|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5574 |
27.10.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 28 Iúil 2025 – T.Z., D.Z. v Bank S.A.
(Cás C-510/25, Adazik) (1)
(C/2025/5574)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: T.Z., D.Z.
Cosantóir: Bank S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil Airteagal 6(1), in éineacht le hAirteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (2) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, agus comhaontú creidmheasa neamhbhailí á shocrú, ar shásra ar dá réir a fhritháiríonn an chúirt ag plé leis an gcás éileamh an tomhaltóra ar íocaíochtaí de réir a leithéide de chomhaontú ex officio in aghaidh éileamh an bhainc ar aisíocaíocht phríomhshuim dhiúscartha na hiasachta, rud a fhágann nach mbíonn éileamh ag an tomhaltóir ach i gcás inar mó iomlán a íocaíochtaí ná méid phríomhshuim dhiúscartha na hiasachta? |
|
2) |
An bhfuil Airteagal 6(1), in éineacht le hAirteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar theorainn a chur le ceart an tomhlatóra ar ús mainneachtana ar gach íocaíocht arna déanamh aige leis an mbanc de réir comhaontú creidmheasa neamhbhailí? Anuas air sin, an gcuirtear cosc trí na hAirteagail sin ar dhlí náisiúnta a léiriú sa chaoi nach ndlitear do thomhaltóir ús mainneachtana ar gach íocaíocht arna déanamh leis an mbanc agus comhaontú creidmheasa neamhbhailí á chomhlíonadh? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5574/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)