|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5511 |
13.10.2025 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Treoraíocht maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme
(C/2025/5511)
ÁBHAR
|
I. |
Réamhrá | 3 |
|
II. |
Údaráis a bhunú agus a ainmniú | 3 |
|
a. |
Údaráis atá bainteach le forghníomhú an Phlean Aeráide Shóisialta | 4 |
|
1. |
Údaráis ar cuireadh cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta ar a n iontaoibh | 4 |
|
2. |
Údarás/Údaráis atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarratais ar íocaíocht a shíniú | 5 |
|
3. |
Comhlacht/comhlachtaí atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chórais agus oibríochtaí | 5 |
|
b. |
Comhlachtaí comhlántacha | 6 |
|
4. |
Comhlacht atá freagrach as ullmhú agus faireachán an Phlean Aeráide Shóisialta a chomhordú | 6 |
|
c. |
Ainmniú arna dhéanamh ag na Ballstáit | 6 |
|
d. |
Obair iniúchóireachta atá le déanamh go náisiúnta mura gcumhdaítear na húdaráis le hAirteagal 11(3) de Rialachán CAS nó le STA | 7 |
|
e. |
Glacadh an Choimisiúin le hainmniú na n údarás | 8 |
|
III. |
Cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta a ullmhú | 8 |
|
a. |
Coiste comhordúcháin náisiúnta a chur ar bun | 8 |
|
b. |
Rannpháirtíocht na n údarás réigiúnach/áitiúil, na gcomhpháirtithe sóisialta agus pháirtithe leasmhara na sochaí sibhialta | 9 |
|
IV. |
Faireachán ar chur chun feidhme | 9 |
|
a. |
Comhtháscairí | 10 |
|
b. |
Comhtháscairí a úsáidtear mar gharspriocanna agus mar spriocanna | 11 |
|
c. |
Tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme | 11 |
|
V. |
Gealltanais an leithdháilte airgeadais | 12 |
|
a. |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún in éineacht leis an gCinneadh Maoiniúcháin Ilbhliantúil | 13 |
|
b. |
Gealltanas dlíthiúil | 13 |
|
c. |
Gealltanais bhuiséadacha aonair | 13 |
|
d. |
Saoradh agus leithreasuithe atá fágtha | 14 |
|
VI. |
Iarratais ar íocaíocht | 14 |
|
a. |
Na hiarratais ar íocaíocht a chur isteach | 14 |
|
b. |
Dearbhú bainistíochta | 15 |
|
c. |
Achoimre ar iniúchtaí | 15 |
|
VII. |
Measúnú agus próiseáil an Choimisiúin ar iarratais ar íocaíocht | 16 |
|
a. |
Sainmhíniú ex ante ar luachanna íocaíochta amach | 16 |
|
b. |
Measúnú dearfach agus íocaíocht | 16 |
|
c. |
Garsprioc nó sprioc a bhaint amach go sásúil | 16 |
|
d. |
Measúnú diúltach ar gharspriocanna agus spriocanna, íocaíochtaí a chur ar fionraí | 17 |
|
e. |
Diall ó na costais a measadh i dtosach | 17 |
|
f. |
Íocaíochtaí pro rata i gcás acmhainní teoranta | 17 |
|
g. |
Tearcfheidhmíocht thromchúiseach agus foirceannadh an chomhaontaithe | 18 |
|
VIII. |
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint | 18 |
|
a. |
Córais bhainistithe agus rialaithe | 18 |
|
b. |
Calaois a chosc | 19 |
|
c. |
Coinbhleacht leasa | 19 |
| Iarmhairtí an neamhchomhlíonta | 20 |
|
d. |
Cistiú dúbailte a chosc agus comhlántacht le hionstraimí cistiúcháin eile | 20 |
| An chéim dheartha | 21 |
| Céim cur chun feidhme | 21 |
| Ról an Choimisiúin | 21 |
|
e. |
Comhlíonadh rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair | 21 |
|
f. |
Comhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí | 23 |
|
IX. |
Córas digiteach, bailiú, agus stóráil sonraí maidir le faighteoirí deiridh an leithdháilte airgeadais | 24 |
|
a. |
Córas digiteach aonair chun faisnéis ábhartha a chlárú maidir le cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí | 24 |
|
b. |
Córas um malartú sonraí leictreonacha a úsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún | 25 |
|
c. |
Sonraí maidir le faighteoirí deiridh a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil | 26 |
|
X. |
Dearbhú, iniúchadh agus rialú | 26 |
|
a. |
Measúnú ar chórais bhainistithe agus rialaithe | 27 |
|
XI. |
Laghdú ar thacaíocht airgeadais agus aisghabhálacha | 28 |
|
XII. |
Meastóireacht ar an gCiste Aeráide Sóisialta agus measúnú ar oiriúnacht na bPleananna Aeráide Sóisialta | 29 |
|
a. |
Meastóireacht ar an gCiste Aeráide Sóisialta | 29 |
|
b. |
Measúnú ar oiriúnacht na bPleananna Aeráide Sóisialta | 30 |
|
c. |
Inbhuanaitheacht na n infheistíochtaí | 30 |
|
XIII. |
Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht | 30 |
|
a. |
Infheictheacht agus faisnéis d’fhaighteoirí deiridh | 30 |
|
b. |
Foilsiú sonraí maidir le faighteoirí deiridh agus bearta agus infheistíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste Aeráide Sóisialta | 32 |
|
c. |
Straitéis chumarsáide maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta | 32 |
|
d. |
Gníomhaíochtaí cumarsáide cothrománacha ar an leibhéal Eorpach | 33 |
I. Réamhrá
Is é is cuspóir don Chiste Aeráide Sóisialta (CAS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (Rialachán CAS) rannchuidiú le haistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo na haeráidneodrachta.
Tá sé beartaithe go sonrach leis an gCiste Aeráide Sóisialta dul i ngleic leis na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar ar bóthar a áireamh faoi Threoir 2003/87/CE (2) (Treoir CTA). Leis an gcóras trádála astaíochtaí nua (CTA2) a cruthaíodh le Caibidil IVa den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí cumhdaítear earnálacha na bhfoirgneamh, an iompair ar bóthar agus an tionscail bhig nach raibh cumhdaithe le córas trádála astaíochtaí an Aontais a bhí ann cheana. Soláthraítear leis an gCiste Aeráide Sóisialta tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun cuidiú le teaghlaigh leochaileacha, úsáideoirí iompair leochaileacha agus micrifhiontair leochaileacha dá ndéantar difear ar leith mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh iontaise agus ar chostais iompair de thoradh chur chun feidhme CTA2.
Is é is cuspóir don fhógra treoraíochta seo cuidiú leis na Ballstáit a bPleananna Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán CAS. Comhlánaítear leis an fógra treoraíochta maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta (3) agus an fógra ón gCoimisiún lena soláthraítear treoraíocht theicniúil maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (4) agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis a chur i bhfeidhm (5).
Ní thagann an fógra treoraíochta seo roimh fhorálacha dlíthiúla a bheidh ann amach anseo i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027. Déanfar athbhreithniú ar an treoraíocht seo – i gcás inar gá – chun ailíniú le haon fhoráil dhlíthiúil a bheidh ann amach anseo, is infheidhme faoi CAI tar éis 2027, lena n-áirítear athruithe féideartha ar an modh cur chun feidhme, agus chun a áirithiú go leanfar de na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme go héifeachtach.
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus Aithris 17 de Rialachán CAS, ba cheart do gach Ballstát a Phlean Aeráide Sóisialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2025.
Faoin gCiste Aeráide Sóisialta, leithdháilfear EUR 65 bhilliún le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2032. Le ranníocaíocht éigeantach ó na Ballstáit ar fiú 25 % ar a laghad de chostais fhoriomlána mheasta a bPleananna Aeráide Sóisialta í, is é EUR 86,7 billiún ar a laghad a bheidh sa Chiste Aeráide Sóisialta. Tá an Ciste Aeráide Sóisialta le tosú an 1 Eanáir 2026, 1 bhliain amháin ar a laghad sula dtiocfaidh CTA2 i bhfeidhm go hiomlán agus 2 bhliain roimh thús CAI nua in 2028. Cuideoidh an tús luath sin le tabhairt isteach rianúil CTA2.
Ba é an 30 Meitheamh 2024 an sprioc-am trasuí le haghaidh Threoir (AE) 2023/959 lena mbunaítear CTA2 (6). Faoi Airteagal 16(3)(a)(i) de Rialachán CAS, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht an Phlean Aeráide Shóisialta, agus é á chur san áireamh cé acu a fhreagraíonn nó nach bhfreagraíonn sé go leormhaith do na tionchair shóisialta agus do na dúshláin shóisialta atá roimh theaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair leochaileacha ó CTA2. Dá bhrí sin, is é an toradh a bhíonn ar neamh-thrasuí CTA2 nach bhfuil an Plean Aeráide Sóisialta in ann an ceanglas ábharthachta agus cuspóir ginearálta an Chiste Aeráide Shóisialta a chomhlíonadh.
Má chuireann Ballstát a Phlean Aeráide Sóisialta isteach go foirmiúil ach mura bhfuil Treoir (AE) 2023/959 lena mbunaítear CTA2 trasuite aige, ní bheidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an bPlean Aeráide Sóisialta a cuireadh isteach. Sa chás sin, go háirithe i gcás nár leag an Ballstát síos na hoibleagáidí dlíthiúla ar na heintitis rialáilte ina chríoch féin chun lamháltais CTA2 atá coibhéiseach lena n-astaíochtaí fíoraithe a thabhairt suas, measfar go bhfuil an Plean Aeráide Sóisialta neamhábhartha toisc nach féidir aon tionchar sóisialta, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 16(3)(a)(i) de Rialachán CAS, a léiriú. Sa chás sin, eiseoidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme ina mbeidh measúnú diúltach ar an bPlean Aeráide Sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán CAS.
II. Údaráis a bhunú agus a ainmniú
I gcomhréir le hAirteagail 11(3) agus 21(1) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS, ní mór do gach Ballstát córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach agus éifeachtúil a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin na húdaráis agus na comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach as na gnéithe éagsúla de chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta agus as iniúchadh a dhéanamh ar chórais agus ar oibríochtaí a bhaineann le Pleananna Aeráide Sóisialta.
Chun cur leis an taithí atá acu cheana agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, féadfaidh na Ballstáit – faoi réir a gcreataí dlíthiúla agus rialála agus dheimhniú an Choimisiúin – údarás aonair a ainmniú chun na feidhmeanna a liostaítear i ranna a) agus b) thíos a dhéanamh; ullmhú agus faireachán an Phlean Aeráide Shóisialta a chomhordú, an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme, an dearbhú bainistíochta a shíniú agus na hiarratais ar íocaíocht chuig an gCoimisiún a ullmhú. Mar shampla, féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta na gclár beartais comhtháthaithe nó na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus ar oibríochtaí ar bhealach lena n-áiritheofar a neamhspleáchas feidhmiúil.
a. Údaráis atá bainteach le forghníomhú an Phlean Aeráide Shóisialta
Sainítear go sonrach i Rialachán CAS agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na feidhmeanna seo a leanas de chuid na n-údarás a bhfuil baint acu le cur i gcrích an Phlean Aeráide Shóisialta. Ní mór na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:
1. Údaráis ar cuireadh cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta ar a n-iontaoibh
|
— |
Na bearta agus/nó na hinfheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna Aeráide Sóisialta a bhainistiú chun a gcuspóirí a bhaint amach agus na freagrachtaí agus feidhmeanna gaolmhara a shannadh. |
|
— |
A áirithiú go bhfuil córais láidre i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus béim ar leith á leagan ar chalaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a thuairisciú agus a cheartú, agus comhlíonadh na rialacha is infheidhme a áirithiú, go háirithe rialacha maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí. Áirítear leis sin aon neamhrialtacht a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go pras. |
|
— |
Bearta frith-chalaoise agus nósanna imeachta frith-chalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a leagan síos, atá saincheaptha do na rioscaí a shainaithnítear i straitéis frith-chalaoise. |
|
— |
Fíoruithe bainistíochta a dhéanamh chun a sheiceáil, trí athbhreithnithe deisce agus seiceálacha ar an láthair, go bhfuil garspriocanna agus spriocanna an Chiste Aeráide Shóisialta á mbaint amach agus nach bhfuil aon neamhréireacht thromchúiseach ann, is iad sin calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa, nó cistiú dúbailte. |
|
— |
Deimhniú agus fianaise a sholáthar don Choimisiún go bhfuil spriocanna agus garspriocanna á mbaint amach iarbhír agus dul i mbun idirphlé leis an gCoimisiún maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme. |
|
— |
A áirithiú go bhfaighidh faighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais na méideanna atá dlite, faoi réir cistiú a bheith ar fáil. |
|
— |
Sonraí agus gach faisnéis fhíor-riachtanach eile a bhailiú agus a stóráil go slán, i gcomhréir le hAirteagal 21(2)(d) de Rialachán CAS, lena n-áirítear torthaí iniúchóireachta agus rialaithe agus na bearta leantacha a dhéantar ina leith, chun rian iniúchóireachta láidir a áirithiú. |
|
— |
Sonraí a bhailiú agus a stóráil go slán maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí, chomh maith lena ngarspriocanna agus a spriocanna, i gcomhréir le hAirteagal 21(2)(d)(iv) de Rialachán CAS. |
|
— |
Sonraí a bhailiú maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta agus maidir le comhtháscairí i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán CAS chun faireachán éifeachtach a áirithiú. |
|
— |
Na gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán CAS, lena n-áirítear sonraí maidir le faighteoirí deiridh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair, mura gcuirtear an cúram sin ar iontaoibh údarás náisiúnta comhordúcháin. |
Is féidir leis na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta a bheith ina n-údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ag brath ar na creataí náisiúnta dlíthiúla agus rialála atá i bhfeidhm agus ar an gcineál beart agus infheistíochta a áirítear sa Phlean Aeráide Sóisialta. Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a sannfar freagrachtaí idir na húdaráis, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cur chun feidhme éifeachtach an Phlean Aeráide Shóisialta a áirithiú ionas go dtairbheodh teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair leochaileacha de na bearta agus na hinfheistíochtaí.
Má chuirtear de chúram ar na húdaráis réigiúnacha an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme, beidh na cineálacha céanna freagrachtaí orthu agus atá ar na húdaráis náisiúnta.
2. Údarás/Údaráis atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarratais ar íocaíocht a shíniú
Déanfaidh an t-údarás/na húdaráis atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarratais ar íocaíocht a shíniú na feidhmeanna a liostaítear thíos a chomhlíonadh.
|
— |
A áirithiú go gcuirfear bearta éifeachtacha agus comhréireacha chun feidhme chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh. |
|
— |
Obair na n-údarás cur chun feidhme a chomhdhlúthú agus formhaoirseacht a dhéanamh uirthi chun comhsheasmhacht agus cáilíocht an Phlean Aeráide Shóisialta a áirithiú. |
|
— |
Dearbhú a thabhairt don Choimisiún go gcomhlíonann cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta na caighdeáin, na rialacha agus na rialacháin is infheidhme. |
|
— |
A dheimhniú nach n-áirítear in iarratais ar íocaíocht ach garspriocanna agus spriocanna atá curtha i gcrích, lena n-áirithítear cruinneas, iontaofacht agus barántúlacht sonraí. Áirítear leis sin taifid leictreonacha a choinneáil ar bun ar na gnéithe fíoraithe uile i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta. |
|
— |
A fhíorú gur tugadh aghaidh go hiomchuí ar neamhrialtachtaí a sainaithníodh sna tuarascálacha deiridh iniúchóireachta agus rialaithe a bhaineann le hiarratais ar íocaíocht agus gur ceartaíodh iad ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh lena mbaineann. |
D’eisigh an Coimisiún ráiteas an 18 Aibreán 2023 (7) maidir leis an gcomhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS. Cuirtear i dtábhacht go láidir sa ráiteas sin gur féidir neamhéifeachtúlachtaí agus caolú freagrachtaí a bheith mar thoradh ar níos mó ná údarás amháin a cheapadh chun dearbhuithe bainistíochta a ghabhann leis na hiarratais ar íocaíocht a shíniú agus go bhféadfaí mearbhall a chruthú maidir le róil na n-údarás.
3. Comhlacht/comhlachtaí atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chórais agus oibríochtaí
Beidh an comhlacht/na comhlachtaí a dhéanann iniúchadh ar na córais agus ar na hoibríochtaí freagrach as na cúraimí a shonraítear thíos.
|
— |
Iniúchtaí córais a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe, agus iniúchtaí ar oibríochtaí chun dearbhú réasúnach a thabhairt don Choimisiún gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear in iarratais ar íocaíocht. |
|
— |
Feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe agus próiseas ainmnithe na n-údarás a fhíorú i gcomhréir leis na príomhcheanglais a leagtar amach i Rialachán CAS agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis. |
|
— |
A áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcuid oibre ar na gnéithe ábhartha uile chun a ráthú go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais, trí dhearbhú a fháil go bhfuil córais i bhfeidhm chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a thuairisciú agus a cheartú, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an mhargaidh aonair (rialacha maidir le soláthar poiblí agus rialacha maidir leis an Státchabhair). |
|
— |
Gach gníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta. |
|
— |
Achoimre a sholáthar ar iniúchtaí a rinneadh agus ar bhearta a cuireadh chun feidhme, maidir le gach iarratas ar íocaíocht, chun leasanna an Aontais a chosaint, ag díriú ar an méid seo a leanas:
|
Ní mór don údarás iniúchóireachta a bheith ina údarás poiblí, cé go bhféadfar cúraimí sonracha iniúchóireachta a tharmligean nó a sheachfhoinsiú chuig comhlachtaí poiblí nó príobháideacha faoina mhaoirseacht agus faoina fhreagracht.
b. Comhlachtaí comhlántacha
Mar a shonraítear sa Treoraíocht maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta, agus aird á tabhairt ar chineál ilearnála an Chiste Aeráide Shóisialta, moltar do na Ballstáit comhlacht comhordúcháin náisiúnta a chur ar bun le haghaidh an Phlean Aeráide Shóisialta.
1. Comhlacht atá freagrach as ullmhú agus faireachán an Phlean Aeráide Shóisialta a chomhordú
Leagtar síos in Airteagal 6(3) de Rialachán CAS nach mór do na Pleananna Aeráide Sóisialta a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear i gcláir agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus leis na gealltanais arna ndéanamh ag na Ballstáit sna cláir agus sa reachtaíocht sin. Chuige sin, moltar do na Ballstáit comhlacht tiomnaithe a chur ar bun a áiritheoidh comhordú foriomlán ar fud na réimsí éagsúla.
Is féidir leis an gcomhlacht comhordúcháin náisiúnta na feidhmeanna a liostaítear thíos a dhéanamh:
|
— |
a áirithiú go bhfuil an Plean Aeráide Sóisialta ailínithe le tionscnaimh bheartais náisiúnta eile; |
|
— |
comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú idir an Plean Aeráide Sóisialta agus an plean gníomhaíochta um cholún Eorpach na gceart sóisialta, cláir an bheartais comhtháthaithe, an plean téarnaimh agus athléimneachta (PTA), an plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) agus an plean um aistriú cóir; |
|
— |
comhordú leis na húdaráis atá freagrach as gníomhaíochtaí a phleanáil agus a chur i gcrích go héifeachtach agus leis an údarás/na húdaráis atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a shíniú chun obair leantach a dhéanamh ar iarratais ar íocaíocht go héifeachtach; |
|
— |
idirghabháil a dhéanamh idir na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme chun saincheisteanna cur chun feidhme a réiteach; |
|
— |
gníomhú mar theagmhálaí amháin do ranna an Choimisiúin, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do chomhlachtaí nó d’institiúidí ábhartha eile de chuid an Aontais; |
|
— |
formhaoirseacht a dhéanamh ar fhaireachán tréimhsiúil, tuairisciú (i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán CAS), agus meastóireachtaí, de réir mar is gá; |
|
— |
cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide a áirithiú chun feasacht a mhúscailt maidir le tacaíocht an Aontais agus faisnéis a scaipeadh maidir le gníomhaíochtaí a baineadh amach faoin bPlean Aeráide Sóisialta; |
|
— |
maoirseacht a dhéanamh ar fhoilsiú sonraí maidir le faighteoirí deiridh (agus maidir le conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcás inar údarás conarthach é an faighteoir deiridh) chun trédhearcacht a choinneáil ar bun. |
Gan beann ar an údarás nó ar na húdaráis a dhéanann na feidhmeanna bainistíochta sin, ní mór deighilt éifeachtach idir iad agus an comhlacht a bhfuil feidhmeanna iniúchóireachta acu a áirithiú ionas gur féidir iniúchtaí leormhaithe agus neamhspleácha a dhéanamh ar chórais agus ar oibríochtaí.
c. Ainmniú arna dhéanamh ag na Ballstáit
Ní mór an t-údarás/na húdaráis a luaitear faoi phointe (a) den roinn seo a ainmniú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS agus leis an gcreat náisiúnta. Ní mór ainmniú an chomhlachta comhordúcháin faoi phointe (b) a dhéanamh i gcomhréir leis an gcreat náisiúnta; níl feidhm ag an nós imeachta ainmniúcháin faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS.
I gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán CAS, má chinneann Ballstát ról an údaráis ar cuireadh cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta ar a iontaoibh a shannadh d’údarás bainistíochta na gclár beartais comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (Rialachán na bhForálacha Coitianta – RFC), measfaidh an Coimisiún go bhfuil na córais bhainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm cheana i gcomhréir le ceanglais Rialachán CAS.
Tá feidhm ag an bhforáil sin maidir le húdaráis ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó eile.
Ag tógáil ar na sineirgí a sholáthraítear leis an bhforáil sin agus ar chineál na gcúraimí a dhéanann cineálacha eile údarás faoi chláir an bheartais comhtháthaithe agus faoi STA, d’fhéadfadh an Coimisiún nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm i roinnt cásanna eile, mar a shonraítear thíos.
Údaráis faoi RFC:
|
i. |
Sanntar ról an údaráis atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis an iarratas ar íocaíocht faoi Rialachán CAS a shíniú d’údarás bainistíochta faoi RFC. |
|
ii. |
Sanntar ról an údaráis a chuireann an Plean Aeráide Sóisialta chun feidhme faoi Rialachán CAS do chomhlacht idirmheánach faoi RFC, ar choinníoll gur tarmligeadh an comhlacht idirmheánach chun cúraimí ábhartha uile an údaráis bainistíochta maidir le cláir an bheartais comhtháthaithe a chomhlíonadh. |
|
iii. |
Sanntar ról an chomhlachta a dhéanann na hiniúchtaí faoi Rialachán CAS d’údarás iniúchóireachta faoi RFC. |
Údaráis faoi STA:
Mar gheall ar na cosúlachtaí leis na struchtúir agus na nósanna imeachta bainistithe agus rialaithe a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach chun STA a bhainistiú, d’fhéadfaí struchtúir STA a úsáid freisin (má tá siad éagsúil leis na húdaráis a chuireann cláir an bheartais comhtháthaithe chun feidhme) chun gníomhaíochtaí faoi na Pleananna Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme go díreach. Sna cásanna sin, na córais bhainistithe agus rialaithe atá ann cheana arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán CAS.
Ní mór do gach Ballstát liosta na n-údarás atá freagrach as cúraimí an Chiste Aeráide Shóisialta a chur in iúl go foirmiúil don Choimisiún, agus a Phlean Aeráide Sóisialta á chur isteach aige nó níos déanaí ná sin, roimh ainmniú na n-údarás, agus é á áirithiú go ndearnadh na gnéithe seo a leanas a sheiceáil agus a dheimhniú:
|
(a) |
tá an sainordú dlíthiúil ag na húdaráis ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(b) |
tá na hacmhainní agus an acmhainneacht is gá ag na húdaráis le haghaidh na gcúraimí breise atá le déanamh faoin gCiste Aeráide Sóisialta; |
|
(c) |
ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar cur chun feidhme chistí eile an Aontais atá faoi fhreagracht údaráis an Chiste Aeráide Shóisialta a ainmníodh le gairid a chur i mbaol de thoradh chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta; agus |
|
(d) |
ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar ceanglais Iarscríbhinn III is infheidhme a ghabhann le Rialachán CAS. |
Murab iad na húdaráis ainmnithe údaráis bhainistíochta na gclár beartais comhtháthaithe a luaitear in Airteagal 11(3) de Rialachán CAS, nó STA, aithneoidh an Coimisiún oiriúnacht an údaráis chun an ról arna shannadh ag an mBallstát a chomhlíonadh ar bhonn cás ar chás, mar a thuairiscítear i bpointe II.d den Treoraíocht seo.
In aon chás, aon údarás a bhfuil baint aige le cur chun feidhme chistí bheartas comhtháthaithe an Aontais agus/nó STA a bhfuil easnaimh mhóra aige arna ndeimhniú ag an gCoimisiún, ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nó ag aon chomhlacht iniúchóireachta náisiúnta eile, ní mór é a eisiamh ón bpróiseas ainmniúcháin simplithe a luaitear thuas.
d. Obair iniúchóireachta atá le déanamh go náisiúnta mura gcumhdaítear na húdaráis le hAirteagal 11(3) de Rialachán CAS nó le STA
Aon eintiteas atá freagrach as an bPlean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus/nó an dearbhú bainistíochta a shíniú faoin gCiste Aeráide Sóisialta nach raibh baint aige roimhe sin le cláir an bheartais comhtháthaithe ná le STA (mar a thuairiscítear thuas), ba cheart é a chur faoi réir iniúchadh ag an údarás iniúchóireachta. Leis an iniúchadh sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na húdaráis na critéir maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS, sula gcuirfear an próiseas ainmniúcháin i gcrích. Ní mór iniúchadh a dhéanamh freisin ar aon eintiteas a bhfuil easnaimh mhóra dheimhnithe aige (9) maidir le cur chun feidhme cistí comhtháthaithe nó STA agus a gcinneann an Ballstát é a ainmniú fós.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an measúnú ar chomhlíonadh na bpríomhcheanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS do cé acu atá nó nach bhfuil dearadh an chórais bainistithe agus rialaithe iomchuí. Ciallaíonn sé sin, chun go nglacfaidh an Coimisiún le hainmniú údaráis, go n-éilíonn sé tuairim maidir le cur ar bun na gcóras. Ag an gcéim seo, áfach, ní éilíonn sé tuairim maidir le héifeachtacht phraiticiúil an chórais bainistithe agus rialaithe. Tugtar mionsonraí breise ar raon feidhme agus cuspóirí an iniúchta seo i Roinn X den treoraíocht seo.
Mura féidir ráthaíocht leordhóthanach a fháil sula nglacfar an Plean Aeráide Sóisialta, ba cheart garsprioc a áireamh sa Phlean Aeráide Sóisialta atá le comhlíonadh sula ndéanfar aon íocaíocht, lena n-éilítear tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe ón údarás iniúchóireachta maidir leis na heintitis sin. Mura molann an Ballstát garsprioc den sórt sin sa Phlean Aeráide Sóisialta, iarrfaidh an Coimisiún garsprioc den sórt sin nuair a dhéanfaidh sé measúnú ar an bPlean Aeráide Sóisialta, mar a leagtar síos in Airteagal 17(3)(c) de Rialachán CAS.
e. Glacadh an Choimisiúin le hainmniú na n-údarás
Glacfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, leis an bpróiseas ainmniúcháin a chumhdaítear faoi phointe (a) den roinn seo gan obair bhreise maidir le rialú, nuair atá dearbhú á thabhairt cheana féin ag an údarás iniúchóireachta ainmnithe faoi chláir an bheartais comhtháthaithe nó faoi STA.
Eintiteas nua nach bhfuil taithí aige roimhe sin ar chistí comhtháthaithe ná ar STA a iniúchadh, má chinneann an Ballstát é a ainmniú mar an t-údarás iniúchóireachta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar bhunú an údaráis iniúchóireachta ainmnithe agus, b’fhéidir, ar bhunú comhlachtaí eile atá freagrach as seachadadh an Phlean Aeráide Shóisialta. Fíoróidh an Coimisiún comhlíontacht le Rialachán CAS agus le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a luaithe is féidir agus, b’fhéidir, mar chuid den mheasúnú ar an bPlean Aeráide Sóisialta nó díreach tar éis a ghlactha fhoirmiúil.
Le hAirteagal 17(3)(c) de Rialachán CAS ceanglaítear ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar aon laige sna córais rialaithe inmheánaigh roimh an gcéad íocaíocht. Mura féidir ráthaíocht leordhóthanach a fháil sula nglacfar í, ba cheart beart breise (garsprioc) a áireamh sa Phlean Aeráide Sóisialta lena n-éilítear measúnú dearfach an Choimisiúin ar na húdaráis iniúchóireachta sin nach bhfuil aon taithí acu roimh ré ar chistí comhtháthaithe agus/nó ar STA a iniúchadh. Mura molann an Ballstát garsprioc den sórt sin sa Phlean Aeráide Sóisialta, iarrfaidh an Coimisiún ceann amháin nuair a dhéanfaidh sé measúnú ar an bPlean Aeráide Sóisialta (Airteagal 17(3)(c) de Rialachán CAS). Ní mór an gharsprioc sin a bhaint amach roimh an gcéad íocaíocht.
III. Cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta a ullmhú
a. Coiste comhordúcháin náisiúnta a chur ar bun
Leagtar amach in Airteagal 21(1) de Rialachán CAS an gá chun córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú. Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS ainmniú na n-údarás agus na nósanna imeachta lena n-áiritheofar go bhfaighidh na húdaráis sin dearbhú.
Chun rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara a éascú, moltar do na Ballstáit ardán a chur ar fáil chun comhordú náisiúnta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta, ionas go n-eagrófar an t-idirphlé le páirtithe leasmhara ar bhealach a thabharfaidh soiléireacht maidir le huainiú, maidir leis an gcaoi ar féidir le páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh san idirphlé, agus maidir le comhordú ar an leibhéal náisiúnta. Trí ardán den sórt sin a chur ar bun, éascófar obair an chomhlachta atá freagrach as ullmhú agus faireachán an Phlean Aeráide Shóisialta náisiúnta a chomhordú.
D’fhéadfaí coiste comhordúcháin náisiúnta a chur ar bun, a chuimseodh na struchtúir a chuir an Ballstát i bhfeidhm chun a Phlean Aeráide Sóisialta a bhainistiú, a chomhordú agus a chur chun feidhme agus chun é a phlé leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Chomh maith le tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Phlean Aeráide Shóisialta, d’áiritheodh an coiste comhordúcháin sin go gcuirfí an Plean Aeráide Sóisialta chun feidhme i gcomhréir le straitéisí náisiúnta eile agus le cláir chistiúcháin de chuid an Aontais agus le beartais an Aontais.
D’fhéadfadh coiste comhordúcháin náisiúnta na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh, i measc cúraimí eile:
|
— |
faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach; |
|
— |
aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus ar dhúshláin shonracha a dhéanann difear d’fheidhmíocht beart agus infheistíochtaí; |
|
— |
measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an Phlean Aeráide Shóisialta le dul i ngleic leis na dúshláin a sainaithníodh in PNFA an Bhallstáit nó in ionstraimí agus cláir eile a bhfuil tionchar acu ar an gCiste Aeráide Sóisialta; |
|
— |
faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le meastóireachtaí a dhéanamh; |
|
— |
faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le tuairisciú ar thorthaí, ar aschur agus ar tháscairí comhthéacs, maidir le meastóireachtaí agus sintéisí meastóireachtaí a dhéanamh, agus maidir le hobair leantach a dhéanamh ar thorthaí; |
|
— |
a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta agus go ndéanfar dul chun cinn maidir le hacmhainneacht riaracháin na n-institiúidí poiblí a fhorbairt; |
|
— |
faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na dtairbhithe, rannpháirtíocht éifeachtach na bpríomhpháirtithe leasmhara a áirithiú, agus prionsabal na comhpháirtíochta a chothú. |
D’fhéadfadh coiste den sórt sin seisiún tuairimíochta a chur chun cinn freisin maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun garspriocanna agus spriocanna a athbhreithniú, agus maidir leis an tuairisciú débhliantúil ar chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta nó ar aon athrú ar an bPlean Aeráide Sóisialta. Ar deireadh, d’fhéadfadh sé tograí a chur ar aghaidh chuig údaráis cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta, go háirithe maidir le bealaí a bhféadfaí rómhaorlathas a laghdú do na faighteoirí deiridh agus feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí.
Ba cheart an coiste comhordúcháin náisiúnta a chur in oiriúint do riachtanais shonracha, do chreataí institiúideacha agus do struchtúir rialachais gach Ballstáit. Maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh coiste den sórt sin éifeachtach chun tacú le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta agus chun na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, bheadh sé sin ag brath ar thosca amhail leibhéal rannpháirtíochta na bpáirtithe leasmhara, éifeachtúlacht na bpróiseas riaracháin agus a inoiriúnaitheacht.
Moltar go láidir do na Ballstáit ionadaithe ó aireachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus ón gCoimisiún a áireamh ina gcoiste comhordúcháin náisiúnta.
Moltar go nglacfadh gach coiste comhordúcháin náisiúnta rialacha sonracha nós imeachta, lena n-áirítear forálacha maidir le haon choinbhleacht leasa a chosc agus maidir le prionsabal na trédhearcachta a chur i bhfeidhm. Leis na rialacha nós imeachta sin rialófar próiseas cinnteoireachta gach coiste náisiúnta i gcomhréir leis an gcreat náisiúnta ábhartha. Ba cheart don choiste teacht le chéile uair sa bhliain ar a laghad, agus cruinnithe ad hoc a eagrú nuair atá saincheisteanna ábhartha ann a dhéanann difear do dhul chun cinn an Phlean Aeráide Shóisialta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.
b. Rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach/áitiúil, na gcomhpháirtithe sóisialta agus pháirtithe leasmhara na sochaí sibhialta
Chun cur chun feidhme éifeachtach an Phlean Aeráide Shóisialta agus faireachán comhsheasmhach a áirithiú, moltar go láidir do na Ballstáit páirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara éagsúla, go háirithe páirtithe leasmhara réigiúnacha agus áitiúla, i rith an phróisis cur chun feidhme.
Trí ról a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do pháirtithe leasmhara ábhartha le linn chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta, (i) áiritheofar úinéireacht ar chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta agus tiomantas ina leith; (ii) cuideofar lena áirithiú go ndíreofar na bearta agus na hinfheistíochtaí ar theaghlaigh leochaileacha agus ar mhicrifhiontair leochaileacha ar cheart dóibh tairbhiú den Phlean Aeráide Sóisialta ar deireadh; agus (iii) léireofar go gcuirfear roinnt mhaith infheistíochtaí CAS chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (athchóirithe fuinnimh, iompar poiblí etc.).
Chomh maith le páirtithe leasmhara réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe earnála, agus eintitis eile ar féidir leo raon tuairimí atá leathan a dhóthain a áirithiú agus faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar an bpróiseas seachadta, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach i rith chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta.
IV. Faireachán ar chur chun feidhme
Leagtar amach an creat chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta in Airteagal 24 de Rialachán CAS. Luaitear ann nach mór do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme a bPleananna Aeráide Sóisialta ar bhonn débhliantúil (gach 2 bhliain), mar aon leis an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir lena PNFAnna comhtháite. Ní mór do na Ballstáit na comhtháscairí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS a áireamh ina dtuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta agus an dul chun cinn i dtreo a chuspóirí a bhaint amach a thomhas. Ar an iomlán, ba cheart an faireachán ar chur chun feidhme a bheith spriocdhírithe, agus ba cheart ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh an chistithe ón gCiste Aeráide Sóisialta. Úsáidfidh an Coimisiún na comhtháscairí chun críoch tuairiscithe agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste Aeráide Sóisialta.
Tá faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta agus tuairisciú soiléir trédhearcach ríthábhachtach chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i leith páirtithe leasmhara agus an phobail agus chun cumarsáid a dhéanamh maidir leis an dul chun cinn agus na torthaí a bhaintear amach. Le tuairisciú den sórt sin ar leibhéal comhiomlán an Chiste Aeráide Shóisialta, éilítear sonraí comhsheasmhacha agus inchomparáide, bunaithe ar shocruithe láidre faireacháin agus bailithe sonraí. Is féidir leis an bhfaireachán cuidiú freisin chun scrogaill cur chun feidhme a réamh-mheas agus tacú le gníomhaíochtaí maolaitheacha a fhorbairt, nó ar an taobh eile, cuidiú chun dea-chleachtais a shainaithint. Le faireachán éifeachtach, is féidir dul chun cinn foriomlán an Chiste Aeráide Shóisialta i dtreo a spriocanna a bhaint amach a thomhas freisin agus bonn fianaise a sholáthar le haghaidh meastóireachtaí níos déanaí ar an gCiste Aeráide Sóisialta (féach Roinn VII). Cuirtear an dá phríomh-chomhpháirt de chreat faireacháin an Chiste Aeráide Shóisialta i láthair i dTábla 1 thíos.
Tábla 1
Príomh-chomhpháirteanna de chreat faireacháin an Chiste Aeráide Shóisialta
|
|
Garspriocanna agus spriocanna |
Comhtháscairí |
|
Iarratas ar íocaíocht |
Soláthraíonn na Ballstáit nuashonruithe (suas le dhá uair sa bhliain) ar na garspriocanna agus na spriocanna a baineadh amach, lena n-áirítear na cinn sin a shainítear le comhtháscairí, a úsáidfidh an Coimisiún chun cur leis an gcóras faireacháin. |
|
|
Tuairisciú débhliantúil |
Tuairiscíonn na Ballstáit go débhliantúil ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta, i.e. a ngarspriocanna agus a spriocanna uile. |
Ina dtuarascáil dhébhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta, tuairiscíonn na Ballstáit freisin ar na comhtháscairí comhthéacs uile agus ar dhul chun cinn a baineadh amach i dtreo comhtháscairí ábhartha aschuir agus toraidh. |
a. Comhtháscairí
I gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán CAS, ba cheart do na Ballstáit na comhtháscairí ábhartha ó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS a áireamh ina dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn. Tá 39 dtáscaire comhthéacs, aschuir agus toraidh san iomlán sa liosta a sholáthraítear san Iarscríbhinn sin lena gcumhdaítear príomh-chomhpháirteanna idirghabháil an Chiste Aeráide Shóisialta (earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair ar bóthar, micrifhiontair, agus tacaíocht ioncaim dhíreach). Is féidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí sna Pleananna Aeráide Sóisialta rannchuidiú le roinnt comhtháscairí a bhaint amach go comhuaineach.
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoraíocht seo na comhtháscairí aschuir agus toraidh a mheastar a bheith ábhartha do na cineálacha beart agus infheistíochtaí is coitianta a d’fhéadfaí a áireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta agus atá le húsáid le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe na bPleananna Aeráide Sóisialta. Tá coinne leis go dtuairisceoidh na Ballstáit ar na comhtháscairí ábhartha i gcás ina bhfuil bearta agus infheistíochtaí molta acu sa Phlean Aeráide Sóisialta a thagann faoi réim na gcatagóirí faoi Airteagal 8(1) de Rialachán CAS. Cuirtear in iúl go soiléir freisin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS, i gcás nach bhfuil aon bheart ná infheistíocht i bPlean Aeráide Sóisialta a rannchuidíonn le cuid de na táscairí, go bhféadfaidh na Ballstáit na comhtháscairí sin a léiriú mar chomhtháscairí neamh-infheidhme.
Meastar go bhfuil gach táscaire comhthéacs i ngach comhpháirt infheidhme mar réamhshocrú, toisc go soláthraíonn siad faisnéis maidir leis an staid reatha sna hearnálacha éagsúla (i.e. luach bonnlíne) agus ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur i láthair ina bPlean Aeráide Sóisialta i gcomhréir le Rialachán CAS (10).
Úsáidfidh an Coimisiún na comhtháscairí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste Aeráide Sóisialta agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach (féach freisin Roinn VII den treoraíocht seo).
b. Comhtháscairí a úsáidtear mar gharspriocanna agus mar spriocanna
Ba cheart faireachán a dhéanamh le garspriocanna agus spriocanna ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta. Ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna a dhearadh chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhaint amach chuspóirí gach comhpháirte sa Phlean Aeráide Sóisialta. Ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna a bheith soiléir, gonta, réalaíoch, ábhartha, intomhaiste, sonrach don ghníomhaíocht a dtacaítear léi agus láidir (11), agus táscaire ábhartha ag gabháil leo. Ba cheart bonnlíne shoiléir agus modheolaíocht bhunúsach fhónta a bheith ag spriocanna.
