|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5839 |
10.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Meán Fómhair 2025 – Manufaktur Jörg Geiger v EUIPO – Consorzio di Tutela della Denominazione di Origine Controllata ‘Prosecco’ (PriSecco)
(Cás T-406/24) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PriSecco’ - ATFC níos luaithe ‘Prosecco’ - Forais choibhneasta le neamhbhailíocht - Airteagal 8(4) agus Airteagal 53(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 - Airteagal 103(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Coincheap ‘tabhairt chun cuimhne’ ATFC)
(C/2025/5839)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Manufaktur Jörg Geiger GmbH (Schlat, an Ghearmáin) (ionadaithe: W. Heisrath, F. Dehn agus C. Kleiner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Consorzio di Tutela della Denominazione di Origine Controllata ‘Prosecco’ (Treviso, an Iodáil) (ionadaithe: M. Mostardini, G. Galimberti, R. Tardiolo, C. Andreotta agus F. Fili, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Bealtaine 2024 (Cás R 1454/2022-5) a neamhniú agus, go bunúsach, a athrú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Manufaktur Jörg Geiger GmbH a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Consorzio di Tutela della Denominazione di Origine Controllata ‘Prosecco’ a íoc. |
|
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5839/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)