European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5230

26.9.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/5230)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Touraine’

PDO-FR-A0501-AM05 — 2.7.2025

1.   Ainm an táirge

‘Touraine’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC)

Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)

Tásc geografach (TG)

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

An Fhrainc

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

An Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an ATFC ‘Touraine’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad, is iad sin:

(a)

níl i gceist leis athrú ar an ainm nó ar úsáid an ainm, nó ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar chur ar an margadh an táirge i gceist leis.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

1.   Cineálacha fíniúna

Leathnaíodh liosta na gcineálacha i gCaibidil I, Roinn V, pointe 1, ‘Cineálacha fíniúna’ den tsonraíocht táirge chun an méid seo a leanas a áireamh:

na cineálacha Floréal B, Meslier Saint-François B, Orbois B, Chenin B, chun fíonta geala a tháirgeadh;

na cineálacha Pineau d’Aunis N agus Grolleau N, chun fíonta dearga a tháirgeadh.

D’fhéadfadh suas le 5 % de na cineálacha fíniúna a fhástar agus 10 % de na cumaisc a bheith sna cineálacha sin anois.

Tá cuimsiú na gcineálacha sin ar cheann de na réitigh a glacadh le haghaidh an ainmniúcháin mar fhreagairt ar an athrú aeráide agus ar úsáid laghdaithe táirgí cosanta plandaí. Tá na cineálacha tánaisteacha nua comhsheasmhach le próifíl fhíonta an ainmniúcháin, agus éascaítear leo oiriúnú do thriomach agus do ghalair fhungasacha. Fágann siad gur féidir úsáid táirgí cosanta plandaí a laghdú.

Sa doiciméad aonair, leasaíodh an roinn ‘Cineálacha fíonchaor’ dá réir sin.

2.   Leasuithe foirmiúla

Rinneadh leasuithe foirmiúla ar an tsonraíocht táirge chun roinnt earráidí cló a cheartú.

Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.

3.   Forálacha agra-chomhshaoil

Is mian leis an ngrúpa fíonsaothraithe a chumhdaítear leis an ainmniúchán an beart agra-chomhshaoil seo a leanas a chur san áireamh: ‘Tá toirmeasc ar gach srianadh ceimiceach fiailí’ i sonraíocht táirge ATFC Touraine le haghaidh an ainm gheografaigh fhorlíontaigh Chenonceaux. Is é is aidhm don fhoráil sin táirgeoirí an ainmniúcháin sin a chur faoi ghealltanas comhchoiteann cur chuige comhshaoil a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin ionchais shochaíocha a chomhlíonadh agus cuidiú le bithéagsúlacht a chaomhnú sna fíonghoirt.

Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.

4.   Dlús plandaithe

Athraíodh an dlús plandaithe. Tá dlús íosta 5 000 planda in aghaidh an heicteáir i gceist leis na fíniúnacha anois, i gcomparáid le 5 500 planda roimhe sin. Tá na sraitheanna 2 mhéadar ó chéile anois seachas 1,60 méadar ar a mhéad ó chéile.

Dá bhrí sin, is mian le roinnt fíonsaothraithe a chumhdaítear leis an ainmniúchán an talamh idir na sraitheanna fíniúnacha a choinneáil faoi fhéar agus tarracóirí fíonghort a úsáid ar féidir leo oibriú i 2 mhéadar spáis agus atá níos inacmhainne ná tarracóir ardscóipe.

Deir an grúpa táirgeoirí le haghaidh an ainmniúcháin nach ndéanfaidh an t-athrú sin difear don cháilíocht, ach go n-éascóidh sé obair fhíonsaothraithe an ainmniúcháin.

Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.

5.   An cód geografach a thabhairt cothrom le dáta

Rinneadh na bardais sa limistéar geografach a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2024. Ní athraíonn an leasú sin limistéar geografach an ainmniúcháin.

Leasaíodh na pointí seo a leanas den doiciméad aonair: ‘Limistéar geografach críochaithe’ agus ‘Coinníollacha breise’. Limistéar díreach in aice láimhe

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Touraine

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC — Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR.

