European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5480

9.10.2025

FÓGRA FOLÚNTAIS

GNÍOMHAIRE SEALADACH

CATHAOIRLEACH ÚBE

(C/2025/5480)

 

Tá gearrliosta á bhunú ag Bord Maoirseoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don phost seo CATHAOIRLEACH ÚBE:

Nós imeachta tagartha

ÚBE TA-01-2025

An cineál conartha

GNÍOMHAIRE SEALADACH

Grád

AD 15

Fad an chonartha

Cúig bliana, agus is féidir síneadh ama a chur leis uair amháin (1)

An áit fostaíochta

Páras, An Fhrainc

An dáta foilsithe

7 Deireadh Fómhair 2025

Spriocdháta le haghaidh iarratas

7 Samhain 2025 ag 23.59 (Am Lár na hEorpa)

Dáta tosaithe measta

R1-R2 2026

Beidh an gearrliosta bailí go dtí

31 Nollaig 2026, agus an fhéidearthacht ann síneadh ama a chur leis

Cuirfidh ÚBE an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ceapfar Cathaoirleach an ÚBE ag an gComhairle tar éis do Pharlaimint na hEorpa an ceapachán a dheimhniú.

CÉARD É ÚBE?

Is údarás neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh é ÚBE a bunaíodh an 1 Eanáir 2011 le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

Is é misean ÚBE cur le cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais Eorpaigh trí rialáil agus maoirseacht shimplí, chomhsheasmhach, thrédhearcach, chothrom a théann chun tairbhe shaoránaigh uile an Aontais.

Is iad seo a leanas tosaíochtaí ilbhliantúla ÚBE i leith na tréimhse a chríochaíonn in 2028: (1) Leabhar rialacha: rannchuidiú le margadh aonair éifeachtúil, athléimneach, inbhuanaithe (2) Measúnú riosca: uirlisí, sonraí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun tacú le hanailís, maoirseacht agus formhaoirseacht éifeachtach (3) Nuálaíocht: acmhainn teicneolaíochta a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú do na páirtithe leasmhara go léir.

Is dlúthchuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA) é ÚBE agus bíonn sé ag obair i ndlúthchomhar lena chomhúdaráis laistigh de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, is iad sin an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA), agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), chomh maith leis an gComhchoiste agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS).

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE: www.eba.europa.eu.

CAD IAD AN POST AGUS AN TAIRISCINT?

Príomhchuspóir

Is gairmí lánaimseartha neamhspleách é an Cathaoirleach, ar ball é d’fhoireann Ardbhainistíochta ÚBE a threoraíonn fís straitéiseach an Údaráis agus a fhéachann chuige go mbainfear amach na príomhthosaíochtaí.

Déanann an Cathaoirleach ionadaíocht thar ceann an Údaráis agus tá sé freagrach as na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán lena mbunaítear ÚBE (3).

Príomhfhreagrachtaí

Obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a leagan síos, na cruinnithe a thionól agus míreanna a chur síos lena gcinneadh. Déanann an Cathaoirleach cathaoirleacht ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

Clár oibre an Bhoird Bainistíochta a leagan síos ionas go nglacfaidh an Bord Bainistíochta é. Déanann an Cathaoirleach cathaoirleacht ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

Gníomhú mar cheann agus mar ionadaí seachtrach ÚBE, dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear institiúidí an Aontais, údaráis inniúla, ionadaithe tríú tíortha, ionadaithe tionscail.

Cúraimí agus cinntí áirithe de chuid an Bhoird Maoirseoirí atá sainithe go soiléir a chomhlíonadh.

Páirt a ghlacadh in éisteachtaí os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air, agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

Timpeallacht oibre

Beidh tú páirteach i bhfoireann ilchultúrtha, ildisciplíneach de ghairmithe ardleibhéil agus beidh an deis agat dea-thionchar a imirt ar an gcreat rialála d’institiúidí airgeadais san Aontas.

Cloífidh tú le Luachanna ÚBE.

Is tráthúil an uair a thiocfaidh tú ag obair le ÚBE ós rud é gur leathnaíodh sainordú an Údaráis le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Margaí Eorpacha i gCripteashócmhainní (MiCA) agus Ghníomh an Aontais Eorpaigh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA).

