|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5776 |
29.10.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/5776)
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Pouilly-Vinzelles’
PDO-FR-A0936-AM01- 7.8.2025
1. Ainm an táirge
‘Pouilly-Vinzelles’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☒ |
Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) |
|
☐ |
Tásc geografach faoi chosaint (TGDC) |
|
☐ |
Tásc geografach (TG) |
3. Earnáil
|
☐ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☒ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. An tír ar léi an limistéar críochaithe
an Fhrainc
5. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
Union des Producteurs des Crus Pouilly-Vinzelles et Pouilly-Loché [Comhlachas Táirgeoirí Fíonta Pouilly-Vinzelles agus Pouilly-Loché]
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143. Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, ós rud é nach meastar gur leasuithe ar leibhéal an Aontais iad de réir bhrí Airteagal 24(3) de. Go sonrach: a) níl i gceist leo athrú ar an ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar na táirgí nó ar na catagóirí táirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach; b) níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach a thuairiscítear sa doiciméad aonair ar neamhní; c) níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
1. An téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ a chur in ionad an téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh cláraithe’
Ar fud na sonraíochta, ach amháin sa roinn ‘Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc’, cuireadh an téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ in ionad an téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh cláraithe’.
Is é is cuspóir don athrú sin an tsonraíocht a chur i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin:
2. Ainm geografach agus tásc forlíontach
Leasaíodh Caibidil I(II) den tsonraíocht chun go n-áireofaí inti an fhéidearthacht an téarma ‘premier cru’ a chur le hainm an ainmniúcháin tionscnaimh. Is féidir ainm trí climats a chur leis an téarma sin: Les Longeays, Les Pétaux agus Les Quarts. Is é climat an téarma a úsáidtear go háitiúil chun aonad is lú a ainmniú.
Roghnaíodh na climats sin ar bhonn staidéir a léirigh gur tháinig cáilíochtaí saintréithiúla an ainmniúcháin chun cinn ar bhealach níos iomláine i bhfíonta de thionscnamh na n-aonad geografach is lú sin. D’úsáid táirgeoirí ainmneacha na climats a roghnaigh an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta le linn cruinniú den choiste náisiúnta inniúil leis na deicheanna de bhlianta anuas lena gcur le hainm an ainmniúcháin.
Thairis sin, rinneadh foráil cheana féin sa tsonraíocht roimhe seo maidir leis an bhféidearthacht ainm an ainmniúcháin a leanúint le hainm climat faoi choinníollacha áirithe.
Leasaíodh ranna 4, 5, 8 agus 9 den doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
I gCaibidil I(IV)(1) den tsonraíocht:
|
— |
Baineadh bardas Mâcon as an dá bhardas a chruthaigh an limistéar geografach ar dtús. D’fhormheas coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta an scriosadh sin tar éis breithniú a dhéanamh ar an iarraidh ó Chomhlachas Táirgeoirí Fíonta Pouilly-Vinzelles agus Pouilly-Loché nár cheart forluí a bheith ann idir na limistéir fíonsaothrúcháin a thuilleadh. |
|
— |
Cuireadh isteach an frása ‘bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2023’, ós rud é gur seiceáladh teorainneacha riaracháin an aon bhardas amháin in aghaidh Chód Geografach Oifigiúil 2023. |
Leasaíodh Roinn 6 den doiciméad aonair:
|
— |
Sonraíodh gur féidir breathnú ar dhoiciméid lena mapáiltear an limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta. |
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochaithe
Ós rud é go ndearna an coiste náisiúnta inniúil athbhreithniú ar an limistéar dáileachta atá críochaithe chun fíonchaora a fhás le haghaidh an ainmniúcháin ag cruinniú an 6 Meán Fómhair 2018, cuireadh an dáta sin in ionad dháta an fhormheasa roimhe sin atá i gCaibidil I(IV)(2)(a).
Rinneadh an limistéar sin a ghearradh siar chun teorainneacha cothrom le dáta a bhunú le haghaidh fíonsaothrúcháin mar chuid den iarratas chun gur féidir an téarma traidisiúnta ‘premier cru’ a úsáid freisin.
I gCaibidil I(IV)(2)(b), cuireadh mír leis ina luaitear, i gcás fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid, go ndearnadh limistéar dáileachta speisialta le haghaidh fíonsaothrúcháin a chríochú laistigh de limistéar dáileachta an ainmniúcháin. D’fhormheas an coiste náisiúnta inniúil teorainneacha sonracha na dtrí ghrúpa ar an dáta a léirítear sa tsonraíocht, i.e. an 25 Meitheamh 2024.
Cuireadh an dara mír leis ina luaitear, i gcás na limistéar sonrach sin, gur cuireadh na doiciméid amhairc ina dtaispeántar teorainneacha formheasta dáileacht-bhunaithe na limistéar fáis faoi bhráid halla bhaile an bhardais lena gcruthaítear an limistéar geografach.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
I gCaibidil I(IV)(3), tugadh liosta na mbardas i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2023, ós rud é gur athraíodh ainm roinnt bardas nó gur cumascadh iad ó formheasadh an tsonraíocht go deireanach.
Leasaíodh teorainneacha bunaidh an limistéir atá díreach in aice láimhe chun bardas Mâcon, a baineadh as an limistéar geografach, a áireamh.
