European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5681

3.11.2025

Caingean arna tabhairt an 18 Meán Fómhair 2025 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Mhálta

(Cás C-623/25)

(C/2025/5681)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Gauci agus C. Georgieva, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht Mhálta

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí chóras a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear (i) scéim cuótaí agus údaraithe do gach oibrí calafoirt agus (ii) laistigh den chóras sin, scéim fhabhrach do bhaill teaghlaigh na n-oibrithe calafoirt atá ann faoi láthair, nár chomhlíon Poblacht Mhálta a hoibleagáidí faoi Airteagail 45, 49 agus 56 CFAE;

a ordú do Phoblacht Mhálta na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ar an gcéad dul síos, dar leis an gCoimisiún, tá Poblacht Mhálta ag sárú Airteagail 49 agus 56 CFAE maidir leis an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí chuóta a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe calafoirt agus trí rochtain fhabhrach a thabhairt do bhaill teaghlaigh ar ghníomhaíochtaí oibrithe calafoirt. Measann an Coimisiún nach bhfuil aon fhoras ann a d’fhéadfadh údar a thabhairt leis na srianta ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar arb é córas oibrithe calafoirt Mhálta is cúis leo.

Ar an dara dul síos, tá Poblacht Mhálta ag sárú Airteagal 45 CFAE maidir le saorghluaiseacht oibrithe toisc go bhféadfadh an cuóta d’oibrithe calafoirt agus an rochtain fhabhrach ar ghníomhaíochtaí oibrithe calafoirt do bhaill teaghlaigh bac a chur ar náisiúnaigh an Aontais na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh a fheidhmiú nó toisc nach bhfuil siad chomh tarraingteach céanna.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5681/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)