúla neamhoifigiúla maidir le coimircí íosta a chur i bhfeidhm ina Thuarascáil Deiridh maidir le Coimircí Íosta, lena n-áirítear treoraíocht shonrach do cheannasaithe, agus do bhardais agus d’údaráis réigiúnacha chomh maith.  (12).

12.   Is féidir fóirdheontais a áireamh i gcaiteachas le haghaidh ceannasaithe. Cén chaoi ar cheart do cheannasaithe ailíniú leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le fóirdheontais a léiriú ós rud é go bhfuil an infheistíocht féin i seilbh tríú páirtí?

Foráiltear le hAirteagal 4(3) de Rialachán EuGB go bhféadfaidh ceannasaithe na fáltais ó Bhannaí Glasa Eorpacha atá eisithe aige a leithdháileadh ar chineálacha sonracha caiteachais phoiblí, amhail fóirdheontais, ar choinníoll go leithdháiltear na fáltais i gcomhréir leis na ceanglais maidir le Tacsanomaíocht, i.e. chaithfí fóirdheontais a thiomnú go soiléir do chuspóirí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé sin le fóirdheontais atá curtha in áirithe do theaghlaigh a bhfuil grianphainéil nó teaschaidéil á suiteáil acu. Bheadh ar an gceannasaí measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh thairbhí an fhóirdheontais leis na coimircí íosta agus an fóirdheontas sin á dheonú. Bheadh ar an gceannasaí a áirithiú nach n-úsáidfí na fóirdheontais atá i gceist ach amháin chun na gcríoch sin agus é sin a léiriú dá réir sin ina nochtaí a bhaineann leis an mBanna Glas Eorpach/na Bannaí Glasa Eorpacha ábhartha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an maolú in Airteagal 4(3) de Rialachán EuGB maidir le fóirdheontais ghinearálta.

13.   Cén chaoi ar cheart do cheannasaí pleananna um aistriú a léirmhíniú sa bhileog fíricí? An bhfuil an plean deonach do cheannasaí? An mbeadh scóip ann do Phlean Náisiúnta Aeráide?

Níl ceannasaithe faoi réir na Treorach Cuntasaíochta. Ós rud é gur coibhéisí feidhmiúla iad na Pleananna Náisiúnta don Aeráid atá ag na Ballstát leis na pleananna um aistriú atá ag comhlachtaí corparáide de réir bhrí Airteagail 19a agus 29a den Treoir Chuntasaíochta, d’fhéadfaidís cáiliú mar phleananna aistrithe a fhoilsítear go deonach, dá dtagraítear sa chuid faisnéise ‘Nasc leis na pleananna um aistriú’ faoi seach de bhileog fíricí EuGB.

14.   I gcomhthéacs Airteagal 8(2) de Rialachán EuGB, faoin ‘gcur chuige punainne’, an mbeadh feidhm ag marthanú fiú dá n-eiseofaí banna amháin nó níos mó tar éis an dáta a modhnaíodh na Critéir Scagtha Theicniúla ábhartha?

Bheadh feidhm ag marthanú faoin ‘gcur chuige punainne’ fiú dá n-eiseofaí banna amháin nó níos mó tar éis an dáta a modhnaíodh na critéir scagtha theicniúla ábhartha, toisc nach mbaineann dáta eisiúna an bhanna le hábhar faoin gcur chuige sin.

Foráiltear le hAirteagal 4(2) de Rialachán EuGB go bhféadfaidh eisitheoirí fáltais ó Bhanna Glas Eorpach amháin nó níos mó atá gan íoc a leithdháileadh de réir an ‘chur chuige punainne’, i.e. ar phunann sócmhainní seasta nó ar phunann sócmhainní airgeadais. Ní mór go gcomhlíonfaidh na sócmhainní na ceanglais Tacsanomaíochta, lena n-áirítear na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna Gníomhartha Tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

Agus é á chur san áireamh go bhféadfaí na critéir scagtha theicniúla is infheidhme a leasú, tugtar isteach le hAirteagal 8 de Rialachán EuGB méid áirithe solúbthachta. I gcás eisitheoirí a úsáideann an cur chuige punainne, foráiltear le hAirteagal 8(2) nach n-áireoidh eisitheoirí ina bpunann ach na sócmhainní sin a bhfuil a mbunghníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le haon chritéar scagtha teicniúil a bhí infheidhme ag aon phointe le linn na 7 mbliana roimh dháta foilsithe na tuarascála leithdháilte. Dá bhrí sin, mar a leagtar amach in aithris 18 de Rialachán EuGB, mura bhfuil aon sócmhainn a mhaoinítear le Banna Glas Eorpach ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe, ba cheart di a bheith in ann leanúint de bheith mar chuid den chomhthiomsú sócmhainní maoinithe ar feadh suas le 7 mbliana.

