|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5680 |
3.11.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 12 Meán Fómhair 2025 ag Cellnex Telecom, SA agus Retevisión I, SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Iúil 2025 i gCás T-715/21, Cellnex Telecom agus Retevisión I v an Coimisiún
(Cás C-612/25 P)
(C/2025/5680)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóirí: Cellnex Telecom, SA agus Retevisión I, SA (ionadaí: A. Lamadrid de Pablo, abogado)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
SES Astra SA
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Iúil 2025 i gCás T-715/21 – Cellnex Telecom agus Retevisión I v an Coimisiún (1) a chur ar neamhní; |
|
— |
seasamh leis an gcaingean le haghaidh neamhniú agus Cinneadh ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 maidir le Státchabhair SA.28599 (C 23/2010) (ex NN 36/2010, ex CP 163/2009) arna cur chun feidhme ag an Spáinn chun teilifís dhigiteach trastíre a imscaradh i limistéir iargúlta agus i limistéir nach bhfuil chomh huirbithe céanna (seachas Castilla-La Mancha) (2) a chur ar neamhní go cinntitheach; |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí bunaithe ar mhíthuiscint ar Airteagal 108(2) CFAE agus mainneachtain cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm maidir leis an oibleagáid cúiseanna a lua le cineál roghnaitheach na mbeart is ábhar do chinneadh tosaigh – Saobhadh fíoras.
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trí mhainneachtain rialú a thabhairt ar easnamh follasach na ‘príomhréasúnaíochta’ maidir le roghnaíocht sa chinneadh tosaigh in 2010. (3) |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trína mheas go raibh an anailís fhoriomlán ar chinneadh tosaigh 2010 sách soiléir agus gan débhrí chun go mbeadh tríú páirtithe leasmhara in ann barúlacha a chur isteach maidir le réamhchonclúidí an Choimisiúin maidir le roghnaíocht. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trína mheas go raibh an Coimisiún in ann, in 2010, a thuairimí a chur ar aghaidh maidir leis na cúiseanna ar mheas an Coimisiún in 2021 go raibh an teicneolaíocht talún i staid fhíorasach agus dhlíthiúil atá inchomparáide le teicneolaíocht satailíte i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis an mbeart atá i gceist. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trí cásdlí EDP (4) a fhágáil gan feidhm maidir leis an gcás seo. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trína chinneadh nár léirigh na hiarratasóirí ag an gcéad chéim go raibh an réasúnaíocht choimhdeach maidir le roghnaíocht a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar fhíorais nár leagadh amach i gcinneadh tosaigh 2010. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi chonspóid earráideach trína theacht ar an gconclúid nár ghá cinneadh tosaigh nua a ghlacadh chun cinneadh 2013 (5) (a raibh cinneadh tosaigh 2010 ina chuid dhílis de) a chur ar neamhní. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE maidir leis an gcoincheap ‘roghnaíocht’ agus sárú ar an dualgas cruthúnais – Forais a ionadú – Saobhadh fíoras.
|
— |
Tá an breithiúnas earráideach tríd an sainmhíniú ar an gcóras tagartha sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhailíochtú ar bhonn earráidí dlí agus saobhadh follasach ar a inneachar. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach trína sheasamh leis an gconclúid sa chinneadh atá faoi chonspóid nach bhfuil an fíoras go bhfuil teicneolaíochtaí éagsúla faoi réir creataí dlíthiúla éagsúla ábhartha chun a chinneadh an bhfuil siad i staid dhlíthiúil inchomparáide. |
|
— |
Tá an breithiúnas atá faoi achomharc earráideach tríd an anailís ar inchomparáideacht cásanna fíorasacha atá sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhailíochtú. |
(1) Breithiúnas an 2 Iúil 2025, Cellnex Telecom agus Retevisión I v an Coimisiún (T-715/21, nár foilsíodh, EU:T:2025:657).
(3) Státchabhair Uimh. C 23/2010 (ex NN 36/2010) – an Spáinn, Cabhair chun teilifís dhigiteach trastíre (DTT) a imscaradh, C(2010)6465 final, an Bhruiséil, 29.9.2010.
(4) Breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Cásanna Uamtha C-693/21 P agus C-698/21 P, EDP España agus Naturgy Energy Group v an Coimisiún, EU:C:2023:989.
(5) Cinneadh 2014/489/AE ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2013 maidir le Státchabhair SA.28599 (C 23/10 (ex NN 36/10, ex CP 163/09)) arna cur chun feidhme ag Ríocht na Spáinne chun teilifís dhigiteach trastíre a imscaradh i limistéir iargúlta agus i limistéir nach bhfuil chomh huirbithe céanna (seachas Castilla-La Mancha) (a bhfuil fógra tugtha faoi leis an doiciméad C(2013) 3204), IO L 217, 23.7.2014, lgh. 52-87.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5680/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)