2204 — fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Caighdeáin anailíseacha

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cuimsítear fíonta socra geala, fíonta socra dearga agus fíonta socra rosé mar aon le fíonta súilíneacha geala agus fíonta súilíneacha rosé sna fíonta. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 10 % de réir toirte ag na fíonta geala, na fíonta dearga agus na fíonta rosé. Ní mór do gach baisc fíona na caighdeáin anailíseacha seo a leanas a chomhlíonadh tar éis a buidéalaithe: — Bíonn cion siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós) nach mó ná 4 ghram in aghaidh an lítir agus leibhéal iomlán aigéadachta níos mó ná 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna chur in iúl mar aigéad tartarach, sna fíonta geala agus sna fíonta rosé. — Bíonn cion siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós) nach mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir sna fíonta dearga. Cuirtear coipeadh malalachtach i gcrích i gcás fíonta dearga. Ní bhíonn an méid aigéadachta malaí níos mó ná 0,3 gram in aghaidh an lítir. — Bíonn cion siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós) nach mó ná 6 ghram in aghaidh an lítir sna fíonta geala agus sna fíonta rosé a tháirgtear gan saibhriú agus ag a mbíonn neart iarbhír alcóil íosta de réir toirte 12,5 %. Sa chás sin, ní bhíonn an méid aigéadachta íosta iomlán níos mó ná 1 ghram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach, níos mó ná an cion siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós). Tar éis an tsaibhrithe, ní sháraíonn neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte an méid seo a leanas: 12,5 % i gcás na bhfíonta geala, na bhfíonta dearga agus na bhfíonta rosé, agus 13 % i gcás na bhfíonta súilíneacha geala agus na bhfíonta súilíneacha rosé, má saibhríodh an úrfhíon. Comhlíonann na luachanna anailíseacha eile, mar réamhshocrú, reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

2.   Aigéadacht

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is iad leibhéil aigéadachta luainí agus méid iomlán dé-ocsaíde sulfair na bhfíonta socra geala agus na bhfíonta socra rosé iad siúd a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais. Is iad leibhéil aigéadachta luainí agus méid iomlán dé-ocsaíde sulfair na bhfíonta socra dearga iad siúd a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais. Is iad leibhéil aigéadachta luainí, méid iomlán dé-ocsaíde sulfair agus dé-ocsaíde carbóin iomlán na bhfíonta súilíneacha rosé agus na bhfíonta súilíneacha geala iad siúd a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais. Maidir le gach baisc fíona neamhbhuidéalaithe is féidir a lipéadú mar ‘primeur’ (‘luath’) nó ‘nouveau’ (‘nua’), bíonn leibhéal aigéadachta luainí nach mó ná 10,2 milleachoibhéis in aghaidh an lítir iontu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

3.   Tuairisc

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Baineann cruinne le fíonta ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Touraine’ agus iad sa bhéal mar aon le hiarbhlas úr agus iarbhlas cothrom go maith. Baineann réimse blasanna leis na fíonta geala, a mbíonn dath éadrom órga orthu go minic, idir mionbhlasanna ar a mbíonn ruainnín torthaí citris nó andúchasacha le brath agus mionbhlasanna bláthacha a thabharfadh bláthanna bána chun cuimhne. Cuireann siad le húire an iarbhlais, úire a mhaireann píosa. Tagann blasanna fíneálta chun cinn sna fíonta rosé, ar a mbíonn ruainnín cuiríní dubha, torthaí andúchasacha nó citris le brath. Maidir leis na fíonta dearga a tháirgtear ón gcineál Gamay N – fíonta a lipéadtear mar ‘Gamay’ nó atá ainmnithe mar ‘primeur’ nó ‘nouveau’ – is minic a bhíonn dath an tsilín orthu agus is iondúil go dtagann mionbhlasanna te caor dearg chun cinn iontu mar aon le tainniní míne. Is fíonta cothroma iad sin, lena mbaineann éadroime agus galántacht araon. Na fíonta a tháirgtear ó chumaisc nó ón gcineál Cabernet Franc N a fhástar siar ó fhadlíne Tours, bíonn siad galánta agus cumhachtach agus baineann struchtúr maith tainniní leo mar aon le léiriú aramatach ina gcuimsítear torthaí dearga agus dubha agus dathanna idir dath dorcha an rúibín agus dath domhain an ghairnéid. Is struchtúr aigéadach den chuid is mó a bhíonn ag na fíonta súilíneacha geala agus ag na fíonta súilíneacha rosé agus tugann an struchtúr sin úire agus fíneáltacht do na fíonta. Téann mionbhlasanna torthaíocha leis an aigéadacht sin agus d’fhéadfadh ruainnín de bhlas brioche teacht chun cinn le himeacht aimsire.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Chun fíonta rosé a dhéanamh, ceadaítear gualach fíonóireachta a úsáid, cibé acu ina aonar nó measctha le hullmhóidí, le haghaidh úrfhíonta agus fíonta nua atá fós faoi choipeadh, laistigh de theorainn 15 % de thoirt na bhfíonta rosé arna ndéanamh ag fíonsaothraí ar leith le haghaidh buaint shonrach, ag uasmhéid 60 gram in aghaidh an heictilítir.

Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun na fíonta dearga a shaibhriú, agus tá an ráta uasta maidir le tiúchan páirteach socraithe ag 10 % i ndáil leis na toirteanna a úsáidtear.

Is trí choipeadh tánaisteach sa bhuidéil go heisiach a dhéantar na fíonta súilíneacha.

Tar éis an tsaibhrithe, ní sháraíonn neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte an méid seo a leanas: 12,5 % i gcás na bhfíonta geala, na bhfíonta dearga agus na bhfíonta rosé, agus 13 % i gcás na bhfíonta súilíneacha geala agus na bhfíonta súilíneacha rosé, má saibhríodh an úrfhíon.

Chomh maith leis na forálacha thuas, ní mór do na cleachtais fhíoneolaíocha a ghlactar le haghaidh na bhfíonta na ceanglais a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais agus leis an gCód Tuaithe agus Iascach a chomhlíonadh.

2.   An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha, agus fad 2,10 méadar ar a mhéad idir na sraitheanna. Ní mór spásáil de 0,9 méadar ar a laghad a bheith idir plandaí sa tsraith chéanna.

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 11 bhachlóg ar a mhéad i gceist in aghaidh an phlanda, cibé acu a úsáidtear prúnáil chána nó prúnáil spoir.

Gan beann ar an modh prúnála, féadtar na fíniúnacha a phrúnáil agus 2 bhachlóg sa bhreis i gceist in aghaidh an phlanda, ar choinníoll, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog, nach mó ná 11 an líon craobh a thugann torthaí in aghaidh an phlanda sa bhliain.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Fíonta geala

72 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíonta dearga agus fíonta rosé