Ciallaíonn sé sin go mbeadh 7 mbliana ag an eisitheoir chun na sócmhainní sin uile nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe a bhaint de phunann sócmhainní incháilithe EuGB. Má tá an t-eisitheoir ag saothrú a phunainne sócmhainní glasa go hiomlán cheana féin chun EuGBanna a eisiúint, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an eisitheoir sin níos lú EuGBanna a eisiúint nó sócmhainní glasa nua a chruthú atá ailínithe leis na critéir athbhreithnithe thar na 7 mbliana chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(2), an dara fomhír, de Rialachán EuGB.

ROINN 4

Bileoga fíricí agus nochtaí eile/Réamheolaire/Liostáil

15.   Foráiltear le Rialachán EuGB go n-úsáidfidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha na teimpléid in Iarscríbhinní I, II agus III dá mbileog fíricí EuGB, dá dtuarascálacha leithdháilte agus dá dtuarascálacha tionchair, faoi seach. Os a choinne sin, ní gá ach ‘na gnéithe’ d’Iarscríbhinn IV a bheith in athbhreithnithe seachtracha ar na doiciméid sin. I bhfianaise na gceanglas éagsúil sin, cé chomh docht is gá teimpléid Iarscríbhinní I, II, III agus IV a leanúint? Mar shampla, ar cheart don doiciméad foilsithe an t-ord beacht agus ceannteidil gach Iarscríbhinne ábhartha a leanúint nó an leor na gnéithe riachtanacha a bheith ann, gan beann ar ord nó formáidiú?

Ceanglaítear le hAirteagail 10 (1)(a), 11(1) agus 12(1) de Rialachán EuGB ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I, II, agus III le haghaidh na nochtaí éagsúla réamheisiúna agus iareisiúna a bhaineann leis na bannaí sin. Mar a chuirtear i dtábhacht in aithris 21 de Rialachán EuGB, áiríodh na teimpléid sa chreat dlíthiúil chun a áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar úsáid bheartaithe agus iarbhír na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha agus chun na bannaí sin a chur i gcomparáid le chéile. Dá bhrí sin, moltar d’eisitheoirí struchtúr na dteimpléad a leanúint leis na ceannteidil agus an t-ord céanna. Is féidir athruithe a dhéanamh ar an ord, ach má roghnaíonn eisitheoir imeacht ón ord, ní mór na ceannteidil agus na heilimintí aonair uile a áireamh fós sa doiciméad nochta faoi seach, agus ní mór an fhaisnéis a chur i láthair ar bhealach atá comhleanúnach, soiléir agus nach bhfuil míthreorach.

Maidir le hathbhreithnithe seachtracha, ceanglaítear le hAirteagail 10(3)(b), 11(8)(c) agus 12(3)(c) de Rialachán EuGB go mbeidh na ‘gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV’ sna hathbhreithnithe seachtracha ar an mbileog fíricí, ar an tuarascáil leithdháilte agus ar an tuarascáil tionchair. Tagraíonn ceannteideal Iarscríbhinn IV do ‘ábhair’ athbhreithnithe réamheisiúna, athbhreithnithe iareisiúna nó athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair. Dá bhrí sin, fad agus go gcuireann athbhreithneoirí seachtracha na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV san áireamh ina n-athbhreithnithe, tá saoirse acu iad a chur i láthair ar an mbealach a roghnaíonn siad.

16.   De réir Airteagal 10 de Rialachán EuGB, ba cheart don athbhreithneoir seachtrach (murab ionann agus an tuarascáil leithdháilte agus an tuarascáil tionchair) measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu atá nó nach bhfuil an bhileog fíricí líonta isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ach ní fhorordaítear ráiteas ina leith sin in Iarscríbhinn IV. Mar sin féin, an bhfuil cead ag athbhreithneoir seachtrach ráiteas a chur isteach maidir le comhlíontacht na bileoige fíricí le hIarscríbhinn I?

Ós rud é go bhfuil comhlíontacht bhileog fíricí EuGB le hIarscríbhinn I mar chuid de mheasúnú an athbhreithneora sheachtraigh, fágann sé sin go bhféadfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach ráiteas ina leith a áireamh ina athbhreithniú. Foráiltear le hAirteagal 10(3)(a) agus (b) de Rialachán EuGB go mbeidh measúnú san athbhreithniú réamheisiúna ar bhileog fíricí EuGB i dtaobh ar chomhlánaigh an t-eisitheoir an bhileog fíricí sin i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 agus le hIarscríbhinn I chomh maith leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

17.   An bhfuil teorainn le fad na tréimhse eisiúna atá beartaithe le cur san áireamh sa bhileog fíricí? Mura bhfuil aon eisiúint ann, cá fhad atá saolré na bileoige fíricí?

