|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5851 |
10.11.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Lúnasa 2025 – D. P. P. v Direktor na Teritorialna direktsia Mitnitsa Varna, Okrazhna prokuratura Varna
(Cás T-586/25, TD Mitnitsa Varna)
(C/2025/5851)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Varna (an Bhulgáir)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: D.P.P.
Cosantóir: Direktor na Teritorialna direktsia Mitnitsa Varna
Idiragraí: Okrazhna prokuratura Varna
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil Airteagal 267(3)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1) le léiriú sa chaoi, i gcás toirmeasc náisiúnta amhail an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 33(2) den Zakon za tyutyuna, tyutyunevite i svarzanite s tyah izdelia (an Dlí maidir le tobac, táirgí tobac agus táirgí gaolmhara), go n-údaraítear do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh: earraí atá faoi réir an toirmisc sin a onnmhairiú trasna theorainn an Stáit, na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 42 den Chód Custaim a fhorchur agus na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 198(1)(b)(iv), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 83(1) agus 124(1) den Chód Custaim, a dhéanamh, gan beann ar cé acu ar dearbhaíodh na hearraí nó a mheastar iad a bheith i bhfolach? |
|
2. |
An bhfuil Arteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a léiriú sa chaoi, i gcás sáruithe ar thoirmeasc onnmhairiúcháin náisiúnta agus cur i bhfeidhm na bpionós dá bhforáiltear i leith na gcionta sin, go bhféadfar iompar duine nádúrtha a aicmiú, ar bhonn na n-imthosca amháin, mar iarracht ar smuigleáil custaim, go n-iompraítear earraí máil nár dearbhaíodh sa bhagáiste boilg, ar táirgí tobac iad, atá faoi réir toirmeasc ar onnmhairiú, gan scrúdú a dhéanamh ar na cúinsí a bhaineann leis na hearraí a cheilt d’aon ghnó agus ar mheon suibiachtúil an duine (intinn)? |
|
3. |
An bhfuil léiriú uathrialach aonfhoirmeach le tabhairt don choincheap ‘earraí de chineál neamhthráchtála’ de réir bhrí Airteagal 1(21)(b)(ii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (2) i gcur i bhfeidhm foirmiúlachtaí custaim le haghaidh onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais Eorpaigh agus i gcur i bhfeidhm srianta náisiúnta ar onnmhairiú earraí máil, nó an féidir leis na Ballstáit critéir náisiúnta shonracha a chur i bhfeidhm lena gcuirtear san áireamh na rioscaí a bhaineann le trádáil neamhdhleathach in earraí den sórt sin agus an reachtaíocht ghaolmhar, amhail critéir maidir le rialacha dleachta máil nó toirmisc ar onnmhairiú? |
|
4. |
An bhfuil Airteagal 1(21)(b)(ii) de Rialachán Tarmligthe 2015/2446 agus Airteagal 198(1)(b)(iv) den Chód Custaim le léiriú sa chaoi, i gcás gur tobac monaraithe iad na hearraí atá faoi réir toirmisc – Toitíní a bhfuil marcanna máil orthu – chun a mheas an ‘earraí de chineál neamhthráchtála’ iad, ní chuirfear san áireamh ach an critéar cainníochtúil, eadhon an chainníocht a cheadaítear lena n-allmhairiú isteach sa Stát ar ina chríoch a onnmhairítear na hearraí, nó is ceadmhach an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin: stádas tráchtála an tsealbhóra agus na cúiseanna atá leis na hearraí máil a shealbhú; an áit ina bhfuil na hearraí lonnaithe agus, i gcás inarb iomchuí, an modh iompair a úsáideadh; aon doiciméad eile a bhaineann leis na hearraí lena gcruthaítear go bhfuil coinsíní sonrach sa Stát a n-onnmhairítear na hearraí chuige? |
|
5. |
An bhfuil Airteagal 42, Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 198(1)(b)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 233(3) i gcomhar le hAirteagal 233(1) den Zakon za mitnitsite (an Dlí maidir le Custaim), lena bhforáiltear d’fhíneáil a ghearradh as iarracht a dhéanamh táirgí tobac a smuigleáil, arb ionann a méid agus 200 % ar a laghad de phraghas díola na n-earraí sin? |
|
6. |
An bhfuil Airteagal 42, Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 198(1)(b)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagail 17(1) agus 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, faoi mar a leagtar amach sa tríú mír d’Airteagal 233, arna léamh i gcomhar le míreanna 1 agus 6 den Airteagal sin, den Dlí Custaim, faoina bhfuil, i gcás smuigleáil ar tháirgí tobac, sa bhreis ar fhíneáil atá cothrom le 200 % ar a laghad de phraghas díola na n-earraí, go ndéanfar coigilteas i leith chainníocht iomlán an tobac mhonaraithe ab ábhar don sárú, chun tairbhe don Stát, gan beann ar an bhfíoras gur ceannaíodh na toitíní go dleathach, nach raibh siad beartaithe chun críoch tráchtála agus gur íocadh an dleacht mháil is iníoctha ina leith sin sa Bhallstát ceannaigh? |
|
7. |
Mura bhfuil reachtaíocht náisiúnta den sórt sin incheadaithe, conas atá cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais i réimse an bheartais custaim le háirithiú agus le baint amach, ionas, ar thaobh amháin, nach amhlaidh nach ngearrfar pionós ar an sárú agus, ar an taobh eile, go n-urramaítear prionsabal na comhréireachta? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5851/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)