|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5444 |
20.10.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Meán Fómhair 2025 – Yanukovych v an Chomhairle
(Cás T-643/22) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo cistí - Srianta ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha nó atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar an liosta - Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - Earráid mheasúnaithe)
(C/2025/5444)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Viktor Fedorovych Yanukovych (Rostov-on-Don, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio-Tomasaz agus J. Rurarz, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Maingain agus S. Remy, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/1355 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 204I, lch. 4), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1354 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 204I, lch. 1), ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 1), ar an gceathrú dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Mean Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3), agus, ar an gcúigiú dul síos, Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/847) agus Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/849), a mhéid a bhaineann na gníomhartha tosaigh agus na gníomhartha coimeádta ó Mheán Fómhair 2022, Mhárta 2023, Mheán Fómhair 2023 agus Mhárta 2024 leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Viktor Fedorovych Yanukovych a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5444/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)