European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5565

27.10.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Opolu (an Pholainn) a taisceadh an 27 Meitheamh 2025 – OKL v Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A.

(Cás C-429/25, Grąbowski)  (1)

(C/2025/5565)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne tarchur

Sąd Okręgowy w Opolu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OKL

Cosantóir: Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A.

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (2) agus Airteagal 23 in éineacht le hAirteagal 10(2) de Threoir 2008/48/CE an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (3) (‘Treoir 2008/48/CE’) le léiriú sa chaoi, le linn imeachtaí a bhaineann le pionós i ndáil le sárú ar oibleagáid tuairiscithe arna cur le dlíchóras an Bhallstáit sin le forálacha náisiúnta de réir Airteagal 23 arna léamh in éineacht le hAirteagal 10(2) de Threoir 2008/48/CE, i gcás ina gcinneann cúirt go bhfuil forais ann chun na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm lena dtugtar isteach i ndlíchóras Ballstáit pionóis i leith téarmaí éagóracha i gconarthaí arna ndéanamh ag díoltóirí nó soláthróirí le tomhaltóirí faoi Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE, a mhéid a bhaineann leis na téarmaí conarthacha atá cumhdaithe ag an oibleagáid thuasluaite sin chun faisnéis a sholáthar, nach bhfuil aon fhorais ann chun an pionós a chur i bhfeidhm i ndáil le sárú ar an oibleagáid tuairiscithe arna dtabhairt isteach i ndlíchóras an Bhallstáit de bhun Airteagal 23 arna léamh in éineacht le hAirteagal 10(2) de Threoir 2008/48/CE?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)   IO 1993 L 95, lch. 29.

(3)   IO 2008 L 133, lch. 66.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5565/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)