I gcomhréir leis an Treoraíocht maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta, moltar go láidir do na Ballstáit liosta na gcomhtháscairí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS a úsáid agus a spriocanna á ndréachtú acu. Trí na comhtháscairí a úsáid chun na spriocanna a shocrú, áirithítear comhsheasmhacht agus inchomparáideacht na sonraí faireacháin ar fud na mBallstát agus ar leibhéal an Chiste. Dá bhrí sin, má rannchuidíonn sprioc le ceann de na táscairí a liostaítear faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS, ba cheart an comhtháscaire sin a úsáid mar phríomhrogha chun an Plean Aeráide Sóisialta a ullmhú (agus ní mór é a shainaithint go soiléir sa tábla ina bhfuil garspriocanna agus spriocanna nuair a chuirtear isteach an Plean Aeráide Sóisialta).
Chun na Pleananna Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme go héifeachtach, tá coinne leis go sloinnfear an chuid is mó de spriocanna lárphointe agus deiridh na n-infheistíochtaí i dtáscairí aschuir. Mura féidir sprioc a fhoirmliú trí úsáid a bhaint as aon cheann de na táscairí in Iarscríbhinn IV, is féidir leis na Ballstáit táscairí breise a úsáid, agus tosaíocht á tabhairt do na táscairí sin a úsáideadh faoi chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail cláir beartais comhtháthaithe nó STA. Ba cheart na dea-chleachtais a mhínítear sa Treoraíocht maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta a leanúint, lena n-áirítear maidir le haon athrú ar na Pleananna Aeráide Sóisialta.
Is réamhriachtanas é garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach chun iarratais ar íocaíocht faoin gCiste Aeráide Sóisialta a chur isteach. I gcomhréir le cineál feidhmíochtbhunaithe an Chiste Aeráide Shóisialta, is príomhphointe i gcur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta é iarratais ar íocaíocht a chur isteach, i gcás ina soláthraíonn na Ballstáit nuashonruithe maidir le baint amach a ngarspriocanna agus a spriocanna, agus maidir le comhtháscairí, i gcás inar úsáideadh iad sin chun na spriocanna a shocrú (féach thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise).
Leis an bpróiseas tráthrialta sin, soláthraítear an fhaisnéis is déanaí maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air. Ní mór an fhaisnéis sin a chomhlánú le tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhóidh na Ballstáit gach 2 bhliain i dtaca le dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta.
c. Tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme
Tá an tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme ina phríomh-chomhpháirt de chreat faireacháin an Chiste Aeráide Shóisialta. Faoi Airteagal 24 de Rialachán CAS, ní mór an tuairisciú sin a dhéanamh in éineacht leis an tuairisciú ar dhul chun cinn maidir leis na PNFAnna, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (an Rialachán Rialachais). Leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme a PNFAnna faoin 15 Márta 2023, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I bhfianaise an naisc a cruthaíodh le Rialachán CAS idir an tuairisciú ar dhul chun cinn maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta agus na PNFAnna, tá coinne leis go mbeidh an chéad tuarascáil dhébhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta ann faoin 15 Márta 2027. Cumhdaítear leis an tréimhse thuairiscithe an tréimhse ó thús na mbeart agus na n-infheistíochtaí incháilithe (i.e. ó mhí an Mheithimh 2024 ar aghaidh). Déanfar an tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta trí úsáid a bhaint as uirlis TF SFC2021.
Chun léargas cuimsitheach a sholáthar ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit nuashonruithe ar fáil maidir le dul chun cinn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile sa Phlean Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin ar cuireadh moill orthu, nár baineadh amach go fóill nó nach ndearnadh measúnú orthu go fóill.
Ba cheart do na Ballstáit a dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn a fhoilsiú, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir leis an tuarascáil ar dhul chun cinn PNFA, chun trédhearcacht a fheabhsú.
Soláthróidh an Coimisiún tásca níos mionsonraithe agus teimpléad le haghaidh na dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn an Phlean Aeráide Shóisialta, chun an próiseas a éascú, chun cur chuige comhchuibhithe maidir le tuairisciú a áirithiú, agus chun an tuairisciú a chuíchóiriú le tuairisciú comhtháite PNFA. Eiseoidh an Coimisiún nóta modheolaíochta maidir leis na comhtháscairí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS, chun comhthuiscint ar na sainmhínithe ar tháscairí a áirithiú agus chun a áirithiú go mbeidh na sonraí atá le bailiú láidir agus iontaofa. Beidh an mhodheolaíocht sin ag brath – a mhéid is féidir – ar na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán CAS agus i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais (13) agus ar shainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ar an gcaoi a gcuireann siad na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an míniú a sholáthraítear ina bPleananna Aeráide Sóisialta (14). I gcás ina bhfuil táscairí cosúil leis na táscairí a úsáidtear le haghaidh beartais eile de chuid an Aontais (e.g. mar a thrasuitear leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh iad) nó le haghaidh cláir chistiúcháin, ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht chomhchosúil a úsáid chun sonraí gaolmhara a bhailiú agus a thuairisciú.
Is ceisteanna tábhachtacha iad an comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách chun faireachán a dhéanamh ar an gCiste Aeráide Sóisialta. Mar a cuireadh i dtábhacht in aithris 24 de Rialachán CAS, ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách a phríomhshruthú agus a chur chun cinn le linn na Pleananna Aeráide Sóisialta a ullmhú agus a chur chun feidhme lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. A mhéid is féidir, moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, na sonraí a thuairiscítear ina dtuarascálacha débhliantúla agus ina bPleananna Aeráide Sóisialta a dhí-chomhiomlánú de réir inscne, aoise agus stádas míchumais (go háirithe le haghaidh sonraí a thuairiscítear faoi na comhtháscairí maidir le teaghlaigh, úsáideoirí iompair agus micrifhiontair leochaileacha) (15). Moltar do na Ballstáit freisin, a mhéid is féidir agus is ábhartha, míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann siad na sainiúlachtaí geografacha san áireamh ina bPlean Aeráide Sóisialta, amhail oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, forimill nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl.
Ina bPleananna Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a áirithiú go ndéanfar faireachán ar a bPleananna Aeráide Sóisialta agus go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad, agus iad ag díriú ar na socruithe agus ar an tráthchlár faireacháin agus cur chun feidhme (féach Iarscríbhinn V, pointe 4.1, a ghabhann le Rialachán CAS). Ba cheart a áireamh leis sin freisin na socruithe chun na sonraí ábhartha a bhailiú. Mar chuid den mheasúnú ar an bPlean Aeráide Sóisialta foriomlán, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a áiritheofar nó nach n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe gur féidir an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air go héifeachtach (16). Déanfaidh an comhlacht a chomhordaíonn ullmhú agus faireachán an Phlean Aeráide Shóisialta (féach Roinn II den treoraíocht seo) maoirseacht ar chur chun feidhme, faireachán agus tuairisciú an Phlean Aeráide Shóisialta, i measc feidhmeanna eile. In éagmais comhlacht comhordúcháin náisiúnta, ba cheart na cúraimí sin a shannadh do chomhlacht/comhlachtaí cur chun feidhme.
Beidh idirphlé tráthrialta ag an gCoimisiún le hionadaithe na mBallstát, b’fhéidir trí mheitheal theicniúil thiomnaithe, chun aon saincheist agus dea-chleachtais a bhaineann le gníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta an Chiste Aeráide Shóisialta a phlé.
V. Gealltanais an leithdháilte airgeadais
Maoineofar an Ciste Aeráide Sóisialta go heisceachtúil agus go sealadach leis an ioncam a ghintear ó 50 milliún lamháltas a chur ar ceant faoi Airteagal 10a(8b) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, 150 milliún lamháltas faoi Airteagal 30d(3) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí agus méid lamháltas breise faoi Airteagal 30d(4) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, ar cheart dó a bheith ina ioncam sannta seachtrach.
Ós rud é go bhfuil an t-ioncam sannta seachtrach le cur ar fáil tar éis lamháltais a chur ar ceant faoi Airteagail 10a(8b), 30d(3) agus 30d(4) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, déantar foráil le hAirteagal 10(2) de Rialachán CAS maidir le maolú ar Airteagal 22(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (an Rialachán Airgeadais). Faoin maolú sin, is féidir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil go huathoibríoch ag tús gach bliana airgeadais, ag tosú ón 1 Eanáir 2026. Dá bhrí sin, beifear in ann méideanna an leithdháilte bhliantúil do gach Ballstát a ghealladh gach bliain i gcomhréir le Rialachán CAS.
a. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún in éineacht leis an gCinneadh Maoiniúcháin Ilbhliantúil
Déanann an Coimisiún cinneadh maidir le Plean Aeráide Sóisialta Ballstáit trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán CAS. I gcás measúnú dearfach, áireofar sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún na gnéithe a cheanglaítear faoi Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais agus beidh sé ina chinneadh maoiniúcháin de réir bhrí an Airteagail sin, ionas ‘go nglacfaidh institiúid an Aontais nó an t-údarás ar tharmlig institiúid an Aontais cumhachtaí chuige cinneadh maoiniúcháin roimh ghealltanas buiséadach’.
Chun an Ciste Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme, is cinneadh ilbhliantúil a bheidh sa chinneadh maoiniúcháin le haghaidh gach Ballstáit agus cumhdóidh sé an tréimhse 2026-2032, agus léireofar an méid seo a leanas ann freisin:
|
— |
an Ballstát a shainítear mar an tairbhí; |
|
— |
na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme; |
|
— |
costais mheasta iomlána an Phlean Aeráide Shóisialta agus liosta na ngarspriocanna agus na spriocanna; |
|
— |
fad iomlán na gníomhaíochta; |
|
— |
an t-uasmhéid den leithdháileadh airgeadais iomlán agus na leithdháiltí bliantúla comhfhreagracha don Bhallstát faoin gCiste atá le híoc i dtráthchodanna; |
|
— |
luachanna íocaíochta amach le haghaidh garspriocanna agus spriocanna aonair; |
|
— |
an ranníocaíocht náisiúnta; |
|
— |
socruithe agus tráthchlár le haghaidh faireacháin agus cur chun feidhme; |
|
— |
na táscairí ábhartha maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe a bhaint amach agus a luach íocaíochta amach faoi seach nuair a bhaintear amach iad; |
|
— |
na socruithe don Choimisiún chun rochtain a sholáthar ar na bunsonraí ábhartha; |
|
— |
an líne bhuiséid. |
Áireofar sa chinneadh maoiniúcháin iarscríbhinn ina mbeidh leithdháiltí bliantúla an Bhallstáit (bunaithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoraíocht maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta agus Airteagal 17(3) de Rialachán CAS á chur san áireamh). Tabharfar fógra foirmiúil do gach Ballstát faoi na leithdháiltí sin lena n-úsáid mar thagairt don phróiseas cur chun feidhme airgeadais agus mar bhonn do na hidirbhearta airgeadais.
Glacfar an Cinneadh seo gan dochar do na forálacha ábhartha faoi CAI lena gcumhdaítear an tréimhse a thosóidh in 2028.
b. Gealltanas dlíthiúil
I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán CAS, tar éis don Choimisiún cinneadh dearfach a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán CAS, tabharfaidh sé comhaontú déthaobhach i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann. Áireofar sa chomhaontú sin (i) mionsonraí maidir le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta shonraigh, go háirithe na hoibleagáidí faireacháin sonracha, (ii) na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le rialú, (iii) ceartuithe airgeadais, agus (iv) aon ghné eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme éifeachtach thacaíocht an Aontais.
Beidh an comhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích ina ghealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais le haghaidh na tréimhse 2026-2032, gan dochar d’Airteagail 30d(4), 30i agus 30k den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí.
c. Gealltanais bhuiséadacha aonair
Chun críche gealltanas buiséadach, ba cheart uasmhéid foriomlán na leithreasuithe atá le heisíoc le haghaidh Plean Aeráide Sóisialta sonrach, mar a leagtar síos sna Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán CAS, a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla (Airteagal 19(2) de Rialachán CAS).
Is i dtráthchodanna bliantúla a dhéanfar gealltanais bhuiséadacha aonair in aghaidh an Bhallstáit. Beidh siad bunaithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena n-eisítear measúnú dearfach ar an bPlean Aeráide Sóisialta, a ghníomhaíonn mar chinneadh maoiniúcháin ilbhliantúil don Bhallstát ábhartha.
Mar a leagtar amach in Airteagal 17(3)(a) de Rialachán CAS, má tá costas measta iomlán an Bhallstáit ar an bPlean Aeráide Sóisialta lúide an ranníocaíocht náisiúnta cothrom leis an leithdháileadh uasta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoraíocht an Choimisiúin maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta, nó má tá sé níos mó ná an méid sin, beidh na gealltanais bhuiséadacha aonair a shocraítear go bliantúil coibhéiseach leis na méideanna a léirítear in aghaidh na bliana san Iarscríbhinn sin.
Má fhormheastar Plean Aeráide Sóisialta Ballstáit le leithdháileadh airgeadais uasta atá níos ísle ná an leithdháileadh a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoraíocht an Choimisiúin maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta, mar a leagtar síos in Airteagal 17(3)(b) de Rialachán CAS, déanfar na gealltanais bhuiséadacha aonair a shocraítear go bliantúil a laghdú go comhréireach agus ranníocaíocht iomlán an Chiste Aeráide Shóisialta sa Chinneadh ón gCoimisiún faoi Airteagal 17(1) de Rialachán CAS á cur san áireamh.
Mura n-úsáideann Ballstát a leithdháileadh iomlán i mbliain ar leith, tabharfar méid an ghealltanais bhliantúil nár úsáideadh anonn go dtí na blianta atá le teacht go dtí deireadh na tréimhse cistiúcháin.
I ngach cás, mar a cheanglaítear le hAirteagal 15 de Rialachán CAS, ní mór 25 % ar a laghad de chostas iomlán measta gach Plean Aeráide Shóisialta teacht ó ranníocaíocht ón mBallstát ábhartha.
d. Saoradh agus leithreasuithe atá fágtha
Déanfar saoradh féideartha an leithdháilte airgeadais nár úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 20(10) de Rialachán CAS ag deireadh na tréimhse incháilithe agus tar éis gach íocaíocht a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2033.
Mura bhfuil aon dul chun cinn inláimhsithe déanta i dtreo aon gharsprioc agus sprioc ábhartha a bhaint amach, laistigh de 15 mhí ó thabhairt i gcrích an ghealltanais dhlíthiúil aonair, cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú in iúl don Bhallstát agus beidh 2 mhí ag an mBallstát le barúlacha a thabhairt, sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis an ngealltanas dlíthiúil aonair a fhoirceannadh agus an méid a shaoradh (Airteagal 20(7) de Rialachán CAS).
De mhaolú ar Airteagal 12(4)(c) den Rialachán Airgeadais, agus gan dochar d’Airteagal 30d(4), an séú fomhír, den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, ba cheart don Choimisiún na méideanna a chomhfhreagraíonn d’aon leithreasuithe nár úsáideadh faoin 31 Nollaig 2033 a leithdháileadh ar na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha maidir le leithdháileadh lamháltas a leagtar amach faoi Airteagal 30d(5) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán CAS a bhaint amach.
VI. Iarratais ar íocaíocht
a. Na hiarratais ar íocaíocht a chur isteach
Ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha, ní mór do na Ballstáit iarratas cuí-réasúnaithe ar íocaíocht a chur isteach, suas le dhá uair sa bhliain (faoin 31 Iúil agus faoin 31 Nollaig). Ní mór a liostú san iarratas sin ar íocaíocht na garspriocanna agus na spriocanna uile a mheasann na Ballstáit a bheith bainte amach go sásúil, mar a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán CAS. Ba cheart an réasúnú agus an fhianaise ábhartha a bhaineann le gach garsprioc agus sprioc a baineadh amach a bheith ag gabháil leis an iarratas ar íocaíocht, i gcomhréir leis an gcomhaontú déthaobhach dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán CAS. Tuigfear agus deimhneofar, le cur isteach gach tacair de gharspriocanna agus spriocanna a baineadh amach ina dhiaidh sin, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach go sásúil roimhe sin.
Ba cheart iarratais ar íocaíocht a chur isteach tríd an modúl tiomnaithe i gcóras SFC2021 an Choimisiúin. Ní mór na doiciméid tacaíochta uile lena soláthraítear fianaise ar bhaint amach rathúil na spriocanna agus na ngarspriocanna gaolmhara a chur isteach freisin trí SFC2021 mar chuid lárnach den iarratas ar íocaíocht. Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart obair theicniúil a dhéanamh chun a fhíorú gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna.
Soláthrófar admháil leictreonach fála don Bhallstát tríd an gcóras in am trátha. Beidh údaráis na mBallstát in ann iarratais ar íocaíocht a cheartú nó a tharraingt siar tríd an gcóras sin más gá, agus sula nglacfaidh an Coimisiún na Cinntí Cur Chun Feidhme a shonraítear in Airteagail 20(3) agus 20(4) de Rialachán CAS.
Mura measann Ballstát gur baineadh amach garsprioc nó sprioc shonrach atá dlite do dháta sonrach, nó má shainaithin sé saincheisteanna cur chun feidhme a bhaineann léi (e.g. obair iniúchóireachta nó obair maidir le rialú atá ar feitheamh, easpa fianaise leormhaith nó ar aon chúis eile), féadfaidh sé staonadh óna háireamh in iarratas ar íocaíocht agus eisíocaíocht a éileamh fós le haghaidh na ngarspriocanna agus na spriocanna atá fágtha atá dlite don dáta céanna agus a mheastar a bheith bainte amach go hiomlán. Sula gcuirfidh na Ballstáit iarratas ar íocaíocht isteach, moltar dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún go neamhfhoirmiúil chun a áirithiú go bhfuil an comhad ullmhaithe i gceart.
Chun forálacha Airteagal 20(1) de Rialachán CAS a chomhlíonadh, níor cheart do Bhallstát spriocanna aonair a baineadh amach go páirteach a chur isteach (e.g. 8 as 10 ngné gheallta lena bhfuil coinne do dháta sonrach). Níor cheart ach garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach go hiomlán a áireamh in iarratais ar íocaíocht. Ba cheart leanúint de spriocanna nó garspriocanna nár baineadh amach nó nár baineadh amach ach go páirteach faoin dáta sonrach agus ba cheart iad a áireamh sna chéad iarratais eile ar íocaíocht nuair a bhainfear amach go sásúil iad.
b. Dearbhú bainistíochta
I gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán CAS agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis, ní mór do na Ballstáit dearbhú bainistíochta sínithe a chur le gach iarratas ar íocaíocht.
Deimhnítear leis an dearbhú bainistíochta sin gur úsáideadh na leithdháiltí airgeadais chun na críche a bhí beartaithe dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach leis an iarratas ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa, agus go dtugann na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh i bhfeidhm na dearbhuithe is gá go ndearnadh na leithdháiltí airgeadais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.
Ba cheart an méid seo a leanas a bheith sa dearbhú bainistíochta:
|
(i) |
dearbhú gur cuireadh an fhaisnéis san iarratas ar íocaíocht i láthair i gceart, go bhfuil sí iomlán agus cruinn; |
|
(ii) |
dearbhú gur úsáideadh na cistí chun na críche a bhí beartaithe dóibh, mar a leagtar amach sa chomhaontú a tugadh i gcrích faoi Airteagal 19 de Rialachán CAS; |
|
(iii) |
dearbhú go dtugann na córais rialaithe a cuireadh i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach, i.e. baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna lena mbaineann a léiriú; |
|
(iv) |
dearbhú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go bhfeidhmíonn na córais rialaithe atá i bhfeidhm i gceart agus go dtugann siad na dearbhuithe is gá go ndeonaítear an tacaíocht i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair agus soláthar, i gcás inarb infheidhme. Go sonrach, ba cheart a áirithiú leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go seachnófar cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais; |
|
(v) |
dearbhú nár aisiompaíodh garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach roimhe sin ó dheimhnigh an Coimisiún gur baineadh amach iad; |
|
(vi) |
deimhniú go ndearnadh neamhrialtachtaí a sainaithníodh i ndáil le cur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta a cheartú go hiomchuí agus gur aisghabhadh méideanna ábhartha ó fhaighteoirí. |
Cuirtear teimpléad don dearbhú bainistíochta sin i láthair in Iarscríbhinn II.
c. Achoimre ar iniúchtaí
Ba cheart do na Ballstáit achoimre a sholáthar freisin, le gach iarratas ar íocaíocht, ar na hiniúchtaí arna ndéanamh ag na húdaráis rialaithe i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
Is féidir leis an tréimhse a chumhdaítear nó raon feidhme na n-iniúchtaí a chumhdaítear leis an achoimre ar na hiniúchtaí a bheith éagsúil leis an tréimhse nó leis an raon feidhme a chumhdaítear leis na spriocanna agus na garspriocanna a baineadh amach. Mar sin féin, chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, moltar do na Ballstáit obair iniúchóireachta choisctheach a dhéanamh (e.g. iniúchtaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras faoina gcuirtear an Ciste Aeráide Sóisialta chun feidhme chun aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a thabhairt chun solais go luath i gcur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta) sula gcuirfear iarratais ar íocaíocht faoi bhráid an Choimisiúin. Mura ndéantar an obair iniúchóireachta choisctheach luath sin, beidh oibleagáid ann obair den sórt sin a dhéanamh in am trátha agus na torthaí a chur isteach sna hiarratais ar íocaíocht ina dhiaidh sin.