66 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Fíonta súilíneacha

78 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Is i gcríoch na mbardas seo a leanas (liosta arna thiomsú ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024) a bhuantar na fíonchaora agus a dhéantar agus a fhorbraítear na fíonta i gcás na bhfíonta socra agus a bhuantar na fíonchaora agus a dhéantar, a fhorbraítear, a aosaítear agus a bhuidéalaítear na fíonta i gcás na bhfíonta súilíneacha: — Roinn Indre-et-Loire: Amboise, Anché, Artannes-sur-Indre, Athée-sur-Cher, Avoine, Avon-les-Roches, Azay-le-Rideau, Azay-sur-Cher, Beaumont-en-Véron, Benais, Bléré, Bossay-sur-Claise, Bourgueil, Brizay, Candes-Saint-Martin, Cangey, Chambray-lès-Tours, Chançay, Chanceaux-sur-Choisille, La Chapelle-sur-Loire, Chargé, Cheillé, Chemillé-sur-Indrois, Chenonceaux, Chinon, Chisseaux, Chouzé-sur-Loire, Cinais, Cinq-Mars-la-Pile, Civray-de-Touraine, Coteaux-sur-Loire, Couziers, Cravant-les-Côteaux, La Croix-en-Touraine, Crouzilles, Dierre, Draché, Epeigné-les-Bois, Esvres, Fondettes, Francueil, Genillé, Huismes, L'Ile-Bouchard, Joué-lès-Tours, Langeais (iarchríoch bhardasach Langeais amháin, atá ina cheanncheathrú riaracháin anois de chuid bardais níos mó), Larçay, Lémeré, Lerné, Lignières-de-Touraine, Ligré, Limeray, Lussault-sur-Loire, Luynes, Luzillé, Marçay, Montlouis-sur-Loire, Montreuil-en-Touraine, Mosnes, Nazelles-Négron, Neuillé-le-Lierre, Noizay, Panzoult, Parçay-Meslay, Pocé-sur-Cisse, Pont-de-Ruan, Razines, Restigné, Reugny, Rigny-Ussé, Rivarennes, Rivière, La Roche-Clermault, Rochecorbon, Saché, Saint-Avertin, Saint-Benoît-la-Forêt, Saint-Etienne-de-Chigny, Saint-Germain-sur-Vienne, Saint-Martin-le-Beau, Saint-Nicolas-de-Bourgueil, Saint-Ouen-les-Vignes, Saint-Règle, Sainte-Maure-de-Touraine, Savigny-en-Véron, Savonnières, Sazilly, Seuilly, Souvigny-de-Touraine, Tavant, Theneuil, Thilouze, Thizay, Tours, Vallères, Véretz, Vernou-sur-Brenne, Villaines-les-Rochers, Vouvray; Angé, Blois, Chailles, Châteauvieux, Châtillon-sur-Cher, Chaumont-sur-Loire, Chémery, Chissay-en-Touraine, Choussy, Le Controis-en-Sologne (críoch bhardais tharmligthe Contres agus Thenay), Couddes, Couffy, Faverolles-sur-Cher, Mareuil-sur-Cher, Méhers, Mesland, Meusnes, Monteaux, Monthou-sur-Bièvre, Monthou-sur-Cher, Montrichard Val de Cher, Noyers-sur-Cher, Oisly, Pontlevoy, Pouillé, Rilly-sur-Loire, Saint-Aignan, Saint-Georges-sur-Cher, Saint-Julien-de-Chédon, Saint-Romain-sur-Cher, Sassay, Seigy, Soings-en-Sologne, Thésée, Valaire, Valencisse (territory of the delegated municipalities of Chambon-sur-Cisse and Molineuf) Vallières-les-Grandes, Valloire-sur-Cisse (críoch bhardas tarmligthe Chouzy-sur-Cisse) agus (Veuzain-sur-Loire (críoch bhardas tarmligthe Onzain).

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

Cabernet Franc N

Cabernet Sauvignon N

Chardonnay B

Chenin B

Côt N — Malbec

Floreal B

Gamay N

Grolleau N

Grolleau gris G

Meslier Saint-François B — Gros Meslier

Meunier N

Orbois B

Pineau d’Aunis N

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Sauvignon B — Sauvignon blanc

Sauvignon gris G — Fié gris

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Is éard atá sa limistéar geografach ardchlár droimneach réidh sa chuid thiar theas d’Imchuach Pháras agus is limistéar cumair atá ann, áit a dtéann trí fho-abhainn, Cher, Indre agus Vienne, isteach sa Loire. Cumhdaíonn na fíniúnacha thart ar 100 ciliméadar líneach feadh ghleannta na n-aibhneacha, cé is moite d’fhíniúnacha Sologne, atá suite i suíomhanna ardchláir idir Cher agus Loire.

Síneann limistéir gheografacha na n-ainmneacha geografacha forlíontacha ‘Amboise’ agus ‘Mesland’ isteach go croí na bhfánaí atá scaipthe amach ón iarthar go dtí an t-oirthear feadh Ghleann Loire, agus ritheann limistéar geografach breise ‘Azay-le-Rideau’ feadh ghleann Indre. Tá an chríoch atá cumhdaithe faoin ainm geografach forlíontach ‘Chenonceaux’ i ngleann íochtarach Cher, agus tá ‘Oisly’ ar an ardchlár oirthearach atá suite idir Loire agus Cher.

Is annamh a bhíonn an airde ghinearálta níos airde ná 100 méadar nó 120 méadar i gcríoch na 143 bhardas arb iad an limistéar geografach.