Níl aon cheanglas i Rialachán EuGB go mbeadh dáta éaga ag bileog fíricí EuGB.

De réir Airteagal 10(1)(a) de Rialachán EuGB, déanfaidh eintiteas atá ag iarraidh EuGB a eisiúint, sula n-eiseofar é, bileog fíricí EuGB a chomhlánú mar a leagtar amach sa teimpléad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. Foráiltear leis an teimpléad sin go léireoidh an t-eisitheoir, i gcás ina mbeidh fáil air, an dáta nó an tréimhse eisiúna atá beartaithe. Ní shonraítear i Rialachán EuGB aon teorainn le fad tréimhse eisiúna, ná ar an bhfad ama a bheidh an bhileog fíricí fós bailí. Ceanglaítear le hAirteagal 15(1)(a) de Rialachán EuGB, áfach, ar an eisitheoir an bhileog fíricí chomhlánaithe a fhoilsiú sula n-eisítear í, in éineacht leis an athbhreithniú réamheisiúna ar an mbileog fíricí sin agus hipearnasc chuig an suíomh gréasáin inar féidir an réamheolaire a cheadú (i gcásanna ina bhfoilsítear réamheolaire de bhun an Rialacháin maidir le Réamheolairí).

A luaithe a fhoilseofar agus/nó a úsáidfear bileog fíricí EuGB chun críoch fógraíochta, tá sé de fhreagracht ar an eisitheoir a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sa bhileog fíricí soiléir, cruinn agus cothrom le dáta, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an dáta nó an tréimhse eisiúna atá beartaithe, chomh maith le stádas an bhanna agus an doiciméadacht is gá le haghaidh eisiúna.

Aon doiciméid a fhoilseofar roimh eisiúint na mbannaí, ní chuirfidh siad infheisteoirí ar míthreoir maidir le gnéithe amhail uainiú na heisiúna, an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an athbhreithniú seachtrach ar an mbileog fíricí agus scrúdú ar an dréacht-réamheolaire ag údaráis inniúla (i gcásanna ina bhfuil gá le réamheolaire). Tá sé de fhreagracht ar an eisitheoir a áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí a gcinneadh infheistíochta a dhéanamh bunaithe ar an doiciméadacht a bhaineann le EuGB, lena n-áirítear bileog fíricí EuGB.

18.   Cá fhad atá an t-athbhreithniú réamheisiúna bailí? An mbeidh sé bailí ar feadh na tréimhse eisiúna ar fad a áirítear sa bhileog fíricí? I gcásanna ina gcumhdaíonn bileog fíricí roinnt eisiúintí, an mbeidh gá le hathbhreithniú ar leithligh nó le hathbhreithniú nuashonraithe?

Beidh measúnú san athbhreithniú réamheisiúna i dtaobh ar chomhlánaigh an t-eisitheoir bileog fíricí EuGB, agus na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EuGB. D’ainneoin an athbhreithnithe réamheisiúna ar bhileog fíricí, ní mór d’eisitheoirí leanúint dá n-oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann ailíniú leis an Tacsanomaíocht.

Ceanglaítear le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán EuGB ar eisitheoirí a áirithiú go bhfuil bileog fíricí EuGB comhlánaithe faoi réir athbhreithniú réamheisiúna le tuairim dhearfach ó athbhreithneoir seachtrach, sula n-eiseofar í. De réir Airteagal 15(1)(b), ní mór don eisitheoir an t-athbhreithniú réamheisiúna sin a fhoilsiú sula n-eiseofar an banna, in éineacht le doiciméadacht eile. Foráiltear le hAirteagal 38(1)(a) go bhfoilseoidh athbhreithneoirí seachtracha an t-athbhreithniú réamheisiúna a d’eisigh siad, laistigh de thréimhse réasúnach ama roimh eisiúint an bhanna lena mbaineann.

