|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5838 |
10.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Meán Fómhair 2025 – Mowi Polan v an Coimisiún
(Cás T-354/24) (1)
(Sláinte Phoiblí - Rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch - Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 - Pointe 3(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Leas in imeachtaí a thionscnamh - Inghlacthacht - An coincheap ‘táirge reoite’ - Easpa comhairliúcháin le EFSA - Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 853/2004)
(C/2025/5838)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Mowi Poland S.A (Ustka, an Pholainn) (ionadaithe: Z. Kiedacz agus K. Puchalska, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: M. Owsiany-Hornung, Gníomhaire)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, B. Travard agus P. Chansou, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, Mowi Poland S.A., go bunúsach, pointe 3(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe (IO L 2024/1141) (‘an fhoráil atá faoi chonspóid’) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear pointe 3(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe ar neamhní. |
|
2. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Mowi Poland S.A. a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do Phoblacht na Fraince a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5838/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)