Tagann na fíonta ó dháileachtaí talún a críochaíodh go docht agus go beacht, bunaithe ar chroíláir stairiúla an táirgthe. Is féidir na dáileachtaí talún sin a roinnt sna catagóirí seo a leanas: — dáileachtaí talún ina bhfuil ithreacha díorthaithe ó chré ina bhfuil meascán de bhreochloch agus de ghaineamh Méicéineach, ithreacha ar a dtugtar ‘bournais perrucheux’ go háitiúil, — dáileachtaí talún ina bhfuil ithreacha díorthaithe ó chréanna ina bhfuil breochloch, nó ‘perruches’, nó ithreacha créiúla cailcreacha clochacha díorthaithe ó aolchloch agus ar a dtugtar ‘aubuis’ go háitiúil; is ithreacha te agus tréscaoilteacha iad sin atá le fáil ar na fánaí níos ísle, nó ar ‘côtes’ na ngleannta; — dáileachtaí talún ina bhfuil ithreacha gleanna agus atá suite ar léibhinn a chruthaigh dríodar glárach ársa, ar a dtugtar ‘graviers’ go háitiúil.

Tairbhíonn an limistéar geografach d’aeráid mhuirí, agus laghdaíonn an tionchar a bhíonn ag an aeráid sin go mór i dtreo na coda oirthearaí den limistéar, is é sin, soir ó fhadlíne Tours. Léirítear an tionchar laghdaithe sin sna leibhéil teochtaí agus frasaíochta, bíonn tuairim is 550 milliméadar frasaíochta san iarthar, i gcomparáid le 650 milliméadar san oirthear agus bíonn raon teochta níos leithne san oirthear freisin, rud a léiríonn lagú níos suntasaí ar an tionchar muirí.

Is fianaise iad na hiarsmaí de sheanchantaoir fíona a thángthas orthu in Cheillé, gar do Azay-le-Rideau, ar shaothrú fíniúnacha i réigiún Touraine ó bhí an dara haois ann. Bhí an fhíonóireacht faoi bhláth idir an 8ú agus an 12ú haois, tráth a raibh sí faoi thionchar na heaglaise.

Chuir an chúirt ríoga a bhí lonnaithe i nGleann Loire san 16ú haois in châteaux amhail Chambord agus Chenonceaux go mór leis an bhfás nach beag i dtáirgeadh fíonta ar ardchaighdeán agus leis an gcáil a bhí ar ‘crus’ ar leith. Tháinig méadú ar an táirgeadh i ndiaidh achtú Fhorógra an Fiche Conradh, inar cuireadh cosc ar tháirgeadh fíona sa limistéar timpeall Pháras, agus tháinig cineálacha Gamay ón réigiún timpeall Lyon chun cinn.

Mar bhealaí iompair nádúrtha, ba spreagadh soiléir aibhneacha Loire agus Cher chun tairgeadh a fhorbairt sa limistéar geografach agus chun trádáil agus an t-aschur a rinneadh sa limistéar a onnmhairiú. Thrádáiltí na fíonta ab fhearr leis an Ísiltír agus le Sasana den chuid ba mhó tríd an mbacainn chustaim ag Ingrandes-sur-Loire, gar do Nantes. Thugtaí ‘fíonta mara’ (‘vins de la mer’) ar na fíonta ar ardchaighdeán sin mar gheall ar a ndea-iniomparthacht.

Le linn an 18ú haois, forbraíodh fíonghoirt i nglean íochtarach Cher, timpeall na mbailte Bléré, Thésée, Montrichard agus Chenonceaux. Rinneadh tuairisc ar shaothrú fíniúna sa limistéar sa suirbhé talmhaíochta a rinneadh sa bhliain XII (1804). I dtábla a aimsítear ann, ‘Tábla ar na fíniúnacha is mó a shaothraítear ar fhánaí Cher’, cuirtear Côt i láthair mar ‘an cineál is mó a shaothraítear ar fhánaí an Cher a bhfuil a n-aghaidh ó dheas, cineál a tháirgeann fíon den chaighdeán is airde’.