Leasaíodh Roinn 9 den doiciméad aonair:
6. Meánualach uasta barr in aghaidh na dáileachta talún
I gCaibidil I(VI)(d) den tsonraíocht, cuireadh meánualach sonrach uasta barr 9 500 kg/ha in aghaidh na dáileachta talún leis i gcás fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid.
Tá sé sin níos ísle ná an meánualach uasta barr in aghaidh na dáileachta talún atá údaraithe d’fhíonta atá incháilithe an t-ainmniúchán tionscnaimh a bheith orthu. Is comhartha é an difreáil sin go bhfuil feidhm ag ceanglais níos déine maidir le bainistiú fíonghort a tháirgeann fíonta is mó a léiríonn an terroir.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
7. Cleachtais eile fáis
I gCaibidil I(VI)(a) den tsonraíocht, cuireadh cleachtais fáis shonracha leis le haghaidh dáileachtaí talún a tháirgeann fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid:
|
— |
I ndáileachtaí talún ina dtáirgtear fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid, tá toirmeasc ar bhaint fiailí le táirgí ceimiceacha, lena n-áirítear táirgí bithrialaithe arna bhformheas ag na húdaráis phoiblí lena n-úsáid san fhíonsaothrúchán. |
|
— |
Ní mór an ithir a fhágáil bán ar feadh 3 bliana bairr ar a laghad idir grafadh agus athphlandú dáileachtaí talún atá suite sa limistéar críochaithe chun fíonta a dhéanamh atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid. |
Léiríonn na cleachtais fáis is sriantaí sin na ceanglais níos déine a bhfuil feidhm acu maidir le bainistiú fíonghort d’fhonn fíonta ar cháilíocht is airde fós a tháirgeadh.
Tá an chéad leasú i gcomhréir le forbairtí atá ann faoi láthair sa chleachtas i measc oibreoirí atá dírithe ar an agra-éiceolaíocht. Léiríonn sé go bhfuil tionchair níos mó ag ábhair imní faoin gcomhshaol ar phróisis theicniúla agus go bhfuil sin ag cuidiú le deireadh ar fad a chur le luibhicídí ceimiceacha a úsáid. Spreagtar leis an dara leasú freisin cur chuige níos inbhuanaithe maidir le cur fíniúnacha.
I gCaibidil I(VI)(b) den tsonraíocht, baineadh an rogha chun modh seachas cóireáil uisce the a úsáid in aghaidh galar buíochain. Is amhlaidh atá toisc gurb í an chóireáil uisce the an modh is fearr chun lingirí duille a chomhrac faoi láthair.
Ní dhéanann na leasuithe sin ar an tsonraíocht difear don doiciméad aonair.
8. Buaint na bhfíonchaor
Cuireadh foráil speisialta le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid le Caibidil I(VII)(1) den tsonraíocht, is é sin nach mór iad a dhéanamh as fíonchaora a bhuantar de láimh.
Áirithítear leis an bhforáil sin go láimhseáiltear na triopaill fíonchaor ar bhealach atá níos dírithe ar cháilíocht chun caighdeán an fhíona a tháirgtear uathu a ardú.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
9. Aibíocht na bhfíonchaor
I gCaibidil I(VII)(2) den tsonraíocht, níor athraigh méid íosta siúcra na bhfíonchaor ná an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte i gcás fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid ó na híosluachanna a leagtar síos sa leagan roimhe seo den tsonraíocht le haghaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán agus ainm aonaid gheografaigh níos lú ina dhiaidh sin (i.e. 195 g/l úrfhíona agus 12 % toirte). Cuireadh tagairt don téarma ‘premier cru’ in ionad na tagartha d’aonad geografach is lú.
Leasaíodh Roinn 4 den doiciméad aonair:
10. Táirgeacht
I gCaibidil I(VIII)(1) den tsonraíocht, socraíodh an táirgeacht le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid ag 58 hl/ha, le teorainn táirgeachta (uastáirgeacht) 66 hl/ha.
Socraíodh an uastáirgeacht údaraithe le haghaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán agus an téarma ‘premier cru’ nó ainm an climat ina dhiaidh níos ísle ná an uastáirgeacht le haghaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán agus ainm aonaid gheografaigh níos lú ina dhiaidh sin, mar gheall ar an leibhéal cáilíochta a bhaineann leis an téarma ‘premier cru’.
Leasaíodh Roinn 5 den doiciméad aonair:
11. Aosú
I gCaibidil I(IX)(1)(f), cuireadh ceanglas a bhaineann le haosú leis le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid, is é sin nach mór iad a aosú go dtí an 1 Iúil den bhliain tar éis bhliain na buainte ar a laghad. Tagann sé sin in ionad an cheanglais chomhfhreagraigh maidir le fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán orthu agus ainm aonaid gheografaigh níos lú ina dhiaidh sin.
Ní mór fíonta a fhéadfar a lipéadú leis an téarma ‘premier cru’ a aosú ar feadh tréimhse níos faide chun na saintréithe is gá a fháil chun an téarma a úsáid, rud a léiríonn na ceanglais dhiana ina leith sin.
Leasaíodh Roinn 5 den doiciméad aonair:
12. Scaoileadh lena dhíol leis an tomhaltóir
I gCaibidil I(IX)(4), socraíodh an dáta scaoilte lena dhíol leis an tomhaltóir mar an 15 Iúil den bhliain tar éis bhliain na buainte i gcás fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid, i gcomhréir le dáta deiridh na híostréimhse aosaithe.
