European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5731

21.10.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

(C/2025/5731)

Dírítear aird Malick DIAW (uimhir 1), Ismaël WAGUÉ (uimhir 2), Ibrahim Ikassa MAÏGA (uimhir 4) agus Ivan Aleksandrovitch MASLOV (uimhir 6), arb iad na daoine iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí.

Tá sé i gceist ag an gComhairle na bearta sriantacha a choinneáil i gcoinne na ndaoine thuasluaite agus leasú déanta ar na ráitis ar chúiseanna. Leis seo, cuirtear in iúl do na daoine sin go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun go bhfaighidh siad na ráitis atá beartaithe ar chúiseanna maidir lena n-ainmniú a choimeád, faoin 30 Deireadh Fómhair 2025 , chuig an seoladh seo:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1 Gnóthaí Cothrománacha agus Domhanda

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.

(2)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5731/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)