In 1845, ina ‘Ampélographie Universelle’, rinne an Cunta Alexandre Pierre Odart tagairt don chineál Côt N freisin mar ‘an cineál fíniúna is mó a shaothraítear ar bhruacha Cher agus Lot’. Scríobh Jules Geota, a bhí thar a bheith beacht ina chuid tuairiscí, an méid seo a leanas in 1860: ‘Is in Bourgueil, idir Chinon agus Saumur, is mó a fhástar Breton (Cabernet Franc N), áit ina ndéantar fíonta den chéad scoth as, ach téann sé i léig i dtreo oirthear an réigiúin, áit inarb iad na cineálacha Côt, Chardenet, Pinot Noir, Beurot agus Meunier (...) na cineálacha is mó a fhástar in Loir-et-Cher...’.

I ndiaidh na géarchéime fiollocsaeire, rinneadh fíonghoirt Touraine a athbhunú le fíniúnacha a fuarthas den chuid is mó as chineálacha a beangaíodh as an nua amhail Gamay N agus Sauvignon B. D’fhorbair limistéar geografach an lae inniu de réir a chéile, ina n-ionchorpraítear limistéar saothraithe fíniúna a mbaineann acmhainneacht mhaith leo. Tháinig buaicphointe an phróisis sin in 1939, tamall gairid sular bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, nuair a aithníodh an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Coteaux de Touraine’.

In 1953, glacadh an t-ainm ‘Touraine’ faoi dheireadh.

An tráth sin, chumhdaigh na fíonghoirt achar dromchla 8 000 heicteár, agus d’fhorbair na táirgeoirí, agus iad grúpáilte i gcúig chomharfhíonlann, táirgeadh fíonta a rinneadh as na cineálacha fíonchaor Sauvignon B agus Gamay N, a raibh cáil dhaingean ag teacht orthu sa trádáil lónadóireachta faoi na hainmneacha coitianta ‘Sauvignon de Touraine’ agus ‘Gamay de Touraine’.

Agus iad ar an eolas faoin acmhainneacht a bhain lena réigiún agus lena gcineálacha fíniúna, ó 1985 thosaigh táirgeoirí i nGleann Cher ag plandáil na gcineálacha Côt N agus Sauvignon B ar dháileachtaí talún a bhí suite ar na fánaí ab fhearr, fad a choinnigh na táirgeoirí i bhfíonghoirt Sologne an cineál Sauvignon B le haghaidh dáileachtaí talún ina raibh ithreacha gainmheacha.

Mar thoradh ar an iarracht sin barántúlacht a bhaint amach, aithníodh na hainmneacha geografacha forlíontacha — ‘Chenonceaux’ i gcás fhíonta geala agus dearga fhánaí Cher agus ‘Oisly’ i gcás fhíonta geala fhíonghoirt Sologne.

In 2009, cumhdaíodh 4 500 heicteár leis na fíonghoirt, agus iad saothraithe ag thart ar 800 táirgeoir. Thart ar 260 000 heictealítear an táirgeacht fíona, agus is fíon geal 60 % de sin. Baineann maothlachas le fíonta ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Touraine’ agus iad sa bhéal mar aon le hiarbhlas úr agus iarbhlas cothrom go maith.

Baineann réimse blasanna leis na fíonta geala, a mbíonn dath éadrom órga orthu go minic, idir mionbhlasanna ar a mbíonn ruainnín torthaí citris nó andúchasacha le brath agus mionbhlasanna bláthacha a thabharfadh bláthanna bána chun cuimhne. Cuireann siad le húire an iarbhlais, úire a mhaireann píosa.

Tagann blasanna fíneálta chun cinn sna fíonta rosé, ar a mbíonn ruainnín cuiríní dubha, torthaí andúchasacha nó citris le brath.

Maidir leis na fíonta dearga a tháirgtear ón gcineál Gamay N – fíonta a lipéadtear mar ‘Gamay’ nó atá ainmnithe mar ‘primeur’ – is minic a bhíonn dath an tsilín orthu agus is iondúil go dtagann mionbhlasanna te caor dearg chun cinn iontu mar aon le tainniní míne. Is fíonta cothroma iad sin, lena mbaineann éadroime agus galántacht araon. Na fíonta a tháirgtear ó chumaisc nó ón gcineál Cabernet Franc N amháin, bíonn siad galánta agus cumhachtach agus baineann struchtúr maith tainniní leo mar aon le léiriú aramatach ina gcuimsítear torthaí dearga agus dubha agus dathanna idir dath dorcha an rúibín agus dath domhain an ghairnéid.

