|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5438 |
20.10.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrative Regionale per la Sicilia (an Iodáil) an 29 Iúil 2025 – Soces Srls v Ministero della Difesa, Aeronautica militare – 3 Reparto Genio
(Cás C-518/25, Soces – II)
(C/2025/5438)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Soces Srls
Cosantóir: Ministero della Difesa, Aeronautica Militare - 3 Reparto Genio
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 57(2) de Threoir 2014/24 (1) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta (amhail Airteagal 94(6) decreto legislativo [n.] 36/2023 (Foraithne Reachtach Uimh. 36/2023)) lena bhforáiltear, maidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, gur tharla an tsocraíocht, an íocaíocht nó an gealltanas roimh an spriocdháta chun an tairiscint a chur isteach? |
Agus más é an freagra ar an gceist roimhe seo go bhfuil an fhoráil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais:
|
2) |
An gcaithfear Airteagal 57 de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta (amhail Airteagal 94(6) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 36/2023) lena gceanglaítear oibreoir eacnamaíoch a eisiamh go huathoibríoch as neamhrialtachtaí in íocaíocht ranníocaíochtaí, gan an fhéidearthacht go dtabharfaí chun rialtachta ina dhiaidh sin é, fiú i gcás inar thug an t-oibreoir a sheasamh chun rialtachta roimh an dámhachtain chríochnaitheach? |
(1) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5438/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)