O thaobh riaracháin de, beidh tú fostaithe mar Ghníomhaire sealadach i ngrád riarthóra (AD) 15 agus beidh tú lonnaithe in ÚBE ag 20 Avenue André Prothin, 92400, Courbevoie, an Fhrainc (Urláir 24 go 27 de thúr EUROPLAZA), i limistéar ‘La Défense’, an ceantar gnó is mó san Eoraip agus an ceathrú ceantar gnó is mó ar domhan.

Tá príomhchathair na Fraince ar cheann de na cathracha is spreagúla san Eoraip. Is cathair í ar furasta siúl thart uirthi agus ar furasta taisteal chuig áiteanna eile uaithi, agus tá an saol go hiontach inti ó thaobh an chultúir agus an bhia de. Tá an-chuid músaem, saibhreas ailtireachta, séadchomharthaí gleoite ar nós Thúr Eiffel, siopaí na ndearthóirí móra, agus páirceanna áille sa chathair.

Mairfidh do chonradh cúig bliana agus ní féidir síneadh ama a chur leis ach uair amháin, go ceann tréimhse bhreise cúig bliana.

I gcomhair tuilleadh eolais maidir le coinníollacha conarthacha, tuarastal, sochair bhreise, cothromaíocht oibre is saoil, áiseanna scolaíochta, etc., féach ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.

CAD IAD NA CEANGLAIS ROGHNÚCHÁIN?

Déanfar measúnú ar iarratais bunaithe ar na Critéir Incháilitheachta agus Roghnúcháin a shonraítear san fhógra folúntais seo.

Critéir incháilitheachta

Chun a bheith incháilithe, ní mór do na hiarrthóirí na critéir incháilitheachta ar fad a liostaítear thíos a chomhlíonadh faoin spriocdháta chun iarratais a chur isteach:

Ginearálta

A bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach (4) nó den Íoslainn, deLichtinstéin, nó den Iorua, agus a gcearta iomlána mar shaoránach a theachtadh (5);

Aon oibleagáid arna forchur leis na dlíthe is infheidhme a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu;

Na teistiméireachtaí cuí maidir le carachtar a bheith acu a léiríonn a n-oiriúnacht chun na dualgais a chur i gcrích;

A bheith corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh (6);

Eolas críochnúil (7) a bheith acu ar an mBéarla (8) agus eolas sásúil (9) a bheith acu ar cheann eile de theangacha oifigiúla (10)  (11) an Aontais Eorpaigh.

Níl aon teorainn aoise ann.

Cáilíochtaí  (12)

Ní mór leibhéal oideachais a bheith ag iarrthóirí arb ionann é agus 4 bliana de staidéar ollscoile críochnaithe arna fhianú le dioplóma, agus taithí ghairmiúil chruthaithe 15 bliana a bheith acu tar éis dóibh an dioplóma a bhaint amach (13)

ní mór leibhéal oideachais a bheith acu arb ionann é agus trí bliana de staidéar ollscoile críochnaithe arna fhianú le dioplóma, agus taithí ghairmiúil chruthaithe sé bliana déag a bheith acu tar éis dóibh an dioplóma a bhaint amach.

Critéir roghnúcháin

Chomh maith leis na critéir incháilitheachta thuas, déanfar measúnú ar na critéir roghnúcháin seo a leanas le linn chéimeanna éagsúla an nós imeachta roghnúcháin. Ceanglaítear ar iarrthóirí a chur in iúl go soiléir ina n-iarratas conas a fuair siad an t-eolas agus an taithí a fhágann gur féidir leo na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh, agus samplaí sonracha a thabhairt.

Critéir bhunriachtanacha:

Eolas críochnúil agus saineolas cruthaithe ar na hearnálacha atá ábhartha do ghníomhaíochtaí ÚBE.

Taithí léirithe cúig bliana ar a laghad i bpost sinsearach a bhaineann le sainchúram ÚBE.