Ní mór a áireamh san achoimre, i measc nithe eile, raon feidhme na n-iniúchtaí (i.e. na bearta agus na hinfheistíochtaí a chumhdaítear, agus an tréimhse ama a chumhdaítear), anailís ar na laigí a sainaithníodh, agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh. Féadfar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh nó aon fhaisnéis ábhartha bhreise a áireamh freisin mar iarscríbhinní a ghabhann leis an achoimre, mar fhaisnéis don Choimisiún.
VII. Measúnú agus próiseáil an Choimisiúin ar iarratais ar íocaíocht
Faoin gCiste Aeráide Sóisialta feidhmíochtbhunaithe, níl eisíocaíochtaí nasctha le costais iarbhír nó mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta. Ina ionad sin, tá méid gach eisíocaíochta nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna arna meas ag an gCoimisiún a bheith comhlíonta go sásúil.
a. Sainmhíniú ex ante ar luachanna íocaíochta amach
Socrófar an luach íocaíochta amach le haghaidh gach garsprice agus sprice ex ante sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (Airteagal 17 de Rialachán CAS). Tagraíonn an téarma ‘luach íocaíochta amach’ don luach eisíocaíochta airgeadaíochta, atá nasctha le garsprioc nó sprioc aonair a áirítear sa Phlean Aeráide Sóisialta a chomhlíonadh go sásúil, a íocfaidh an Coimisiún leis an mBallstát ar mheasúnú dearfach ón gCoimisiún gur comhlíonadh an gharsprioc nó an sprioc ábhartha go sásúil.
Agus luach íocaíochta amach gach garsprice agus sprice á chinneadh, breithneoidh an Coimisiún, le linn phróiseas measúnaithe an Phlean Aeráide Shóisialta, tábhacht an bhirt nó na hinfheistíochta lena bhfuil siad nasctha agus a rannchuidiú leis na critéir in Airteagal 16(3) de Rialachán CAS.
Cinnfear luach íocaíochta amach garsprice nó sprice atá nasctha le gníomhaíocht chostáilte ar bhonn mheastachán costais ex ante na gníomhaíochta ábhartha. I bprionsabal, aon bheart saor ó chostas, beidh sé nasctha, go díreach nó go hindíreach, le gníomhaíocht chostáilte amháin nó níos mó lena ngabhann costais mheasta sa Phlean Aeráide Sóisialta. Nuair atá sé nasctha go díreach le gníomhaíocht amháin nó níos mó, socrófar an luach íocaíochta amach le haghaidh na ngarspriocanna nó na spriocanna faoi na bearta sin mar sciar den mhéid atá beartaithe don infheistíocht nasctha. I gcás ina bhfuil beart nasctha go hindíreach le roinnt gníomhaíochtaí, saineofar an luach íocaíochta amach le haghaidh na ngarspriocanna nó na spriocanna ábhartha mar chéatadán de na méideanna foriomlána atá beartaithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin. I gcásanna eisceachtúla, is féidir luach íocaíochta amach an bhirt saor ó chostas a shainiú mar chéatadán den phlean iomlán.
b. Measúnú dearfach agus íocaíocht
Mar a leagtar síos in Airteagal 20(3) de Rialachán CAS, nuair a chinnfidh an Coimisiún go ndearnadh na garspriocanna agus na spriocanna tuairiscithe uile a áirítear in iarratas ar íocaíocht a bhaint amach, glacfaidh sé cinneadh aonair lena n-údarófar eisíocaíocht na tráthchoda sonraí mar chuid den leithdháileadh airgeadais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
Ní mór an cinneadh eisíocaíochta aonair ón gCoimisiún a ghlacadh tráth nach luaithe ná 2 mhí agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an sprioc-ama ábhartha chun an t-iarratas ar íocaíocht a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán CAS.
I gcomhréir le hAirteagal 20(5) de Rialachán CAS, tosaíonn an sprioc-am chun an tráthchuid a íoc ón dáta a chuirtear in iúl an cinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear eisíocaíocht na tráthchoda leis an mBallstát. Tá íocaíocht an mhéid incháilithe faoi réir cistiú ón gCoimisiún a bheith ar fáil agus méideanna leordhóthanacha a bheith ar fáil sna gealltanais bhuiséadacha aonair don Bhallstát ábhartha. Mura féidir íocaíocht a chur chun feidhme mar gheall ar easpa cistiúcháin nó gealltanais bhuiséadacha neamh-leordhóthanacha a bheith ar fáil, atosófar í nuair a bheidh an cistiú sin ar fáil nó nuair a bheidh na gealltanais nua déanta, agus sula bpróiseálfar aon iarratas nua ar íocaíocht.
Déanfar íocaíochtaí le gach Ballstát suas go dtí teorainn a ghealltanas buiséadach aonair bliantúil, a shocraítear roimh ré.
c. Garsprioc nó sprioc a bhaint amach go sásúil
Ba cheart a mheas go bhfuil garsprioc nó sprioc comhlíonta go sásúil má baineadh amach an toradh atá beartaithe di, agus cuspóirí na garsprice nó na sprice a áirítear sa Phlean Aeráide Sóisialta formheasta, a tuairisc, a cuspóir foluiteach agus comhthéacs an bhirt nó na hinfheistíochta gaolmhaire á gcur san áireamh.
Sa tuairisc ar an mbeart nó ar an infheistíocht lena mbaineann an gharsprioc nó an sprioc, chomh maith le haon roinn ábhartha eile den Phlean Aeráide Sóisialta, soláthraítear an comhthéacs agus an cuspóir foluiteach a úsáidtear chun an gharsprioc nó an sprioc a léirmhíniú. Leis an measúnú ar an ngarsprioc nó ar an sprioc ba cheart loighic chuspóiriúil a leanúint agus ba cheart díriú ar cé acu a bhaintear nó nach mbaintear toradh beartaithe na garsprice nó na sprice amach, seachas ar chomhlíonadh na gceanglas aonair uile a leagtar amach i ngach garsprioc nó sprioc ar bhealach carnach.
d. Measúnú diúltach ar gharspriocanna agus spriocanna, íocaíochtaí a chur ar fionraí
Mar a leagtar síos in Airteagal 20(4) de Rialachán CAS, más rud é, mar thoradh ar a mheasúnú, go suíonn an Coimisiún nár baineadh amach go sásúil aon gharsprioc nó sprioc a chuir Ballstát isteach ina iarratas ar íocaíocht, léireoidh sé go bhfuil sé ar intinn aige íocaíocht na coda den leithdháileadh airgeadais atá comhréireach leis an méid a leithdháiltear ar an gcuid den sprioc nó den gharsprioc nár baineadh amach a chur ar fionraí. Maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a mheastar nár baineadh amach iad, tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé an deis dó a bharúlacha a chur i láthair laistigh de 1 mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a chur in iúl.
Tar éis na tréimhse sin, glacfaidh an Coimisiún na cinntí ábhartha lena n-údarófar eisíocaíocht tráthchoda atá coibhéiseach le luachanna íocaíochta amach faoi seach na spriocanna agus na ngarspriocanna a mheastar a bheith bainte amach agus lena gcuirfear an eisíocaíocht le haghaidh na spriocanna agus na ngarspriocanna nár baineadh amach fós ar fionraí.
Tá suas le 9 mí ag an mBallstát ón dáta a thugtar fógra dó faoin gcinneadh maidir le fionraí chun na garspriocanna agus na spriocanna a cuireadh ar fionraí a bhaint amach. Más rud é, ag deireadh na 9 mí sin, nach bhfuil an gharsprioc agus na spriocanna ábhartha bainte amach fós, cuirfidh an Coimisiún a thorthaí maidir lena neamhchomhlíonadh in iúl don Bhallstát. Féadfaidh an Ballstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de 2 mhí tar éis an méid sin a chur in iúl.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt don Bhallstát, nár baineadh amach an gharsprioc ná an sprioc a cuireadh ar fionraí go fóill, laghdóidh an Coimisiún méid an leithdháilte airgeadais go comhréireach i gcomhréir le hAirteagal 20(6) de Rialachán CAS. I bprionsabal, comhfhreagraíonn an méid atá le laghdú don mhéid a cuireadh ar fionraí roimhe sin, mura léiríonn an Ballstát, sa tréimhse 9 mí, go bhfuil cuid de na garspriocanna nó spriocanna nár baineadh amach bainte amach go sásúil nó go bhfuil tuilleadh dul chun cinn déanta i dtreo a thoradh beartaithe a chomhlíonadh, agus sa chás sin féadfar an laghdú a choigeartú dá réir.
Níor cheart deireadh a chur leis an bhfionraí ach amháin i gcás ina bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha bainte amach go sásúil. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag na forálacha a chuirtear i láthair sa roinn roimhe seo, agus glacfaidh an Coimisiún cinneadh aonair lena n-údarófar na méideanna a cuireadh ar fionraí a eisíoc.
e. Diall ó na costais a measadh i dtosach
Ní mór measúnú breise a dhéanamh ar dhialltaí idir na costais mheasta a chuirtear i láthair leis an leagan tosaigh nó an leagan ina dhiaidh sin den Phlean Aeráide Sóisialta agus na méideanna a íocadh le faighteoirí deiridh in infheistíocht shonrach. Más rud é, tar éis an mheasúnaithe sin, go ndealraíonn sé go ndearnadh rómheastachán ar chostáil tosaigh infheistíochta mar thoradh ar an ngrinnscrúdú a rinneadh, beidh gá le leasú ar an bPlean Aeráide Sóisialta chun na spriocanna agus na garspriocanna atá beartaithe a cheartú nó chun an cistiú atá fágtha a ath-leithdháileadh. Sna cásanna sin, i measc foinsí eile, na sonraí a bhailítear maidir le híocaíochtaí iarbhír arna ndéanamh ag Ballstát chun na leithdháiltí airgeadais ón gciste a eisíoc le faighteoirí deiridh (Airteagal 21(2)(d) de Rialachán CAS), is féidir iad a úsáid mar athróg ionadach chun cruinneas na meastachán costais ex ante a fhíorú, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go gcaitear cistí an Chiste Aeráide Shóisialta go héifeachtúil.
f. Íocaíochtaí pro rata i gcás acmhainní teoranta
I gcomhréir le hAirteagal 20(9) de Rialachán CAS, más rud é, i mbabhta ar leith d’iarratais ar íocaíocht, nach leor an t-ioncam a shanntar don Chiste chun na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach a chumhdach, íocfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar bhonn pro rata arna chinneadh mar sciar den infhaighteacht íocaíochta leis na híocaíochtaí formheasta iomlána, suas le méid ghealltanais bhliantúla aonair na mBallstát. Sa chéad bhabhta eile d’iarratais ar íocaíocht, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil íocaíochtaí moillithe acu ón mbabhta d’iarratais ar íocaíocht roimhe sin, agus níor cheart dó na hiarratais ar íocaíocht a cuireadh isteach a íoc ach amháin ina dhiaidh sin.
Má sháraíonn méid na híocaíochta pro rata a leithdháiltear ar Bhallstát méid ghealltanais bhuiséadacha an Bhallstáit sin, déanfar an méid a shocrú in dhá chéim: i) íocfar méid suas le méid an ghealltanais bhuiséadaigh oscailte i gcomhréir leis na rialacha maidir le híocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 20(5) de Rialachán CAS; agus ii) íocfar an chuid eile den íocaíocht fhormheasta nuair a dhéanfar gealltanais nua ag tús na bliana dár gcionn.
g. Tearcfheidhmíocht thromchúiseach agus foirceannadh an chomhaontaithe
Mar a léirítear in Airteagal 20(7) de Rialachán CAS, más rud é, laistigh de 15 mhí ón dáta a tugadh na comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán CAS i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inláimhsithe déanta ag an mBallstát maidir le haon gharsprioc agus sprioc ábhartha, ba cheart don Choimisiún na comhaontuithe bunaithe a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a shaoradh gan dochar d’Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais.
Chun cás den sórt sin a chosc, déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ó na céimeanna an-luath den chur chun feidhme, fiú sula gcaithfear na chéad gharspriocanna agus spriocanna a thuairisciú. Déanfar an faireachán sin i ndlúthchomhar le húdaráis na mBallstát agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm barúlacha i scríbhinn, tuairimí a roinnfear ag cruinnithe oibríochtúla agus idirphlé foirmiúil maidir leis an gcur chun feidhme le húdaráis ainmnithe an Chiste Aeráide Shóisialta, nó aon leagan amach oiriúnach eile.
I gcomhréir le hAirteagal 20(7) de Rialachán CAS, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoi Airteagal 19 de Rialachán CAS a fhoirceannadh tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh measúnú an Choimisiúin in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn inláimhsithe.
Chun cás den sórt sin a chosc, déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ó na céimeanna an-luath den chur chun feidhme, fiú sula gcaithfear na chéad gharspriocanna agus spriocanna a thuairisciú. Déanfar an faireachán sin i ndlúthchomhar le húdaráis na mBallstát agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm barúlacha i scríbhinn, tuairimí a roinnfear ag cruinnithe oibríochtúla agus idirphlé foirmiúil maidir leis an gcur chun feidhme le húdaráis ainmnithe an Chiste Aeráide Shóisialta, nó aon leagan amach oiriúnach eile.
VIII. Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Agus na Pleananna Aeráide Sóisialta á gcur chun feidhme, tá na Ballstáit, mar thairbhithe cistí, le gach beart is iomchuí a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Go sonrach, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáid na leithdháiltí airgeadais dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán CAS. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, lena n-áirítear na cinn sin a dhéanann eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh, micrifhiontair nó úsáideoirí iompair leochaileacha.
a. Córais bhainistithe agus rialaithe
Tá na Ballstáit le córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú, i gcomhréir lena gcreataí institiúideacha, dlíthiúla agus airgeadais. Áireofar leis an gcóras rialaithe inmheánaigh deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin.
Ní mór na córais bhainistithe agus rialaithe a bheith in ann dearbhú a sholáthar do na húdaráis gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa Phlean Aeráide Sóisialta, gur bainistíodh na cistí i gcomhréir leis an dlí uile is infheidhme, go háirithe rialacha maidir leis an Státchabhair agus rialacha maidir le soláthar poiblí, agus go ndearnadh coinbhleachtaí leasa, calaois, éilliú agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú le linn an chur chun feidhme agus sula gcuirtear an t-iarratas ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an bhfianaise gur baineadh amach na spriocanna agus na garspriocanna.
Ní mór do na húdaráis cur chun feidhme seiceálacha bainistíochta iomchuí a leagan síos chun a dheimhniú gur baineadh amach garspriocanna agus spriocanna a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta agus nach bhfuil aon neamhrialtacht thromchúiseach ann, is iad sin calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus/nó cistiú dúbailte. D’fhéadfaí athbhreithnithe doiciméad, seiceálacha ar an láthair agus rialuithe téamacha, mar shampla, a áireamh leis na seiceálacha.
Ina theannta sin, tá na Ballstáit le bearta éifeachtacha comhréireacha frith-chalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme, mar aon le haon bheart eile is gá chun coinbhleacht leasa a sheachaint go héifeachtach. Ní mór dóibh gníomh dlí a ghlacadh freisin chun cistí a rinneadh a míleithreasú a aisghabháil. Ina theannta sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir le sraith shonrach de bhearta maolaitheacha frith-chalaoise iomchuí, bunaithe ar mheasúnú riosca calaoise leormhaith. Leis na córais bhainistithe ní mór a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm agus go ndéantar gach cás calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a thuairisciú agus a cheartú i gceart trí aisghabhálacha.
Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a leagan síos agus a choinneáil ar bun chun an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar na hiniúchtaí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta a tharraingt suas agus chun an fhaisnéis bhunúsach uile is gá don rian iniúchóireachta a choinneáil.
b. Calaois a chosc
Chun calaois a chosc agus grinnscrúdú foriomlán a dhéanamh, iarrtar ar na Ballstáit, le linn dóibh an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar iniúchtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tuairisc a thabhairt ar laigí a sainaithníodh agus ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh. Áirítear ar na laigí sin:
|
(a) |
neamhrialtachtaí a bhí faoi réir céad mheasúnú i scríbhinn ag údarás inniúil, bíodh sé ina údarás riaracháin nó breithiúnach, a chinn, ar bhonn fíricí sonracha, go ndearnadh neamhrialtacht, beag beann ar an bhféidearthacht go gcaithfí an cinneadh sin a athbhreithniú nó a tharraingt siar ina dhiaidh sin mar thoradh ar fhorbairtí le linn an nós imeachta riaracháin nó bhreithiúnaigh; |
|
(b) |
neamhrialtachtaí is cúis le himeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnamh ar an leibhéal náisiúnta chun a shuí an bhfuil calaois nó cionta coiriúla eile i láthair, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 3(2), agus in Airteagail 4(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2017/1371 agus i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (1) do na Ballstáit sin nach bhfuil faoi cheangal ag an treoir sin; |
|
(c) |
neamhrialtachtaí a thagann roimh fhéimheacht; |
|
(d) |
neamhrialtachtaí sonracha nó grúpaí neamhrialtachtaí a gcuireann an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis faoi bhráid an Bhallstáit i scríbhinn ina leith tar éis an tuairiscithe tosaigh ó Bhallstát. |
Beidh an fhreagracht as neamhrialtachtaí a thuairisciú ar an mBallstát ina dtabhaíonn an faighteoir deiridh an caiteachas neamhrialta agus ina n-íoctar le linn na hoibríochta é.
Moltar go dtuairisceodh Ballstát láithreach don Choimisiún neamhrialtachtaí a aimsíodh nó a ceapadh a tharla, agus aon Bhallstát eile lena mbaineann a chur in iúl, má tá iarmhairtí acu lasmuigh dá chríoch.
Chun neamhrialtachtaí a thuairisciú, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a n-aighneacht a bhunú ar an teimpléad caighdeánach arna fhormheas mar Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coitianta, leis na hoiriúnuithe ábhartha d’ábhar an Phlean Aeráide Shóisialta. Chuige sin, molann an Coimisiún go láidir an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí a úsáid, trína bhféadfaí freisin na neamhrialtachtaí a easpórtáil isteach i gcomhad atá i gceangal leis an dearbhú bainistíochta agus leis an achoimre ar iniúchtaí.
Tá an fhaisnéis arna tuairisciú le húsáid i gcomhréir leis an méid a shonraítear i Roinn 1.5 d’Iarscríbhinn XII de Rialachán na bhForálacha Coitianta.
c. Coinbhleacht leasa
Tagann coinbhleacht leasa chun cinn nuair nach féidir le duine atá páirteach i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais a dhualgais a chomhlíonadh go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil mar gheall ar leasanna pearsanta. Mar a shainmhínítear in Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais, is ann do choinbhleacht nuair a chuirtear na dualgais sin i mbaol ar chúiseanna amhail naisc theaghlaigh, cúrsaí mothúcháin, cleamhnas polaitiúil nó náisiúnta, leasanna eacnamaíocha, nó aon ghnóthachan pearsanta díreach nó indíreach eile. Ní mór dóibh siúd a chuireann an Ciste Aeráide Sóisialta chun feidhme bearta iomchuí a dhéanamh chun coinbhleacht leasa a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfaí a mheas go hoibiachtúil mar choinbhleacht leasa.
Áirítear na nithe seo a leanas ar shamplaí tipiciúla de choinbhleachtaí leasa:
|
— |
sochar pearsanta (sochair airgeadais nó eile); |
|
— |
gaolta (e.g. baill teaghlaigh, cairde, iarfhostóirí); |
|
— |
róil dhéacha (e.g. duine a ghníomhaíonn mar oifigeach poiblí agus mar thairbhí tionscadail araon). |
Tá feidhm ag na rialacha i dtaca le coinbhleachtaí leasa maidir le gach duine aonair agus gach eintiteas a bhfuil baint aige leis an gCiste Aeráide Sóisialta a bhainistiú agus formhaoirseacht a dhéanamh air. Dá réir sin, tá sé sin infheidhme maidir le daoine aonair atá ag obair do na húdaráis a luaitear faoin mír ainmniúcháin den Nóta Treorach seo.
