European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5460

20.10.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Meán Fómhair 2025 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-541/24)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Airteagal 2(1)(f) agus (g) de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 3(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - Earráid mheasúnaithe)

(C/2025/5460)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Alexandrovich Pumpyanskiy (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus E. Kübler, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar thaobh amháin, Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/2456) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2455 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/2455) agus, ar an taobh eile, de Chinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2025/528) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2025/527) a mhéid a bhaineann siad leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear ar neamhní Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2455 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a coinníodh ainm Dmitry Alexandrovich Pumpyanskiy ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha sin maidir leo.

2)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Pumpyanskiy, a íoc.


(1)   IO C, C/2024/7182, 9.12.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5460/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)