European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5513

10.10.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/5513)

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Comté Tolosan’

PGI-FR-A1231-AM04 — 10.7.2025

1.   Ainm an táirge

‘Comté Tolosan’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC)

Tásc geografach faoi chosaint (TGFC)

Tásc geografach (TG)

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Fhrainc

5.   Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ministère de l’agriculture et de l’alimentation [an Aireacht Talmhaíochta agus Bhia]

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143.

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge sin mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Níl aon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad i gceist leis an TGFC ‘Comté Tolosan’ go sonrach:

(a)

níl i gceist leo athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

1.   Páirt-dí-alcólú a chur isteach

Tá an grúpa táirgeoirí TGFC ag iarraidh go gcuirfí páirt-dí-alcólú leis an tsonraíocht táirge le haghaidh an TGFC ‘Comté Tolosan’.

Is é an chúis a thug an grúpa táirgeoirí TGFC don iarraidh sin an t-athrú atá tagtha ar threochtaí agus ar thomhaltas sóisialta.

Athrú ar nósanna tomhailte: tá tomhaltas ócáideach níos coitianta ná tomhaltas laethúil anois.

Athruithe ó ghlúin go glúin: is lú an méid fíona a thomhlaíonn na glúnta óga ná mar a thomhlaíodh a sinsir, agus is fearr le haosaigh óga deochanna ar mó de dheochanna nua-aimseartha nó deochanna ceiliúrtha a mheastar iad.

Sláinte agus measarthacht: mar thoradh ar fheasacht mhéadaithe ar éifeachtaí an alcóil ar an tsláinte, mar aon le méadú ar líon na bhFrancach atá ag glacadh chucu stíl mhaireachtála shláintiúil, tá laghdú tagtha ar thomhaltas.

Athrú ar roghanna tomhaltóirí

I gcás oibreoirí sa TGFC ‘Comté Tolosan’, bheadh táirgeadh fíonta páirt-dí-alcólaithe ina dheis le haghaidh nuálaíochta agus éagsúlaithe.

Baineann na leasuithe atá beartaithe seo a leanas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh an TGFC ‘Comté Tolosan’ le tabhairt isteach pháirt-dí-alcólú na bhfíonta:

Cineálacha táirgí: fíonta socra dearga páirt-dí-alcólaithe, fíonta socra rosé páirt-dí-alcólaithe agus fíonta socra geala páirt-dí-alcólaithe, agus fíonta súilíneacha rosé ar ardchaighdeán atá páirt-dí-alcólaithe agus fíonta súilíneacha geala ar ardchaighdeán atá páirt-dí-alcólaithe a thabhairt isteach.

Caighdeáin anailíseacha: neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte idir 6 % agus 9 % a chur isteach i gcás fíonta páirt-dí-alcólaithe.

Comhlíonann na fíonta páirt-dí-alcólaithe na teorainneacha anailíseacha eile a leagtar síos sa tsonraíocht táirge (aigéadacht luaineach, dé-ocsaíd sulfair).

Tréithe orgánaileipteacha: cuireadh na tuairiscí orgánaileipteacha ar na fíonta páirt-dí-alcólaithe le pointe 3.3 den tsonraíocht táirge.

Limistéar geografach / limistéar díreach in aice láimhe: buantar na fíonchaora agus déantar, forbraítear agus dí-alcólaítear na fíonta páirt-dí-alcólaithe ar fud limistéar geografach an TGFC ‘Comté Tolosan’, agus sa limistéar atá díreach in aice leis.

Cineálacha fíniúna: táirgtear na fíonta páirt-dí-alcólaithe ó na cineálacha uile a liostaítear sa tsonraíocht táirge le haghaidh an TGFC ‘Comté Tolosan’.

Uastáirgeachtaí táirgthe: táirgtear na fíonta páirt-dí-alcólaithe faoi réir na huastáirgeachta in aghaidh an heicteáir dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge le haghaidh an TGFC ‘Comté Tolosan’, is é sin 120 hl/ha.

Próisis dí-alcólaithe: is féidir fíonta páirt-dí-alcólaithe a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as aon cheann de na próisis dí-alcólaithe lena ngabhann údarú rialála: páirt-fholúsghalú, teicnící scannáin, driogadh.

Nasc leis an limistéar geografach: leasaíodh an nasc leis an limistéar geografach sa tsonraíocht táirge chun an méid seo a leanas a áireamh:

sa roinn dar teideal ‘Sainiúlacht an táirge’: saintréithe na bhfíonta páirt-dí-alcólaithe;

sa roinn dar teideal ‘Nasc cúisíoch’: tagairt d’fhíonta páirt-dí-alcólaithe (clú agus nasc leis an limistéar);

Coinníollacha lena rialaítear cur i láthair agus lipéadú: tá an téarma ‘Fíon páirt-dí-alcólaithe’ le feiceáil sa réimse radhairc céanna leis an TGFC ‘Comté Tolosan’.