Chun sláine agus iontaoibh an phobail a chosaint, ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta na gníomhaíochtaí coisctheacha seo a leanas a chur chun feidhme.
|
(a) |
Measúnú riosca
|
|
(b) |
Cóid iompair agus dearbhuithe
|
|
(c) |
Dualgais a dheighilt
|
|
(d) |
Trédhearcacht i gcinnteoireacht
|
|
(e) |
Oiliúint agus feasacht
|
Brath agus bainistiú
Má tá amhras go bhfuil coinbhleacht leasa ann nó má shainaithnítear í:
|
— |
ní mór don duine aonair lena mbaineann an cás a thuairisciú láithreach; |
|
— |
ní mór don údarás ábhartha gníomhaíocht phras a dhéanamh chun deireadh a chur leis an riosca, amhail freagrachtaí a athshannadh nó an duine a bhaint den phróiseas; |
|
— |
ní mór gach teagmhas a thaifeadadh i gceart. |
I gcás ina bhfuil amhras faoi chalaois, ba cheart an t-ábhar a tharchur chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (féach an roinn maidir le calaois).
Iarmhairtí an neamhchomhlíonta
D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais a bheith ann mura dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa nó mura gcoisctear iad agus d’fhéadfadh an Coimisiún cistí a aisghabháil mar thoradh air sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2)(b) de Rialachán CAS.
d. Cistiú dúbailte a chosc agus comhlántacht le hionstraimí cistiúcháin eile
Tá sé ríthábhachtach cistiú dúbailte a chosc chun úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní an Aontais a áirithiú. Tagraíonn cistiú dúbailte do chásanna ina gcumhdaítear na costais chéanna le foinsí cistiúcháin iomadúla ón Aontas, as a n-eascraíonn neamhéifeachtúlachtaí agus míbhainistíocht airgeadais.
Faoin gCiste Aeráide Sóisialta, le bearta agus infheistíochtaí is féidir tacaíocht chomhlántach a fháil ó chistí eile de chuid an Aontais. Mar sin féin, faoi Airteagal 13 de Rialachán CAS, ní mór tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta a bheith sa bhreis ar na costais chéanna le tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais agus gan na costais sin a chumhdach.
Cosúil le STA, faoin gCiste Aeráide Sóisialta, is féidir cistiú dúbailte a bheith ann ar dhá leibhéal.
|
— |
Ar leibhéal na mBallstát. Ceanglaítear ar na Ballstáit ‘maoiniú atá ann cheana nó atá beartaithe do bhearta agus d’infheistíochtaí ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, idirnáisiúnta, poiblí nó, i gcás inarb ábhartha, príobháideacha a rannchuidíonn leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean’ a shainaithint ina bPleananna Aeráide Sóisialta.’ Tar éis fhormheas an Phlean Aeráide Shóisialta, aon tacaíocht bhreise ó chistí eile de chuid an Aontais chun costais a áirítear cheana i meastachán costais an Phlean Aeráide Shóisialta a chumhdach, gheobhadh an Ballstát tacaíocht ó dhá fhoinse chistiúcháin éagsúla ón Aontas chun na costais chéanna a chumhdach. |
|
— |
Ar leibhéal an fhaighteora deiridh. Níor cheart d’fhaighteoir deiridh tacaíocht a fháil chun na costais chéanna a chumhdach ón gCiste Aeráide Sóisialta – tríd an mBallstát – agus ó chistí eile de chuid an Aontais. |
Leagtar amach sa mhéid seo a leanas oibleagáidí agus freagrachtaí na mBallstát maidir le cásanna de chistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú.
An chéim dheartha
|
— |
Tá sé de cheangal ar Bhallstáit faisnéis chuimsitheach a áireamh ina bPleananna Aeráide Sóisialta maidir le haon mhaoiniú ón Aontas atá ann faoi láthair nó atá beartaithe. Áirithítear leis sin trédhearcacht agus cuidítear le forluití a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ag céim luath. |
|
— |
Ní mór gach Plean Aeráide Sóisialta a bheith mionsonraithe go leormhaith chun a léiriú nach gcumhdaítear aon chostas le níos mó ná foinse chistiúcháin amháin ón Aontas. Mar gheall ar chineál feidhmíochtbhunaithe an Chiste Aeráide Shóisialta, agus tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta á comhcheangal le tacaíocht ó chistí eile de chuid an Aontais, is é idirdhealú soiléir ex ante costais an cur chuige réamhshocraithe chun cistiú dúbailte a sheachaint. I gcás bearta nach gcistítear ach i bpáirt ón gCiste Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit idirdhealú soiléir a dhéanamh idir codanna de thionscadail a chistítear ón gCiste Aeráide Sóisialta agus codanna a chistítear ó chistí eile de chuid an Aontais. Ba cheart dóibh an t-idirdhealú sin a léiriú nuair a chuireann siad a meastacháin ar chostais ex ante isteach agus sainaithint dhifreáilte na ngarspriocanna agus na spriocanna atá le tuairisciú faoi ionstraimí éagsúla an Aontais a sholáthar. Is féidir teorannú costais ex ante a leagan síos, mar shampla, trí chéimeanna cur chun feidhme ar leith de bheart cómhaoinithe a shainaithint, nó trí chatagóirí éagsúla costais a dheighilt agus iad a shannadh d’ionstraimí cistiúcháin ábhartha ón Aontas. |
|
— |
Leis na Pleananna Aeráide Sóisialta ba cheart struchtúir, nósanna imeachta agus sásraí rialaithe arna leagan síos ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a leagan amach go soiléir chun cistiú dúbailte a chosc. Ba cheart na sásraí sin a chomhtháthú i gcórais rialaithe níos leithne. |
Céim cur chun feidhme
|
— |
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as faireachán a dhéanamh ar úsáid chistí an Chiste Aeráide Shóisialta le linn an chur chun feidhme. Áirítear leis sin a áirithiú go ndéanfar gach infheistíocht agus beart a chistiú de réir an Phlean Aeráide Shóisialta agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh má bhraitear cistiú dúbailte. |
|
— |
Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh na Ballstáit seiceálacha agus iniúchtaí bainistíochta tráthrialta, lena n-áirítear ar leibhéal an fhaighteora deiridh, chun aon chás de chistiú dúbailte a shainaithint agus a cheartú. Ba cheart torthaí agus bearta ceartaitheacha a thuairisciú sna dearbhuithe bainistíochta agus sna hachoimrí ar iniúchtaí. |
|
— |
Sásraí Braite. Ba cheart do na Ballstáit modheolaíochtaí láidre bailithe agus cros-seiceála sonraí a chur chun feidhme ina gcórais rialaithe. Go sonrach, moltar córas TF comhtháite a úsáid chun a áirithiú go ndéanfar aon fhorluí le cistí eile de chuid an Aontais a shainaithint go pras. Ar leibhéal an fhaighteora deiridh, ba cheart a áireamh sna seiceálacha comhthacaíocht le féindearbhuithe maidir le heaspa cistiú dúbailte le faisnéis bhreise iomchuí, mar shampla cros-seiceáil le bunachair sonraí atá ar fáil nó le córas cuntasaíochta na bhfaighteoirí deiridh. |
|
— |
Bearta ceartaitheacha. Maidir le cistiú dúbailte a shainaithint, ní mór do na Ballstáit nósanna imeachta aisghabhála a thionscnamh chun cistí a fháil ar ais ó fhaighteoirí deiridh. Ba cheart an fhoinse chistiúcháin is deireanaí a ndearnadh an cinneadh cistiúcháin ina leith a choigeartú, de réir na rialacha maidir le clár an Aontais atá i gceist. |
Ról an Choimisiúin
Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar an idirdhealú ex ante agus ar leordhóthanacht na socruithe rialúcháin a leagtar amach sna Pleananna Aeráide Sóisialta agus faireachán á dhéanamh aige ar sheiceálacha agus iniúchtaí na mBallstát le linn an chur chun feidhme. Is féidir leis faisnéis bhreise a iarraidh agus idirghabháil a dhéanamh mura ndéanann na Ballstáit na bearta ceartaitheacha is gá.
Féadfaidh an Coimisiún a iniúchtaí féin a dhéanamh agus aisghabháil cistí a fhorfheidhmiú i gcás ina sainaithnítear cistiú dúbailte, chun buiséad an Aontais a chosaint.
e. Comhlíonadh rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair
Mar a leagtar amach in Aithris 40 de Rialachán CAS, le bearta tacaíochta agus infheistíochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE, ní mór rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh.
I gcás ina bhfuil discréid ag údaráis náisiúnta maidir le conas cistí an Aontais a úsáid, is Státchabhair iad sin má chomhlíontar na critéir eile uile a leagtar amach in Airteagal 107(1) CFAE. Ar bhonn chineál carnach chritéir Airteagal 107(1) CFAE, mura gcomhlíontar ceann de na critéir, is féidir a eisiamh go bhfuil Státchabhair ann (18)
Mar shampla, ní mheastar gur Státchabhair í tacaíocht do ghníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad (i.e. nach n-úsáidtear chun earraí nó seirbhísí a sholáthar ar an margadh). D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, maidir le tacaíocht do theaghlaigh chun a n-áit chónaithe a athchóiriú, ar choinníoll nach ligeann siad amach ar cíos í agus nach n-úsáideann siad le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile í. Mar sin féin, i gcás ina soláthraítear tacaíocht d’úinéirí atá ag ligean a gcuid maoine ar cíos do theaghlaigh leochaileacha, ní mór rialacha maidir leis an Státchabhair a mheas. I gcásanna den sórt sin, is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh tacaíocht den sórt sin a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán ginearálta de minimis, lena bhforáiltear, i measc nithe eile, nár cheart méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair a bheith níos mó ná EUR 300 000 in aon tréimhse 3 bliana (19).
Nuair a fhíoraítear Státchabhair, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt faoi thacaíocht do bhearta agus d’infheistíochtaí agus í a fhormheas sular féidir leis na Ballstáit an chabhair a dheonú, seachas má chomhlíonann na bearta agus na hinfheistíochtaí sin na coinníollacha is infheidhme i ndáil le rialachán maidir le blocdhíolúine, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE, nó má thagann siad faoin Rialachán de minimis.
Ar an mbonn sin, sna Pleananna Aeráide Sóisialta le haghaidh gach birt agus infheistíochta, iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
chun a shonrú cé acu a bheidh nó nach mbeidh an tacaíocht don bheart nó don infheistíocht ina Státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE10; nó |
|
— |
chun a shonrú cé acu a mhaoineofar nó nach maoineofar an beart nó an infheistíocht bunaithe ar scéim Státchabhrach atá ann cheana a thagann faoi rialachán blocdhíolúine, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine nó scéim ghinearálta de minimis, nó a fhormheastar le cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair (lena soláthraítear an uimhir thagartha don scéim sin); nó |
|
— |
chun a shonrú cé acu a bheidh nó nach mbeidh beart Státchabhrach nua mar thoradh ar an mbeart nó ar an infheistíocht, agus míniú a sholáthar ar cé acu a chomhlíonfaidh nó nach gcomhlíonfaidh sé coinníollacha rialacháin blocdhíolúine nó an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine (lena léirítear cén tAirteagal), nó an Rialachán ginearálta de minimis; nó |
|
— |
chun a shonrú cé acu atá nó nach bhfuil fógra maidir le Státchabhair de dhíth ar an mbeart nó ar an infheistíocht agus, má tá, léiriú a sholáthar ar an uair a bheartaíonn an Ballstát fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún faoin mbeart nó faoin infheistíocht atá beartaithe nó fógra a thabhairt dó ina leith mar aon le mionsonraí na hionstraime Státchabhrach is infheidhme lena n-áirithítear go bhfuil sé comhoiriúnach le rialacha an mhargaidh inmheánaigh. |
Ní mór a thabhairt faoi deara, má chomhlíontar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, go bhfuil cúiteamh as oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar de thalamh díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún faoi Airteagal 108(3) CFAE (20).
Mura bhfuil an Ballstát cinnte cé acu atá nó nach bhfuil Státchabhair i gceist leis an mbeart nó leis an infheistíocht nó cé acu atá nó nach bhfuil an beart nó an infheistíocht comhoiriúnach le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair, ba cheart dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis an ábhar.
Tá sé de cheangal ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta Státchabhrach sula ndeonófar iad, faoi Airteagal 108(3) CFAE.
I gcás ina soláthraíonn Ballstát Státchabhair faoin Rialachán blocdhíolúine nó faoin Rialachán de minimis, tá sé freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann sí na forálacha ábhartha uile (21).
f. Comhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí
Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais agus i gcomhréir le cineál feidhmíochtbhunaithe an Chiste, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí agus aisghabháil cistí, chomh maith le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáid cistí i ndáil le bearta a fhaigheann tacaíocht ón gCiste dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann lena chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndlíthe maidir le soláthar poiblí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar ar bóthar (22). Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin córais rialaithe inmheánaigh a chur ar bun chun dearbhú a thabhairt maidir leis an gcomhlíontacht sin.
Agus an córas rialaithe á bhunú, ba cheart do na húdaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar na rioscaí bunúsacha a bhaineann leis na bearta éagsúla agus meastóireacht a dhéanamh i dtaobh cé acu a bheadh nó nach mbeadh feidhm ag forálacha soláthair phoiblí trí nasc díreach idir na gníomhaíochtaí a chuireann leis na garspriocanna agus na spriocanna agus nósanna imeachta soláthair phoiblí, agus méid na rialuithe ba cheart a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí.
Ba cheart na socruithe a chuirtear ar aghaidh chun comhlíonadh rialacha soláthair phoiblí a áirithiú a bheith comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta, agus ba cheart do na comhlachtaí iniúchóireachta ceaptha comhthacú le córas láidir rialaithe a bheith ann trí iniúchtaí córais. Is féidir dearbhú a fháil freisin ó obair iniúchóireachta a bhaineann le cistí eile, ar choinníoll go bhfuil an córas rialaithe le haghaidh soláthar poiblí comhionann leis an gcóras a úsáidtear le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta.
I bhfianaise chineál an Chiste Aeráide Shóisialta, is é sin go bhfuil íocaíochtaí nasctha le comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna, níl aon cheanglas ann gach nós imeachta soláthair phoiblí atá nasctha leis na bearta a chuirtear chun feidhme a fhíorú. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil nasc díreach idir na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis na garspriocanna agus na spriocanna agus nósanna imeachta soláthair phoiblí, ba cheart do na húdaráis náisiúnta nósanna imeachta soiléire a leagan síos chun a shonrú, trí mheasúnú riosca, méid na hoibre ba cheart a dhéanamh ar an nós imeachta soláthair phoiblí lena n-áirítear ar chéim chur chun feidhme an chonartha.
Cinntear neamhrialtachtaí soláthair phoiblí a bhraitear nó a thuairiscítear do na húdaráis náisiúnta nuair atá nasc díreach idir na gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta soláthair phoiblí neamhrialta. Tarlaíonn nasc díreach soiléir, mar shampla, nuair a bhraitear neamhrialtacht i gconradh soláthair phoiblí le haghaidh athchóiriú foirgneamh más le hathchóiriú fuinnimh a bhaineann an infheistíocht ghaolmhar sa phlean.
Má bhraitheann na comhlachtaí náisiúnta (nó an Coimisiún) neamhrialtachtaí soláthair phoiblí, bheadh gá le ceartúcháin chomhréireacha a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a áirithiú.
Mura féidir na tionchair airgeadais mar gheall ar chineál na neamhrialtachta sa nós imeachta soláthair phoiblí a chainníochtú go beacht, ní mór ceartúchán ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm ar bhonn ábhartha. Thairis sin, ní féidir ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm ach amháin má tá tionchar airgeadais ag an neamhrialtacht ar bhuiséad an Aontais nó dá bhféadfadh tionchar airgeadais a bheith aici ar bhuiséad an Aontais. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na treoirlínte le haghaidh cistí eile de chuid an Aontais (23) oiriúnach chun ceartú comhréireach a chinneadh.
Agus an bonn le haghaidh ceartú airgeadais á shainiú, tá na húdaráis náisiúnta le cineál agus tromchúis na neamhrialtachta ar an mbeart lena mbaineann agus na garspriocanna agus na spriocanna gaolmhara a shuí. I bprionsabal, ba cheart ceartú iomlán ar chaiteachas bunúsach a bhaineann le garspriocanna/spriocanna ábhartha a bheith mar thoradh ar sháruithe a mheastar a bheith an-tromchúiseach (e.g. a mbeadh ceartú 100 % bunaithe ar na treoirlínte a luaitear mar thoradh orthu). Ba cheart do na húdaráis náisiúnta a bheith in ann a léiriú gur cuireadh na ceartúcháin chun feidhme ar an mbonn ceart agus go raibh siad comhréireach leis an sárú a braitheadh.
IX. Córas digiteach, bailiú, agus stóráil sonraí maidir le faighteoirí deiridh an leithdháilte airgeadais
Mar chuid dá gcórais bhainistithe agus rialaithe, ní mór do na Ballstáit córas éifeachtach a choinneáil ar bun chun an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá chun críocha an riain iniúchóireachta a choimeád.
Ní mór do na Ballstáit taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 133 den Rialachán Airgeadais, arb é an pointe tagartha an t-idirbheart íocaíochta a bhaineann leis an mbeart nó leis an infheistíocht ábhartha, arna ndéanamh ag an gCoimisiún.
a. Córas digiteach aonair chun faisnéis ábhartha a chlárú maidir le cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí
I gcomhréir leis na ceanglais rialála, moltar do na Ballstáit córas digiteach aonair a bhunú chun bearta agus infheistíochtaí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu. Tá an córas digiteach sin ina phríomh-chomhpháirt den timpeallacht bhainistíochta agus rialaithe náisiúnta faoin gCiste Aeráide Sóisialta, ar mhaithe le cur chun feidhme trédhearcach, éifeachtúil agus cuntasach na bPleananna Aeráide Sóisialta.
Ní mór an córas a fhorbairt de réir modheolaíocht forbartha digití idirnáisiúnta atá bailíochtaithe agus ní mór tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar an gcóras leictreonach lena n-áirítear sreabhchairt (córas líonra lárnach nó coiteann nó córas díláraithe agus naisc ann idir na córais). Moltar do na Ballstáit freisin tuairisc shoiléir a thabhairt ar na nósanna imeachta chun slándáil, sláine agus rúndacht na gcóras leictreonach a áirithiú ina bPleananna Aeráide Sóisialta.