Ní shonraítear i Rialachán EuGB fad ama a bheidh an t-athbhreithniú réamheisiúna fós bailí. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis go gcumhdaítear leis an tréimhse eisiúna iomlán a shonraítear i mbileog fíricí EuGB, i gcás inar léiríodh tréimhse eisiúna. Mar sin féin, má thagann athrú ábhartha ar fhaisnéis idir cur i gcrích an athbhreithnithe réamheisiúna agus na heisiúna, ba cheart bileog fíricí EuGB agus an t-athbhreithniú réamheisiúna araon é sin a léiriú ar bhealach atá soiléir agus intuigthe d’infheisteoirí. Leis an teimpléad le haghaidh inneachar na n-athbhreithnithe réamheisiúna in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EuGB, foráiltear go sonrach go nochtfaidh athbhreithneoirí seachtracha, i gcás inarb ábhartha, an dáta ar tugadh an t-athbhreithniú cothrom le dáta go deireanach agus míniú ina sonraítear an chúis leis an nuashonrú.

Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina gcumhdaíonn bileog fíricí EuGB ileisiúintí i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán EuGB, cuirfidh an bhileog fíricí agus an t-athbhreithniú réamheisiúna araon faisnéis atá cothrom le dáta, soiléir agus cruinn ar fáil d’infheisteoirí le haghaidh gach eisiúna. Mura féidir é sin a bhaint amach go hiontaofa leis an doiciméadacht tosaigh, ba cheart an bhileog fíricí agus an t-athbhreithniú réamheisiúna araon a athbhreithniú agus aon athrú a chur in iúl d’infheisteoirí ar bhealach atá soiléir agus nach gcuirfeadh infheisteoirí ar míthreoir.

19.   Is iondúil go n-úsáideann ceannasaithe eisiúintí agaithe le haghaidh bannaí. Cén chaoi ar féidir le bileog fíricí EuGB freastal ar shaincheisteanna eisiúintí agaithe EuGBanna? An féidir le heisitheoir an bhileog fíricí chéanna a úsáid agus eisiúint agaithe bannaí ar EuGB atá ann cheana á déanamh aige?

Is féidir le heisitheoir an bhileog fíricí EuGB chéanna a úsáid agus eisiúint agaithe bannaí ar EuGB atá ann cheana á déanamh aige fad is a urramaíonn gach eisiúint agaithe an fhaisnéis a leagtar amach sa bhileog fíricí (agus i Rialachán EuGB). D’fhéadfadh sé go gcumhdófar eisiúint bannaí amháin nó roinnt eisiúintí bannaí le bileog fíricí.

Cuireann eisiúintí agaithe ar a gcumas do cheannasaithe níos mó bannaí a dhíol ó eisiúint atá ann cheana. Is féidir glacadh leis go gcumhdaítear iad le hAirteagal 10(2) de Rialachán EuGB, rud a chiallódh gur féidir le heisitheoir a bhfuil eisiúint agaithe bannaí ar bhanna atá ann cheana á déanamh aige an bhileog fíricí chéanna a úsáid agus a úsáidtear d’eisiúint EuGB atá ann cheana. Mar sin féin, má thagann athrú ábhartha ar fhaisnéis idir cur i gcrích an athbhreithnithe réamheisiúna agus na heisiúna, ba cheart an bhileog fíricí agus an t-athbhreithniú réamheisiúna araon é sin a léiriú ar bhealach atá soiléir agus intuigthe d’infheisteoirí. D’fhéadfadh sé gur ghá an bhileog fíricí agus an t-athbhreithniú réamheisiúna a thabhairt cothrom le dáta nó a athbhreithniú chuige sin.

20.   Cá mhéad is féidir le heisitheoir nochtaí sonracha EuGB, mar shampla bileog fíricí EuGB, a chomhcheangal le nochtaí eile, amhail creat bannaí glasa níos leithne? An féidir le heisitheoir tuairisc a thabhairt ar roinnt bannaí glasa gan íoc lena n-áirítear bannaí nach EuGBanna iad in aon tuarascáil leithdháilte amháin?

Féadfar nochtaí EuGB a chomhlánú le nochtaí eile, fad is gur féidir le hinfheisteoirí an fhaisnéis a bhaineann le Rialachán EuGB a shainaithint go soiléir agus go n-urramaíonn an fhaisnéis ceanglais uile Rialachán EuGB. Aon fhaisnéis nach gceanglaítear le Rialachán EuGB, níor cheart di nochtaí éigeantacha EuGB a cheilt, níor cheart í a ullmhú ar bhonn a thagann salach ar na ceanglais a leagtar amach i Rialachán EuGB agus níor cheart í a thaispeáint ar bhealach níos feiceálaí ná na nochtaí atá sainordaitheach agus sonrach do EuGBanna.