Ceanglais maidir le dearbhú: áiríodh dearbhú maidir le fíonta atá beartaithe lena ndí-alcólú. Ní mór é a chur faoi bhráid an chomhlachta cosanta agus bainistíochta 30 lá ar a laghad sula gcuirfear tús leis an dí-alcólú.

Na príomhphointí atá le seiceáil: leathnaíodh tábla na bpríomhphointí lena seiceáil trí sheiceáil orgánaileipteach agus anailíseach ar fhíonta atá beartaithe lena ndí-alcólú a áireamh roimh dhí-alcólú agus ina dhiaidh.

Déanann sé sin difear don phointe/do na pointí seo a leanas den doiciméad aonair: ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Limistéar geografach críochaithe’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.   Leasú ar an neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte

Is mian leis an ngrúpa táirgeoirí TGFC an neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte d’fhíonta socra neamhshaibhrithe a laghdú go 9 %.

Tá fíonta atá ar bheagán alcóil ‘go nádúrtha’ á dtáirgeadh cheana féin sa cheantar a bhuí le cineálacha fíniúna áitiúil áirithe, chomh maith le teicnící fíonsaothraithe agus fíoneolaíocha a fhágann gur féidir fíon a dhéanamh ó fhíonchaora a bhfuil neart alcóil féideartha de réir toirte idir 9 % agus 10 % acu.

Déanann sé sin difear don phointe/do na pointí seo a leanas den doiciméad aonair: ‘Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)’

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Comté Tolosan

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC — Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Fíonta socra dearga, fíonta socra rosé agus fíonta socra geala agus fíonta ó fhíonchaora geala ró-aibí

Cé is moite d’fhíonta ar a bhfuil na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’, ní mór coipeadh malalachtach a bheith curtha i gcrích ag fíonta dearga ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ sula scaoiltear iad lena dtomhailt. Saintréith de na fíonta dearga is ea dea-bholaithe torthaíocha, ó thaobh bolaidh de agus sa bhéal. Tugann na tainniní maothlacha carachtar éadrom so-ólta dóibh. Is fíonta aramatacha iad na fíonta geala tirime a bhfuil dea-bholaithe bláthacha agus torthaíocha orthu. Bíonn dea-bholaithe torthaí aibí níos forbartha ar na fíonta geala ina bhfuil siúcra iarmharach agus ar na fíonta ó fhíonchaora ró-aibí. Bíonn dea-bholaithe torthaíocha a bhaineann leis an úire mar shaintréithe ar a dtugtar ‘friand’ [blasta] sna fíonta rosé. -

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 10 % i gcás fíonta saibhrithe agus 9,0 % i gcás fíonta neamhshaibhrithe, gan beann ar an dath.

Aigéadacht luaineach uasta in meq/l:

fíonta geala agus rosé ina bhfuil níos lú ná 20 g/l siúcraí (glúcós + fruchtós): 12.24 meq/l

fíonta dearga, fíonta rosé ina bhfuil níos mó ná 20 g/l siúcraí (glúcós + fruchtós) agus fíonta geala ina bhfuil méid siúcra (glúcós + fruchtós) níos mó ná 20 g/l agus níos lú ná 45 g/l: 15,30 meq/l. –

Uaschion dé-ocsaíde sulfair iomlán:

fíonta dearga ina bhfuil méid siúcra (glúcós + fruchtós) > 5 g/l: 150 mg/l

fíonta geala agus rosé ina bhfuil méid siúcra (glúcós + fruchtós) < 5 g/l: 175 mg/l

fíonta geala agus rosé ina bhfuil méid siúcra (glúcós + fruchtós) > 5 g/l: 200 mg/l.

Tá na caighdeáin anailíseacha eile i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) —

Aigéadacht iomlán íosta: 4,5 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

Bíonn fíneáltacht aramatach agus aigéadacht mhaith ag na fíonta súilíneacha a tháirgeann blas taitneamhach úr sa bhéal mar aon le bolgáin mhíne.

Saintréithe anailíseacha ginearálta - aigéadacht luaineach uasta arna sloinneadh in meq/l: 12,24 meq/l.

Tá na caighdeáin anailíseacha eile i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

1. Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte —

2. Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) —

3. Aigéadacht iomlán íosta: 4,5 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

4. Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) —

5. Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Fíonta páirt-dí-alcólaithe

Bíonn saintréithe an TGFC ag fíonta a bhfuil sé beartaithe iad a pháirt-dí-alcólú. Bíonn dath idir corcra agus dath an ghairnéid, de dhéine éagsúil, ar na fíonta dearga páirt-dí-alcólaithe. Ó thaobh bolaidh de agus sa bhéal, is iondúil go mbíonn dea-bholaithe torthaíocha orthu. Fágann an neart alcóil íseal atá iontu go bhfuil siad solúbtha agus éadrom. Bíonn dath bándearg de dhéine éagsúil ar na fíonta rosé páirt-dí-alcólaithe. Is iondúil go mbíonn dea-bholaithe torthaíocha agus aigéadacha orthu. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh. Bíonn dath buí de dhéine agus gile éagsúil ar na fíonta geala páirt-dí-alcólaithe. Saintréith dá bpróifíl aramatach is ea dea-bholaithe bláthacha agus/nó torthaíocha. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh. Bíonn dath buí de dhéine éagsúil ar na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a bhíonn páirt-dí-alcólaithe, i gcás na bhfíonta geala, agus dath bándearg de dhéine éagsúil i gcás na bhfíonta rosé. Bíonn dea-bholaithe torthaíocha orthu a thugann blas taitneamhach úr sa bhéal, mar aon le bolgáin mhíne. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh.

