|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5794 |
31.10.2025 |
Fógra Earcaíochta PE/340/2025/S
Stiúrthóir
(Grúpa Feidhme AD, grád 14)
An Stiúrthóireacht um an gCaidreamh leis an Saol Acadúil, um Thaighde agus um Fhadbhreathnaitheacht
(C/2025/5794)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an nós imeachta a oscailt maidir le post Stiúrthóra (AD, grád 14) a líonadh laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, an Stiúrthóireacht um an gCaidreamh leis an Saol Acadúil, um Thaighde agus um Fhadbhreathnaitheacht, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Leagtar síos luach saothair agus coinníollacha fostaíochta sna Rialacháin Foirne. Is ar ghrád AD 14 a dhéanfar an earcaíocht (2). I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin a théann chun sochair an Aontais agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích go rathúil agus ar an bhfíoras go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir turais ghnó a dhéanamh go minic ar áiteanna oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.
2. Ionad Fostaíochta
Strasbourg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas deiseanna
Cuireann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm agus tugann sí an aird is mó ar na hiarratais go léir gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):
|
— |
dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht a áirithiú, ar roinn í ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide; |
|
— |
foirne de ghníomhairí a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht, etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil, na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a leagfar síos a ghnóthú, measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a mbeidh na coinníollacha seo a leanas chun iarratas a chur isteach á gcomhlíonadh acu faoin dáta deiridh:
a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
— |
a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (4); |
|
— |
do chearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh agat; |
|
— |
do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
b) Coinníollacha sonracha
i)
|
— |
Nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais; nó |
|
— |
nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh (5), ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime. Maidir leis na céimeanna, cibé acu i mBallstát nó i dtír eile a bhronntar iad, ní mór dóibh a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit. Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é (6), ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh: https://www.enic-naric.net/. |
(ii)
Taithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bhaint amach:
|
— |
dhá bhliain déag, agus cuid di ar a laghad déanta i réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, agus lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
|
(iii)
Sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (7), agus eolas an-mhaith (leibhéal B2 ar a laghad) ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tá an t-eolas seo sainithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha. Is féidir é a fháil ar an suíomh:
https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
6. Trialacha
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta na n-iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim sin, féadfaidh an Biúró éisteachtaí na n-iarrthóirí a stiúradh.
Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
|
— |
cumas straitéiseach; |
|
— |
scileanna ceannaireachta; |
|
— |
cumas réamh-mheas; |
|
— |
cumas freagartha; |
|
— |
cruinneas; |
|
— |
cumas cumarsáide. |
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
Dé Céadaoin, 12 Samhain 2025, meán lae, am na Bruiséile.
Iarrtar ar iarrthóirí litir inspreagtha a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, i bhformáid PDF agus i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (8) (le cur faoi bhráid Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra earcaíochta Uimh. PE/340/2025/S) agus curriculum vitæ a sheoladh i bhformáid Europass (9), ina léirítear tagairt an fhógra (PE/340/2025/S) in ábhar na teachtaireachta chuig an seoladh seo a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (10) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhchúraimí.
(4) Is iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh ná: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Lucsamburg, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, Málta, an Rómáin, an tSeiceach, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, na hÍsiltíre agus an Ungáir.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Glactar le cáilíochtaí/dioplómaí na Ríochta Aontaithe a fuarthas go dtí an 31 Nollaig 2020 gan a thuilleadh aitheantais. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin, i gcás céimeanna de chuid na Breataine a eisíodh ón 1 Eanáir 2021, nach mór doiciméad coibhéiseach, arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit reatha de chuid an Aontais Eorpaigh, a bheith ag gabháil leo.
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ná: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(8) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ná: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(9) https://europa.eu/europass/.
(10) Ní bhaineann sé seo leis na hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas againn (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39,
IARSCRÍBHINN
ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHEIRBHÍSÍ TAIGHDE PHARLAIMINTIGH
AN STIÚRTHÓIREACHT UM AN gCAIDREAMH LEIS AN DOMHAN ACADÚIL, UM THAIGHDE AGUS UM FHADBHREATHNAITHEACHT
PRÍOMHCHÚRAIMÍ
|
— |
Aonaid agus ranna na Stiúrthóireachta a stiúradh, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu; |
|
— |
Cumas Pharlaimint na hEorpa a neartú agus úsáid a bhaint as saineolas eolaíoch ardcháilíochta agus as cur chuige réamhbhreathnaitheach; |
|
— |
Comhar struchtúrtha a chothú leis an bpobal acadúil, comhpháirtíochtaí marthanacha a fhorbairt le hollscoileanna agus le hinstitiúidí taighde ar fud na hEorpa; |
|
— |
Rannchuidiú le cumas Pharlaimint na hEorpa treochtaí atá ag teacht chun cinn agus dúshláin a bheidh ann amach anseo a réamh-mheas; tacú le pleanáil straitéiseach agus athléimneacht fhadtéarmach; |
|
— |
Rannchuidiú le forbairt ábhair a bhaineann leis na réimsí sin lena fhoilsiú ar shuíomhanna seachtracha agus inmheánacha éagsúla Pharlaimint na hEorpa; |
|
— |
Tacú leis na haonaid teagmhálacha a fhorbairt agus a chothabháil le seirbhísí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus na n-institiúidí eile; |
|
— |
Dualgais oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean a chomhlíonadh. |
AN tAONAD UM AN NGRÉASÁN ACADÚIL
|
— |
Rochtain Pharlaimint na hEorpa ar líonra fairsing saineolaithe a éascú, lena n-áiritheofar rannchuidithe eolaíocha ardcháilíochta tráthúla ag gach céim den phróiseas reachtach; |
|
— |
Comhpháirtíochtaí leis an bpobal acadúil a neartú trí chomhar níos dlúithe a chothú le hollscoileanna agus le hinstitiúidí taighde, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann tacaíocht cheana ó bhuiséad an Aontais; |
|
— |
Féachaint le timpeallacht dhinimiciúil a chruthú do Pharlaimint na hEorpa chun rochtain a fháil go tapa agus go héifeachtúil ar thaighde agus ar shonraí atá saincheaptha dá riachtanais reachtacha. |
AN tAONAD UM FHADBHREATHNAITHEACHT BEARTAS
|
— |
Tacú le Parlaimint na hEorpa cultúr an rialachais oirchilligh a chur chun cinn agus machnamh agus tuiscint ar threochtaí, dúshláin agus roghanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt; |
|
— |
A áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi dhúshláin na mblianta amach romhainn agus ullmhaithe dóibh, trí anailísí a dhéanamh agus a chomhordú ar rioscaí, leochaileachtaí, acmhainneachtaí, deiseanna agus bearnaí an Aontais Eorpaigh, agus é mar aidhm aici a hathléimneacht agus a neamhspleáchas straitéiseach a neartú; |
|
— |
Rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh sa Chóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais (ESPAS) - creat comhair idirinstitiúideach an Aontais le haghaidh fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus treochtaí fadtéarmacha - agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt le meithleacha machnaimh, le hinstitiúidí acadúla agus le gníomhaithe seachtracha eile sna réimsí sin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5794/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)