Leis an tréimhse idir an dá dháta sin, is féidir na fíonta a ullmhú agus a iompar ón áit a n-aosaítear iad go dtí na limistéir uile ina ndíolfar iad.
Ní dhéanann an leasú sin ar an tsonraíocht difear don doiciméad aonair.
13. Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge
I gCaibidil I(X)(2), forlíonadh an fhoclaíocht chun gnéithe a bhaineann go sonrach le fíonta a ionchorprú trí úsáid a bhaint as an téarma ‘premier cru’.
Dá réir sin, cuireadh an téacs seo a leanas leis:
‘Is féidir le fíonta a úsáideann an téarma “premier cru” a bheith galánta agus mín, maothlach nó níos bríomhara, a mbíonn mianraí le brath orthu. Go ginearálta, bíonn siad deas cothrom, rud a fhágann go maireann a n-iarbhlas píosa fada.’
Leasaíodh ranna 4 agus 8 den doiciméad aonair.
14. Beart idirthréimhseach
I gCaibidil I(XI) den tsonraíocht, cuireadh an téacs seo a leanas leis:
|
‘3. |
Modh buainte le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma “premier cru” a úsáid: Féadfar buaint mheicnithe a dhéanamh ar dháileachtaí talún a tháirgeann fíonta atá incháilithe chun an téarma “premier cru” a úsáid ar feadh tréimhse ceithre bhuaint ó dháta formheasta na sonraíochta seo.’ |
Measadh go raibh gá leis an tréimhse ceithre bhuaint sin chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí oiriúnú don cheanglas nua lena n-áirithítear go mbuantar na triopaill fíonchaor ar bhealach a chaomhnaíonn a gcáilíocht, chun caighdeán an fhíona a tháirgtear uathu a ardú.
15. Rialacha maidir le cur i láthair agus lipéadú
I gCaibidil I(XII)(2), leagadh síos rialacha maidir le lipéadú le haghaidh ainmneacha na climats a roghnaíodh mar ‘premier cru’ agus le haghaidh aonaid gheografacha níos lú.
Cuireadh an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘Ba cheart ainm an climat is féidir a nascadh leis an téarma “premier cru”, a bheith díreach i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ba cheart é a phriontáil i litreacha nach mó, ar airde ná ar leithead, ná na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.’
Cuireadh an méid seo a leanas in ionad phointe c): ‘Fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfaidh siad ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéadú, ar choinníoll:
|
— |
gur ainm suímh chláraithe é; |
|
— |
go bhfuil sé seo le feiceáil ar an dearbhú buainte; |
|
— |
nach bhfuil ainm an tsuímh chláraithe comhionann le hainm aon cheann de na climats atá incháilithe chun an téarma “premier cru” a úsáid, chun aon mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr comhainmneacha a sheachaint. |
Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite cláraithe a phriontáil, ní féidir iad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.’
Leis an bhfoclaíocht nua sin, coinnítear an fhéidearthacht ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar an lipéadú, ós rud é gur cleachtas coiteann é sin sa réigiún. Mar sin féin, ní cheadaítear ainmneacha a úsáid ar comhainmneacha iad d’aon cheann de na climats a aicmítear mar ‘premier cru’.
Tá pointe c) anois mar phointe d).
Leasaíodh Roinn 9 den doiciméad aonair:
16. Ceanglais tuairiscithe
Áirítear pointe 8 i gCaibidil II(I) den tsonraíocht anois chun na ceanglais tuairiscithe a chur isteach lenar féidir comhlíontacht le coinníoll táirgthe a sheiceáil le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid:
‘Maidir le dáileachtaí talún atá suite sa limistéar dáileachta atá críochaithe chun fíonta a dhéanamh atá incháilithe chun an téarma “premier cru” a úsáid, ní mór do gach oibreoir fógra a thabhairt do chomhlacht cosanta agus bainistíochta faoi na ndáileachtaí talún a grafadh, faoi na dáileachtaí a cuireadh agus faoin bplean um athphlandú sealadach faoi dheireadh na bliana fíonsaothrúcháin atá idir lámha.’
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
17. Comhlacht deimhniúcháin
I gCaibidil II(I) den tsonraíocht, cuireadh na focail ‘plean rialaithe’ in ionad na bhfocal ‘plean cigireachta’.
Chinn an grúpa iarrthach modh an fhaireacháin sheachtraigh a athrú ó chóras cigireachta go córas deimhniúcháin.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Sonraí an chomhlachta rialúcháin
I bhfianaise na rialacha dréachtaithe athbhreithnithe, leasaíodh Caibidil III(II) den tsonraíocht chun an t-údarás rialaithe inniúil a shonrú.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Pouilly-Vinzelles
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
(1) |
Fíon |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
22 – DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR
2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
Is fíonta geala tirime socra iad sin.
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte acu.
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 12 % de réir toirte ag fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid.
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta a bheith níos mó ná 13,50 % de réir toirte.
Maidir le fíonta atá críochnaithe agus réidh le scaoileadh lena dtomhailt, tá uasmhéid siúcra choipthigh (glúcós + fruchtós) seo a leanas iontu: - 3 ghram in aghaidh an lítir; nó - 4 ghram in aghaidh an lítir má tá an aigéadacht iomlán níos mó ná nó cothrom le 55,10 milleachoibhéis in aghaidh an lítir, i.e. 4,13 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach (nó 2,7 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar H2SO4).
Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Is é an dath a bhíonn orthu dath éadrom an óir ina mbíonn imireacha glasa, agus is minic a bhíonn cumhracht bhláthach fhíneálta as na fíonta a mhúsclaíonn bláthanna bána agus acaicia. De réir mar a théann siad in aois, is féidir lena ndath éirí níos doimhne agus tagann pailéad aramatach saibhir citris agus torthaí eile a bhfuil bia bán iontu tríd sa bhéal. Is minic a fhorbraíonn sé sin chun dea-bholaithe níos casta de thorthaí triomaithe le blasanna drúchtín meala a thabhairt. Déantar mianracht nádúrtha na bhfíonta a chothromú lena n-ungthacht agus lena rachmas.
Is féidir le fíonta a úsáideann an téarma ‘premier cru’ a bheith galánta agus mín, maothlach nó níos bríomhara, a mbíonn mianraí le brath orthu Go ginearálta, bíonn siad deas cothrom, rud a fhágann go maireann a n-iarbhlas píosa fada.’.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: — |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
|
— |
Tá toirmeasc ar shliseanna adhmaid a úsáid. |
|
— |
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta a bheith níos mó ná 13,5 % de réir toirte. |
Modh fáis
|
— |
Dlús plandaithe Is é 8 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha, agus achar uasta 1,40 méadar idir sraitheanna agus achar íosta 0,80 méadar idir plandaí sa tsraith céanna. |
|
— |
Rialacha maidir le prúnáil Tagann na fíonta ó fhíniúnacha a phrúnáiltear i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas: Forálacha ginearálta Prúnáil spoir (fíniúnacha a threoraítear trí úsáid a bhaint as modh phrúnáil Royat) |
|
— |
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist. |
|
— |
Tá 5 spor ar a mhéad ag gach planda agus 2 bhachlóg ar a mhéad i ngach planda. Prúnáil cána (fíniúnacha a threoraítear trí úsáid a bhaint as modh Guyot nó as modh ‘taille à queue du Mâconnais’ [prúnáil eireaball Mâconnais go litriúil]. |
|
— |
Déantar fíniúnacha a threoraítear agus úsáid á baint as modh Guyot aonair nó dúbailte a phrúnáil go 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda. |
|
— |
Tá an méid seo a leanas ag gach planda:
|
|
— |
Déantar fíniúnacha a threoraítear agus úsáid á baint as modh ‘taille à queue du Mâconnais’ a phrúnáil go 14 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda. |
|
— |
Tá cána ag gach planda ar a bhfuil 12 bhachlóg ar a mhéad, agus a bhfuil a bharr ceangailte leis an sreang treilísithe is ísle. |
Forálacha speisialta
|
— |
Nuair a dhéantar na tródaim a athnuachan, déantar na fíniúnacha a phrúnáil go dtí 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda. |
|
— |
Féadfar prúnáil cána a oiriúnú trí úsáid a bhaint as an dara spor, rud a fhágann gur féidir suíomh an chána a athrú ó bhliain go chéile. |
|
— |
Gan beann ar an modh prúnála, féadfar na fíniúnacha a phrúnáil chun bachlóga breise a fhágáil ar choinníoll, ag an gcéim feineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog, nach mó an líon géag ar a mbíonn torthaí don bhliain in aghaidh an phlanda ná an líon bachlóg a cheadaítear leis na rialacha prúnála. |
5.2. Uastáirgeacht
|
(1) |
Táirgeacht 70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
(2) |
Táirgeacht le haghaidh fíonta atá incháilithe chun an téarma ‘premier cru’ a úsáid 66 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
I gcás an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Pouilly-Vinzelles’, déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a aosú i mbardas Vinzelles i roinn Saône-et-Loire, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2023.
7. Cineál (nó cineálacha) fíonchaor
Chardonnay B
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
- Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Tá an limistéar geografach suite sa chuid theas de réigiún nádúrtha ‘Monts du Mâconnais’ [‘cnoic Mâconnais’ go litriúil] i ndeisceart na Burgúine. Tá sé suite ar fhánaí na gcnoc is faide soir den Mâconnais, fánaí a bhfuil a n-aghaidh soir, ag féachaint amach i dtreo mhachairí Saône agus Bresse.
Síneann sé trí bhardas Vinzelles i bhfíor-dheisceart roinn Saône-et-Loire.
Is tírghné fhadaithe iad na cnoic sin a ritheann ón tuaisceart go dtí an deisceart. Tá foirmíochtaí dríodair ón ré Thánaisteach, aolchloch agus marla den chuid is mó (aolchloch chréúil) ó na tréimhsí Iúrasacha Íochtaracha agus Meánacha, le feiceáil ar na fánaí thoir, agus gaineamhchloch ón tréimhse Thriasach ag gobadh amach i dtreo na mbarr.
Tá na hithreacha measartha éagsúil: béas agus sách aigéadach ar na fánaí uachtaracha, cré-aolchloch dheargdhonn sa lár agus níos ísle. In áiteanna, tá ithreacha éadoimhne forbartha ar aolchloch chrua. Bíonn tionchar mór ag cineál éagsúil na n-ithreacha ar shaintréithe sonracha na climats éagsúla (láithreáin shonracha fíonghort a ainmnítear agus a shainítear sa chlár talún) atá sa limistéar geografach.