Bíonn neart alcóil iarbhír de réir toirte na bhfíonta páirt-dí-alcólaithe idir 6,0 % agus an neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte atá ag fíonta socra a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, is é sin 9 %. Comhlíonann na fíonta páirt-dí-alcólaithe na teorainneacha anailíseacha eile a leagtar síos sa tsonraíocht táirge. Tá na caighdeáin anailíseacha eile i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) —

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Ní mór na cleachtais fhíoneolaíocha uile a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

5.2.   Uastáirgeacht

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Buantar na fíonchaora agus déantar na fíonta ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ a dhéanamh, a fhorbairt agus a pháirt-dí-alcólú sna ranna seo a leanas: Ariège, Aveyron, Cantal, Gers, Haute-Garonne, Hautes-Pyrénées, Landes, Lot, Lot-et-Garonne, Pyrénées-Atlantiques, Tarn agus Tarn-et-Garonne.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

Cabernet Franc N

Cabernet Sauvignon N

Chardonnay B

Chenin B

Colombard B

Duras N

Gamay N

Gros Manseng B

Mauzac B

Merlot N

Muscadelle B

Négrette N

Petit Manseng B

Pinot Noir N

Sémillon B

Tannat N

Ugni Blanc B

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Cumhdaíonn limistéar geografach an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ 12 roinn in Iardheisceart na Fraince: Ariège, Aveyron, Cantal, Gers, Haute-Garonne, Hautes-Pyrénées, Landes, Lot, Lot-et-Garonne, Pyrénées-Atlantiques, Tarn agus Tarn-et-Garonne.

Tá an limistéar leathan ar fad suite ar Abhantrach na hAcatáine, agus teorainn aige le sliabhraonta na bPiréiní sa deisceart, an Massif Central sa tuaisceart agus san oirthear, agus an tAigéan Atlantach san iarthar. Áirítear ann dobharcheantar abhainn Adour chomh maith le habhantrach uachtarach Garonne. Cuirtear formhór na bhfíonghort ar ithreacha dríodair an Threasaigh in Abhantrach na hAcatáine, agus ar ithreacha gláracha ársa na léibheann Ceathartha arna sil-leagan ag an líonra aibhneacha. Tá staid na bhfíonghort atá níos gaire do na himill níos éagsúla: ‘causses’ [ardchláir aolchloiche] tánaisteacha ó thuaidh, ithreacha príomhúla nó meiteamorfacha i mbunchnoic Massif Central san oirthear, agus geolaíocht nádúrtha chasta bhunchnoic na bPiréiní ó dheas.

Aeráid mheasartha mhuirí atá ann, lena mbaineann grádán a laghdaíonn ón iarthar go dtí an t-oirthear. Is é an tionchar muirí, arb é is saintréith dó geimhrí séimhe agus fliucha agus samhraí fionnuara agus réasúnta fliuch, atá chun tosaigh sa chuid thiar. Cé go leanann an tionchar muirí sin de bheith chun tosaigh, laghdaíonn sé de réir a chéile de réir mar a bhogann sé soir áit a bhfuil tionchar na Meánmhara níos soiléire, agus ina mbíonn an samhradh agus an fómhar luath níos teo agus níos tirime. I dtreo na mbunchnoic sléibhe, ina bhfuil tionchar ilchríochach, tá teochtaí an gheimhridh níos crua.

8.2.   Sainiúlacht an táirge

Tháinig fíonsaothrú chun cinn tar éis choncas na Róimhe ach ba ón deichiú céad a forbraíodh é i ndáiríre, ar thailte eaglasta a bhain leis an iliomad mainistreacha a tógadh ar fud an limistéir. B’iomaí oilithreach, ó gach cearn den Fhrainc agus den Eoraip, a tháinig le chéile ann ar a mbealach chuig Santiago de Compostela. Is dócha gurb é seasamh an réigiúin mar mhórbhealach agus mar ionad mhalartaithe thairbhigh is cúis le héagsúlacht urghnách na gcineálacha fíniúna a shaothraítear ann.

Sna Meánaoiseanna, forbraíodh fíonghoirt le haghaidh tomhaltas áitiúil agus díolacháin araon, go príomha le tuaisceart na hEorpa, trí chalafoirt Bayonne agus Bordeaux.