Is uirlis iad creataí bannaí glasa a úsáideann eisitheoirí ‘bannaí glasa’ go forleathan chun trédhearcacht a chruthú. Feidhmíonn na creataí sin chun infheisteoirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a n-úsáidtear fáltais ó bhanna glas nó ó chlár bannaí glasa, agus is gnách go n-áirítear leo faisnéis maidir le tuairisciú agus an ról atá ag na bannaí nó ag an gclár bannaí i straitéis inbhuanaitheachta fhoriomlán an eisitheora. Is minic a bhíonn na creataí sin faoi réir athbhreithniú neamhspleách. Mar sin féin, níor forbraíodh creataí den sórt sin go ginearálta i gcomhréir le creat rialáilte agus, dá bhrí sin, ní doiciméid rialáilte iad.

Cé go bhfuil bileog fíricí EuGB cosúil le creataí den sórt sin ar bhealaí áirithe, is doiciméad ar leithligh í a bhfuil gá léi chun Banna Glas Eorpach a eisiúint, mar a leagtar amach in Airteagal 10(1) de Rialachán EuGB. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le teimpléad coiteann le haghaidh bileoga fíricí EuGB in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, féachann creat EuGB le caighdeánú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraítear le haghaidh na mbannaí sin. Is é an cuspóir atá ann a áirithiú go mbeidh rochtain réidh ag infheisteoirí ar fhaisnéis atá inchomparáide go héasca. Le Roinn 8 den teimpléad, tugtar deis d’eisitheoirí faisnéis ábhartha eile a chur le bileog fíricí EuGB. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tagairtí do chineálacha eile doiciméadachta, amhail creat bannaí glasa, straitéis fhoriomlán inbhuanaitheachta eisitheora nó tuarascálacha inbhuanaitheachta. D’fhéadfadh rochtain ar fhaisnéis bhreise den sórt sin a bheith úsáideach d’infheisteoirí agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu. Léirítear leis freisin go mbeidh EuGBS ann i gcomhthráth le caighdeáin mhargaidh agus le bannaí glasa nó inbhuanaithe eile de chuid eisitheoirí.

Mar sin féin, tá sé de fhreagracht ar eisitheoirí a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis uile a sholáthraítear d’infheisteoirí soiléir agus go gcuireann sé ar a gcumas dóibh cinntí eolasacha a dhéanamh. Níor cheart, dá bhrí sin, faisnéis a bhaineann go sonrach le EuGB nó le sraith eisiúintí EuGB a chomhcheangal le nochtaí eile, amhail creat bannaí glasa, ar bhealach a d’fhéadfadh infheisteoirí a chur ar míthreoir. Mar shampla, baineann sé sin le foilsiú agus cur i láthair na ndoiciméad éagsúil ar shuíomhanna gréasáin eisitheoirí, áit ar cheart é a bheith soiléir agus éasca d’infheisteoirí an méid lena mbaineann gach píosa doiciméadachta a thuiscint. D’fhéadfadh go gcuirfí mearbhall ar infheisteoirí má áirítear bileoga fíricí EuGB, athbhreithnithe seachtracha nó doiciméid eile atá nasctha go sonrach le ceann amháin nó níos mó d’eisiúintí Bannaí Glasa Eorpacha i gcreat bannaí glasa a bhaineann le cineálacha eile bannaí glasa gan míniú leordhóthanach. Dá bhrí sin, níor cheart d’eisitheoirí é a dhéanamh. Níor cheart dóibh ach oiread an t-ainm ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a chomhcheangal le hainmneacha cineálacha eile bannaí glasa.

Thairis sin, tá sé beartaithe le bileoga fíricí EuGB, tuarascálacha leithdháilte agus tuarascálacha tionchair mar a cheanglaítear le Rialachán EuGB nochtaí a sholáthar go sonrach le haghaidh EuGBanna, agus úsáid á baint as na teimpléid in Iarscríbhinní I go III. Tá sé sin soiléir ó theidil na dteimpléad sin faoi seach (‘Bileog Fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha’, ‘Tuarascáil Leithdháilte Bhliantúil maidir le Bannaí Glasa Eorpacha’, ‘Tuarascáil Tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha’). Ciallaíonn sé sin nár cheart d’eisitheoirí na teimpléid in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán EuGB a úsáid le haghaidh nochtaí comhfhreagracha réamheisiúna nó iareisiúna maidir le bannaí nach EuGBanna iad.

21.   An féidir EuGB a liostú ar shaoráid trádála iltaobhach nó nach féidir EuGBanna a liostú ach ar mhargaí rialáilte amháin?

