|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5609 |
15.10.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Deireadh Fómhair 2025
lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta
(C/2025/5609)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,
Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, bunaíodh an Coiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (‘an Coiste’). |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 75(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 go mbeidh ionadaí rialtais amháin, ionadaí amháin ó na ceardchumainn agus ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí do gach Ballstát ar an gCoiste, agus go gceapfar comhalta malartach amháin do gach ceann de na catagóirí sin, do gach Ballstát. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 75(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, is í an Chomhairle a cheapfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste. Déanann an Chomhairle iad a cheapadh ar bhonn na liostaí a chuireann na Ballstáit faoina bráid. |
|
(4) |
Ní dhéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le téarma oifige chomhaltaí ná chomhaltaí malartacha an Choiste. Dá bhrí sin, sa Chinneadh uaithi lena gceaptar na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha, ba cheart don Chomhairle a dtéarma oifige a chinneadh. I ngeall, i measc nithe eile, ar chúiseanna a bhaineann le leanúnachas agus éifeachtúlacht obair an Choiste, ar mhaithe le gontacht nós imeachta, agus toisc gur gnách leis na coistí comhairleacha sin gan teacht le chéile ach uair amháin nó faoi dhó sa bhliain, ba cheart fad an téarma oifige a bheith réasúnta fada agus ba cheart nuacheapacháin rómhinic ar chomhaltas an Choiste a sheachaint. Ina fhianaise sin, is iomchuí téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Choiste, a cheaptar leis an gCinneadh seo, a shocrú ag 5 bliana. Ba cheart do théarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha nár ainmníodh go fóill faoi dháta glactha an Chinnidh seo, agus a cheapfar ar dháta níos déanaí, dul in éag ar an lá céanna le téarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha a cheaptar leis an gCinneadh seo. Níor cheart comhalta ná comhalta malartach a cheapfar in ionad comhalta nó comhalta malartach a ceapadh roimhe sin a cheapadh ach amháin ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh ar cuireadh an comhalta ionaid ina ionad nó ina hionad. |
|
(5) |
Rachaidh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha reatha uile an Choiste a ceapadh ó glacadh Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 (2) in éag an 19 Deireadh Fómhair 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, gach comhalta nua agus gach comhalta malartach nua a cheapadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar, leis seo, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta ar feadh téarma oifige 5 bliana, dar tús an 20 Deireadh Fómhair 2025 agus dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2030:
|
I. |
NA hIONADAITHE RIALTAIS
|
|
II. |
IONADAITHE CEARDCHUMANN
|
|
III. |
IONADAITHE EAGRAÍOCHTAÍ NA bhFOSTÓIRÍ
|
Airteagal 2
Ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí nár ainmníodh go fóill le haghaidh téarma oifige dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2030 ar dháta níos déanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 315 I, 21.9.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5609/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)