Ag deireadh an 19ú céad, scrios fiollocsaeire beagnach gach fíonghort. Bhí a n-atógáil duainéiseach ós rud é gur chuir an dá chogadh dhomhanda bac uirthi. Níor athbhunaíodh fíonghoirt i gceart go dtí tar éis an Dara Cogadh Domhanda, a bhuí le saineolas agus fuinneamh na bhfíonsaothraithe. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, aithníodh ‘Comté Tolosan’ mar ‘vin de pays’, le foraithne an 10 Aibreán 1982.

Is féidir ainm na n-aonad geografach is lú a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’: ‘Bigorre’, ‘Coteaux et Terrasses de Montauban’, ‘Pyrénées Atlantiques’,‘Tarn-et-Garonne’, ‘Haute-Garonne’ agus ‘Cantal’. Comhfhreagraíonn na hainmneacha sin do limistéir táirgeachta ‘vins de pays’ a bhí ann roimhe sin sa roinn nó sa cheantar.

Mar thoradh ar úsáid cineálacha fíniúna a bhfuil acmhainneacht mhór acu siúcraí a chomhdhlúthú, rinne táirgeoirí fíonta geala as fíonchaora ró-aibí.

In 2008, d’fhógair thart ar 168 ndéantóir fíona beagnach 220 000 hl de Comté Tolosan: fíon geal a bhí in thart ar leath de, fíon rosé a bhí i gceathrú de agus d’fhíon dearg a bhí sa cheathrú eile.

Tá forbairt níos forleithne tagtha ar raon fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ó bhí thús an 20ú céad ann, de réir traidisiún fada réigiúnach maidir le fíonta súilíneacha a tháirgeadh.

De réir na gcartlann, téann na chéad fíonta súilíneacha i limistéar geografach Comté Tolosan siar go dtí roimh an 16ú céad. Go deimhin, bhí an modh a úsáideadh don dara coipeadh ar eolas ann cheana féin, i bhfad sular tháinig Dom Pérignon air (c. 1660). Go deimhin, tháinig páipéir de chuid choimisiún seaniarsmaí bhaile Castres ar an gconclúid ‘ní le Dom Pérignon a luaimid céadcheapadh an fhíona ghil (súilíneach), sa tréimhse 1668-1695, ba ann dó i bhfad roimh 1591, ós rud é go raibh tagairt déanta cheana féin dó in La Maison Rustique ón tréimhse sin’. Auger Gaillard (1530-1593), file a scríobh sa teanga Langue d’Oc, a raibh dlúthbhaint aige leis an limistéar sin, tugann sé tuairisc ar fhíonta an réigiúin mar a leanas: ‘Lo bi qu’éro picant et sautabo dins lou veyre’ (an fíon atá ag glioscarnach agus a léim sa ghloine). Is é an fíon sin a d’fhág go raibh cáil ar fhíonta súilíneacha an Iardheiscirt ag tús an chéid.

Fágann na focail sin ó Gaillard nach bhfuil aon amhras ann maidir le fíonta súilíneacha a bheith ann san Iardheisceart ó bhí an 16ú céad ann. Thairis sin, ba in Tarn go háirithe a tháinig forbairt ar tháirgeadh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ó thús an 20ú céad, nuair a cruthaíodh an chéad chomharshiléar. Ó cruthaíodh é, forbraíodh táirgeadh fíonta súilíneacha sa siléar sin trí úsáid a bhaint as an ‘méthode gaillacoise traditionnelle’ [modh traidisiúnta Gaillac], ag leanúint dá ghníomhaíocht go dtí 1976.

In 1983, tháinig fíonta súilíneacha Gaillac i gcomharbacht air, a cruthaíodh chun riachtanais táirgeachta 20 táirgeoir a raibh baint acu le táirgeadh fíona shúilínigh a chomhlíonadh. Sa lá atá inniu ann, táirgtear beagnach 90 000 buidéal fíona rosé shúilínigh gach bliain, agus cuireann thart ar 20 táirgeoir leis in Tarn agus i ranna comharsanacha. In Tarn freisin, tar éis bhunú an tsiléir chomhoibrithigh in 1949, tháirg sé fíonta súilíneacha leis an ‘méthode ancestrale’, lena n-áirítear 30 000 buidéal rosé.

Ó Landes go Aveyron, tá beagnach gach roinn i limistéar táirgeachta Comté Tolosan páirteach freisin i dtáirgeadh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán. Is sa tréimhse iarchogaidh go háirithe a d’fhéadfaí táirgeadh fíonta súilíneacha de réir an mhodha thraidisiúnta a fheiceáil i roinn Gers, fíonta geala den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann, táirgeann thart ar 30 táirgeoir sa roinn sin os cionn 500 000 buidéal fíona shúilínigh gach bliain.

In Lot, táirgeadh na chéad fhíonta súilíneacha trí úsáid a bhaint as modh an umair in 1970. Tháirg oibreoirí eile i Lot fíonta súilíneacha freisin, lena n-áirítear, le 20 bliain anuas nó mar sin, úsáid a bhaint as fíonchaora Malbec amháin, cineál stairiúil na roinne sin.

