|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5712 |
3.11.2025 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Meán Fómhair 2025 – Syndicat National des Artistes Tatoueurs et des professionnels du tatouage agus Auville v an Coimisiún
(Cás T-294/24) (1)
(Dliteanas neamhchonarthach - Comhshaol agus cosaint shláinte an duine - Srianta is infheidhme maidir le substaintí atá i ndúigh tatúnna nó i smideadh buan - Rialachán (AE) 2020/2081 - Díobháil iarbhír agus áirithe - Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí léi go follasach)
(C/2025/5712)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Syndicat National des Artistes Tatoueurs et des professionnels du tatouage (Étampes, an Fhrainc), Cyril Auville (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F. Di Vizio, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Tricot agus K. Mifsud Bonnici, Gníomhairí)
Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: C. Maertens agus M. Jespersen, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, W. Broere agus N. Herbatschek, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena gcaingean faoi Airteagal 268 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cúiteamh as an damáiste a mhaíonn siad a bhain dóibh mar thoradh ar ghlacadh Rialachán (AE) 2020/2081 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le substaintí atá i ndúigh tatúnna agus i smideadh buan (IO 2020 L 423, lch. 6, ‘an Rialachán atá faoi chonspóid’). Ina theannta sin, agraíonn siad, faoi Airteagal 277 CFAE, pléadáil neamhdhleathachta i ndáil leis an Rialachán atá faoi chonspóid.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
|
2) |
Ordaítear do Syndicat National des Artistes Tatoueurs et des professionnels du tatouage agus Cyril Auville a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
3) |
Ordaítear do Ríocht na Danmhairge agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5712/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)