European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5860

10.11.2025

Caingean arna tabhairt an 17 Meán Fómhair 2025 – Xaipix v EUIPO – Ais (Aipix)

(Cás T-632/25)

(C/2025/5860)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Xaipix sp. z o. o. (Vársá, an Pholainn) (ionadaí: K. Pyszków, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Axis AB (Lund, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Aipix – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 840 639

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 17 Iúil 2025 i gCás R 161/2025-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an t-achomharc i gCás R 161/2025-1 a dhíbhe, a dhearbhú go bhféadfaidh an trádmharc atá i gceist dul ar aghaidh le clárú na n-earraí go léir a chumhdaítear leis, agus a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais an iarratasóra a íoc sna himeachtaí achomhairc agus sna himeachtaí freasúra os comhair EUIPO;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5860/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)