|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5676 |
3.11.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 6 Lúnasa 2025 – Amazon Italia Logistica Srl v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni (AGCOM)
(Cás C-535/25, Amazon Italia Logistica)
(C/2025/5676)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Amazon Italia Logistica Srl
Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni (AGCOM)
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le hAirteagail 2 agus 9 de Threoir 97/67/CE (1) ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear gníomhaíochtaí amhail na gníomhaíochtaí a dhéanann Amazon Italia Logistica agus a thuairiscítear sa bheart atá faoi chonspóid faoi réir an chórais údaraithe a leagtar síos maidir le soláthar seirbhísí poist don phobal?
(1) Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO 1998 L 15, lch. 14).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5676/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)