|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5617 |
17.10.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/5617)
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Saint-Mont’
PDO-FR-A0711-AM03 — 23.7.2025
1. Ainm an táirge
‘Saint-Mont’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☒ |
Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) |
|
☐ |
Tásc geografach faoi chosaint (TGDC) |
|
☐ |
Tásc geografach (TG) |
3. Earnáil
|
☐ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☒ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. An tír ar léi an limistéar críochaithe
an Fhrainc
5. Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
An Aireacht Talmhaíochta, Bhia, Iascaigh, Gnóthaí Tuaithe agus Phleanála maidir le hÚsáid Talún
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge sin mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143. Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an ATFC ‘Saint-Mont’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:
|
(a) |
níl i gceist leo athrú ar an ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar na táirgí nó ar na catagóirí táirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach; |
|
(b) |
níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; |
|
(c) |
níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo. |
Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
1. Buaint mheicniúil fíonchaor
Is mian le grúpa táirgeoirí an ainmniúcháin buaint mheicniúil a údarú. Tá údar leis an iarraidh sin mar gheall ar iomadú na dteagmhas eisceachtúil a bhaineann leis an aeráid. Tar éis na n-eachtraí triomaigh agus cloichshneachta a tharla in 2021 agus 2022, chuir ionsaithe coinclí ar an mbuaint in 2023 agus 2024 isteach go mór arís ar tháirgeacht a bhí lag cheana féin.
Chomh maith le bheith tapa, is féidir an modh buainte sin a dhéanamh i gcaitheamh na hoíche, rud a fhágann gur féidir ocsaídiú a theorannú, gur féidir oibriú ag teochtaí níos fuaire agus fadhbanna earcaíochta saothair a mhaolú le linn thréimhse na buainte. Leis na buntáistí a bhaineann le buaint mheicniúil, táthar in ann cáilíocht na bhfíonchaor a chaomhnú. Chuirfeadh grúpa táirgeoirí an ainmniúcháin in iúl freisin, ó thaobh an chomhshaoil de, go bhfuil an modh buainte seo fabhrach do bharra níos fuaire fíonchaor, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le níos lú fuinnimh chun na dabhcha a fhuarú tar éis na fíonchaora a chur iontu.
Leasaíodh an pointe seo a leanas den doiciméad aonair: Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha.
2. Leantóirí coimeádán a bhfuil caidéil eite feistithe orthu
Is mian le grúpa táirgeoirí an ainmniúcháin an pointe sin a scriosadh ón tsonraíocht toisc nach n-úsáidtear an trealamh sin san earnáil a thuilleadh. Úsáideadh an cineál trealaimh sin go príomha sna 1980í agus sna 1990í chun an bhuaint de láimh a iompar. Níl gá leis an tseiceáil sin a thuilleadh.
Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.
3. Tagairtí
Tugadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de la qualité et de l’origine: INAO) cothrom le dáta.
Leasaíodh na socruithe maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar an tsonraíocht táirge.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Saint-Mont
2. An cineál táisc gheografaigh
ATFC — Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
(1) |
Fíon |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR
2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
4.1. Fíonta dearga
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Bíonn dath dian ar na fíonta dearga. Sa bhéal, is gnách gur saintréith den bhlas dea-thiúchan aramatach, rud a nochtann blasanna torthaí dearga agus dubha go minic. Tugann an struchtúr tainnine acmhainneacht mhaith stórála do na fíonta sin, rud a fhágann gur féidir dea-bholaithe casta torthaí criostalaithe agus spíosraí teacht orthu, in éineacht le toin adhmadacha de thoradh an aosaithe i mbairillí go minic.
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 12 % de réir toirte ag na fíonta dearga.
Maidir le gach baisc fíona atá réidh le margú, ar an mórchóir nó i bhfoirm phacáistithe:
|
— |
bíonn neart alcóil iomlán nach mó ná 13,5 % tar éis saibhrithe acu i gcás fíonta dearga; |
|
— |
i gcás fíonta dearga, bíonn cion aigéid mhalaigh acu nach mó ná 0,4 gram in aghaidh an lítir; |
|
— |
bíonn méid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) iontu atá níos lú ná na méideanna seo a leanas nó comhionann leo:
|
Tá an aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus an cion iomlán dé-ocsaíde sulfair mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
Saintréithe anailíseacha ginearálta:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: — |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
4.2. Fíonta geala agus fíonta rosé
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Bíonn dath ar na fíonta rosé a bhíonn dian uaireanta agus bíonn blasanna torthaí dearga orthu de ghnáth. Sa bhéal, déanann a n-iarbhlas bríomhar na fíonta comhchuí agus tugann sé cothromaíocht mhaith dóibh idir saibhreas agus aigéadacht. Bíonn na fíonta geala an-aramatach, saibhir agus cothrom a bhuí leis an gcineál Gros Manseng B a bheith iontu.
