|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5348 |
13.10.2025 |
Caingean arna tabhairt an 30 Meitheamh 2025 – KH v an Coimisiún
(Cás T-415/25)
(C/2025/5348)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: KH (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, Dlíodoirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús léi; agus dá bhrí sin; |
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid agus, a mhéid is gá, an cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas ar athbhreithniú agus an cinneadh lena ndiúltaítear don ghearán a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir cúiteamh a dhéanamh as an damáiste neamhairgid a bhain dó ar bhonn méid táscach measta ag €10,000, agus; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, i gcoinne chinneadh an Choimisiúin an 8 Bealtaine 2024 lena gcuirtear in iúl don iarratasóir go raibh sé dícháilithe ó chomórtas inmheánach COM/AST4/2023, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nádúr idirdhealaitheach phointe 1.3 d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhfógra comórtais (pléadáil neamhdhleathachta). |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin agus an dualgas cúraim a eascraíonn as. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5348/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)