Critéir bhuntáisteacha:

Eolas críochnúil agus taithí chruthaithe ar rialáil airgeadais agus/nó maoirseacht/formhaoirseacht ar an leibhéal náisiúnta, leibhéal AE nó an leibhéal idirnáisiúnta.

Tuiscint chríochnúil ar institiúidí AE agus ar phróiseas cinnteoireachta AE, chomh maith le gníomhaíochtaí AE agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta atá ábhartha do ghníomhaíochtaí ÚBE.

Sáreolas ar thimpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil an Aontais Eorpaigh agus taithí chruthaithe ar an gcaibidlíocht ar leibhéal an Aontais agus/nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Taithí ar eagraíocht a stiúradh a bhfuil cúraimí nach beag uirthi agus cuspóirí nach beag aici.

Ceanglais maidir le hinniúlachtaí iompraíochta:

Cumas cruthaithe chun cinntí a dhéanamh, ar an leibhéal straitéiseach agus an leibhéal oibríochtúil araon.

Scileanna líonraithe, scileanna cumarsáide agus scileanna idirphearsanta den scoth, lena n-áirítear an cumas chun déileáil le hionadaithe reachtaíochta agus rialtais ardleibhéil agus le páirtithe leasmhara agus le hionadaithe ón tionscal airgeadais laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus caibidlíocht a dhéanamh leo.

Tuiscint láidir ar fhreagracht, tiomantas láidir, tionscnaíocht agus féinspreagadh.

Gníomhú ar mhaithe leis an Aontas Eorpach.


(1)  Téarma oifige uasta 10 mbliana.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(3)  Go háirithe, Caibidil III, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(4)  Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ostair, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

(5)  Roimh an gceapachán, iarrfar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi teastas ó na póilíní a chur ar fáil a léiríonn nach bhfuil aon taifead coiriúil aige nó aici.

(6)  Roimh an gceapachán, cuirfear an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi faoi scrúdú i gceann d'ionaid leighis an Aontais Eorpaigh chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-iarrthóir ceanglais Airteagal 12(2)(d) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

(7)  Níl mór an t-eolas sin a bheith ar leibhéal C1 ar a laghad. Déantar an measúnú ar leibhéal C1 i gcomhréir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CCTE).

(8)  Is é an Béarla teanga oibre ÚBE.

(9)  Níl mór an t-eolas sin a bheith ar leibhéal B2 ar a laghad. Déantar an measúnú ar leibhéal B2 i gcomhréir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CCTE).

(10)  Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris. De mhaolú ar Airteagail 12(2)(e), 82(3)(e) agus 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, measfaidh an Ghníomhaireacht gur teangacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Chomhaontú LEE (Íoslainnis, Ioruais).

(11)  Déanfar tástáil ar chainteoirí dúchais Béarla chun a gcuid scileanna sa dara teanga a chruthú.

(12)  Ní chuirfear san áireamh ach cáilíochtaí arna ndámhachtain ag údaráis Bhallstáit an Aontais nó ag údaráis Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa in LEE, nó cáilíochtaí atá aitheanta mar cháilíochtaí coibhéiseacha ag na húdaráis ábhartha. Más lasmuigh den Aontas Eorpach nó de thíortha CSTE LEE a rinneadh na príomhstaidéir, ní mór cáilíocht an iarrthóra a bheith aitheanta ag comhlacht arna tharmligean go hoifigiúil chun na críche sin ag ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó ag Ballstáit CSTE LEE (amhail Aireacht Oideachais náisiúnta) nó ceanglófar aitheantas NARIC a bheith ag an iarrthóir: https://www.enic-naric.net/, chomh maith le fianú. Má tá dioplóma agat atá aitheanta i mBallstát AE nó i mBallstát CSTE LEE, ní gá duit aitheantas NARIC a fháil le haghaidh do dhioplóma/dhioplómaí ar leibhéal níos ísle. Sampla: Má tá céim Baitsiléara agat ó ollscoil lasmuigh den Aontas Eorpach nó de CSTE LEE, agus céim Máistreachta ó ollscoil AE nó ó ollscoil CSTE LEE, ní gá aitheantas NARIC a bheith agat don chéim Bhaitsiléara. Glactar le cáilíochtaí/dioplómaí a dámhadh go dtí an 31 Nollaig 2020 sa Ríocht Aontaithe gan a thuilleadh aitheantais. I gcás dioplómaí a dámhadh tar éis an dáta sin (ón 1 Eanáir 2021 i leith), tá aitheantas NARIC de dhíth.