Go dtí seo, tá 50 táirgeoir ar a laghad ar fud limistéar táirgeachta Comté Tolosan ag táirgeadh beagnach 600 000 buidéal fíona shúilínigh san iomlán ar an meán gach bliain. Tá traidisiún fíonta súilíneacha san Iardheisceart, níos mó ná 1 000 bliain d’aois, á choimeád beo acu.

Comhsheasmhach leis an ngrádán aeráide ar léir é sa limistéar, is iad cineálacha fíniúna gile is mó atá ar bhruach clé Garonne agus is cineálacha dearga is mó atá ar bhruach deas Garonne. Dá bhrí sin, tá cliabhán an táirgthe fíona ghil suite i roinn Gers, agus táirgtear formhór na bhfíonta dearga agus na bhfíonta rosé i ranna Haute-Garonne, Tarn-et-Garonne agus Tarn.

Bíonn dath idir corcra agus dath an ghairnéid, de dhéine éagsúil, ar na fíonta dearga páirt-dí-alcólaithe. Ó thaobh bolaidh de agus sa bhéal, is iondúil go mbíonn dea-bholaithe torthaíocha orthu. Fágann an neart alcóil íseal atá iontu go bhfuil siad solúbtha agus éadrom.

Bíonn dath bándearg de dhéine éagsúil ar na fíonta rosé páirt-dí-alcólaithe. Is iondúil go mbíonn dea-bholaithe torthaíocha agus aigéadacha orthu. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh.

Bíonn dath buí de dhéine agus gile éagsúil ar na fíonta geala páirt-dí-alcólaithe. Saintréith dá bpróifíl aramatach is ea dea-bholaithe bláthacha agus/nó torthaíocha. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh.

Bíonn dath buí de dhéine éagsúil ar na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a bhíonn páirt-dí-alcólaithe, i gcás na bhfíonta geala, agus dath bándearg de dhéine éagsúil i gcás na bhfíonta rosé. Bíonn dea-bholaithe torthaíocha orthu a thugann blas taitneamhach úr sa bhéal, mar aon le bolgáin mhíne. Tugann an neart alcóil íseal atá iontu éadroime dóibh.

8.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Léiríonn an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ éagsúlacht agus saibhreas fhíonta an Iardheiscirt, toisc go dtáirgtear é ó éagsúlacht mhór críoch agus cineálacha fíniúna, go príomha: Colombard, Ugni Blanc, Sauvignon Blanc, Chardonnay, Mauzac Blanc, Muscadelle, Len de l’El, Gros Manseng, Petit Manseng agus Sémillon le haghaidh na bhfíonta geala; agus Merlot, Gamay, Tannat, Syrah, Fer Servadou, Duras, Cabernet Sauvignon agus Cabernet Franc, Cot, Pinot Noir agus Négrette le haghaidh na bhfíonta dearga agus na bhfíonta rosé.

Cuirtear na fíniúnacha ar ithreacha dríodair agus gláracha ársa, a chruthaítear den chuid is mó le creimeadh na bPiréiní. Tá na hithreacha sin dea-dhraenáilte a bhuí lena struchtúr nó lena ndeisiúr atá le fána. Tá siad oiriúnach chun fíonta aramatacha dea-struchtúrtha ar saintréithe den TGFC iad a tháirgeadh.

Cuidíonn an aeráid mhuirí mheasartha ar fud an limistéir le fíonchaora geala a ró-aibiú a mbíonn acmhainneacht mhór iontu siúcraí a chomhdhlúthú, rud a chumasaíonn táirgeadh fíonta geala ó fhíonchaora ró-aibí ar a mbíonn dea-bholaithe torthaí aibí. Maolaíonn tionchar an Atlantaigh na teochtaí sa samhradh, rud a ráthaíonn leibhéal áirithe báistí.

Tagann an t-ainm ‘Comté Tolosan’ ó phríomhchathair réigiúnach Toulouse, príomhchathair fíona an Iardheiscirt. Ba é an dara ‘vin de pays’ réigiúnach a aithníodh sa Fhrainc in 1982. Ó tugadh an t-aitheantas sin dó, tá méadú seasta tagtha ar an táirgeadh, ó 15 000 hl in 1990 go 150 000 hl in 2000, agus shroich sé thart ar 220 000 hl in 2008. Is fianaise í an fhorbairt táirgthe sin atá ag fás ar cháil chruthaithe na bhfíonta. Agus aitheantas á thabhairt air ag gairmithe agus ag tomhaltóirí, tá tóir ar cháilíocht ‘Comté Tolosan’. Luaitear roinnt baisceanna d’fhíonta socra geala, d’fhíonta socra dearga agus d’fhíonta socra rosé, agus fíonta geala ó fhíonchaora ró-aibí, i dtreoir Hachette maidir le fíonta (eagráin 2009, 2010 agus 2011), agus buann siad boinn go rialta ag Concours Général Agricole.

