|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5856 |
10.11.2025 |
Caingean arna tabhairt an 12 Meán Fómhair 2025 – De Capitani v an Coimisiún
(Cás T-621/25)
(C/2025/5856)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Emilio De Capitani (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: P. Regina agus C. Favilli, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh intuigthe an chosantóra an 2 Iúil 2025 lena ndiúltaítear, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, don iarratas dearbhúcháin ar rochtain ar phleananna náisiúnta cur chun feidhme an Chomhaontaithe Eorpaigh maidir le Tearmann agus Imirce dá bhforáiltear in Airteagal 84 ‘Bearta idirthréimhseacha’ de Rialachán (AE) 2024/1351 (1) a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1049/01 (2): I ndáil leis sin, sonraíonn an t-iarratasóir, tráth a cuireadh an t-iarratas dearbhúcháin isteach:
|
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear an oibleagáid trédhearcacht a gcuid oibre a áirithiú mar a fhoráiltear go sainráite sa tríú mír d’Airteagal 15.3 CFAE;
|
(1) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013; IO L 2024/1351.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún; IO 2001 L 145, lch. 43.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5856/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)