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 11,50 % de réir toirte ag fíonta geala agus fíonta rosé.
Maidir le gach baisc fíona atá réidh le margú, ar an mórchóir nó i bhfoirm phacáistithe:
|
— |
bíonn neart alcóil iomlán nach mó ná 12,5 % tar éis saibhrithe acu i gcás fíonta geala agus fíonta rosé; |
|
— |
bíonn méid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) acu atá níos lú ná 4 ghram in aghaidh an lítir, nó atá comhionann leis an gcion sin, i gcás fíonta rosé. |
Tá an aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus an cion iomlán dé-ocsaíde sulfair mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
Saintréithe anailíseacha ginearálta:
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11.5 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: — |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha
1. Cleachtas fíoneolaíoch fíor-riachtanach
|
— |
Déantar na fíonta rosé trí bhrú díreach. |
|
— |
Ceadaítear gualach fíonóireachta a úsáid le haghaidh úrfhíonta i dtáirgeadh fíonta rosé, i gcion nach mó ná 20 % de thoirt an fhíona rosé arna tháirgeadh ag an déantóir fíona lena mbaineann le haghaidh na buainte atá i gceist. |
|
— |
Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíonta dearga a shaibhriú, agus tá an ráta uasta maidir le tiúchan páirteach socraithe ag 10 % i ndáil leis na toirteanna a úsáidtear. |
|
— |
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13,5 % i gcás fíonta dearga agus 12,5 % i gcás fíonta geala agus na fíonta rosé. |
Chomh maith leis na forálacha thuas, ní mór do na cleachtais fhíoneolaíocha a ghlactar le haghaidh na bhfíonta na hoibleagáidí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa Chód Tuaithe agus Iascach a chomhlíonadh.
2. An modh saothraithe
Dlús plandaithe
Is é dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha 4 000 planda in aghaidh an heicteáir.
Is é 2,50 méadar nó níos lú an fad idir na sraitheanna, agus is é idir 0,80 agus 1,10 méadar an scaradh plandaí idir plandaí sa tsraith chéanna.
Níl feidhm ag na forálacha sin maidir le fíniúnacha a phlandaítear ar léibhinn.
Le haghaidh fíniúnacha a phlandaítear ar léibhinn, tá an fad idir fíniúnacha sa tsraith chéanna idir 0,9 méadar agus 1,1 méadar.
Rialacha maidir le prúnáil
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil le prúnáil Guyot shingil nó dhúbailte nó le prúnáil ghearr (treoraítear na fíniúnacha trí úsáid a bhaint as modh phrúnáil Royat), agus is iad seo a leanas méideanna uasta in aghaidh na fíniúna:
|
— |
12 bhachlóg inchomhairthe le haghaidh chineál Tannat N; |
|
— |
18 mbachlóg inchomhairthe le haghaidh chineálacha Petit Courbu B agus Petit Manseng B; |
|
— |
16 bhachlóg i gcás cineálacha eile. |
Cibé teicníc phrúnála a úsáidtear, níor cheart an líon craobhacha ar a bhfuil torthaí in aghaidh na fíniúna, ag an gcéim ‘véraison’ [tús an aibithe], a bheith níos mó ná:
|
— |
10 gcinn le haghaidh chineál Tannat N; |
|
— |
16 cinn le haghaidh chineálacha Petit Courbu B agus Petit Manseng B; |
|
— |
12 i gcás cineálacha eile. |
Féadfar uisciú a údarú.