Tá na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán den scoth, úrnua agus tá breisluach mór acu bunaithe ar an traidisiún geografach atá ann leis na céadta blianta agus ar shaineolas ceardaíochta fhíonsaothraithe an limistéir sin. Cé go bhfuil sé fairsing, tá an limistéar comhsheasmhach mar sin féin ina shaintréithe a bhaineann leis an ngaoth, leis an mbáisteach agus le huaireanta an chloig gréine (féach thíos). Is saintréith den limistéar iad na dálaí gaoithe, limistéar a bhfuil teorainn aige leis an Aigéan Atlantach san iarthar, na Piréiní ó dheas, an Massif Central ó thuaidh, agus gar do thionchair na Meánmhara san oirthear. Séideann gaoth Autan an limistéir thar an limistéar agus níos faide i gcéin, ó Narbonne chomh fada le Bordeaux, ar feadh 9 lá as a chéile scaití. Aeraíonn sí na fíniúnacha agus na fíonchaora, rud a ligeann do na cealla plandaí ‘análú’ agus bunfhíon a tháirgeadh ag a bhfuil neart alcóil féideartha íseal de réir toirte, beagán aigéadach agus idéalach chun fíonta súilíneacha an limistéir a dhéanamh.

Eascraíonn an bháisteach agus na dálaí solais gréine as tionchair gheografacha an limistéir freisin, ar a dtugtar tuairisc thuas. Fágann siad gur féidir cineálacha fíonchaor áitiúla a fhás, rud a thugann a bhféiniúlacht aramatach do na fíonta súilíneacha a tháirgtear astu. Ar an gcuma chéanna, saothraítear na cineálacha fíniúna deirge Cot (Malbec), Duras, Braucol (Fer Sarvadou), Negrette agus Tannat go háirithe, trí úsáid a bhaint as an gcineál treoraithe fíniúnacha is fearr, mar a dhéantar le cineálacha geala stairiúla an limistéir: Colombard, Gros et Petit Manseng, Loin de l’œil (Len de l’el, sa teanga Langue d’Oc) agus Ugni Blanc. Ar an mbealach sin, coinníonn siad beocht optamach ar bun chun fíonta súilíneacha úra agus go háirithe fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

Leis an meascán comhchuí de na heilimintí sin uile, arna threisiú ag saineolas na bhfíonsaothraithe ar theicnící táirgthe, agus ag roghnú rianúil na gcineálacha síos na mblianta, táirgtear fíonghoirt shláintiúla freisin. I ngach ceann de na fíonghoirt, is féidir buaint luath a dhéanamh, ar fearr iad chun fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéanamh ar a mbíonn dea-bholaithe príomha úll agus ag a mbíonn giosáil a mhaireann tar éis a oscailte.

Tá tipiciúlacht na gcineálacha sin, chomh maith le cáilíocht na bhfíonghort, ina bpríomhthosca freisin ó thaobh dhath álainn fíonta rosé súilíneacha agus fíonta geala súilíneacha Comté Tolosan.

Léiríodh an saineolas maidir le táirgeadh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán le blianta fada i limistéar TGFC freisin ag comhlachtaí a dhéanann speisialtóireacht i dtáirgeadh fíonta súilíneacha trí fhíonta socra a chlaochlú, rud atá mar bhonn le táirgeadh fíona shúilínigh sa TGFC.

Is é an modh traidisiúnta an phríomhtheicníc chun fíon súilíneach a tháirgeadh a úsáidtear i limistéar geografach Comté Tolosan. Tá neart alcóil íseal ag na fíonta toisc go bhfuil neart alcóil féideartha íseal ag an mbuaint réasúnta luath. Fágann sé sin go bhfuil an dá dhath fíona oiriúnach le hól mar ghreadóga nó fiú i manglaim. Dá bhrí sin, tá na fíonta súilíneacha nasctha go dlúth le Comté Tolosan. Le táirgeadh mór agus breisluach ard, déantar iad a onnmhairiú go forleathan lasmuigh den Eoraip, ar fud an domhain. Tá an-mheas ar na fíonta sin freisin i limistéar geografach Comté Tolosan, a bhuí le forbairt mhór na turasóireachta fíona réigiúnaí. Ní fhéadfaí an rath sin a bhaint amach murach an saineolas atá ag fíonsaothraithe ceardaí Iardheisceart na Fraince, ar saineolas é a bailíodh leis na céadta blianta agus atá bunaithe ar theicnící traidisiúnta a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Agus dúshláin shóisialta agus tráchtála os a chomhair, léiríonn TGFC Comté Tolosan a inoiriúnaitheacht chun ionchais athraitheacha na dtomhaltóirí maidir le táirgí nua ar bheagán alcóil a chomhlíonadh, táirgí a bhfuil nasc láidir acu leis an limistéar ina ainneoin sin.