Is struchtúr aigéadach den chuid is mó a bhíonn ag na fíonta súilíneacha geala agus ag na fíonta súilíneacha rosé agus tugann an struchtúr sin úire agus galántacht do na fíonta. Téann mionbhlasanna torthaíocha leis an aigéadacht sin agus d’fhéadfadh ruainnín de bhlas brioche teacht chun cinn le himeacht aimsire. Fíonta socra: Le himeacht ama, an príomh-abhainnchóras a chruthaigh an Loire, an Vienne, an Cher agus an tIndre, mhúnlaigh sé ardchlár droimneach de charraig bhog ón tréimhse Thánaisteach agus ón tréimhse Threasach. Sna Meánaoiseanna, faoi thionchar na heaglaise, plandáladh fíonghoirt feadh na ngleannta a gearradh amach ar an gcaoi sin agus ar imill an ardchláir.

Le linn na hAthbheochana fiú, bhí an ghaireacht sin d’uiscebhealaí ina hacmhainn thábhachtach a spreag onnmhairiú fhíonta Touraine. Le buaine na bacainne custaim ag Ingrandes-sur-Loire, áit ónar onnmhairíodh na fíonta chuig an Ísiltír, agus le cur i bhfeidhm Fhorógra an Fiche Conradh in 1577, múnlaíodh réigiún fíonóireachta an Loire agus ba ghnéithe fabhracha iad sin do tháirgeadh ar ardchaighdeán. Faoi thionchar na ndálaí aeráide, forbraíodh fíniúnacha a bhí bunaithe ar na cineálacha Chenin B agus Cabernet Franc N sa chuid thiar den limistéar geografach, ach ba iad na cineálacha Sauvignon B, Côt N agus Gamay N na cineálacha a roghnaíodh sa chuid thoir den limistéar geografach. Ba í fadlíne Tours a mharcáil an teorainn aeráide nádúrtha sin. Sna dálaí fíonsaothraithe éagsúla sin a bhí roimh tháirgeoirí, ba é an dúlra a rialaíodh rogha na gcineálacha fíniúna.

I gcomhréir leis an ngnás, tá an limistéar dáileachta talún atá críochaithe chun fíonchaora a bhuain teoranta do dháileachtaí talún ina bhfuil draenáil mhaith ithreach, agus inar foirmíodh na hithreacha ar shil-leagain Thurónacha agus Sheanónacha go príomha. Is éard atá san ithir sa chuid is mó de na gleannta idirmheánacha cré le breochlocha ina bhfuil cion ard breochloiche. Is líonmhar iad na breochlocha sin ar an dromchla agus dá bhrí sin bíonn ról tábhachtach acu tráth a aibítear na fíonchaora tríd an ráta teasmhalartaithe san ithir a mhéadú. Cuireann na dálaí sin go mór le cáilíocht na bhfíonta geala agus dearga. Éiríonn go han-mhaith leis an gcineál Sauvignon B, go háirithe ar dháileachtaí talún ar a bhfuil na hithreacha ‘perruche’ nó ar a bhfuil ithreacha créiúla cailcreacha clochacha ar a dtugtar ‘aubuis’ go háitiúil. Is faoi na dálaí sin a bhfaigheann an cineál gach a theastaíonn uaidh le haghaidh aibiú ilbhliantúil. Léirítear úire agus úrnuacht sna fíonta a tháirgtear ar na hithreacha sin agus san aeráid sin. In 2009, b’iad dhá thrian de tháirgeadh fíona ag a raibh an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe. Is é an cineál Gamay N, fíonchaor dubh an athbhunaithe a rinneadh i ndiaidh na géarchéime fiollocsaeire, an cineál a fhástar ar dháileachtaí talún ar a bhfuil ithreacha cré le breochlocha, agus bíonn na fíonta a dhíorthaítear as torthaíoch agus spleodrach. Is é an cineál Cot N an príomhchineál a úsáidtear sna fíonta dearga a tháirgtear soir ó fhadlíne Tours, ach is é Cabernet Franc N an cineál is mó a úsáidtear siar ón líne sin. Tugann na cineálacha sin struchtúr tainniní maith do na fíonta.