Déantar na dáileachtaí talún ar féidir a mbarr a úsáid chun na fíonta a dhéanamh a chríochú go beacht agus socraítear iad ar na fánaí a bhfuil a n-aghaidh soir, ag airdí idir 210 agus 280 méadar. Tá siad suite ar na fánaí uachtaracha, ag breathnú amach ar shráidbhailte Loché agus Vinzelles.
Tá an aeráid aigéanach maolaithe ag tionchair an deiscirt. Tá an bháisteach iomarcach teoranta ag an mbacainn nádúrtha a chruthaigh an ‘Monts du Charollais’ [‘cnoic Charollais’ go litriúil] ar an taobh thiar, a chuidíonn leis na fíniúnacha a chosaint ar éifeachtaí taise, agus le tionchar dearfach na sruthanna aeir shéimh a thagann ón deisceart trí ‘Sillon rhodanien’ [‘clais Rhône’ go litriúil] a luaithe a thosaíonn an dea-aimsir. Is é 11 °C an mheánteocht bhliantúil, agus bíonn na samhraí te agus grianmhar. Ní sháraíonn an bháisteach 800 mm ar bhonn carnach bliantúil agus bíonn sí measartha le linn an tséasúir fáis.
- Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc
Is meabhrúchán é an logainm Vinzelles (in AD 3 Vinicella, a chiallaíonn ‘fíniúnacha beaga’) gur cuireadh fíniúnacha ann ó ré na nGall-Rómhánach.
Sna Meánaoiseanna, bhí manaigh Cluny, agus ansin an uasaicme áitiúil, in ann acmhainneacht fíonsaothrúcháin an limistéir gheografaigh a fhorbairt agus an úsáid is fearr a bhaint aisti. Lean na heastáit uasaicmeacha, a fuarthas ag an am, de bheith ag feidhmiú mar fhiontair fíonsaothrúcháin, agus iad faoi bhláth tríd an 18ú céad. Sa 19ú céad, bhíothas in ann margaí náisiúnta a oscailt le tógáil an iarnróid idir Páras agus Lyon.
Tháinig tréimhsí géarchéime móire ina dhiaidh sin, le fiollocsaeire agus rótháirgeadh, rudaí ba chúis le suaitheadh ag deireadh an 19ú céad.
Le tacaíocht ó ‘Cave coopérative des Grands crus blancs’ [‘Comharchumann fíonóireachta le haghaidh grand crus geal’ go litriúil], a bunaíodh in 1929, aithníodh fíonta ‘Pouilly-Vinzelles’ faoi ainmniúchán tionscnaimh le breithiúnas ó 1931 agus ansin faoi ainmniúchán tionscnaimh cláraithe le foraithne an 27 Aibreán 1940.
Chun aimhleasa chineál Gamay N, a raibh an lámh in uachtar aige sa 19ú céad, athchóiríodh an limistéar beag fíonsaothrúcháin sin go heisiach ar bhonn Chardonnay B. Rinneadh an táirgeadh a roinnt idir an córas comhoibritheach a raibh an lámh in uachtar acu go stairiúil agus fíonlanna dinimiciúla a bhí faoi úinéireacht phríobháideach a bunaíodh níos déanaí. Bhain táirgeoirí leas as na dálaí éagsúla trí phróisis fíonóireachta ar leithligh a dhéanamh, rud a chuir siad i dtábhacht trí ainm an climat nó an láithreáin fíonghoirt chláraithe a shonrú ar lipéadú na bhfíonta. Léiríodh an móiminteam díolacháin freisin i gcion méadaitheach na n-onnmhairí.
Idir na 1950í agus lár na 1980í, tháirg ‘Cave coopérative des Grands crus blancs’ beagnach an fíon uile. Is é an t-oibreoir is mó fós é, a tháirgeann beagnach 60 % den táirgeadh. Thosaigh siléar blais do cheannaitheoirí aonair, a osclaíodh sna 1960í, ag teacht chun cinn ó na 1980í, i gcomhthráth leis a climat a chur i dtábhacht ar an lipéadú. Thosaigh díolacháin buidéal, chomh maith le honnmhairí, ag fás i ndáiríre ón tréimhse sin ar aghaidh.
I ndeireadh na 1990í, chuir teacht glúine nua saothraithe óga le leathnú na gcleachtas sin. Rinne níos mó agus níos mó táirgeoirí fíon ina bhfíonlanna féin agus bhí fonn orthu idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid fíonta agus na climats a chur i dtábhacht.
Treoraíodh na fíniúnacha de réir cleachtais a bhain go sonrach le Mâconnais, go háirithe prúnáil áirse, ar a dtugtar ‘taille à queue du Mâconnais’ [‘prúnáil eireaball Mâconnais’ go litriúil] arbh é an príomh-mhodh a d’úsáidtí sna fíonghoirt.
In 2019, bhí an limistéar ina raibh fíniúnacha curtha thart ar 50 heicteár, le meánmhéid táirgeachta de 2 700 heictilítear ó thart ar 20 eastát. Díoltar beagnach leath an fhíona a tháirgtear i mbuidéil, agus tháirgeann an córas comhoibritheach 70 % de fós.
- Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge
Is é an dath a bhíonn orthu dath éadrom an óir ina mbíonn imireacha glasa, agus is minic a bhíonn cumhracht bhláthach fhíneálta as na fíonta a mhúsclaíonn bláthanna bána agus acaicia. De réir mar a théann siad in aois, is féidir lena ndath éirí níos doimhne agus tagann pailéad aramatach saibhir citris agus torthaí eile a bhfuil bia bán iontu tríd sa bhéal. Is minic a fhorbraíonn sé sin chun dea-bholaithe níos casta torthaí triomaithe le blasanna drúchtín meala a thabhairt. Déantar mianracht nádúrtha na bhfíonta a chothromú lena n-ungthacht agus lena ngalántacht.
Is féidir le fíonta a úsáideann an téarma ‘premier cru’ a bheith galánta agus mín, maothlach nó níos bríomhara, a mbíonn mianraí le brath orthu Go ginearálta, bíonn siad deas cothrom, rud a fhágann go maireann a n-iarbhlas píosa fada.’.
- Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Leis an aeráid aigéanach atá maolaithe ag tionchair an deiscirt, tugtar séimhe a bhaineann go sonrach le deisceart réigiún Mâconnais. Tá saintréith shainiúil i bhfíonta ‘Pouilly-Vinzelles’ atá bunaithe ar rachmas agus ar thorthaíocht sa bhéal, comhartha ar a dtionscnamh ó dheisceart na Burgúine. Bíonn teas suntasach an tsamhraidh, a mhaireann go dtí an fómhar uaireanta, an-tairbheach do na fíniúnacha sa mhéid go bhfuil sé fabhrach d’ardleibhéal aibíochta.
Maidir le Chardonnay B a fhás, is iontach an áit iad na fánaí sin a bhfuil a n-aghaidh soir agus atá measartha ard. Aolchloch den chuid is mó atá sna fánaí ach coinníonn siad úire áirithe, tugann na hithreacha galántacht agus mianracht do na fíonta. Tá na dáileachtaí talún atá críochaithe go beacht agus ar féidir a mbarr a úsáid chun an fíon a dhéanamh beagán éagsúil i dtéarmaí ithreach agus dálaí nochta, cé gur beag an limistéar a áitíonn siad. Agus an éagsúlacht sin á haithint acu, bíonn fonn ar tháirgeoirí an climat ónar tháinig na fíonchaora a lua ar an lipéadú, agus ar an gcaoi sin an leas is fearr a bhaint as na difríochtaí fíneálta sin a thagann chun cinn go hiomlán sna fíonta.
Déanann na táirgeoirí iarrachtaí leanúnacha, agus cuirtear a saineolas ar aghaidh ó ghlúin go glúin, chun saintréith bhunaidh na bhfíonta a chaomhnú, saintréith a fhaightear ó chineál na n-ithreacha, trí na cleachtais fíonsaothrúcháin agus sna fíonlanna araon. Leis an modh prúnála ‘taille à queue du Mâconnais’, ar saintréith den réigiún sin é, áirithítear dea-dháileadh cothaitheach sna fíniúnacha agus go gcosnaítear iad ar shioc an earraigh freisin.
Is tosaíocht do na táirgeoirí uile é a stampa a chur ar na fíonta, iad bródúil as na dáileachtaí talún is fearr dá gcuid, agus fonn orthu gach ceann de na torthaí sin a choinneáil scartha óna chéile agus ainmneacha na climats an-sonrach a lua ar a lipéid.
Is fianaise ar bheocht an limistéir fíonsaothrúcháin sin é siléir agus fíonlanna a bheith ann a théann siar go dtí an 16ú céad. Sa 19ú céad, rinneadh fíonta Vinzelles a mhargú go coitianta faoin ainm ‘Pouilly’, sráidbhaile comharsanach a raibh cáil air as fíonta geala a tháirgeadh. Is fianaise é sin ar cháilíocht aitheanta fhíonta Vinzelles. Tá ‘Pouilly-Vinzelles’ tagtha chun cinn le tamall anuas faoi scáth a chomharsan ó Fuissé, a bhuí le hiarrachtaí táirgeoirí óga atá ag feidhmiú ó bhí deireadh na 1990í ann, agus ar éirigh leo onnmhairí a fhorbairt.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Ainmneacha geografacha agus tásca forlíontacha
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh leis an téarma ‘premier cru’ i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha táirgthe a leagtar síos don téarma sin.
Féadfar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh leis an téarma ‘premier cru’ agus ainm ceann de na climats a liostaítear thíos a chur ina dhiaidh i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha táirgthe a leagtar síos don téarma ‘premier cru’.
Féadfar ainm ceann de na climats a liostaítear thíos a chur i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha táirgthe a leagtar síos don téarma ‘premier cru’.
Liosta na climats: Les Longeays, Les Quarts, Les Pétaux.