(13)  Ní chuirtear san áireamh taithí ghairmiúil a léirítear sa curriculum vitae ach amháin ón am a fuair an t-iarrthóir an teastas nó an dioplóma atá ag teastáil don phost agus sa chás gur ar bhonn íoctha a fuarthas í (lena n-áirítear deontais staidéir nó deontais intéirneachta). Féadfar Dochtúireachtaí a áireamh mar thaithí oibre má fuair na hiarrthóirí deontas staidéir nó tuarastal le linn thréimhse an staidéir Dochtúireachta. Is é trí bliana an tréimhse uasta a chomhairtear le haghaidh Dochtúireacht ar choinníoll gur baineadh amach an chéim sin faoin dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an nós imeachta roghnúcháin. Ba cheart dátaí tosaigh agus deiridh na bpost uile roimhe sin a lua sa curriculum vitae, agus cibé acu an obair lánaimseartha nó obair pháirtaimseartha a bhí i gceist leo. Ní mór d'iarrthóirí a bhíonn ag obair go neamhspleách nó ar bhonn féinfhostaithe cóip den iontráil sa chlár trádála iomchuí, nó aon doiciméad oifigiúil eile (doiciméad cánach, mar shampla) a chur ar fáil, agus ní mór tréimhse ama na taithí gairmiúla ábhartha a bheith léirithe go soiléir sa doiciméad sin. Ní mór sonraí faoi aon taithí ghairmiúil, oiliúint, taighde nó staidéar a chur ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann doiciméid tacaíochta a chur ar fáil, arna iarraidh sin, ina léirítear go soiléir fad agus cineál na taithí.


IARSCRÍBHINN

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?

Iarrtar ar iarrthóirí a n-iarratais a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

Chairpersonrecruitment@eba.europa.eu faoi 23.59 (Am Lár na hEorpa) ar an dáta deiridh.

Tabharfar neamhaird ar iarratais a chuirfear isteach ar aon mhodh eile nó tar éis an spriocdháta. Moltar go láidir d’iarrthóirí gan fanacht go dtí an nóiméad deireanach toisc go bhféadfadh trácht trom idirlín nó fadhbanna maidir le nascadh leis an idirlíon a bheith ina gcúis le deacrachtaí agus iad ag cur a n-iarratas isteach. Ní féidir an locht a chur ar ÚBE as moill ar bith de bharr na ndeacrachtaí sin.

Ní ghlacfar ach le hiarratais atá comhlánaithe go hiomlán agus ní bhreithneofar ach iadsan amháin, i.e.:

Curriculum vitae i mBéarla, i bhformáid Eorpach más féidir é.

AGUS

Litir inspreagtha i mBéarla, agus dáta agus síniú uirthi, nach mó ná dhá leathanach, ina mínítear an fáth a bhfuil spéis agat sa phost agus an breisluach a thabharfá do ÚBE dá roghnófaí thú.

Ag an gcéim seo, ná seol doiciméid tacaíochta (cóipeanna de chártaí aitheantais, pasanna, dioplómaí, etc.). Ní mór doiciméid tacaíochta a chur isteach ag céim níos déanaí den nós imeachta nuair a iarrfar sin ort.

Ba cheart d’iarrthóirí a mheas agus a sheiceáil sula gcuirfidh siad a n-iarratas isteach an gcomhlíonann siad na ceanglais uile a shonraítear san fhógra folúntais, go háirithe ó thaobh cáilíochtaí agus taithí oibre ábhartha de. Ní mór na ceanglais sin a chomhlíonadh faoin spriocdháta chun iarratais a chur isteach.

Tabhair ar aird gur i mBéarla, ar an ríomhphost, a dhéanfar an comhfhreagras go léir, agus mar sin ba cheart d’iarrthóirí a chinntiú go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agus go ndéantar é a sheiceáil go rialta.

