|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5416 |
3.10.2025 |
Fógra d’oibreoirí
Lipéadú tionscnaimh ar thorthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó
(C/2025/5416)
|
(1) |
I gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024 i gCásanna Uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P (1), agus chun idirdhealú soiléir a áirithiú maidir le lipéadú tionscnaimh idir táirgí de thionscnamh chríoch an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus táirgí de thionscnamh Mharacó, chomh maith leis an bhfaisnéis cheart a sholáthar do thomhaltóirí an Aontais, caibidlíodh Comhaontú nua i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) (2). Tagann an Comhaontú in ionad Chomhaontú 2018 a bhí ann roimhe sin. Leis an gComhaontú, a shínigh na páirtithe agus a bhfuil feidhm shealadach aige ón 4 Deireadh Fómhair 2025, bunaítear, i measc nithe eile, maidir le táirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó, go léireofar orthu mar áit tionscnaimh ainm an réigiúin inar buanadh an táirge, mar a léirítear sa chruthúnas tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad. |
|
(2) |
Le Cinneadh Uimh. 2/2025 an 3 Deireadh Fómhair 2025 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus Maracó a bunaíodh leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, lena leasaítear Prótacal 4 den Chomhaontú Comhlachais a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin, leagtar síos forálacha chun infheidhmeacht Phrótacal 4 maidir le táirgí de thionscnamh an tSahára Thiar atá faoi réir an Chomhaontaithe a áirithiú. Sonraítear sa Chinneadh ainm na réigiún, is é sin ‘Dakhla Oued Ed-Dahab’ agus ‘Laâyoune-Sakia El Hamra’, de réir mar is iomchuí, ar cheart iad a léiriú sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí atá i gceist, agus sa dearbhú tionscnaimh chomh maith. |
|
(3) |
Chun reachtaíocht ábhartha an Aontais a ailíniú leis an gComhaontú agus leis an gCinneadh ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus Maracó a luaitear i bpointe (2), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacadh go luath lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 (dá ngairtear ‘an Rialachán Tarmligthe leasaitheach’ anseo feasta) a mhéid a bhaineann le lipéadú tionscnaimh le haghaidh torthaí agus glasraí de thionscnamh chríoch neamh-fhéinrialaitheach an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó. Cuirfear an Rialachán Tarmligthe leasaitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ghrinnscrúdú. Ba cheart an Rialachán Tarmligthe leasaitheach a fhoilsiú agus ba cheart é a theacht i bhfeidhm ar dháta is déanaí, i gcás nach ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid ina choinne. Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán Tarmligthe leasaitheach ón 4 Deireadh Fómhair 2025, an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach. De mhaolú ar Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ar Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 ón gCoimisiún (4), ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán Tarmligthe leasaitheach, i gcás torthaí agus glasraí, torthaí triomaithe áirithe agus bananaí aibithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 de thionscnamh chríoch an tSahára Thiar atá faoi réir rialú údaráis chustaim Mharacó agus a allmhairítear agus a mhargaítear san Aontas, nach mór léiriú an réigiúin ina dtionscnaíonn an táirge a léirítear sa deimhniú tionscnaimh a ghabhann leis na táirgí sin tráth a n-allmhairithe san Aontas a chur in ionad léiriú na tíre tionscnaimh, mar a fhoráiltear sa Chinneadh ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus Maracó a luaitear i bpointe (2). |
|
(4) |
Ar deireadh, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán Tarmligthe leasaitheach freisin go bhféadfar leanúint de tháirgí den sórt sin a mhargú laistigh den Aontas go dtí go mbeidh na stoic ídithe, má allmhairítear go dleathach isteach san Aontas iad roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe leasaithigh agus má tá léiriú orthu gurb é an Sahára Thiar a dtír thionscnaimh, ar choinníoll go leanfaidh siad de bheith i gcomhréir le gach ceanglas eile de chaighdeáin mhargaíochta an Aontais is infheidhme. |
(1) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, Comhairle an Aontais Eorpaigh vs Fronta Polisario i gCásanna uamtha C-779/21 P agus C-799/21 P, ECLI:EU:C:2024:835.
(2) Cinneadh (AE) 2025/2022 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2025 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L, 2025/2022, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2022/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2429 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 ag cur le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, táirgí áirithe torthaí agus glasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí, agus Rialachán (CE) Uimh. 1666/1999 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 agus (AE) Uimh. 1333/2011 ón gCoimisiún a aisghairm (IO L, 2023/2429, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2429/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5416/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)