Is féidir le heisitheoirí EuGB a liostú ar shaoráid trádála iltaobhach fad agus go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

Foráiltear le hAirteagal 14(1) de Rialachán EuGB go bhfoilseoidh eisitheoir réamheolaire de bhun an Rialacháin maidir le Réamheolairí chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid (le hAirteagal 14(2) díolmhaítear bannaí a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán maidir le Réamheolairí ón gceanglas sin).

Foráiltear le hAirteagal 3(1) agus (3) den Rialachán maidir le Réamheolairí go n-éilítear réamheolaire i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir urrúis a thairiscint don phobal nó i gcás ina n-iarrann sé go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Déantar foráil in Airteagal 1(4) den Rialachán maidir le Réamheolairí maidir le díolúintí ón gceanglas sin, go háirithe nuair nach dtairgeann eisitheoir urrúis ach d’infheisteoirí cáilithe nó nuair a thairgeann siad urrúis neamhchothromais a bhfuil ainmníocht íosta EUR 100 000 in aghaidh an aonaid acu. Is iad na díolúintí sin, go háirithe an ainmníocht íosta EUR 100 000, na díolúintí tipiciúla a úsáidtear i margaí caipitil fiachais chun a áirithiú nach dtairgtear bannaí d’infheisteoirí miondíola. Is le hinfheisteoirí gairmiúla amháin a dhíoltar bannaí glasa de ghnáth.

Sa Rialachán maidir le Réamheolairí sainmhínítear margadh rialáilte trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 4(1)(21) den Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus do ‘saoráid trádála iltaobhach’ trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 4(1)(22) den Treoir sin.

Maidir le saoráidí trádála iltaobhacha, leagtar amach in aithris 14 den Rialachán maidir le Réamheolairí nach measfar ann féin gur tairiscint urrús don phobal é urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach nó praghsanna tairgthe agus tairisceana a fhoilsiú agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a tharraingt suas faoin Rialachán sin. Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán maidir le Réamheolairí gur féidir le heisitheoir a bheith i dteideal réamheolaire a tharraingt suas ar bhonn deonach i gcás díolúine. Go háirithe, soiléirítear in Airteagal 4 go mbeidh eisitheoir i dteideal réamheolaire a fhoilsiú ar bhonn deonach i gcás ina ndíolmhaítear tairiscint urrús don phobal ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 1(4).

Ós rud é go n-eiseoidh eisitheoirí EuGBanna réamheolaire de bhun an Rialacháin maidir le Réamheolairí (i gcásanna ina n-éilítear réamheolaire), fágann sé sin nach mór dóibh tairiscint phoiblí a dhéanamh ar na EuGBanna sin nó a iarraidh go ligfí isteach na EuGBanna sin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a bheith i gcás ina bhfuil siad díolmhaithe faoin Rialachán maidir le Réamheolairí ó réamheolaire a fhoilsiú ach a chinneadh, mar sin féin, ceann a fhoilsiú go deonach. Chiallódh sé sin gur féidir EuGB a liostú ar shaoráid trádála iltaobhach mura dtairgeann an t-eisitheoir é ach amháin d’infheisteoirí cáilithe nó má thugann sé isteach ainmníocht íosta EUR 100 000 in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, tharraingeodh an t-eisitheoir suas réamheolaire ar bhonn deonach, de réir Airteagal 4 den Rialachán maidir le Réamheolairí. Thairis sin, má roghnaíonn an t-eisitheoir rogha na hainmníochta íosta EUR 100 000, is féidir leis an eisitheoir sin tairbhiú freisin d’fhormáid an réamheolaire laghdaithe le haghaidh urrúis mhórdhíola neamhchothromais i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 16 den Ghníomh Tarmligthe um Réamheolairí.

I gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán maidir le Réamheolairí agus Airteagal 14(1) de Rialachán EuGB á chur san áireamh, dá ndéanfadh eisitheoir EuGB réamheolaire a tharraingt suas go deonach, bheadh an réamheolaire sin faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin maidir le Réamheolairí, lena n-áirítear an fhoráil go bhfuil an réamheolaire faoi réir fhormheas údarás inniúil an Bhallstáit baile mar a chinntear i gcomhréir le pointe (m) d’Airteagal 2 den Rialachán maidir le Réamheolairí, agus beidh sé faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil sin.