Aithneofar an seoladh a luaitear san iarratas mar chruthúnas cónaithe atá le húsáid chun aisíocaíochtaí taistil a shainiú, etc. (más infheidhme).

COTHROMAS, ÉAGSÚLACHT AGUS CUIMSIÚ

Is fostóir comhdheiseanna é ÚBE, atá tiomanta do lucht saothair éagsúil, cumasach a earcú, a fhorbairt agus a choinneáil trí chloí le prionsabail an chomhionannais deiseanna agus na neamhchlaontachta. Chuige sin, cuireann ÚBE fáilte chroíúil roimh iarratais ó gach iarrthóir cáilithe, beag beann ar aois, féiniúlacht inscne nó léiriú inscne, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht ghnéis, míchumas, bunús eitneach nó sóisialta, reiligiún nó creideamh, agus cúlra cultúrtha. Tá baill foirne uile ÚBE tiomanta do chultúr oscailte, cuimsitheach san ionad oibre a chothú. Spreagann ÚBE iarratais ó mhná ar phoist ina bhfuil siad tearcionadaithe faoi láthair.

Má theastaíonn aon socruithe speisialta uait le linn an nós imeachta roghnúcháin a bhaineann le míchumas fisiceach, meabhrach, intleachtúil nó céadfach, cuir é sin in iúl i d’iarratas, agus rachaidh an Rannóg Acmhainní Daonna i dteagmháil leat chun aon choigeartuithe nó socruithe is gá a dhéanamh maidir le do mhíchumas, ionas gur féidir do rannpháirtíocht iomlán, chomhionann sa phróiseas roghnúcháin a chinntiú.

Is eagraíocht atá cláraithe le EMAS é UBÉ agus mar sin tá sé tiomanta do bheith seasta ag feabhsú a fheidhmíochta comhshaoil agus ag laghdú a loirg carbóin.

SOCHAIR

Mairfidh do chonradh cúig bliana agus ní féidir síneadh ama a chur leis ach uair amháin, go ceann tréimhse bhreise cúig bliana.

Earcófar thú mar Ghníomhaire sealadach 2(a) i ngrád riarthóra (AD) 15 , i gcéim 1 nó i gcéim 2 (le buntuarastal EUR 20 536,29 i gcéim 1 nó EUR 21 399,27 i gcéim 2), faoi réir athbhreithniú bliantúil ar an luach saothair dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne . Tá tuarastail faoi réir cháin an Aontais a asbhaintear ag an bhfoinse, agus tá siad díolmhaithe ó chánachas náisiúnta.

Anuas ar an mbuntuarastal , beidh tú i dteideal comhéifeacht cheartúcháin is infheidhme maidir leis an bhFrainc (114,2 % faoi láthair) a fháil, rud a léiríonn dálaí maireachtála na cathrach.

Beidh tú i dteideal liúntas bainistíochta (4,2 % den bhuntuarastal) a fháil faoi réir chur i gcrích rathúil na tréimhse promhaidh naoi mí.

D’fhéadfá a bheith i dteideal teidlíochtaí sonracha , ag brath ar an staid teaghlaigh agus ar an áit bhunaidh, mar seo a leanas: liúntas easaoránachta (16 % den bhuntuarastal), liúntas teaghlaigh, liúntas linbh chleithiúnaigh, liúntas oideachais, liúntas réamhscoile, liúntas suiteála, aisíocaíocht na gcostas aistrithe, liúntas cothaithe laethúil sealadach tosaigh, agus sochair eile.

Tabharfar cumhdach cuimsitheach árachais sláinte duit: tá cumhdach an-leathan ar sheirbhísí cúraim sláinte, chomh maith le tionóiscí agus máithreachas, á chur ar fáil faoin gComhscéim Árachais Breoiteachta.

Bainfidh tú tairbhe freisin as cothromaíocht oibre is saoil le solúbthacht ó thaobh teilea-oibre de, deiseanna foghlama agus forbartha amhail oiliúint teanga, chomh maith le lánpháirtiú sóisialta (amhail clubanna Sóisialta agus Spóirt ÚBE), áiseanna ceaintín, ranníocaíocht airgeadais i leith seirbhísí iompair phoiblí agus rochtain saor in aisce do leanaí ar an scoil Eorpach i bPáras.