Ar an mbealach sin, cuirfidh fíonta páirt-dí-alcólaithe an TGFC ‘Comté Tolosan’, a bhfuil neart alcóil íosta 6 % acu, le clú na bhfíonta sin trí theacht ar thomhaltóirí nua.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Rialacha maidir le lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an aonaid gheografaigh is leithne ‘Sud-Ouest’ [Iardheisceart] a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’.

Is féidir ainm na n-aonad geografach níos lú seo a leanas a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’, de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht táirge:

‘Bigorre’

‘Coteaux et Terrasses de Montauban’

‘Pyrénées Atlantiques’

‘Tarn et Garonne’

‘Haute-Garonne’

‘Cantal’

I gcás ina n-úsáidtear ainm an aonaid gheografaigh níos lú, ní mór é a bheith ar lipéad an táirge sa réimse radhairc céanna leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’.

Méid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an aonaid gheografaigh níos lú dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4.1 den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair, níor cheart iad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná méid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Comté Tolosan’. Is féidir ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’.

Maidir le fíonta socra, is féidir na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’ a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’.

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta ‘Vin de Pays’ in ionad an téarma ‘Indication géographique protégée’ (Tásc geografach faoi chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Ní mór na focail ‘Fíon páirt-dí-alcólaithe’ nó ‘Fíon súilíneach ar ardchaighdeán atá páirt-dí-alcólaithe’ a bheith ar lipéad fíonta páirt-dí-alcólaithe a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ acu. Ní mór é a bheith sa réimse radhairc céanna leis an TGFC ‘Comté Tolosan’.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéanamh agus a fhorbairt, agus maidir le dí-alcólú fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán atá páirt-dí-alcólaithe, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Comté Tolosan’ acu, cuimsítear na ranna seo a leanas a bhfuil teorainn acu leis an limistéar geografach: Corrèze, Dordogne, Gard, Gironde, Haute-Loire, Hérault, Lozère, Puy-de-Dôme agus Pyrénées-Orientales, chomh maith leis na bardais seo a leanas i roinn Aude:

Aigues-Vives, Airoux, Alaigne, Alairac, Albas, Albières, Alzonne, Aragon, Argeliers, Argens-Minervois, Armissan, Arques, Arquettes-en-Val, Artigues, Arzens, Aunat, Auriac, Axat, Azille, Badens, Bages, Bagnoles, Baraigne, Barbaira, Belcaire, Belcastel-et-Buc, Belflou, Belfort Sur Rebenty, Bellegarde-du-Razès, Belpech, Belvèze-du-Razès, Belvianes-et-Cavirac, Belvis, Berriac, Bessède-de-Sault, Bizanet, Bize-Minervois, Blomac, Bouilhonnac, Bouisse, Bourigeole, Boutenac, Bram, Brenac, Brézilhac, Brousses-et-Villaret, Brugairolles, Bugarach, Cabrespine, Cahuzac, Cailla, Cailhau, Cailhavel, Cambieure, Campagna-de-Sault, Camplong-d’Aude, Camps-sur-l’Agly, Camurac, Canet, Canet, Capendu, Carcassonne, Carlipa, Cascastel-des-Corbières, Castans, Castelnau-d’Aude, Castelnaudary, Caudebronde, Caudeval, Caunes-Minervois, Caunette-sur-Lauquet, Caunettes-en-Val, Caux-et-Sauzens,

Cavanac, Caves, Cazalrenoux, Cazilhac, Cenne-Monestiés, Chalabre, Citou, Clermont-sur-Lauquet, Comigne, Comus, Conilhac-Corbières, Conques-sur-Orbiel, Corbières, Counozouls, Coudons, Couffoulens, Coursan, Courtauly, Coustouge, Cruscades, Cubières-sur-Cinoble, Cucugnan, Cumiès, Cuxac-Cabardès, Cuxac-d’Aude, Davejean, Dernacueillette, Donazac, Douzens, Duilhac-sous-Peyrepertuse, Durban-Corbières, Embres-et-Castelmaure, Escales, Escouloubre, Escueillens-et-Saint-Just-de-Beleng, Espezel, Fabrezan, Fajac-en-Val, Fajac-la-Relenque, Fanjeaux, Félines-Termenès, Fendeille, Fenouillet-du-Razès, Ferrals-les-Corbières, Ferran, Feuilla, Fitou, Fleury, Floure, Fontcouverte, Fontanès-de-Sault, Fonters-du-Razès, Fontiers-Cabardès, Fontiès-d’Aude, Fontjoncouse, Fournes-Cabardès, Fourtou, Fraisse-Cabardès, Fraisse-des-Corbières, Galinagues, Gaja-la-Selve, Generville, Gincla, Ginestas, Ginoles, Gourvieille, Gramazie, Granès, Greffeil, Gruissan, Gueytes-et-Labastide, Homps, Hounoux, Issel, Jonquières, Joucou,