5.2. Uastáirgeacht
|
(1) |
Fíonta dearga 63 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
(2) |
Fíonta rosé 68 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
(3) |
Fíonta geala 69 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Limistéar geografach:
Buantar na fíonchaora agus déantar, forbraítear agus aosaítear na fíonta sa limistéar geografach, arb é atá ann, ar dháta formheasta na sonraíochta sin ag an gcoiste náisiúnta inniúil, críoch, go hiomlán nó go páirteach, na mbardas seo a leanas ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024:
Bardais a bhfuil a gcríoch iomlán laistigh den limistéar geografach: Aignan, Arblade-le-Bas, Armous et Cau, Aurensan, Beaumarchès, Bernède, Bouzon-Gellenave, Castelnavet, Caumont, Corneillan, Couloumé-Mondebat, Courties, Fusterouau, Gazax et Baccarisse, Ju-Belloc, Labarthète, Ladevèze-Ville, Ladevèze-Rivière, Lannux, Lasserrade, Lelin-Lapujolle, Louslitges, Loussous-Débat, Lupiac, Margouët-Meymes, Maulichères, Peyrusse-Grande, Peyrusse-Vieille, Plaisance, Pouydraguin, Projan, Riscle (iarbhardas Ricles), Sabazan, Saint-Aunix-Lengros, Saint-Mont, Saint-Pierre-d’Aubézies, Sarragachies, Tasque, Termes-d’Armagnac, Tieste-Uragnoux, Tourdun agus Verlus. Bardais a bhfuil cuid dá gcríoch laistigh den limistéar geografach: Averon-Bergelle, Dému, Marciac agus Seailles.
7. Cineál (nó cineálacha) fíonchaor
Arrufiac B — Arrufiat
Cabernet Franc N
Cabernet Sauvignon N
Courbu B — Gros Courbu
Fer N — Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc
Gros Manseng B
Manseng Noir N
Merlot N
Petit Courbu B
Petit Manseng B
Tannat N
Tardif N
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
Tá an limistéar geografach ar comhfhad – thart ar 100 ciliméadar – ó na Piréiní sa deisceart agus ón Aigéan Atlantach san iarthar. Síneann sé thar limistéar cnocach ar an dá thaobh de ghleannta na habhann Adour agus ceann dá craobh-aibhneacha, an Arros.
Tá na fáschoillte fíniúna scaipthe thar fhánaí i gcroílár réigiún talmhaíochta atá dírithe ar shaothrú measctha agus ar fheirmeoireacht stoic, áit a bhfuil ról tábhachtach ag an saothrú arbhair Indiaigh.
Cumhdaítear leis críoch 46 bhardas.
Bíonn teochtaí séimh agus measartha aonchineálach ar fud an limistéir gheografaigh. Tá grádán báistí láidir ann ón iarthar go dtí an t-oirthear, idir 1 000 milliméadar in aghaidh na bliana agus 800 milliméadar in aghaidh na bliana.
Bíonn an samhradh agus tús an fhómhair te agus go minic tirim, go háirithe mar thoradh ar an ngaoth ‘foehn’ aneas, a shéideann go minic le linn na tréimhse sin.
Tá an tsubstráit gheolaíoch éagsúil. San iarthar tá sí comhdhéanta den chuid is mó de ‘Sables Fauves’ [gaineamh osbhuí], foirmíocht mhuirí ón tréimhse Threasach, a dtagann a theorainn theas le chéile le teorainn an limistéir gheografaigh. Tá leatháin ghláracha ársa orthu sin, áit a dtagann púróga chun cinn agus a gcruthaítear snaíochar ar na fánaí.
Níos faide soir imíonn na ‘Sables Fauves’ agus cuirtear molás ina n-ionad, agus is gné fhollasach den tírdhreach iad cisil aolchloiche.
Is iad seo a leanas na hithreacha a d’fhorbair ar an tsubstráit sin:
|
— |
ithreacha cré-aolchloiche a d’fhorbair ar an molás; nó |
|
— |
ithreacha aigéid láiste a d’fhorbair ar ‘Sables Fauves’ agus snaíochar méarógach. |
Tá cion íseal dúl mianrach sna hithreacha sin.
Déantar uisce breise a dhraenáil leis na fánaí, agus sa chuid thiar den limistéar le cineál gainmheach agus clochach na hithreach.
Le struchtúr casta an tír-raoin, a leanann príomhghleannta Adour agus Arros, eagraithe go minic feadh línte teicteonacha, agus ansin scoilte ina iomairí tánaisteacha, cruthaítear meascán suíomhanna atá dírithe i dtreonna éagsúla.
Is léir go bhfuil moirfeolaíocht na ngleannta neamhshiméadrach. Is minic a bhíonn an fána a bhfuil a aghaidh siar géar, murab ionann agus an taobh a bhfuil a aghaidh soir, a bhfuil fána réidh aige.