Féadfaidh tú tairbhe a bhaint as Scéim Pinsin an Aontais Eorpaigh (tar éis 10 mbliana seirbhíse).

CAD É AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN?

Bunófar Bord Réamhroghnúcháin  (1) chun anailís a dhéanamh ar dhoiciméid iarratais na n-iarrthóirí maidir leis na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin.

Maidir le hiarrthóirí nach gcomhlíonann gach ceann de na critéir incháilitheachta, eisiafar iad ón bpróiseas roghnúcháin. Ina dhiaidh sin, déanfar iarrthóirí incháilithe a scóráil de réir na gcritéar bunriachtanach. Déanfar iad siúd a chomhlíonann na critéir bhunriachtanacha go léir a scóráil in aghaidh na gcritéar buntáisteach. Ní dhéanfar measúnú breise ar na hiarrthóirí nach gcomhlíonfaidh na critéir bhunriachtanacha go léir.

Dréachtóidh an Bord Réamhroghnúcháin liosta ar a mbeidh suas le deichniúr (10) iarrthóirí (2), arb iad na hiarrthóirí is fearr iad a chomhfhreagraíonn don phróifíl atá á lorg le haghaidh agallaimh.

Tar éis na n-agallamh, cuirfidh an Bord Réamhroghnúcháin réamh-ghearrliosta ar a mbeidh suas le seisear (6) de na hiarrthóirí is oiriúnaí agus tuarascáil mheasúnaithe faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚBE .

Ansin iarrfar ar na hiarrthóirí sin ar an réamh-ghearrliosta cur i láthair ar ábhar réamhshainithe a thabhairt do Bhord Maoirseoirí ÚBE, agus cuirfear faoi agallamh iad ina dhiaidh sin.

Ar an lá céanna a dhéanfar an cur i láthair agus na hagallaimh. Cuirfear topaic an chuir i láthair in iúl do na hiarrthóirí ar an réamh-ghearrliosta sa chuireadh chun agallaimh leis an mBord Maoirseoirí. Cuirfidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta le chéile de na hiarrthóirí is cáilithe do phost Chathaoirleach ÚBE, le cúnamh ón gCoimisiún Eorpach.

Cuirfidh ÚBE an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ceapfar Cathaoirleach an ÚBE ag an gComhairle tar éis do Pharlaimint na hEorpa an ceapachán a dheimhniú. Ní hionann áit ar an ngearrliosta agus ráthaíocht go gceapfar duine. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh an gearrliosta a bheith poiblí.

D'fhéadfadh sé go mbeadh ar iarrthóirí tabhairt faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis ar a bhfuil thuasluaite.

OIBLEAGÁIDÍ EITICE

Tá neamhspleáchas agus ardchaighdeáin ó thaobh iompar gairmiúil de ríthábhachtach chun ardchaighdeáin agus barr feabhais a áirithiú d’obair ÚBE (3). Déanann an Ghníomhaireacht a dícheall freisin a áirithiú nach bhfuil aon leasanna ag a baill foirne a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht.

I gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 11a de na Rialacháin Foirne (RF) agus Airteagal 11 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS), ceanglófar ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo áit a fháil ar an réamh-ghearrliosta dearbhú a dhéanamh maidir le coinbhleacht leasa roimh an agallamh leis an mBord Maoirseoirí. Go háirithe, ceanglófar ar na hiarrthóirí atá ar an réamh-ghearrliosta a dhearbhú go bhfuil siad tiomanta do ghníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a dhéanamh maidir le haon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas, rud a scrúdófar i gcomhréir le Creat Eitice ÚBE. Ní mór do gach iarratasóir a dheimhniú, sa dearbhú a chuirfidh sé nó sí isteach lena iarratas nó lena hiarratas, go bhfuil sé nó sí toilteanach a bheith comhlíontach i gcás ina n-éireoidh leis nó léi an post a fháil.