Is féidir leis na córais a bheith éagsúil ó thaobh a ndeartha agus a bhfeidhmiúlachta de, ach ba cheart na gnéithe seo a leanas a áireamh iontu de ghnáth.
|
i. |
Clárú beart agus infheistíochta: modúl chun na hinfheistíochtaí agus na bearta uile a fhormheastar lena gcur chun feidhme agus a áirítear sa Phlean Aeráide Sóisialta a chlárú agus a chatalógú, ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe maidir le gach tionscadal, lena n-áirítear cuspóirí, amlínte, buiséid, torthaí a bhfuil coinne leo, faighteoir deiridh na tacaíochta, etc. |
|
ii. |
Faireachán agus tuairisciú: uirlisí chun dul chun cinn tionscadal a rianú, lena n-áirítear stádas an chur chun feidhme, ranníocaíochtaí airgeadais a íocadh, agus garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach. Fágann sé sin gur féidir rianú fíor-ama a dhéanamh agus gur féidir aon mhoill nó aon fhadhb a shainaithint go tapa. |
|
iii. |
Sonraí maidir le táscairí: taifeadadh agus stóráil ríomhairithe sonraí maidir le rannpháirtithe aonair, atá le tuairisciú mar chuid de na comhtháscairí maidir le teaghlaigh in éineacht le táscairí aschuir agus toraidh eile. |
|
iv. |
Taifid chuntasaíochta nó cóid chuntasaíochta ar leithligh a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht tacaíochta airgeadais a íocadh le faighteoirí deiridh, arna lua in iarratais ar íocaíocht chuig an gCoimisiún. |
|
v. |
Anailísíocht sonraí agus léirshamhlú sonraí: cumais chun anailís agus léirshamhlú a dhéanamh ar shonraí maidir le feidhmíocht tionscadail, rud a d’fhéadfadh cuidiú chun treochtaí, patrúin agus réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a shainaithint. Leis sin is féidir bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht agus faoi choigeartuithe beartais. |
|
vi. |
Trédhearcacht agus cuntasacht: gnéithe lena n-áirithítear trédhearcacht, amhail deaiseanna poiblí agus tairseacha sonraí oscailte, inar féidir leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuil an Ciste Aeráide Sóisialta á úsáid. Feabhsaíonn sé sin cuntasacht agus muinín i mbainistiú an chiste. |
|
vii. |
Idir-inoibritheacht le córais náisiúnta eile agus le córais eile de chuid an Aontais: An cumas idir-inoibritheacht a áirithiú le córais náisiúnta eile (e.g. soláthar poiblí, bainistíocht airgeadais) agus le hardáin an Aontais (e.g. Kohesio, Córas Trédhearcachta Airgeadais an Aontais, Arachne etc.), chun comhleanúnachas a áirithiú agus malartú faisnéise a éascú. |
Moltar do na Ballstáit córais dhigiteacha atá ann cheana a úsáid agus a oiriúnú, amhail na córais is infheidhme maidir le STA nó cláir na mbeartas comhtháthaithe, ionas go mbeidh forléargas acu ar na gníomhaíochtaí uile a chistítear ó na hionstraimí sin, gur féidir leo comhlántacht níos fearr a bhaint amach agus faireachán docht a dhéanamh ar chistiú dúbailte le haghaidh na dtionscadal céanna a sheachaint. Más gá córas nua a fhorbairt, tá sé an-tábhachtach é a chomhtháthú leis na huirlisí atá ann cheana, ionas go mbeidh faisnéis mhionsonraithe ann maidir le tionscadail a mhaoinítear faoi STA, mar shampla, agus gur féidir iad sin a ailíniú leis na hinfheistíochtaí atá le forbairt faoin bPlean Aeráide Sóisialta.
b. Córas um malartú sonraí leictreonacha a úsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún
Chun malartú éifeachtúil agus slán sonraí a áirithiú, tá modúl tiomnaithe suiteáilte ag an gCoimisiún i gcóras SFC2021 chun gach idirbheart a bhaineann leis na Pleananna Aeráide Sóisialta a bhainistiú. Beidh an córas sin in úsáid cheana féin chun na Pleananna Aeráide Sóisialta a chur isteach agus ansin le haghaidh na cumarsáide foirmiúla uile idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta (leasuithe, íocaíochtaí, tuairisciú, etc.)
I dtéarmaí ginearálta, áireofar an méid seo a leanas i samhail na bPleananna Aeráide Sóisialta de chuid SFC2021:
|
(a) |
foirmeacha idirghníomhacha nó foirmeacha atá réamhlíonta ag an gcóras ar bhonn na sonraí atá taifeadta sa chóras cheana; |
|
(b) |
ríomhanna uathoibríocha, lena laghdaítear an obair a bhaineann le hionchur figiúirí ag úsáideoirí; |
|
(c) |
rialuithe uathoibríocha leabaithe chun a fhíorú go bhfuil na sonraí a tharchuirtear comhsheasmhach go hinmheánach agus go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme; |
|
(d) |
foláirimh arna nginiúint ag an gcóras lena dtugtar rabhadh d’úsáideoirí SFC2021 gur féidir nó nach féidir gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh; |
|
(e) |
rianú stádais ar líne ar an bhfaisnéis atá á próiseáil sa chóras; |
|
(f) |
sonraí stairiúla a bheith ar fáil i ndáil leis an bhfaisnéis uile a iontráiltear le haghaidh cláir; |
|
(g) |
ríomhshíniú éigeantach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bheith ar fáil, a aithneofar mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha. |
Chun riar cuí an chórais a áirithiú, ní mór beartas slándála teicneolaíochta faisnéise oiriúnach a chur i bhfeidhm le haghaidh SFC2021 ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart an beartas, lenar cheart na baill foirne a úsáideann an córas a chumhdach freisin, a bheith i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais, go háirithe Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (24) agus a rialacha cur chun feidhme. Chuige sin, beidh ar gach Ballstát liosta a ainmniú agus a choinneáil ar bun de na daoine a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm ceart an bheartais slándála i leith SFC2021 ar an leibhéal náisiúnta a shainiú, a chothabháil agus a áirithiú (25). D’fhéadfadh sé go mbeadh na cúraimí céanna á ndéanamh ag na daoine sin freisin le haghaidh cistí eile a bhainistítear faoin gcóras.
Beidh sé ina phríomhfhreagracht ar na Ballstáit liosta na n-údarás a sainaithníodh chun cúraimí áirithe a dhéanamh faoi Rialachán CAS a choinneáil cothrom le dáta, agus faisnéis arna cur isteach ag duine seachas an duine a chuir isteach í a fhíorú. Ina theannta sin, beidh oibleagáid ann socruithe a sholáthar le haghaidh dheighilt na gcúraimí thuasluaite trí chórais faisnéise bainistithe agus rialaithe an Bhallstáit atá ceangailte go huathoibríoch le SFC2021. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit socruithe a dhéanamh chun príobháideachas agus sonraí pearsanta i gcás daoine aonair, agus rúndacht tráchtála i gcás eintitis dhlítheanacha, a chosaint i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE, Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2018/1972.
Go sonrach, ní mór do na húdaráis náisiúnta doiciméadacht cothrom le dáta a chur ar fáil ina leagtar amach conas a nascfar na córais ríomhaireachta náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla eile le SFC2021 trí chomhéadan teicniúil, le haghaidh malartú sonraí, mar shampla. Ní mór bearta slándála le haghaidh na gcóras sin a chumhdach sa doiciméadacht freisin i gcomhréir le ceanglais slándála SFC2021. Go sonrach, ní mór an méid seo a leanas a chumhdach léi:
|
(i) |
slándáil fhisiciúil |
|
(ii) |
rialú meán sonraí agus rialú rochtana sonraí |
|
(iii) |
rialú stórála |
|
(iv) |
rialú rochtana agus pasfhocail |
|
(v) |
faireachán |
|
(vi) |
an t-idirnasc le SFC2021 |
|
(vii) |
bonneagar cumarsáide |
|
(viii) |
bainistíocht acmhainní daonna roimh an bhfostaíocht, lena linn agus ina diaidh |
|
(ix) |
bainistiú teagmhas. |
I bhfianaise chosúlacht na riachtanas le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta agus chistí an bheartais comhtháthaithe, tá liosta cuimsitheach oibleagáidí a mhéid a bhaineann le húsáid chomhchóras SFC2021 le fáil in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Soláthróidh ranna an Choimisiúin sonraíochtaí teicniúla maidir leis na sonraí atá le bailiú ag na Ballstáit.
c. Sonraí maidir le faighteoirí deiridh a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil
Faoi Airteagal 21(2)(d) de Rialachán CAS, ceanglaítear ar údaráis náisiúnta sonraí a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain ar chatagóirí caighdeánaithe sonraí a áirithiú d’fhaighteoirí deiridh chomh maith le roinnt príomhghnéithe eile i gcur chun feidhme an Phlean Aeráide Shóisialta. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar na sonraí stóráilte, ba cheart aistrithe sonraí a dhéanamh trí chomhéadan úsáideora idirghníomhach (i.e. feidhmchlár gréasáin) nó trí chomhéadan teicniúil agus úsáid á baint as prótacail réamhshainithe (i.e. seirbhísí gréasáin) a fhágann gur féidir sioncronú agus tarchur uathoibríoch sonraí a dhéanamh idir córais faisnéise na mBallstát agus SFC2021 an Choimisiúin.
Ní mór na sonraí seo a leanas a bhailiú mar íoscheanglas:
|
— |
ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais (atá le tuiscint mar an duine aonair nó an t-eintiteas a dhéanann gaol conarthach leis an údarás a dheonaíonn tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta agus a fhaigheann leithdháileadh airgeadais go díreach) (26), a n-uimhreacha aitheantais CBL nó a n-uimhreacha aitheantais cánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste; |
|
— |
ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir aitheantais CBL nó a n-uimhreacha aitheantais CBL nó a n-uimhir aitheantais chánach nó a n-uimhreacha aitheantais cánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí; |
|
— |
céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta nó dátaí breithe agus uimhir aitheantais CBL nó uimhreacha aitheantais CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais cánach úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na leithdháiltí airgeadais nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27); |
|
— |
liosta d’aon bheart agus infheistíocht a cuireadh chun feidhme faoin gCiste le méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus lena léirítear méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais. |
X. Dearbhú, iniúchadh agus rialú
Chun dearbhú a fháil maidir leis an ngarsprioc agus na spriocanna agus íocaíochtaí gaolmhara, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí iniúchóireachta seo a leanas.
|
Iniúchtaí ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna (de réir shamhail STA) |
Go bliantúil, bunaithe ar mheasúnú riosca, tar éis iarratais ar íocaíocht (mar aon leis na dearbhuithe bainistíochta) agus achoimre bhliantúil ar iniúchtaí a chur isteach. Déanfar measúnú san iniúchadh ar an leibhéal cur i gcrích, ar bhaint amach na garsprice agus/nó na sprice, agus ar chomhlíonadh birt. Ba cheart an bonn don mheasúnú ar an bPlean Aeráide Sóisialta a iniúchadh le haghaidh gach Plean Aeráide Shóisialta. Maidir le STA, ba cheart sprioc a leagan síos sa phlean iniúchóireachta bliantúil maidir le cuairt bhliantúil ar a laghad ar leibhéal na mBallstát. |
Ina theannta sin, chun leas airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí iniúchóireachta seo a leanas.
|
Iniúchtaí córais: iniúchtaí comhlíontachta agus téamacha (lena n-áirítear iniúchtaí ar réimsí amhail cistiú dúbailte, iniúchadh Stáit, soláthar poiblí, coinbhleacht leasa, éilliú, calaois). Is iniúchtaí iad sin ar na córais a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát (comhlachtaí a chuireann an Plean Aeráide Sóisialta chun feidhme, breathnóireacht ar na príomhcheanglais bhunaithe, ceanglas cothrománach chun bearta simpliúcháin a chur chun feidhme i ndáil le tairbhithe). |
Go bliantúil, bunaithe ar mheasúnú riosca. Ceanglaítear iniúchadh den chineál sin faoi Airteagal 21 de Rialachán CAS maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus faoi airteagail eile lena dtagraítear dó go hindíreach (e.g. Airteagal 17). Is léir ón taithí a fuarthas ó STA gur gá na hiniúchtaí sin a dhéanamh go tráthúil, seachas sin, tá baol ann go n-osclófar bearna ráthaíochta, rud atá an-deacair a dhúnadh ina dhiaidh sin. Go sonrach maidir leis an líon beag cásanna nach raibh baint ag na húdaráis iniúchóireachta roimhe sin le cur chun feidhme STA ná leis an mbeartas comhtháthaithe, déanfar iniúchadh córais chun measúnú a dhéanamh ar a n-ullmhacht chun an Plean Aeráide Sóisialta a phróiseáil. |
a. Measúnú ar chórais bhainistithe agus rialaithe
Ceanglaítear ar na Ballstáit leis na príomhcheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CAS iniúchtaí leordhóthanacha agus neamhspleácha a dhéanamh ar chórais agus ar oibríochtaí.
Ba cheart a áireamh sna hiniúchtaí córais tástáil rialaithe a dhéantar le haghaidh oibríochtaí agus idirbheart ar an leibhéal iomchuí. Maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun méid an tsampla a chinneadh le haghaidh tástálacha ar rialuithe a úsáidtear in iniúchtaí córais agus oibríochta, tá coinne leis go mbeidh sí i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
Is iad na tástálacha sin, in éineacht le gnéithe cáilíochtúla agus nósanna imeachta iniúchóireachta eile, atá mar bhonn don mheasúnú ar an gcóras bainistithe agus rialaithe lena mbaineann.
Beidh ar an údarás iniúchóireachta teacht ar a chonclúidí ar dtús maidir le gach critéar measúnaithe, ansin maidir le gach príomhcheanglas, ansin maidir le gach údarás. Cuirfidh an cur chuige céim ar chéim sin ar a chumas dó teacht ar chonclúid fhoriomlán maidir le feidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe. Úsáidfear na catagóirí seo a leanas is infheidhme go ginearálta sna conclúidí foriomlána.
|
— |
Catagóir 1 — Oibríonn sé go maith. Níl gá le feabhsú, nó níl gá ach le mionfheabhsú. Níl aon easnamh ann nó níl ann ach mioneasnamh. Níl aon tionchar ag na heasnaimh sin, nó níl ach tionchar beag acu ar fheidhmiú éifeachtach na bpríomhcheanglas/na n-údarás/an chórais a ndearnadh measúnú orthu. |
|
— |
Catagóir 2 — Oibríonn sé. Feabhsú áirithe ag teastáil. Tá easnamh (neamh-thromchúiseach) amháin nó níos mó ann. Tá tionchar measartha ag na heasnaimh sin ar fheidhmiú éifeachtach na bpríomhcheanglas/na n-údarás/an chórais a ndearnadh measúnú orthu. Ceapadh moltaí le go ndéanfadh an comhlacht arna iniúchadh iad a chur chun feidhme. |
|
— |
Catagóir 3 — Oibríonn sé go pointe áirithe. Tá feabhsú suntasach ag teastáil. Tá easnamh tromchúiseach amháin nó níos mó ann a nochtann na cistí do riosca neamhrialtachtaí. Is suntasach an tionchar ar fheidhmiú éifeachtach na bpríomhcheanglas/na n-údarás/an chórais a ndearnadh measúnú orthu. Ceapadh moltaí chun feabhas substaintiúil a chur ar an gcóras le cur chun feidhme ag an gcomhlacht a ndéantar iniúchadh air. |
|
— |
Catagóir 4 — Ní oibríonn sé. Tá go leor easnaimh thromchúiseacha agus/nó fhorleathana ann a nochtann na cistí do riosca neamhrialtachtaí. Is suntasach an tionchar ar fheidhmiú éifeachtach na bpríomhcheanglas/na n-údarás/an chórais a ndearnadh measúnú orthu; ní fheidhmíonn na príomhcheanglais/na príomhúdaráis/an córas a ndearnadh measúnú orthu go maith nó ní fheidhmíonn siad in aon chor. Ceapadh moltaí chun an córas a fheabhsú nó a athchóiriú ó bhonn ag an gcomhlacht a ndearnadh iniúchadh air. |
Ba cheart d’iniúchóirí a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid chun teacht ar an gconclúid iomchuí do gach údarás, agus aon fhianaise iniúchóireachta eile atá ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, torthaí ábhartha na n-iniúchtaí arna ndéanamh faoi chláir an bheartais comhtháthaithe nó faoi STA.
Ní mór don údarás iniúchóireachta fianaise iniúchóireachta oiriúnach a bhailiú agus a thaifeadadh, lena n-áirítear gach páipéar oibre, seicliostaí a eascraíonn astu, réamhthuarascálacha chomh maith le doiciméadacht ó aon nós imeachta bréagnaitheach leis na húdaráis.
Ba cheart na torthaí ar fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe a úsáid chun méid na tástála ar iniúchtaí ar oibríochtaí a chinneadh chun dearbhú réasúnach a thabhairt don Choimisiún gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear in iarratais ar íocaíocht.
Tar éis dó na hiniúchtaí ar chórais agus ar oibríochtaí a chur i gcrích, ba cheart don údarás iniúchóireachta scórchlár cothrom le dáta a choimeád de leibhéal an dearbhaithe de réir údaráis.
Ba cheart don údarás iniúchóireachta tuarascáil iniúchóireachta a dhréachtú go rialta ina mbeidh achoimre ar na hiniúchtaí a dhéantar i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus í a sheoladh chuig an údarás atá freagrach as an dearbhú bainistíochta a shíniú. Ba cheart raon feidhme na n-iniúchtaí a chumhdach sa tuarascáil i dtéarmaí an mhéid caiteachais agus na tréimhse ama a chumhdaítear, mar aon le hanailís ar na laigí a sainaithníodh, agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
Ina theannta sin, ba cheart conclúid iniúchóireachta a áireamh sa tuarascáil iniúchóireachta, ina luafar, trína chuid oibre, cé acu a fuair nó nach fuair an t-údarás iniúchóireachta dearbhú réasúnach gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht. Ba cheart an tuarascáil iniúchóireachta sin a bheith ag gabháil leis an iarratas ar íocaíocht chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 21(2)(c) de Rialachán SFC (féach an roinn maidir leis an iarratas ar íocaíocht a ullmhú le haghaidh tuilleadh faisnéise).
XI. Laghdú ar thacaíocht airgeadais agus aisghabhálacha
Faoin gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích leis an mBallstát agus faoi Airteagal 21(4) den Rialachán, féadfaidh an Coimisiún an tacaíocht faoin gCiste a laghdú go comhréireach agus aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil, i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe agus/nó aisghafa ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe déthaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1).
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála nó an laghdaithe, úsáidfidh an Coimisiún, mar thagairt, na luachanna íocaíochta amach le haghaidh na ngarspriocanna agus na spriocanna sa bheart sonrach nó san infheistíocht shonrach dá ndéantar difear nó, i gcás níos mó ná beart agus/nó infheistíocht amháin dá ndéantar difear, pro rata de na luachanna íocaíochta amach le haghaidh na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha. Déantar sin chun prionsabal na comhréireachta a urramú agus chun a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú nó an choinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó sárú ar oibleagáid, a chur san áireamh.
I gcásanna a bhaineann le calaois, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag ceartú airgeadais iomlán na méideanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal bhuiséad an Aontais araon, gan beann ar aon bhreithniú comhréireach.
Maidir le laghduithe ar an tacaíocht, cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh:
|
— |
tromchúis na n-easnamh tromchúiseach i gcomhthéacs an chórais bainistithe agus rialaithe ina iomláine; |
|
— |
minicíocht agus méid na n-easnamh tromchúiseach; |
|
— |
méid an dochair airgeadais do bhuiséad an Aontais. |
Féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cás: calaois, earráidí substaintiúla, neamhrialtachtaí, neamhurramú oibleagáidí dlíthiúla le linn an nós imeachta dámhachtana, neamhurramú oibleagáidí dlíthiúla le linn chur chun feidhme deontais, cur chun feidhme míchuí na gníomhaíochta, tuairisciú mícheart sonraí, etc.
I gcás ina bhfuil ceartuithe eachtarshuite airgeadais le cur i bhfeidhm, déantar torthaí an scrúdaithe ar an sampla ionadaíoch a eachtarshuí go dtí an chuid eile de dhaonra na spriocanna agus na ngarspriocanna ónar tarraingíodh an sampla chun an ceartú airgeadais a chinneadh.
I gcás ina bhfuil ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh le cur i bhfeidhm, chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú maidir lena gcur i bhfeidhm, cinntear a leibhéal mar a leanas:
|
(a) |
i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha chomh bunúsach, chomh minic nó chomh forleathan sin gurb ionann iad agus teip iomlán ar an gcóras lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht an leithdháilte iomláin lena mbaineann i mbaol, cuirtear ráta comhréidh 100 % i bhfeidhm; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha an-mhinic agus an-fhorleathan gurb ionann iad agus cliseadh an-tromchúiseach ar an gcóras lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht sciar an-ard den leithdháileadh lena mbaineann i mbaol, cuirtear ráta comhréidh 50 % i bhfeidhm; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha chomh minic agus chomh forleathan sin gurb ionann iad agus teip thromchúiseach ar an gcóras lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht sciar an-ard den leithdháileadh lena mbaineann i mbaol, cuirtear ráta comhréidh 25 % i bhfeidhm; |
|
(d) |
i gcás inarb é is cúis le heasnaimh thromchúiseacha nach bhfuil an córas ag feidhmiú go hiomlán nó go bhfuil sé ag feidhmiú chomh dona nó chomh hannamh sin go gcuireann sé dlíthiúlacht agus rialtacht sciar ard den leithdháileadh lena mbaineann i mbaol, cuirtear ráta comhréidh 10 % i bhfeidhm; |
|
(e) |
i gcás inarb é is cúis le heasnaimh thromchúiseacha nach bhfuil an córas ag feidhmiú go comhsheasmhach sa chaoi go gcuireann sé dlíthiúlacht agus rialtacht sciar mór den leithdháileadh lena mbaineann i mbaol, cuirtear ráta comhréidh 5 % i bhfeidhm. |
Más rud é, mar gheall ar mhainneachtain na n-údarás freagrach bearta ceartaitheacha a dhéanamh tar éis laghdú a chur i bhfeidhm in aon fheachtas iniúchóireachta amháin, go sainaithnítear na heasnaimh thromchúiseacha chéanna in oibreacha iniúchóireachta ina dhiaidh sin, féadfar ráta an cheartaithe a mhéadú, mar gheall ar mharthanacht na n-easnamh tromchúiseach, go leibhéal nach mó ná leibhéal na chéad chatagóire eile is airde.
