|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5697 |
3.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Meán Fómhair 2025 – Association pour la Promotion du Sel Artisanal agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cásanna T-191/24 go T-193/24) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Talmhaíocht - Tásc geografach faoi chosaint - Clárú an ainm ‘Sel de Camargue/Fleur de sel de Camargue’ - Comhlachas trádála - Locus standi - Easpa cúraim dhírigh - Do-ghlacthacht)
(C/2025/5697)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir i gCás T-191/24: Association pour la Promotion du Sel Artisanal (Guérande, an Fhrainc) (ionadaithe: T. Lachacinski agus F. Fajgenbaum, Dlíodóirí)
Iarratasóir i gCás T-192/24: Association des producteurs de sel marin de l’Île de Ré (Ars en Ré, an Fhrainc) (ionadaithe: T. Lachacinski agus F. Fajgenbaum)
Iarratasóir i gCás T-193/24: Terras de Sal – Comércio e Transformação de Sal Marinho Tradicional (Castro Marim, an Phortaingéil) (ionadaithe: T. Lachacinski agus F. Fajgenbaum)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis agus F. Thiran, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, B. Travard agus P. Chansou, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/423 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Sel de Camargue/Fleur de sel de Camargue’ (TGFC)) (IO L, 2024/423) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar Cásanna T-191/24 go T-193/24 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais. |
|
2) |
Díbhtear na caingne toisc iad a bheith do-ghlactha. |
|
3) |
Ordaítear do Association pour la Promotion du Sel Artisanal, Association des producteurs de sel marin de l’Île de Ré agus Terras de Sal – Comércio e Transformação de Sal Marinho Tradicional a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
4) |
Ordaítear do Phoblacht na Fraince a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5697/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)