|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5317 |
13.10.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Corte d’appello di Venezia (an Iodáil) an 22 Iúil 2025 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne B.C.
(Cás C-499/25, Strinotto (1) )
(C/2025/5317)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte d’appello di Venezia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
B.C.
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
A mhéid a fhoráiltear le hAirteagal 24 de Threoir 2014/41/AE (2) go bhféadfaidh an t-údarás eisiúna [Ordú Imscrúdaithe Eorpach (‘OIE’)] a eisiúint freisin chun duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí tharchur closamhairc eile, an gceadaítear, de bhun na forála sin, arna léamh i bhfianaise aithrisí 24 agus 26 den Treoir sin, OIE a eisiúint le haghaidh duine cúisithe a éisteacht trí fhíschomhdháil, ar duine cúisithe é atá saor sa Stát forghníomhaitheach chun a áirithiú go mbeidh sé i láthair agus rannpháirteach sna himeachtaí coiriúla atá ar siúl sa Stát eisiúna? |
|
2) |
Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, i gcás [barántas gabhála Eorpach (‘BGE’)] chun críche ‘nós imeachta’ a eisíodh cheana chun rannpháirtíocht an duine atá cúisithe sa triail sa Stát eisiúna a áirithiú, agus chun na críche sin amháin, an féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach,a iarraidh go dtarraingeofaí siar BGE agus go n-eiseofar [OIE] chun an duine cúisithe a éisteacht trí fhíschomhdháil chun a áirithiú go mbeidh sé i láthair agus rannpháirteach sna himeachtaí coiriúla atá ar siúl sa Stát eisiúna? |
|
3) |
Má thugtar freagra dearfach ar an dara ceist, an gá d’údarás breithiúnach an Stáit eisiúna BGE a tharraingt siar agus OIE a eisiúint chun an duine cúisithe a éisteacht trí fhíschomhdháil chun a áirithiú go mbeidh sé i láthair agus rannpháirteach sna himeachtaí coiriúla atá ar siúl sa Stát eisiúna? |
|
4) |
Má thugtar freagra diúltach ar an dara ceist, má tá sé ráite ag an gcúisí go bhfuil sé i gceist aige a bheith i láthair ag an triail choiriúil atá ar siúl sa Stát eisiúna agus má tá a chomhairleoir cosanta tar éis a áirithiú go mbeadh sé in éineacht leis an duine cúisithe ag éisteacht na n-imeachtaí coiriúla os comhair chúirt an Stáit eisiúna, an féidir leis/an gcaithfidh an Stát sin BGE a tharraingt siar? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5317/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)