Tabharfaidh an Coimisiún deis don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair sula ndéanfar an laghdú. Déanfar mionanailís ar aon bharúil sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis na laghduithe deontais.
I gcás ina bhfuil leibhéal an ráta chomhréidh díréireach tar éis breithniú a dhéanamh ar na gnéithe a liostaítear thuas agus ar na barúlacha a sholáthair an Ballstát, féadfar an ráta ceartúcháin a laghdú.
XII. Meastóireacht ar an gCiste Aeráide Sóisialta agus measúnú ar oiriúnacht na bPleananna Aeráide Sóisialta
a. Meastóireacht ar an gCiste Aeráide Sóisialta
Ceanglaítear ar an gCoimisiún dhá mheastóireacht a dhéanamh ar an gCiste Aeráide Sóisialta (CAS). Sonraítear in Airteagal 27 de Rialachán CAS go ndéanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Chiste Aeráide Shóisialta 2 bhliain tar éis thús chur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta (28) agus go ndéanfaidh sé meastóireacht ex post faoi dheireadh 2033. Beidh tuarascálacha débhliantúla (gach 2 bhliain) ar dhul chun cinn a chuirfidh gach Ballstát ar fáil (féach Roinn IV.c den treoraíocht seo) ina bhfoinsí tábhachtacha faisnéise le haghaidh na meastóireachtaí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún.
Cuirfear an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil san áireamh sa chéad mheastóireacht a dhéanfaidh an Coimisiún. Fágann an spriocdháta rialála luath don mheastóireacht mheántéarma (i.e. 2 bhliain tar éis thús chur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta) gur rídhócha nach mbeidh cur chun feidhme na mbeart ach i gcéimeanna tosaigh nó idirmheánacha. Sa chomhthéacs sin, beidh na chéad tuarascálacha ar dhul chun cinn ó na Ballstáit atá le teacht faoin 15 Márta 2027 ina bpríomhfhoinse faisnéise chun dul chun cinn a thomhas agus chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí tosaigh, go háirithe a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí an Chiste.
Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha i bhfad roimh ré chun sonraí comhlántacha a bhailiú maidir le cur chun feidhme an Chiste. Cuirfear san áireamh freisin aon anailís stóinsithe eile a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta ar chur chun feidhme an Chiste agus ar na chéad torthaí a bhainfear amach. Ba cheart an méid sin a bheith ar fáil faoi lár 2027 ar a dhéanaí, chun cur le meastóireacht mheántéarma an Choimisiúin, agus más iomchuí, chun fianaise a sholáthar le haghaidh aon togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán CAS.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post faoi dheireadh 2033 lena soláthrófar measúnú domhanda ar an gCiste Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear faisnéis faoina thionchar (29).
Ina theannta sin, chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta, moltar do na Ballstáit a meastóireachtaí féin a dhéanamh ar thionchar a mbeart agus a n-infheistíochtaí náisiúnta arna gcistiú ag an gCiste Aeráide Sóisialta, agus na comhtháscairí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS á gcur san áireamh, uair amháin ar a laghad le linn shaolré an Chiste, agus roimh dheireadh 2032 más féidir, rud a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún na torthaí sin a chur san áireamh ina mheastóireacht ex post ar an gCiste.
Cé go mbeidh údaráis na mBallstát freagrach as meastóireachtaí den sórt sin a dhéanamh agus a chomhordú, pléifear aon saincheist agus malartú dea-chleachtas san fhóram tráthrialta arna bhunú ag an gCoimisiún chun na gníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta a phlé i gcomhthéacs an Chiste Aeráide Shóisialta. Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún ar bhealaí chun tacaíocht mhodheolaíoch agus theicniúil a sholáthar agus chun acmhainní a chur i bhfeidhm (mar shampla, maidir le meastóireachtaí tionchair frithfhíorasacha).
b. Measúnú ar oiriúnacht na bPleananna Aeráide Sóisialta
Mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(5) de Rialachán CAS, faoin 15 Márta 2029, ní mór do na Ballstáit tuarascáil a sholáthar don Choimisiún lenar cheart measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht gach Plean Aeráide Shóisialta i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar ar bóthar a áireamh faoi raon feidhme na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí sa Bhallstát ábhartha. Ba cheart an tuairisciú sin a ullmhú le chéile agus mar chuid den tuarascáil dhébhliantúil atá le cur isteach faoin 15 Márta 2029 faoi Airteagal 24(1) de Rialachán CAS.
c. Inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí
Ba cheart do na Ballstáit na coimircí is gá a chur i bhfeidhm chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-infheistíochtaí a áirithiú, mar shampla, i ndáil le bonneagar a thógáil le haghaidh tithíocht shóisialta nua nó tithíocht inacmhainne fhuinneamhéifeachtúil nó athrú cuspóra foirgneamh le haghaidh tithíocht shóisialta nua nó tithíocht inacmhainne fhuinneamhéifeachtúil.
XIII. Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
a. Infheictheacht agus faisnéis d’fhaighteoirí deiridh
Ba cheart do na Ballstáit faighteoirí deiridh an Chiste a chur ar an eolas faoi thionscnamh na tacaíochta, fiú i gcás ina mbaineann siad tairbhe as an tacaíocht sin trí idirghabhálaithe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin d’fhaighteoirí suaitheantas an Aontais agus ráiteas iomchuí ar a léitear ‘ arna chistiú ag an Aontas Eorpach – an Ciste Aeráide Sóisialta ’ ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt agus na hinfheistíochta atá beartaithe do na faighteoirí i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le húsáid shuaitheantas an Aontais mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an treoraíocht seo.
Ba cheart don údarás comhordúcháin nó don údarás cur chun feidhme freagrach ainmnithe suíomh gréasáin náisiúnta ar an bPlean Aeráide Sóisialta a ghníomhachtú, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chinnidh lena bhformheastar an Plean Aeráide Sóisialta (30). Ní mór é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta le faisnéis faoi bhearta agus infheistíochtaí, a chumhdaítear leis an bPlean Aeráide Sóisialta, a chuspóirí, a ghníomhaíochtaí, na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil agus a ghnóthachtálacha. Ní mór a áireamh ar an suíomh gréasáin na Pleananna Aeráide Sóisialta (leagan a formheasadh ar dtús agus leaganacha leasaithe ina dhiaidh sin), an cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an plean, cinntí cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le leasuithe ar an bplean, cinntí eisíocaíochta an Choimisiúin, na comhaontuithe idir an Coimisiún agus an Ballstát arb ionann iad agus gealltanais dhlíthiúla aonair, agus aon fhógra faoi mhionleasuithe ar an bplean.
Ba cheart don údarás comhordúcháin an suíomh gréasáin tiomnaithe sin a choinneáil cothrom le dáta le haon doiciméadacht ábhartha nua. Ba cheart dó é a úsáid freisin chun tuarascálacha débhliantúla an Bhallstáit a cheanglaítear faoi Airteagal 24(1) de Rialachán CAS a fhoilsiú, mar aon le haon anailís nó meastóireacht a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta ar fheidhmiú an Chiste agus ar na torthaí a baineadh amach.
Chun fanacht i dteagmháil dhíreach leis na faighteoirí deiridh féideartha agus leis na spriocghrúpaí, ba cheart do na Ballstáit córas fógartha agus síntiúis uathoibríoch agus láithreacht ghaolmhar ar na meáin shóisialta a fhorbairt. Leis an láithreacht agus an rannpháirtíocht sin ar na meáin shóisialta, ba cheart é a chur ar a gcumas d’fhaighteoirí deiridh féideartha nuashonruithe tráthúla a chur i bhfeidhm agus a fháil.
Cuirfidh na húdaráis cur chun feidhme ábhair chumarsáide agus infheictheachta ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear na hábhair sin atá dírithe ar fhaighteoirí deiridh, arna iarraidh sin. Ní mór ceadúnas saor ó ríchíosanna, neamheisiach agus neamh-inchúlghairthe a dheonú don Aontas chun na hábhair sin agus aon cheart atá ann cheana a ghabhann leo a úsáid arna iarraidh sin. Níor cheart a éileamh leis sin costais mhóra bhreise ná ualach mór riaracháin do na faighteoirí deiridh ná do na húdaráis cur chun feidhme.
Ceanglaítear ar fhaighteoirí deiridh na tacaíochta a áirithiú go mbeidh cistiú ón Aontas infheicthe, go háirithe agus gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn acu, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
Níl feidhm ag an oibleagáid sin nuair a thugtar an tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó nuair atá baol ann go bpoibleofaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de (Airteagal 23(2) de Rialachán SCR).
Faighteoirí agus comhlachtaí a chuireann bearta agus infheistíochtaí chun feidhme, tabharfaidh siad aitheantas don tacaíocht ón gCiste tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
tuairisc ghairid ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí a sholáthar ar shuíomh gréasáin oifigiúil agus ar chuntais meán sóisialta an tairbhí, atá comhréireach leis an leibhéal tacaíochta, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas; |
|
(b) |
ráiteas a sholáthar lena leagtar béim ar an tacaíocht ón Aontas ar bhealach infheicthe maidir le doiciméid agus ábhair chumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí, atá beartaithe don phobal nó do rannpháirtithe. |
b. Foilsiú sonraí maidir le faighteoirí deiridh agus bearta agus infheistíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste Aeráide Sóisialta
I gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán CAS, an t-údarás comhordúcháin nó an t-údarás ainmnithe ar cuireadh cur chun feidhme ar a iontaoibh, ní mór dó na sonraí tagartha is gá a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Ballstáit amháin (dá dtagraítear i Roinn XIII.A den treoraíocht seo maidir le hinfheictheacht agus faisnéis d’fhaighteoirí deiridh) i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Leis sin, beifear in ann sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid. Soláthróidh an Coimisiún treoracha modheolaíochta maidir leis an bhformáid agus an struchtúr chun na sonraí a dhéanamh comhoiriúnach agus in-athúsáidte ar fud na n-ardán cumarsáide, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin an Choimisiúin, agus déanfaidh sé inrochtana go héasca don phobal ar bhealach comhiomlánaithe iad.
An t-údarás comhordúcháin nó an t-údarás ainmnithe ar cuireadh cur chun feidhme an phlean ar a iontaoibh, foilseoidh sé liosta na mbeart agus na n-infheistíochtaí sa Phlean Aeráide Sóisialta ar an suíomh gréasáin agus ní mór dó an liosta a choinneáil cothrom le dáta trí athbhreithniú tráthrialta. Ní mór a áireamh sa liosta na bearta agus na hinfheistíochtaí uile a chuirtear chun feidhme faoin gCiste, lena leagtar amach méid iomlán an chistiúcháin a fuarthas ón gCiste Aeráide Sóisialta, méid iomlán an chistiúcháin phoiblí le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin (lena n-áirítear an ranníocaíocht náisiúnta leis an bPlean Aeráide Sóisialta) agus méid na gcistí arna n-íoc faoi chistí eile arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais.
Ní mór an fhaisnéis maidir le faighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais (dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Rialachán CAS) a áireamh, agus na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 23(1) de Rialachán CAS á gcur san áireamh, sa liosta arna fhoilsiú ag an mBallstát a luaithe is féidir tar éis eisíoc na ranníocaíochta leis an bhfaighteoir deiridh. Más rud é, i gcás roinnt faighteoirí deiridh, nach n-eisíoctar an leithdháileadh airgeadais ón gCiste, mar gheall ar ábhair imní maidir le cur chun feidhme, neamhrialtachtaí, saincheisteanna iniúchóireachta nó airgeadais, ní mór na faighteoirí deiridh sin a bhaint den liosta agus gan iad a áireamh i ríomh na spriocanna atá le tuairisciú nó le húsáid chun críoch infheictheachta agus cumarsáide.
Ba cheart na sonraí seo a leanas a bheith ar an liosta:
|
(a) |
ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha aitheantais CBL nó a n-uimhreacha aitheantais cánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste a fuarthas le haghaidh gach infheistíochta nó birt; |
|
(b) |
ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir aitheantais CBL nó a n-uimhreacha aitheantais CBL nó a n-uimhir aitheantais chánach nó a n-uimhreacha aitheantais cánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí; |
|
(c) |
táscaire suímh nó geoshuíomh na cathrach, an réigiúin agus na tíre ina gcuirtear an oibríocht chun feidhme. |
Níor cheart an fhaisnéis dá dtagraítear sa liosta thuas a fhoilsiú nuair a bhaineann sí leis na heisceachtaí sonracha seo a leanas:
|
— |
tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach do theaghlaigh leochaileacha; |
|
— |
na cásanna a liostaítear in Airteagal 38(3) den Rialachán Airgeadais, go háirithe na cinn seo a leanas: (i) tacaíocht airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí airgeadais i gcomhair méid is lú ná EUR 500 000; (ii) i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí; (iii) nuair a bhaineann sé le luach saothair saineolaithe seachtracha a roghnaítear ar bhonn a gcumais ghairmiúil, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus na heaspa coinbhleachtaí leasa á n-urramú; (iv) conarthaí ar luach an-íseal atá faoi bhun an mhéid dá dtagraítear i bpointe 14.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais. |
c. Straitéis chumarsáide maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta
Tar éis an Plean Aeráide Sóisialta náisiúnta a fhormheas, ba cheart do na húdaráis cur chun feidhme nó don chomhlacht náisiúnta comhordúcháin straitéis cumarsáide náisiúnta a tharraingt suas, a mbeidh achoimre uirthi le háireamh sa Phlean Aeráide Sóisialta. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a áireamh san achoimre ar an straitéis chumarsáide: cuspóirí, príomhtheachtaireachtaí, spriocphobail, gníomhaíochtaí/cainéil chumarsáide, buiséad pleanáilte, príomhthionscadail roghnaithe, socruithe comhordúcháin leis an gCoimisiún, agus faireachán agus meastóireacht. Ba cheart tús a chur lena chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an Plean Aeráide Sóisialta chun feasacht an phobail ar thionchar chistiú an Aontais ar shaol laethúil na ndaoine a áirithiú. Moltar don údarás cur chun feidhme na híoscheanglais chumarsáide chéanna is infheidhme faoi bhuiséad 2021-2027 an Aontais a chomhlíonadh (32).
Ós rud é gur ionstraim nua é an Ciste Aeráide Sóisialta a bhfuil dlúthbhaint aici le tabhairt isteach CTA2, leis an straitéis chumarsáide ba cheart feasacht a mhúscailt agus aitheantas a áirithiú maidir le rannchuidiú an Chiste Aeráide Shóisialta le haistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo na haeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta CTA2, ar leibhéal an tionscadail agus ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart a shonrú sa straitéis chumarsáide náisiúnta conas gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha a chur chun feidhme leis an gCoimisiún agus lena Ionadaíocht sa tír agus sa réigiún ábhartha chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide chuig údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus in éineacht leo, le hionadaithe comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí don óige agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.
Ós rud é gur ionstraim ilbhliantúil a bheidh sna Pleananna Aeráide Sóisialta, ba cheart a áireamh sa straitéis chumarsáide náisiúnta plean cumarsáide ina mbeidh sraith gníomhaíochtaí bliantúla tar éis an Plean Aeráide Sóisialta a ghlacadh, a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar ghníomhaíochtaí cumarsáide amach anseo sna blianta ina dhiaidh sin.
Is féidir leis na Ballstáit ‘ardáin rannpháirtíochta páirtithe leasmhara’ níos leithne a chur chun cinn freisin chun cuimsitheacht agus trédhearcacht a chothú. Leis na hardáin sin thacófaí le peirspictíochtaí éagsúla a bhailiú agus d’áiritheofaí go dtabharfaí aird chuí ar riachtanais na ngrúpaí éagsúla lena mbaineann. Téann siad níos faide ná comhairliúchán foirmiúil le páirtithe leasmhara a bhfuil ionadaíocht náisiúnta acu.
Ar deireadh, leis an straitéis is féidir béim a leagan ar roghnú idirghabhálacha sonracha agus dea-chleachtas atá ábhartha don údarás cur chun feidhme, a bhfuil sé beartaithe aige iad a chur chun cinn agus a chur in iúl ar bhealach níos gníomhaí, agus a ndéanfaí cumarsáid chomhordaithe leis an gCoimisiún ina leith a phleanáil.
Chun scaipeadh agus cuntasacht leormhaith a áirithiú maidir leis an obair chumarsáide a dhéantar, moltar do na húdaráis cur chun feidhme an sásra comhordúcháin (féach Roinn III.a. maidir le cur chun feidhme) a chur ar an eolas uair sa bhliain ar a laghad maidir le cur chun feidhme agus torthaí na straitéise cumarsáide, agus maidir leis na príomhghníomhaíochtaí cumarsáide atá beartaithe a bheidh le déanamh an bhliain dár gcionn.
Chun malartú dea-chleachtas a chumasú agus chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta a chomhordú, ceanglaítear ar na húdaráis cur chun feidhme sonraí teagmhála a sholáthar don Choimisiún le haghaidh an chomhordaitheora náisiúnta cumarsáide a bheidh ina phointe teagmhála don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Ba cheart do na húdaráis iad sin a sholáthar a luaithe is féidir tar éis fhormheas an Phlean Aeráide Shóisialta.
d. Gníomhaíochtaí cumarsáide cothrománacha ar an leibhéal Eorpach
Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste agus na torthaí a fuarthas. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na n-údarás náisiúnta, gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sna Ballstáit lena mbaineann (Airteagal 23(3) de Rialachán CAS).
Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú idir iarrachtaí cumarsáide an Choimisiúin agus na mBallstát, bunóidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
— |
suíomh gréasáin don Chiste Aeráide Sóisialta. Áireofar leis sin, mar shampla, faisnéis ghinearálta maidir leis an gCiste, tagairt agus sonraí an Phlean Aeráide Shóisialta arna ghlacadh ag gach Ballstát (lena n-áirítear an plean féin a luaithe a fhormheasfaidh an Coimisiún é), liosta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as na Pleananna Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus foroinn a bheidh tiomnaithe do dhea-chleachtais maidir le bearta agus infheistíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta ar an leathanach gréasáin tiomnaithe sin leis an bhfaisnéis phoiblí ábhartha uile; |
|
— |
líonra de chomhordaitheoirí cumarsáide náisiúnta chun dea-chleachtais a roinnt agus gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha a eagrú. Eagróidh an Coimisiún cruinnithe leis an líonra agus bunóidh sé timpeallacht dhigiteach chun faisnéis a mhalartú. |
(1) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(3) C(2025) 881 final.
(4) C(2025) 880 final.
(5) C(2025) 880 final Iarscríbhinní 1 go 2.
(6) Airteagal 3, an dara fomhír de Threoir (AE) 2023/959.
(7) An Bhruiséil, an 18 Aibreán 2023, (OR. en, pl) 7984/23 ADD 1, comhad idirinstitiúideach: 2021/0206(COD).
(8) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(9) Féach Catagóirí 3 agus 4 faoin roinn thíos maidir le measúnú ar chórais bhainistithe agus rialaithe.
(10) Ceanglaítear le hAirteagal 6(1)(e) de Rialachán CAS ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar ina bPlean Aeráide Sóisialta maidir leis an líon measta teaghlach, micrifhiontar agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Airteagal 6(1)(d) de Rialachán CAS – faisnéis maidir leis an meastachán ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú ar phraghsanna mar thoradh ar CTA AE 2 ar theaghlaigh, go háirithe ar ráta tarlaithe na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair. Airteagal 8(2) de Rialachán CAS – faisnéis maidir le sciar na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí i gcostais mheasta iomlána an phlean.
(11) Tá tuilleadh treoraíochta maidir le dearadh garspriocanna agus spriocanna ar fáil sa Treoraíocht maidir le Pleananna Aeráide Sóisialta (C(2025) 881 final).
(12) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(13) Mar shampla, ‘bochtaineacht fuinnimh’ de réir Airteagal 2(52) den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ((AE) 2023/1791); ‘teaghlach’ de réir Airteagal 2(15) de Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh; agus ‘micrifhiontar’, a chiallaíonn fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a chlár comhardaithe bliantúil EUR 2 mhilliún, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
(14) Féach Airteagal 6(f).
(15) Féach na comhtháscairí ó Iarscríbhinn IV a liostaítear faoi uimhreacha 1, 2, 3, 11, 13, 18, 19, 20, 29, 30, 32, 33, 34, 36 agus 37.
(16) I gcomhréir le hAirteagal 16(3)(b) de Rialachán CAS.
(17) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024).
