European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5874

31.10.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12191 — KKR / CINVEN / CVC / NEMEAN MIDCO)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/5874)

1.   

An 22 Deireadh Fómhair 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Solaris Bidco (Geirsí) Limited, meán sainchuspóireach faoi lánúinéireacht indíreach ag cistí infheistíochta, feithiclí agus/nó cuntais arna gcomhairliú agus arna mbainistiú ag fochuideachtaí éagsúla de KKR & Co. Inc. (SAM) (‘KKR & Co’ in éineacht lena fhochuideachtaí, ‘KKR’),

Crossgar Acquisition Limited (Geansaí) faoi úinéireacht The Sixth Cinven Fund, faoi rialú deiridh bhainisteoir The Sixth Cinven Fund, Cinven Limited (‘Cinven’),

Nemean Holdings Jersey Limited (Geirsí) faoi rialú deiridh CVC Capital Partners plc. (‘CVC’),

Nemean Midco Limited (Geirsí) (‘Nemean Midco’) faoi rialú comhpháirteach indíreach CVC agus Cinven.

Gheobhaidh KKR, Cinven agus CVC rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Nemean Midco.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Gnólacht infheistíochta domhanda is ea KKR a sholáthraíonn bainistíocht sócmhainní malartacha chomh maith le réitigh margaí caipitil agus árachais,

Is gnólacht cothromais phríobháidigh é Cinven a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí bainistíochta infheistíochta agus seirbhísí comhairleacha infheistíochta a sholáthar,

Is cuideachta phoiblí theoranta é CVC. Ó am go ham, cuireann roinnt fochuideachtaí de CVC comhairle infheistíochta ar fáil do chistí agus meáin infheistíochta áirithe a bhfuil leasanna acu i gcuideachtaí atá gníomhach ar fud an domhain agus/nó déanann siad infheistíochtaí a bhainistiú thar a gceann,

Is soláthraí creidmheasa tomhaltóirí é Nemean Midco atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12191 — KKR / CINVEN / CVC / NEMEAN MIDCO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5874/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)