ROINN 5

Athbhreithniú seachtrach

22.   I gcomhréir le teimpléad bhileog fíricí EuGB, mar atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán EuGB, ba cheart don eisitheoir faisnéis a sholáthar ‘i gcás ina bhfuil sí ar fáil’. I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, cén chaoi ar cheart don eisitheoir agus/nó don athbhreithneoir seachtrach é sin a láimhseáil, mar shampla, i gcás ina gcumhdaítear eisiúintí iomadúla le bileog fíricí amháin? Maidir leis an dáta eisiúna, áireoidh an t-eisitheoir é sin ‘i gcás ina mbeidh fáil air’, ach ceanglaítear le hIarscríbhinn IV go n-áireofar an ‘dáta eisiúna’ nithiúil sa tuarascáil athbhreithnithe a bhaineann le gach bileog fíricí. Cén fhaisnéis nach mór a chur san áireamh sa tuarascáil athbhreithnithe i gcás nach bhfuil an dáta eisiúna ar fáil? Thairis sin, mura bhfuil faisnéis ar fáil tráth na heisiúna, ach má tá sí ar fáil tráth an tuairiscithe: an mbeadh sé ceart glacadh leis gur leor an tagairt sin d’fhaisnéis a bheith ar fáil sa tuarascáil leithdháilte?

Leis an teimpléad le haghaidh bhileog fíricí EuGB in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán EuGB, tugtar an fhéidearthacht roinnt pointí sonraí a fhágáil ar lár nuair nach mbíonn siad ar fáil tráth a eisítear an banna. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina gcumhdaítear eisiúintí iomadúla le bileog fíricí amháin agus nach eol go fóill faisnéis áirithe a bhaineann le heisiúintí níos déanaí.

Ós rud é gur doiciméad nochta tábhachtach í bileog fíricí EuGB arb é is aidhm dó a chur ar a gcumas d’infheisteoirí roghanna eolasacha a dhéanamh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh eisitheoirí a ndícheall an oiread faisnéise agus is féidir a sholáthar. D’fhéadfaí a áireamh leis sin a rá go nochtfar faisnéis atá in easnamh sna nochtaí iareisiúna, i.e. tuarascálacha leithdháilte agus tuarascálacha tionchair.

Tá sé de fhreagracht ar athbhreithneoirí seachtracha measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna eisitheoirí a ndícheall an oiread faisnéise agus is féidir a sholáthar agus an t-athbhreithniú réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (3) de Rialachán EuGB á dhéanamh acu. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a shoiléiriú go mion cén chaoi ar tháinig siad ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil tráth athbhreithnithe agus foilsithe bhileog fíricí EuGB. D’fhéadfadh ráiteas a bheith san áireamh leis sin nach raibh faisnéis ar an dáta eisiúna ar fáil tráth a cuireadh an t-athbhreithniú seachtrach i gcrích.

23.   Cén cineál tuairimí is féidir a thabhairt maidir le nochtaí EuGB? An ann do leibhéal cinnteachta a bhfuil coinne leis?

Is gnáthchleachtas é d’eisitheoirí bannaí glasa agus cineálacha eile bannaí inbhuanaithe tuairim dara páirtí nó fíorú ar a nochtaí atá nasctha leis na bannaí sin a fháil. Cuireann cineálacha éagsúla soláthraithe cineálacha éagsúla tuairimí ar fáil, agus tugann roinnt gníomhaithe sonracha cinnteacht theoranta nó réasúnta. D’fhéadfadh sé a bheith deacair d’infheisteoirí bannaí a chur i gcomparáid le maíomh inbhuanaitheachta mar gheall ar easpa rialacha nó caighdeán comhchuibhithe maidir le rialachas, eagrú agus obair na n-eintiteas sin.

Chun deimhneacht, iontaoibh agus inchomparáideacht a fheabhsú, bunaítear le Rialachán EuGB, dá bhrí sin, ceanglais ar leibhéal an Aontais agus maoirseacht le haghaidh tuairimí neamhspleácha den sórt sin le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha. Is é an aidhm atá ann a áirithiú go mbeidh na gnólachtaí a chuireann athbhreithnithe neamhspleácha ar fáil eagraithe go fónta agus go mbeidh siad in ann obair ardcháilíochta a tháirgeadh. Sa chomhthéacs sin, is cuideachtaí iad athbhreithneoirí seachtracha a dhéanann seirbhísí sonracha le haghaidh EuGBanna, i.e. athbhreithniú a dhéanamh ar na nochtaí nach mór d’eisitheoirí na mbannaí sin a dhéanamh de bhun Rialachán EuGB. Agus ceanglais á leagan síos maidir le heagrú agus iompar na n-athbhreithneoirí seachtracha, ní sholáthraítear ná ní cheanglaítear leibhéal sonrach cinnteachta le Rialachán EuGB, ná go deimhin aon chinnteacht. Dá bhrí sin, tá an luach céanna ag gach athbhreithniú seachtrach a dhéantar faoi chreat EuGB.