Ina theannta sin, beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi faoi cheangal rúndacht ghairmiúil agus ceanglais rúndachta agus é nó í ag obair in ÚBE, agus tar éis dó nó di imeacht ó ÚBE.

Ceanglaítear ar iarbhaill foirne imréiteach a lorg ó ÚBE sula rachaidh siad i mbun gníomhaíocht eile go ceann dhá bhliain tar éis dóibh an Ghníomhaireacht a fhágáil. Má bhaineann an ghníomhaíocht sin leis an obair a rinneadh le linn na trí bliana dheireanacha seirbhíse ag ÚBE, agus má chreideann ÚBE go bhféadfadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha UBÉ a bheith ina thoradh uirthi, féadfaidh an Ghníomhaireacht a formheas a thabhairt faoi réir aon choinníollacha is cuí léi, nó cosc a chur ar an ngníomhaíocht (4).

COSAINT SONRAÍ

Áirithíonn ÚBE go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 (5). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin. I gcomhair tuilleadh eolais faoin gcaoi a bpróiseálfar sonraí pearsanta, iarrtar ar iarrthóirí féachaint ar an bhFógra um Chosaint Sonraí.

I gCÁS GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC

I gcás iarrthóirí a mheasann go ndearnadh dochar dá leasanna le haon chinneadh a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin, féadfaidh siad na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

Iarraidh ar athbhreithniú ar na cinntí a rinne an Coiste Réamhroghnúcháin

Laistigh de 10 lá féilire ó dháta na litreach lena gcuirtear in iúl don iarrthóir an cinneadh a rinne an Coiste Roghnúcháin, féadfaidh sé nó sí iarraidh i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin, ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an iarraidh, a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: EBA-vacancies@eba.europa.eu

Achomhairc

a)

Féadfaidh an t-iarrthóir gearán a dhéanamh faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, ag an seoladh seo a leanas:

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

An nós imeachta roghnúcháin: Tagairt: ÚBE TA-01-2025

DEFENSE 4 – EUROPLAZA

20 Avenue André Prothin

CS 30154

92927 Paris La Défense CEDEX

An Fhrainc

b)

Féadfaidh an t-iarrthóir achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne. I gcomhair sonraí maidir le conas achomharc a dhéanamh, féach ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta: http://curia.europa.eu/.

Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

Is féidir gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach freisin de bhun Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na Rialacháin Foirne agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (6). I gcomhair sonraí maidir le conas gearán a dhéanamh, féach ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh:

http://www.ombudsman.europa.eu/.

Tabhair do d’aire nach bhfuil aon éifeacht fionraíochta ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman Eorpach ar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, faoi seach, maidir le gearán nó achomharc a thaisceadh leis an gCúirt Ghinearálta. Thairis sin, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta lena rialaítear feidhmíocht dhualgais an Ombudsman Eorpaigh, ní mór gur leanadh na cineálacha cur chuige cuí riaracháin atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí agus sna comhlachtaí lena mbaineann sula bhféadfar aon ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.


(1)  Tabhair do d’aire go bhfuil obair agus plé an Bhoird Réamhroghnúcháin faoi rún daingean agus go bhfuil cosc iomlán ar aon teagmháil a dhéanamh lena bhaill. Cuirfear comhdhéanamh an Bhoird Réamhroghnúcháin in iúl d’iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

(2)  I gcás feidhmíocht chomhionann, déanfar líon na n-iarrthóirí a choigeartú dá réir.

(3)  Tá tuilleadh eolais faoi na ceanglais eitice, lena n-áirítear Treoir Eitice ÚBE, beartas maidir le coinbhleachtaí leasa agus an Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin le fáil ag https://www.eba.europa.eu/about-us/organisation-and-governance/accountability/ethics-eba.

(4)  Tá tuilleadh eolais maidir le gníomhaíochtaí gairme tar éis ÚBE a fhágáil, lena n-áirítear treoir maidir leis an gcaoi a ndéantar measúnú ar shrianta agus toirmisc iarfhostaíochta, le fáil ag https://www.eba.europa.eu/about-us/organisation-and-governance/accountability/ethics-eba/occupational-activities-after.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  Cinneadh 94/262/CEGC, EC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5480/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)