Chomh maith leis na fíonta dearga agus ‘clairet’ a tháirgtear i limistéar mór d’abhantrach Adour agus atá beartaithe d’áitritheoirí shléibhte na bPiréiní, táirgeadh fíonta geala in iarthar an limistéir gheografaigh ó bhí deireadh na Meánaoiseanna ann. Onnmhairíodh go tuaisceart na hEorpa iad sin ón 17ú céad.
Mar thoradh ar choincleach phúdrach, coincleach chlúmhach agus fiollocsaeire a tháinig i ndiaidh a chéile, chomh maith leis an éileamh ard ar fhíon lena dhriogadh in Armagnac, tháinig laghdú mór ar limistéir na bhfíniúnacha atá beartaithe do tháirgeadh fíonta ar ardchaighdeán, a chuaigh ar gcúl roimh ‘Piquepoules’, fíniúnacha ísle a úsáidtear chun fíonta a tháirgeadh lena ndriogadh.
Ar deireadh, mar thoradh ar mheicniú na talmhaíochta i lár an 20ú haois, leathnaíodh limistéir faoi arbhar Indiach agus géaraíodh an meath i limistéir fíonsaothrúcháin.
Bunaíodh an chéad chomhlachas chun fíonta ‘Saint-Mont’ a chosaint in 1957. Chuir sé tús le hathnuachan, in 1970, ar fhíonghort bunaithe ar chineálacha fíniúna áitiúla amhail na cineálacha dearga Tannat N, Cabernet Franc N, Cabernet Sauvignon N agus Fer N agus na cineálacha geala Arrufiac B, Courbu B, Gros Manseng B agus Petit Manseng B.
Aithníodh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Saint-Mont’ in 2011.
Bíonn dath dian ar na fíonta dearga. Sa bhéal, is gnách gur saintréith den bhlas an dea-thiúchan aramatach a nochtann blasanna torthaí dearga agus dubha. Tugann an struchtúr tainnine acmhainneacht mhaith stórála do na fíonta sin, rud a fhágann gur féidir dea-bholaithe casta torthaí criostalaithe agus spíosraí teacht orthu, in éineacht le toin adhmadacha de thoradh an aosaithe i mbairillí go minic.
Bíonn dath ar na fíonta rosé a bhíonn dian uaireanta agus bíonn blasanna torthaí dearga orthu de ghnáth. Sa bhéal, déanann a n-iarbhlas bríomhar na fíonta comhchuí agus tugann sé cothromaíocht mhaith dóibh idir saibhreas agus aigéadacht.
Bíonn na fíonta geala an-aramatach, saibhir agus cothrom a bhuí le cineál Gros Manseng B a bheith iontu.
Tá na fíonghoirt suite ar na dáileachtaí talún is fabhraí, agus iad grúpáilte ina n-oileáin saothraithe scaipthe thar fhánaí dea-dhírithe ina bhfuil cion mianrach íseal agus ithreacha dea-dhraenáilte.
Tá an limistéar geografach in abhantrach Adour, agus is é cineál Tannat N agus cineálacha Gros Manseng B agus Petit Manseng B is mó atá i gceist leis an stoc fíniúnacha, atá an-oiriúnach d’aeráid measartha tais an limistéir gheografaigh agus do na hithreacha doimhne. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na fíonghoirt suite ag crosbhóthar idir roinnt réigiún fíonsaothrúcháin, tá curtha go mór leo a bhuí leis an méid a tharraingíonn siad as na réigiúin máguaird, agus go háirithe i ndáil lena n-oidhreacht plandaí ó an trí chineál a fhásann in abhantrach Garonne, is iad sin Cabernet Franc N, Cabernet Sauvignon N agus Merlot N, a n-éascaítear a mbunú leis an aeráid aigéanach freisin.
Tugadh tréimhse aosaithe iarchoipthe san umar isteach chun fíon a bhfuil dea-bholaithe casta air a tháirgeadh, agus thar aon ní eile chun a áirithiú go n-éiríonn na tainniní maothlach agus síodúil. Ciallaíonn sé sin go n-aosaítear na fíonta go dtí an 1 Márta ar a laghad sa bhliain tar éis na buainte.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (buidéalú lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar ATFC Saint-Mont a fhorlíonadh le hainm an aonaid gheografaigh níos mó, ‘Sud-Ouest’ [Iardheisceart], i gcomhréir le forálacha na sonraíochta.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-dd1b4854-8107-471e-8f13-73e1e9fd7de7
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5617/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)