La Bezole, La Cassaigne, La Courtète, La Fajeolle, La Force, La Louvière-Lauragais, La Palme, La Pomarède, La Redorte, La Tourette-Cabardès, Labastide-d'Anjou, Labastide-en-Val, Labastide-Esparbairenque, Labécède-Lauragais, Lacombe, Lafage, Lagrasse, Lairière, Lanet, Laprade, Laroque-de-Fa, Lasbordes, Lasserre-de-Prouille, Lastours, Laurabuc, Laurac, Lauraguel, Laure-Minervois, Lavalette, Les Brunels, Le Bousquet, Le Clat, Les Casses, Les Ilhes, Les Martys, Lespinassière, Leuc, Leucate, Lézignan-Corbières, Lignairolles, Limousis, Luc-sur-Orbieu, Mailhac, Maisons, Malves-en-Minervois, Malviès, Marcorignan, Marquein, Marsa,

Marseillette, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Mas-Saintes-Puelles, Massac, Mayreville, Mayronnes, Mazerolles-du-Razès, Mazuby, Merrial, Mézerville, Miraval-Cabardès, Mirepeisset, Mireval-Lauragais, Missègre, Molandier, Molleville, Montauriol, Montbrun-des-Corbières, Montclar, Montferrand, Montfort-sur-Boulsane, Montgaillard, Montgradail, Monthaut, Montirat, Montjardin, Montjoi, Montlaur, Montmaur, Montolieu, Montréal, Montredon-des-Corbières, Montséret, Monze, Moussan, Moussoulens, Mouthoumet, Moux, Narbonne, Nébias, Névian, Niort-de- Sault, Ornaisons, Orsans, Ouveillan, Padern, Palairac, Palaja,

Paraza, Payra-sur-l’Hers, Paziols, Pech-Luna, Pécharic-et-le-Py, Pennautier, Pépieux, Pexiora, Peyrefitte-du-Razès, Peyrefitte-sur-l’Hers, Peyrens, Peyriac-de-Mer, Peyriac-Minervois, Pezens, Plaigne, Plavilla, Pomy, Port-la-Nouvelle, Portel-des-Corbières, Pouzols-Minervois, Pradelles-Cabardes, Pradelles-en-Val, Preixan, Puginier, Puichéric, Puylaurens, Puivert, Quillan, Quintillan, Quirbajou, Raissac-d'Aude, Raissac-sur-Lampy, Rennes-le-Château, Rennes-les-Bains, Ribaute, Ribouisse, Ricaud, Rieux-en-Val, Rieux-Minervois, Rivel, Rodome, Roquecourbe-Minervois, Roquefere, Roquefeuil, Roquefort-des-Corbières, Roquefort-de-Sault, Roubia, Rouffiac-des-Corbières, Roullens, Routier, Rouvenac, Rustiques, Saint-Amans, Saint-André-de-Roquelongue, Saint-Benoît, Sainte-Colombe-sur-Guette, Saint-Couat-d'Aude, Saint-Denis, Saint-Ferriol, Saint-Frichoux, Saint-Gauderic, Saint-Jean-de-Barrou, Saint-Jean-de-Paracol, Saint-Julia-de-Bec, Saint-Julien-de-Briola, Saint-Just-et-le-Bezu, Saint-Laurent-de-la-Cabrerisse, Saint-Louis-et-Parahou, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-de-Villereglan, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Martin-Lalande, Saint-Martin-le-Vieil, Saint-Martin-Lys,

Saint-Michel-de-Lanes, Saint-Nazaire-d’Aude, Saint-Papoul, Saint-Paulet, Saint-Pierre-des-Champs, Saint-Sernin, Sainte-Camelle, Sainte-Colombe-sur-l'Hers, Sainte-Eulalie, Sainte-Valière, Saissac, Sallèles-Cabardès, Sallèles-d’Aude, Salles-d'Aude, Salles-sur-l’Hers, Salsigne, Salvezine, Salza, Seignalens, Serviès-en-Val, Sigean, Sonnac-sur-l’Hers, Sougraigne, Souilhanels, Souilhe, Soulatge, Soupex, Talairan, Taurize, Termes, Terroles, Thézan-des-Corbières, Tournissan, Tourouzelle, Trassanel, Trausse, Trèbes, Treilles, Tréville, Tréziers, Tuchan, Valmigère, Ventenac-Cabardès, Ventenac-en-Minervois, Véraza, Verdun-en-Lauragais, Verzeille, Vignevieille, Villalier, Villanière, Villar-en-Val, Villardebelle, Villardonnel, Villarzel-Cabardès, Villarzel-du-Razès, Villasavary, Villautou, Villedaigne, Villedubert, Villefloure, Villefort, Villegailhenc, Villegly, Villemagne, Villemoustaussou, Villeneuve-la-Comptal, Villeneuve-les-Corbières, Villeneuve-les-Montréal, Villeneuve-Minervois, Villepinte, Villerouge-Termenès, Villesèque-des-Corbières, Villesèquelande, Villesiscle, Villespy, Villetritouls, Vinassan.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-ef38f177-859a-4c0f-9934-a8457cd7ca83


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5513/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)