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a aosú, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2023:
|
— |
Roinn Côte-d’Or: Agencourt, Aloxe-Corton, Ancey, Arcenant, Argilly, Autricourt, Auxey-Duresses, Baubigny, Beaune, Belan-sur-Ource, Bévy, Bissey-la-Côte, Bligny-lès-Beaune, Boncourt-le-Bois, Bouix, Bouze-lès-Beaune, Brion-sur-Ource, Brochon, Cérilly, Chambœuf, Chambolle-Musigny, Channay, Charrey-sur-Seine, Chassagne-Montrachet, Châtillon-sur-Seine, Chaumont-le-Bois, Chaux, Chenôve, Chevannes, Chorey-lès-Beaune, Collonges-lès-Bévy, Combertault, Comblanchien, Corcelles-les-Arts, Corcelles-les-Monts, Corgoloin, Cormot-Vauchignon, Corpeau, Couchey, Curley, Curtil-Vergy, Daix, Dijon, Ebaty, Echevronne, Epernay-sous-Gevrey, Etrochey, Fixin, Flagey-Echézeaux, Flavignerot, Fleurey-sur-Ouche, Fussey, Gerland, Gevrey-Chambertin, Gilly-lès-Cîteaux, Gomméville, Grancey-sur-Ource, Griselles, Ladoix-Serrigny, Lantenay, Larrey, L’Etang-Vergy, Levernois, Magny-lès-Villers, Mâlain, Marcenay, Marey-lès-Fussey, Marsannay-la-Côte, Massingy, Mavilly-Mandelot, Meloisey, Merceuil, Messanges, Meuilley, Meursanges, Meursault, Molesme, Montagny-lès-Beaune, Monthelie, Montliot-et-Courcelles, Morey-Saint-Denis, Mosson, Nantoux, Nicey, Noiron-sur-Seine, Nolay, Nuits-Saint-Georges, Obtrée, Pernand-Vergelesses, Perrigny-lès-Dijon, Plombières-lès-Dijon, Poinçon-lès-Larrey, Pommard, Pothières, Premeaux-Prissey, Prusly-sur-Ource, Puligny-Montrachet, Quincey, Reulle-Vergy, La Rochepot, Ruffey-lès-Beaune, Saint-Aubin, Saint-Bernard, Sainte-Colombe-sur-Seine, Sainte-Marie-la-Blanche, Saint-Philibert, Saint-Romain, Santenay, Savigny-lès-Beaune, Segrois, Tailly, Talant, Thoires, Valforêt (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas Clémencey), Vannaire, Velars-sur-Ouche, Vertault, Vignoles, Villars-Fontaine, Villebichot, Villedieu, Villers-la-Faye, Villers-Patras, Villy-le-Moutier, Vix, Volnay, Vosne-Romanée agus Vougeot; |
|
— |
Roinn Rhône: Alix, Anse, Arnas, Bagnols, Beaujeu, Belleville-en-Beaujolais, Belmont d’Azergues, Blacé, Bully, Cercié, Chambost-Allières, Chamelet, Charentay, Charnay, Châtillon, Chazay-d’Azergues, Chénas, Chessy, Chiroubles, Cogny, Corcelles-en-Beaujolais, Denicé, Dracé, Emeringes, Fleurie, Frontenas, Gleizé, Juliénas, Jullié, L’Arbresle, Lacenas, Lachassagne, Lancié, Lantignié, Le Breuil, Le Perréon, Légny, Les Ardillats, Létra, Lozanne, Lucenay, Marchampt, Marcy, Moiré, Montmelas-Saint-Sorlin, Morancé, Odenas, Pommiers, Porte des Pierres Dorées, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Saint-Clément-sur-Valsonne, Saint-Cyr-le-Chatoux, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Georges-de-Reneins, Saint-Germain-Nuelles, Saint-Jean-des-Vignes, Saint-Julien, Saint-Just-d’Avray, Saint-Lager, Sainte-Paule, Saint-Romain-de-Popey, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Sarcey, Taponas, Ternand, Theizé, Val-d’Oingt, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard, Vernay, Villefranche, Ville-sur-Jarnioux, Villié-Morgon agus Vindry-sur-Turdine (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Dareizé, Les Olmes agus Saint-Loup); |
|
— |
Roinn Saône-et-Loire: Aluze, Ameugny, Azé, Barizey, Beaumont-sur-Grosne, Berzé-la-Ville, Berzé-le-Châtel, Bissey-sous-Cruchaud, Bissy-la-Mâconnaise, Bissy-sous-Uxelles, Bissy-sur-Fley, Blanot, Bonnay-Saint-Ythaire, Bouzeron, Boyer, Bray, Bresse-sur-Grosne, Burgy, Burnand, Bussières, Buxy, Cersot, Chagny, Chaintré, Chalon-sur-Saône, Chamilly, Champagny-sous-Uxelles, Champforgeuil, Chânes, Change, Chapaize, La Chapelle-de-Bragny, La Chapelle-de-Guinchay, La Chapelle-sous-Brancion, Charbonnières, Chardonnay, La Charmée, Charnay-lès-Mâcon, Charrecey, Chasselas, Chassey-le-Camp, Château, Châtenoy-le-Royal, Chaudenay, Cheilly-lès-Maranges, Chenôves, Chevagny-lès-Chevrières, Chissey-lès-Mâcon, Clessé, Cluny, Cormatin, Cortambert, Cortevaix, Couches, Crêches-sur-Saône, Créot, Cruzille, Culles-les-Roches, Curtil-sous-Burnand, Davayé, Demigny, Dennevy, Dezize-lès-Maranges, Donzy-le-Pertuis, Dracy-le-Fort, Dracy-lès-Couches, Epertully, Etrigny, Farges-lès-Chalon, Farges-lès-Mâcon, Flagy, Fleurville, Fley, Fontaines, Fragnes-la-Loyère (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas La Loyère), Fuissé, Genouilly, Germagny, Givry, Granges, Grevilly, Hurigny, Igé, Jalogny, Jambles, Jugy, Jully-lès-Buxy, La Vineuse-sur-Frégande (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Donzy-le-National, La Vineuse agus Massy), Lacrost, Laives, Laizé, Lalheue, Leynes, Lournand, Lugny, Mâcon, Malay, Mancey, Martailly-lès-Brancion, Massilly, Mellecey, Mercurey, Messey-sur-Grosne, Milly-Lamartine, Montagny-lès-Buxy, Montbellet, Montceaux-Ragny, Moroges, Nanton, Ozenay, Paris-l’Hôpital, Péronne, Pierreclos, Plottes, Préty, Prissé, Pruzilly, Remigny, La Roche-Vineuse, Romanèche-Thorins, Rosey, Royer, Rully, Saint-Albain, Saint-Ambreuil, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Boil, Saint-Clément-sur-Guye, Saint-Denis-de-Vaux, Saint-Désert, Saint-Gengoux-de-Scissé, Saint-Gengoux-le-National, Saint-Germain-lès-Buxy, Saint-Gervais-sur-Couches, Saint-Gilles, Saint-Jean-de-Trézy, Saint-Jean-de-Vaux, Saint-Léger-sur-Dheune, Saint-Mard-de-Vaux, Saint-Martin-Belle-Roche, Saint-Martin-du-Tartre, Saint-Martin-sous-Montaigu, Saint-Maurice-de-Satonnay, Saint-Maurice-des-Champs, Saint-Maurice-lès-Couches, Saint-Pierre-de-Varennes, Saint-Rémy, Saint-Sernin-du-Plain, Saint-Symphorien-d’Ancelles, Saint-Vallerin, Saint-Vérand, Saisy, La Salle, Salornay-sur-Guye, Sampigny-lès-Maranges, Sancé, Santilly, Sassangy, Saules, Savigny-sur-Grosne, Sennecey-le-Grand, Senozan, Sercy, Serrières, Sigy-le-Châtel, Sologny, Solutré-Pouilly, Taizé, Tournus, Uchizy, Varennes-lès-Mâcon, Vaux-en-Pré, Vergisson, Vers, Verzé, Le Villars agus Viré; |
|
— |
Roinn Yonne: Aigremont, Annay-sur-Serin, Arcy-sur-Cure, Asquins, Augy, Auxerre, Avallon, Bazarnes, Beine, Bernouil, Béru, Bessy-sur-Cure, Bleigny-le-Carreau, Censy, Champlay, Champs-sur-Yonne, Chamvres, Charentenay, Châtel-Gérard, Chemilly-sur-Serein, Cheney, Chevannes, Chichée, Chitry, Collan, Coulangeron, Coulanges-la-Vineuse, Courgis, Cruzy-le-Châtel, Dannemoine, Deux-Rivières, Dyé, Epineuil, Escamps, Escolives-Sainte-Camille, Fleys, Fontenay-près-Chablis, Gy-l’Evêque, Héry, Irancy, Island, Joigny, Jouancy, Junay, Jussy, La Chapelle-Vaupelteigne, Lichères-près-Aigremont, Lignorelles, Ligny-le-Châtel, Lucy-sur-Cure, Maligny, Mélisey, Merry-Sec, Migé, Molay, Molosmes, Montholon (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Champvallon, Villiers-sur-Tholon agus Volgré), Montigny-la-Resle, Mouffy, Moulins-en-Tonnerois, Nitry, Noyers, Ouanne, Paroy-sur-Tholon, Pasilly, Pierre-Perthuis, Poilly-sur-Serein, Pontigny, Préhy, Quenne, Roffey, Rouvray, Sacy, Saint-Bris-le-Vineux, Saint-Cyr-les-Colons, Sainte-Pallaye, Saint-Père, Sainte-Vertu, Sarry, Senan, Serrigny, Tharoiseau, Tissey, Tonnerre, Tronchoy, Val-de-Mercy, Vallan, Venouse, Venoy, Vermenton, Vézannes, Vézelay, Vézinnes, Villeneuve-Saint-Salves, Villy, Vincelles, Vincelottes, Viviers agus Yrouerre. |
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ba cheart ainm an climat is féidir a nascadh leis an téarma ‘premier cru’, a bheith díreach i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ba cheart é a phriontáil i litreacha nach mó, ar airde ná ar leithead, ná na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Féadfaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint an t-aonad geografach níos leithne ‘Vin de Bourgogne’ nó ‘Grand Vin de Bourgogne’ a shonrú ar a lipéadú.
Fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfaidh siad ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéadú, ar choinníoll:
|
— |
gur ainm suímh chláraithe é; |
|
— |
Go bhfuil sé seo le feiceáil ar an dearbhú buainte; |
|
— |
Nach bhfuil ainm an tsuímh chláraithe comhionann le hainm an climat atá incháilithe an téarma ‘premier cru’ a úsáid, chun aon mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr comhainmneacha a sheachaint. |
Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite cláraithe a phriontáil, ní féidir iad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Nuair a shonraítear an cineál fíniúna ar an lipéadú, níor cheart é sin a bheith le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an bhfaisnéis shainordaitheach ná níor cheart é a phriontáil i litreacha níos mó ná 2 mm.
NASC CHUIG AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5776/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)