European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5721

3.11.2025

Caingean arna tabhairt an 10 Meán Fómhair 2025 – Veikkaus v EUIPO (FOR BETTER GAMING – VEIKKAUS)

(Cás T-615/25)

(C/2025/5721)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Veikkaus Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaí: M. Nousiainen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘FOR BETTER GAMING – VEIKKAUS’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 19071859

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Iúil 2025 i gCás R 829/2025-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ó Bhord Achomhairc EUIPO an 10 Iúil 2025 a chur ar neamhní a mhéid a chinn an Bord Achomhairc nach raibh aon saintréith ag baint le hiarratas trádmhairc AE Uimh. 19071859 FOR BETTER GAMING – VEIKKAUS a mhéid a bhaineann sé leis na seirbhísí 35, 41, 42;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí roimhe seo os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5721/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)