(18) Tá tuilleadh treoraíochta maidir leis na bearta a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair, mar aon le samplaí, ar fáil san Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2016/C 262/01), lena léirítear taithí an cháis go dtí 2016. Ina theannta sin, i dteimpléid threoracha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le Státchabhair soláthraítear samplaí maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir cásanna cabhrach agus cásanna gan aon chabhair agus soláthraítear faisnéis maidir leis na nósanna imeachta agus na hionstraimí Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith infheidhme, go háirithe:
|
— |
|
— |
|
— |
(19) Rialachán (AE) Uimh. 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).
(20) Tá tuilleadh treoraíochta ar fáil san fhógra ón gCoimisiún maidir le treoirlínte léirmhínitheacha a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (IO C 222, 26.6.2023, lch. 1).
(21) Tá tuilleadh treoraíochta maidir leis na bearta a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair, mar aon le samplaí, ar fáil san Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2016/C 262/01), lena léirítear taithí an cháis go dtí 2016. Ina theannta sin, i dteimpléid threoracha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le Státchabhair soláthraítear samplaí maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir cásanna cabhrach agus cásanna gan aon chabhair agus soláthraítear faisnéis maidir leis na nósanna imeachta agus na hionstraimí Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith infheidhme, go háirithe:
|
— |
|
— |
|
— |
(22) Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 prionsabal na tairisceana éigeantaí le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí san iompar ar bóthar. Leagtar síos sa Rialachán na coinníollacha faoina ndéanfaidh údaráis inniúla, agus oibleagáidí seirbhíse poiblí á bhforchur nó á gconrú acu, oibreoirí seirbhíse poiblí a chúiteamh as na costais a tabhaíodh agus/nó cearta eisiacha a dheonú mar mhalairt ar oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.
(23) Cinneadh ón gCoimisiún an 14.5.2019 lena leagtar síos na treoirlínte chun ceartuithe airgeadais a chinneadh atá le déanamh ar chaiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas i gcás neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí.
(24) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
(25) Leagtar amach liosta mionsonraithe de na cúraimí atá le déanamh ag an teagmhálaí náisiúnta in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coitianta.
(26) Mar shampla, mheasfaí gur faighteoir deiridh iad teaghlaigh a fhaigheann dearbháin le haghaidh iompar poiblí. An tráth céanna, mheasfaí gurb é an faighteoir deiridh é eintiteas poiblí a fhaigheann tacaíocht chun feithiclí a cheannach.
(27) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún.
(28) Féach Airteagal 27 de Rialachán CAS.
(29) Cf. Airteagal 27(3) de Rialachán AE 2023/955: ‘Faoin 31 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Is é a bheidh sa tuarascáil mheastóireachta ex post measúnú foriomlán ar an gCiste agus áireofar inti freisin faisnéis faoina tionchar’.
(30) Tá an sprioc-am 6 mhí i gcomhréir le freagrachtaí na n-údarás bainistíochta faoi chistí comhtháthaithe an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 49(1) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
(31) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(32) https://commission.europa.eu/funding-tenders/managing-your-project/communicating-and-raising-eu-visibility_en.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na comhtháscairí ábhartha in aghaidh an bhirt agus na hinfheistíochta incháilithe (mar a shonraítear in Airteagal 8 de Rialachán CAS)
Leagtar amach comhtháscairí in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CAS agus foráiltear léi, i gcás nach bhfuil beart ná infheistíocht i bPlean Aeráide Sóisialta Ballstáit a rannchuidíonn le cuid de na táscairí, go bhféadfaidh na Ballstáit iad sin a léiriú mar tháscairí neamh-infheidhme. I ndáil leis sin, sainaithnítear sa tábla thíos cé na comhtháscairí a liostaítear faoi Iarscríbhinn IV a mheastar a bheith ábhartha do gach cineál birt nó infheistíochta chun críoch an tuairiscithe dhébhliantúil ar dhul chun cinn faoi Airteagal 24(1) de Rialachán CAS. Má tá beart nó infheistíocht a thagann faoi na cineálacha sainaitheanta beart/infheistíochtaí i bPlean Aeráide Sóisialta Ballstáit, ba cheart dó faisnéis a bhailiú maidir leis an gcomhtháscaire/na comhtháscairí atá marcáilte thíos agus na sonraí ábhartha lena dtomhaistear dul chun cinn i dtreo an chomhtháscaire/na gcomhtháscairí a áireamh ina thuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn.
|
Comhpháirt na bhfoirgneamh |
Táscaire aschuir 3 |
Táscaire aschuir 4 |
Táscaire aschuir 5 |
Táscaire aschuir 6 |
Táscaire aschuir 7 |
Táscaire aschuir 8 |
Táscaire aschuir 9 |
Táscaire aschuir 10 |
||
|
An líon teaghlach leochaileach |
An líon foirgneamh – athchóiriú domhain |
Achar urláir (athchóiriú domhain) |
An líon foirgneamh (athchóiriú fuinnimh eile) |
Achar urláir – athchóiriú fuinnimh eile |
An líon suiteálacha téimh breosla iontaise a athsholáthraíodh |
Acmhainneacht bhreise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite (MW) |
Acmhainneacht bhreise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite (aonaid) |
|||
|
x |
x (*1) |
x (*1) |
x (*2) |
x (*2) |
(x) |
(x) |
(x) |
||
|
x |
|
|
|
|
(x) |
(x) |
(x) |
||
|
x |
|
|
|
|
(x) |
(x) |
(x) |
||
|
x |
|
|
|
|
|
|
|
||
|
x |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
||
|
||||||||||
|
Comhpháirt na bhfoirgneamh |
Táscaire toraidh 11 |
Táscaire toraidh 12 |
Táscaire toraidh 13 |
Táscaire toraidh 14 |
Táscaire toraidh 15 |
Táscaire toraidh 16 |
Táscaire toraidh 17 |
||
|
Laghdú ar theaghlaigh leochaileacha (%) |
Laghdú ar astaíochtaí GCT in earnáil bhfoirgneamh |
Laghdú ar an líon teaghlach fuinneamhbhocht (%) |
Coigilteas ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil (MWh/bliain) |
Coigilteas ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil (kWh/m2) |
Coigilteas ar thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil (kWh/m2) |
Coigilteas ar thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil (MWh/bliain) |
|||
|
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
||
|
x |
(x) (*3) |
x |
(x) (*3) |
(x) (*3) |
(x) (*3) |
(x) (*3) |
||
|
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
||
|
x |
(x) |
x |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
||
|
|||||||||
|
Comhpháirt an iompair ar bóthar |
Táscaire aschuir 20 |
Táscaire aschuir 21 |
Táscaire aschuir 22 |
Táscaire aschuir 23 |
Táscaire aschuir 24 |
Táscaire aschuir 25 |
Táscaire aschuir 26 |
Táscaire aschuir 27 |
Táscaire aschuir 28 |
||
|
An líon úsáideoirí iompair leochaileacha |
An líon feithiclí astaíochtaí nialasacha a ceannaíodh |
An líon feithiclí astaíochtaí ísle a ceannaíodh |
An líon rothar a ceannaíodh |
An líon pointí athbhreoslúcháin agus athluchtaithe |
Ticéid iompair phoiblí ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce (an líon úsáideoirí) |
Réitigh bhreise maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh (an líon úsáideoirí) |
Réitigh bhreise maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh (aonaid) |
Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht (km) |
|||
|
x |
|
|
|
|
|
|
|
|
||
|
x |
(x) |
(x) |
(x) |
(x) |
|
|
|
(x) |
||
|
x |
|
|
|
|
(x) |
(x) |
(x) |
|
||
|
|||||||||||
|
|
Táscaire toraidh 29 |
Táscaire toraidh 30 |
Táscaire toraidh 31 |
||
|
Laghdú ar úsáideoirí iompair leochaileacha (%) |
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair (%) |
Laghdú ar astaíochtaí GCT san iompar ar bóthar |
|||
|
|
|
|
||
|
x |
x |
x |
||
|
x |
x |
x |
|
Ina theannta sin, i gcás micrifhiontar |
Táscaire aschuir 33 |
Táscaire toraidh 34 |
||
|
An líon micrifhiontar leochaileach |
Laghdú ar an líon micrifhiontar leochaileach (%) |
|||
|
(x) |
(x) |
||
|
|
|
||
|
(x) |
(x) |
||
|
(x) |
(x) |
||
|
(x) |
(x) |
||
|
(x) |
(x) |
||
|
(x) |
(x) |
||
|
||||
|
Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach |
Táscaire aschuir 36 |
Táscaire aschuir 37 |
Táscaire toraidh 38 |
Táscaire toraidh 39 |
|
An líon teaghlach leochaileach a fhaigheann tacaíocht ioncaim dhíreach |
An líon úsáideoirí iompair leochaileacha a fhaigheann tacaíocht ioncaim dhíreach |
Meántacaíocht ioncaim dhíreach in aghaidh an teaghlaigh leochailigh (in euro) |
Meántacaíocht ioncaim dhíreach in aghaidh an úsáideora iompair (in euro) |
|
|
Airteagal 2 – Bearta lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach |
x |
x |
x |
x |
D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nach bhfuil sé indéanta sonraí beachta maidir leis na comhtháscairí a bhailiú. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a mholadh meastacháin a thuairisciú, bunaithe ar údar soiléir nach bhfuil bailiú beacht sonraí indéanta agus ar mhodheolaíocht fhónta meastacháin ba cheart a chomhaontú leis an gCoimisiún roimh ré.
(*1) I gcás foirgnimh a ndearnadh athchóiriú domhain orthu, agus i gcás na bhfoirgneamh sin amháin. Mar shoiléiriú, cé go sainmhínítear ‘athchóiriú domhain’ sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (Airteagal 2(20)) mar athchóiriú as a dtiocfaidh leibhéal foirgnimh astaíochtaí nialasacha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh athchóirithe chun foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach indéanta i gcónaí. Dá bhrí sin, is féidir laghdú 60 % ar úsáid fuinnimh phríomhúil a mheas mar athchóiriú domhain chun na Pleananna Aeráide Sóisialta a dhréachtú agus a chur chun feidhme.
(*2) I gcás foirgnimh a ndearnadh athchóiriú fuinnimh eile orthu, agus i gcás na bhfoirgneamh sin amháin.
(*3) Níl na táscairí sin ábhartha ach amháin maidir le hathrú cuspóra foirgneamh (ní chun foirgnimh nua a thógáil).
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad don dearbhú bainistíochta a bheidh ag gabháil le hiarratas ar íocaíocht faoi Airteagal 20.1
Dearbhaímse/Dearbhaímid, a bhfuil mo shíniú/ár sínithe anseo thíos (ainm/ainmneacha, céadainm/céadainmneacha, teideal/teidil, nó feidhm/feidhmeanna), Ceann an údaráis atá ainmnithe chun na Dearbhuithe Bainistíochta maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta a shíniú le haghaidh XXX (uimhir CCI)
bunaithe ar chur chun feidhme an phlean aeráide shóisialta le haghaidh XXX le linn na tréimhse ón XX-XX-XXX go dtí an YY-YYY-YYY, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin/ár mbreithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil dom/dúinn ar an dáta a cuireadh an t-iarratas ar íocaíocht faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear na torthaí ó na fíoruithe bainistíochta a rinneadh agus ó na hiniúchtaí i ndáil leis an gcaiteachas a áirítear sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh na tréimhse ó VV-VV-VVVV go ZZ-ZZ-ZZZZ,
agus m’oibleagáidí/ár n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/995 á gcur san áireamh
leis seo:
|
(a) |
go bhfuil an fhaisnéis san iarratas ar íocaíocht curtha i láthair i gceart, iomlán agus cruinn i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/995; |
|
(b) |
go gcomhlíonann an caiteachas arna thabhú chun na spriocanna agus na garspriocanna a baineadh amach go hiomlán a bhaint amach an dlí is infheidhme agus gur úsáideadh é chun na críche a beartaíodh dó; |
|
(c) |
nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach go sásúil roimhe sin. |
Dearbhaím/Dearbhaímid go gcaitear go cuí le neamhrialtachtaí a sainaithníodh sna tuarascálacha iniúchóireachta agus rialaithe deiridh i ndáil le hiarratais ar íocaíocht roimhe seo. Dearbhaím/Dearbhaímid freisin go ndearnadh spriocanna nó garspriocanna atá faoi réir measúnú leanúnach ar a ndlíthiúlacht agus ar a rialtacht a eisiamh ón iarratas ar íocaíocht go dtí go dtabharfar an measúnú i gcrích, lena gcur san áireamh in iarratas ar íocaíocht ina dhiaidh sin.
Thairis sin, dearbhaím/dearbhaímid iontaofacht na sonraí a bhaineann le táscairí, garspriocanna, agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean.
Deimhním/Deimhnímid freisin go bhfuil bearta éifeachtacha comhréireacha frithchalaoise i bhfeidhm agus go gcuirtear san áireamh sna bearta na rioscaí a sainaithníodh i ndáil leis sin.
Ar deireadh, deimhním/deimhnímid nach bhfuil mé/muid ar an eolas faoi aon ábhar clú nár nochtadh a bhaineann le cur chun feidhme an chláir.
IARSCRÍBHINN III
Cumarsáid agus infheictheacht – Airteagal 23
Úsáid agus saintréithe teicniúla shuaitheantas an Aontais (‘an suaitheantas’)
|
1.1. |
Ní mór an suaitheantas a bheith le feiceáil go follasach ar gach ábhar cumarsáide a bhaineann le hoibríocht a chur chun feidhme, don phobal nó do rannpháirtithe, amhail táirgí clóite nó digiteacha agus suíomhanna gréasáin, lena n-áirítear leaganacha móibíleacha. |
|
1.2. |
Ní mór an ráiteas ‘Arna chistiú ag an Aontas Eorpach – an Ciste Aeráide Sóisialta’ a scríobh ina iomláine agus a chur in aice leis an suaitheantas. |
|
1.3. |
Féadfaidh aon cheann de na clónna seo a leanas a bheith sa chló-aghaidh atá le húsáid i gcomhar leis an suaitheantas: Arial, Auto, Calibri, Garamond, Trebuchet, Tahoma, Verdana nó Ubuntu. Ní ceart cló iodálach, leaganacha a bhfuil líne fúthu ná maisíochtaí clófhoirne a úsáid. |
|
1.4. |
Níor cheart suíomh an téacs i gcoibhneas leis an suaitheantas cur isteach ar an suaitheantas ar bhealach ar bith. |
|
1.5. |
Bíodh méid an chló a úsáidtear i gcomhréir le méid an tsuaitheantais. |
|
1.6. |
Ní mór dath reflex blue, dubh nó bán a bheith ar an gclófhoireann de réir an chúlra. |
|
1.7. |
Níor cheart an suaitheantas a mhodhnú ná a chumasc le haon ghné ghrafach ná téacs eile. Má thaispeántar lógónna eile chomh maith leis an suaitheantas, ní mór an suaitheantas a bheith ar a laghad chomh mór céanna, de réir airde nó leithid, leis an gceann is mó de na lógónna eile. Cé is moite den suaitheantas, níor cheart amharc-aithne ná lógó ar bith eile a úsáid chun aird a tharraingt ar an tacaíocht ón Aontas. |
|
1.8. |
I gcás ina bhfuil roinnt oibríochtaí ar siúl ar an láthair chéanna, a fhaigheann tacaíocht ó na hionstraimí cistiúcháin céanna nó ó ionstraimí cistiúcháin éagsúla, nó i gcás ina soláthraítear cistiú breise don oibríocht chéanna ar dháta níos déanaí, ní mór plaic nó clár fógraí amháin ar a laghad a thaispeáint. |
|
1.9. |
Is iad seo a leanas na caighdeáin ghrafacha maidir leis an suaitheantas agus an sainmhíniú ar dhathanna caighdeánacha. |
A TUAIRISC SHIOMBALACH
Ar chúlra na spéire goirme, tá ciorcal 12 réalta órga, lena léirítear aontacht na bpobal Eorpach. Tá an líon réaltaí socair, óir is é 12 siombail na foirfeachta agus na haontachta.
B TUAIRISC ARALTACH
Ar ghort gormghlas ciorcal de 12 mhilléad órga, gan a bpointí ag tadhall.
C. TUAIRISC CHÉIMSEATÚIL
Is i bhfoirm bratach ghorm dhronuilleogach atá an suaitheantas, a bhfuil a leithead an oiread go leith chomh fada leis an airde. As dhá réalta órga dhéag atá ag eatraimh chothroma déantar ciorcal dofheicthe, arb é a lár pointe trasnaithe thrasnáin na dronuilleoige. Is ionann ga an chiorcail agus trian d’airde an ardaitheora. Tá cúig phointe ag gach réalta atá ar imlíne ciorcail dhofheicthe arb ionann a gha agus an 18ú cuid d’airde an ardaitheora. Tá gach réalta ina seasamh, i.e. le pointe amháin go hingearach agus dhá phointe i líne dhíreach go dronuilleach don chrann. Socraítear an ciorcal sa chaoi nach mór do na réaltaí a bheith in ionad na n-uaireanta an chloig ar aghaidh cloig. Tá a líon do-athraitheach.
D. NA DATHANNA OIFIGIÚLA
Na dathanna seo a leanas atá ar an suaitheantas: PANTONE REFLEX BLUE ar dhromchla na dronuilleoige; PANTONE YELLOW do na réaltaí
E AN PRÓISEAS CEITHRE DHATH
Má úsáidtear an próiseas ceithre dhath, athchruthaigh an dá dhath chaighdeánacha trí úsáid a bhaint as ceithre dhath an phróisis ceithre dhath.
Faightear PANTONE YELLOW trí ‘Process Yellow’ 100 % a úsáid.
Faightear PANTONE REFLEX BLUE trí ‘Process Cyan’ 100 % agus 'Process Magenta' 80 % a mheascadh.
Idirlíon:
Comhfhreagraíonn PANTONE REFLEX BLUE sa dath pailéid gréasáin do RGB:0/51/153 (heicsidheachúil: 003399) agus comhfhreagraíonn PANTONE YELLOW sa phailéad gréasáin do dhath RGB: 255/204/0 (heicsidheachúil: FFCC00).
PRÓISEAS LE hAGHAIDH ATÁIRGEADH MONACRÓMACH
Agus dubh á úsáid, imlínítear an dronuilleog i ndath dubh agus priontáiltear na réaltaí i ndath dubh ar chúlra bán.
Agus gorm á úsáid (Reflex Blue), úsáidtear leibhéal 100 % agus fágtar na réaltaí i ndath bán diúltach.
ATÁIRGEADH AR CHÚLRA DAITE
Mura bhfuil aon slí chun cúlra ildaite a sheachaint, cuirtear imeall bán timpeall na dronuilleoige, agus leithead na teorann cothrom le 1/25ú d’airde na dronuilleoige.
Leagtar amach na prionsabail maidir le húsáid shuaitheantas an Aontais ag tríú páirtithe sa chomhaontú riaracháin le Comhairle na hEorpa maidir le húsáid an tsuaitheantais Eorpaigh ag tríú páirtithe (IO C 271, 8.9.2012, lch. 5.).
|
2. |
Leis an gceadúnas maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagal 49(6), deonaítear don Aontas na cearta seo a leanas ar a laghad: |
|
2.1. |
úsáid inmheánach, i.e. an ceart chun na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a atáirgeadh, a chóipeáil agus a chur ar fáil d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, d’údaráis na mBallstát, agus dá bhfostaithe; |
|
2.2. |
atáirgeadh na n-ábhar cumarsáide agus infheictheachta trí aon mhodh agus in aon fhoirm, ina n-iomláine nó i bpáirt; |
|
2.3. |
na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a chur in iúl don phobal trí aon cheann de na modhanna cumarsáide agus trí na modhanna sin uile; |
|
2.4. |
na hábhair chumarsáide agus infheictheachta (nó cóipeanna díobh) a dháileadh ar an bpobal i bhfoirm ar bith; |
|
2.5. |
na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a stóráil agus a chartlannú; |
|
2.6. |
na cearta ar na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a fho-cheadúnú do thríú páirtithe. |
GIORRÚCHÁIN AGUS GEARRTHEIDIL
Rialachán na bhForálacha Coitianta – Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
An prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ – An Prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.
An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh – Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh – Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024).
An Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí – Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
CTA2 – An córas nua trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise a bunaíodh i gCaibidil IV.a de Threoir 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
Rialachán Airgeadais – Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024).
Ciste, CAS – an Ciste Aeráide Sóisialta.
An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine – Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine) (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
An Rialachán Rialachais – Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
CAI – an creat airgeadais ilbhliantúil.
Plean/Pleananna — plean/pleananna aeráide sóisialta.
Rialachán STA – Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
Rialachán CAS – Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht –Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5511/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)