Thairis sin, foráiltear le roinn 2 den teimpléad maidir le hábhar na n-athbhreithnithe réamheisiúna, iareisiúna nó tuarascálacha tionchair in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EuGB go n-áireofar ‘ráiteas gur tuairim neamhspleách ón athbhreithneoir seachtrach atá san athbhreithniú sin, agus nach mbeifear ag brath air ach go pointe teoranta’.

24.   Cá mhéad is féidir tuairim iniúchóra maidir le hailíniú Tacsanomaíochta AE (faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht) a mheas le haghaidh an athbhreithnithe réamheisiúna nó an athbhreithnithe ar nochtaí iareisiúna? An mbeadh ar an athbhreithneoir seachtrach fós measúnú iomlán ar leithligh a sholáthar? An mbeidh an t-athbhreithneoir seachtrach a sholáthraíonn an t-athbhreithniú/na hathbhreithnithe ar nochtaí iareisiúna in ann brath ar mheasúnú tosaigh an athbhreithneora sheachtraigh ar ailíniú measta na bileoige fíricí nó an gá dó ‘iarmheasúnú’ nua a dhéanamh ar ailíniú na gcaiteachas?

Leagtar amach in Airteagail 10 go 12 de Rialachán EuGB na ceanglais atá ar eisitheoirí nochtaí tábhachtacha a ullmhú maidir le EuGBanna – an bhileog fíricí, na tuarascálacha leithdháilte agus tionchair – chomh maith leis an oibleagáid athbhreithniú seachtrach a fháil ar an gcéad dá cheann (dearfach i gcás na bileoige fíricí). Soláthraítear leis na ceanglais sin freisin na príomhphointí a bheidh sna hathbhreithnithe seachtracha faoi seach, mar aon le hinneachar na n-athbhreithnithe seachtracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EuGB. Dá bhrí sin, ní mór don athbhreithneoir seachtrach measúnú iomlán a sholáthar ar gach doiciméad nochta arna ullmhú ag an eisitheoir.

Agus na hathbhreithnithe á ndéanamh aige, tá sé de shaoirse ag an athbhreithneoir seachtrach raon faisnéise a cheadú agus a chur san áireamh, lena bhféadfaí a áireamh, mar shampla, tuairim iniúchóra maidir le hailíniú an eisitheora le Tacsanomaíocht AE. Mar sin féin, ní mór na nochtaí sonracha a cheanglaítear le Rialachán EuGB a sholáthar i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Rialachán agus ní mór gach nochtadh a mheasúnú ar a fhiúntas féin.

Ciallaíonn sé sin freisin nach féidir leis an athbhreithniú seachtrach ar leithdháileadh nó ar thuarascáil tionchair brath go díreach ar an athbhreithniú seachtrach ar an mbileog fíricí. Tá gá le measúnú ar leithligh le haghaidh gach nochta (ach amháin cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 11(6), an dara fomhír, de Rialachán EuGB). De réir Airteagal 11(8)(b) den Rialachán sin, áireofar san athbhreithniú seachtrach ar thuarascáil leithdháilte measúnú ar cé acu a leithdháil nó nár leithdháil an t-eisitheoir fáltais an bhanna mar a leagtar amach i mbileog fíricí EuGB dá dtagraítear in Airteagal 10, ina léirítear go soiléir nach mbeadh athbhreithneoir seachtrach in ann brath go simplí ar an athbhreithniú seachtrach ar an mbileog fíricí sin a ullmhaíodh roimh an eisiúint agus, dá bhrí sin, roimh an leithdháileadh.


(1)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1129/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/980/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2402/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2139/oj).

(7)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, leis na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(8)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).

(9)  C&F ESMA maidir leis an idirghníomhaíocht idir Rialachán an Aontais maidir le Bannaí Glasa agus an Rialachán maidir le Réamheolairí, dar dáta an 6 Meitheamh 2025 (ESMA_QA_2254).

(10)  I ndáil leis an méid sin, féach an treoraíocht theicniúil maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta atá ar fáil anseo: C_202501596EN.000101.fmx.xml.

(11)  I ndáil leis sin, féach Stóras Foilseachán JRC - Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide – creat chun critéir scagtha theicniúla a shainiú le haghaidh tacsanomaíocht AE, agus Stóras Foilseachán JRC - Forbairt Tacsanomaíochta Airgeadais Inbhuanaitheachta AE - Creat chun rannchuidiú substaintiúil a shainiú le haghaidh chuspóirí comhshaoil 3-6.

(12)  I ndáil leis sin, féach an Tuarascáil Deiridh maidir le Coimircí Íosta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5885/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)