European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5647

24.10.2025

Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2025/… a mhéid a bhaineann le dícháiliúcháin tiomána áirithe

(C/2025/5647)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe an 1 Márta 2023 mar chuid den phacáiste um an tsábháilteacht ar bhóithre.

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 6 Feabhra 2024. Ceapadh Matteo Ricci (IT, S&D) mar Rapóirtéir le haghaidh an 10ú téarma a bheidh ag Parlaimint na hEorpa. An 7 Deireadh Fómhair 2024, vótáil an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) chun tús a chur leis an gcaibidlíocht thríthaobhach.

3.

Tháinig an Chomhairle (ITF, Iompar) ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta an 5 Nollaig 2024. (1)

4.

Tionóladh an chéad chruinniú tríthaobhach, faoi Uachtaránacht na hUngáire, an 11 Nollaig 2024. Tionóladh an dara cruinniú tríthaobhach, arb é an cruinniú tríthaobhach deiridh é, an 25 Márta 2025.

5.

An 30 Aibreán 2025, rinne Coreper anailís ar an téacs comhréitigh críochnaitheach d’fhonn teacht ar chomhaontú agus dhearbhaigh sé é.

6.

An 14 Bealtaine 2025, chuir Cathaoirleach Choiste TRAN litir chuig Cathaoirleach Coreper ina ndearbhaítear, dá bhformheasfadh an Chomhairle an téacs comhaontaithe, ar an gcéad léamh, tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh air, go bhformheasfadh an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an dara léamh.

II.   CUSPÓIR

7.

Is é is aidhm don togra creat de chuid an Aontais a bhunú chun go mbeidh éifeacht uile-Aontais ag dícháiliúcháin tiomána áirithe chun cosc a chur ar dhaoine neamhchónaitheacha a dhéanann cionta tromchúiseacha tráchta bóthair a bheith saor ó phionós a bheag nó a mhór. Faoin Togra, beidh ar an mBallstát a d’eisigh ceadúnas tiomána an chiontóra sin (‘an Ballstát eisiúna’), faoi choinníollacha sonracha agus i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta féin, dícháiliúchán tiomána, arna fhorchur ag an mBallstát ina ndearnadh cion tráchta tromchúiseach a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (‘Ballstát an chiona’), a chur chun feidhme.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Comhthéacs an nós imeachta

8.

Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, chuaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é mar aidhm acu teacht ar luath-chomhaontú ar an dara léamh ar bhonn an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Is léiriú iomlán é téacs an dréachtseasaimh ón gComhairle ar an gcomhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir.

Achoimre ar na príomh-shaincheisteanna

9.

Tá na príomhghnéithe seo a leanas sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú ina leith:

10.

Tá na rialacha dícháiliúcháin tiomána ionchorpraithe sa Treoir maidir le ceadúnais tiomána.

11.

Tá na coinníollacha le haghaidh dícháiliúcháin tiomána a bhfuil fógra le tabhairt do Bhallstát an chiona maidir leo, an fhaisnéis atá san fhógra maidir leis an dícháiliúchán tiomána chomh maith leis an méid faisnéise atá le malartú idir an Ballstát eisiúna agus Ballstát an chiona cuíchóirithe chun ualach riaracháin a laghdú.

12.

Rinneadh gach cineál dícháiliúchán tiomána a oiriúnú ionas gur féidir leis na Ballstáit uile iad a chur chun feidhme fiú i gcomhréir lena gcórais náisiúnta.

13.

Féadfaidh Ballstát roinnt pointí teagmhála náisiúnta a cheapadh.

14.

Tá forais éigeantacha le haghaidh díolúine teoranta do na forais sin ar féidir leis na Ballstáit iad a fhíorú láithreach.

15.

Féadfaidh Ballstát an chiona dícháiliúcháin tiomána agus aon choinníollacha comhlántacha a leagtar síos fúthu a chur i bhfeidhm go dtí go gcomhlíonfaidh an tiománaí iad, i gcomhréir lena rialacha náisiúnta agus le héifeachtaí atá teoranta dá chríoch.

16.

Féadfaidh Ballstát an chiona tréimhse toirmisc a fhorchur i ndáil le ceadúnas tiomána a atheisiúint, tréimhse ina bhféadfaidh sé a chinneadh gan bailíocht ceadúnas tiomána a atheisíodh sa Bhallstát eisiúna a aithint.

17.

Féadfaidh an Ballstát eisiúna measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus inniúlacht tiomána an tiománaí agus aon bhearta a dhéanamh a mheastar a bheith iomchuí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

18.

Tugadh isteach sprioc-am 20 lá oibre chun fógra a thabhairt don duine lena mbaineann ón mBallstát eisiúna tar éis do Bhallstát an chiona fógra a thabhairt. Mar sin féin, comhlíonfaidh an Ballstát eisiúna an sprioc-am sin a mhéid is féidir.

19.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar dhícháiliúcháin tiomána a áireamh ar bhonn cionta tráchta eile ina athbhreithniú ar an Treoir.

20.

Tá teorainn leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit; tá minicíochtaí tuairiscithe agus athbhreithnithe agus tréimhse thrasuí na rialacha maidir le dícháiliúcháin tiomána ailínithe le minicíochtaí agus tréimhse thrasuí na Treorach nua maidir le ceadúnais tiomána.

IV.   CONCLÚID

21.

Leis an seasamh ón gComhairle, tacaítear le haidhm an togra ón gCoimisiún agus léirítear go hiomlán an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht neamhfhoirmiúil idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíocht á fáil ón gCoimisiún.

22.

Creideann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur léiriú cothrom é a seasamh ar an gcéad léamh ar thoradh na caibidlíochta agus, a luaithe a ghlacfar í, go mbeidh an Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána áirithe, lena leasaítear [TREOIR NUA MAIDIR LE CEADÚNAIS TIOMÁNA] ina rannchuidiú tábhachtach chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas.

(1)  16423/24.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5647/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)