European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5820

10.11.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Meán Fómhair 2025 – Zaklady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún

(Cás T-258/23)  (1)

(Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Athrú ar an údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine Tecfidera - fúmaráit démheitile - Treoir 2001/83/CE - Airteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Airteagal 266 CFAE)

(C/2025/5820)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Zakłady Farmaceutyczne Polpharma S.A. (Starogard Gdański, an Pholainn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek, E. Mathieu agus A. Spina, Gníomhairí)

Idiragraí, chun tacú leis an iarratasóir: Biogaran (Colombes, an Fhrainc) (ionadaí: C. Mereu agus S. Englebert, Dlíodóirí)

Idiragraí, chun tacú leis an gcosantóir: Biogen Netherlands BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Schoonderbeek agus B. Jong, Dlíodóirí)

Abhár

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 3067 final ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 lena leasaítear an t-údarú margaíochta arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 601 final le haghaidh an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine Tecfidera – fúmaráit démheitile, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 3067 final ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 lena leasaítear an t-údarú margaíochta arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 601 final le haghaidh an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine Tecfidera –fúmaráit démheitile ar neamhní.

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Zakłady Farmaceutyczne Polpharma S.A. a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha os comhair na Cúirte Ginearálta.

4)

Ordaítear do Biogen Netherlands BV agus Biogaran a gcostais féin a íoc.


(1)   IO C 252, 17.7.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5820/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)