European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5363

13.10.2025

Caingean arna tabhairt an 23 Lúnasa 2025 – Ola Energy v an Chomhairle

(Cás T-587/25)

(C/2025/5363)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ola Energy Holding Ltd (Floréal, Oileán Mhuirís) (ionadaithe: A. Bahrami agus N. Korogiannakis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Chomhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

Cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2025 (SGS 25/2281) lena ndiúltaítear Fógra Cúnaimh Cur Chun Feidhme Uimh. 1 an 7 Márta 2012, arna eisiúint ag Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) maidir leis an Libia, a thrasuí i ndlíchóras an Aontais;

Mar mhalairt air sin, a dhearbhú gur sháraigh an Chomhairle na Conarthaí, de shárú ar Airteagal 265 CFAE, trí mhainneachtain beart a ghlacadh chun Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle a leasú nó a shoiléiriú tar éis iarraidh fhoirmiúil an 11 Márta 2025 ón iarratasóir;

A ordú don Chomhairle na táillí dlíthiúla agus na costais uile a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid rúin cheangailteacha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin.

3.

Bunaítear an tríú saincheist dlí ar shárú ar phrionsabal na comhréireachta:

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta sriantacha.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí.

9.

De rogha air sin, lena líomhnaítear mainneachtain gníomhú faoi Airteagal 265 CFAE.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5363/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)