Aithnítear cúig ainm gheografacha fhorlíontacha faoin ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Touraine’.

Amboise

Tá an t-ardchlár bog cailce sách droimneach, agus é ag airdí idir 80 méadar agus 100 méadar. Mar gheall ar éagsúlacht na staideanna geoipeideolaíochta, tugadh deis do tháirgeoirí na dálaí fáis is fearr a aimsiú le haghaidh gach cineál fíniúna a bhunaigh iad féin san áit. Bíonn na fíonta rosé úr agus torthaíoch, agus bíonn carachtar aramatach sách dian ag na fíonta dearga, a mbaineann struchtúr tainniní maith leo, ar a mbíonn mionbhlasanna torthaí dearga ach go háirithe, agus bíonn na fíonta geala tirim go ginearálta ach scaití bíonn siúcraí coiptheacha iontu agus is féidir iad a lipéadú mar ‘demi-sec’ (‘leath-thirim’), ‘moelleux’ (‘leath-mhilis’) nó ‘doux’ (‘milis’). Is chun struchtúr tainniní na bhfíonta dearga a dhéanamh bog a aosaítear iad. I gcás na bhfíonta geala, cuireann aosú lena gcastacht aramatach.

Azay-le-Rideau

A bhuí lena suíomh idir gleannta Loire agus Indre, tairbhíonn na fíonghoirt d’aeráid mheasartha. Is iad fíniúnacha de na cineálacha Grolleau N agus Chenin B atá le fáil sna cnoic agus ar na laftáin ghainmheacha ghairbhéalacha, agus táirgeann siad fíonta geala atá galánta agus úr agus fíonta rosé atá torthaíoch. De réir an ghnáis, ní mór fíonta rosé a tháirgeadh trí theicníc an bhrú dhírigh roimh choipeadh chun an torthúlacht sin a fháil. Maidir leis na fíonta geala, a mbíonn siúcraí coiptheacha iontu scaití, bíonn siad galánta agus mianrach.

Chenonceaux

Síneann an limistéar geografach amach feadh na bhfánaí ar dhá bhruach Cher. Cuirtear na fíniúnacha ar dháileachtaí talún ina bhfuil cion mór breochloiche sna hithreacha. Bíonn carachtar aramatach an fhíona ghill dian de ghnáth, a dtagann dea-bholaithe bláthacha chun cinn iontu, amhail an sceach gheal agus acáise, agus mionbhlasanna níos bláthacha torthaí citris, torthaí triomaithe, etc. Is chun maothlachas agus galántacht a chur leis na fíonta a a aosaítear iad, aosú a mhaireann go dtí an 30 Aibreán ar a laghad den bhliain i ndiaidh na buainte. Bíonn struchtúr deas tainniní ag na fíonta dearga. Bíonn a gcarachtar aramatach sách dian, lena mbaineann mionbhlasanna torthaí dubha ach go háirithe. Is chun fíon a tháirgeadh ar a mbíonn dea-bholaithe casta agus ina mbíonn tainniní míne maothlacha a aosaítear iad, aosú a mhaireann go dtí an 31 Lúnasa ar a laghad den bhliain i ndiaidh na buainte.

Mesland

Comhfhreagraíonn an limistéar geografach, atá suite in oirthuaisceart an limistéir a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Touraine’, d’imeall ardchlár ar aghaidh Loire. Tá na hithreacha uile ann breochlochach ar an dóigh chéanna, ar ithreacha iad ina bhfuil gaineamh Méicéineach. Spreagann an raon leathan teochta agus an suíomh geografach na tréithe is fearr sna cineálacha fíniúna a aibíonn go luath. Na fíonta dearga agus rosé, a dhíorthaítear as an gcineál Gamay N den chuid is mó, saintréithe dá gcuid atá sna dea-bholaithe diana caor dearg a bhíonn uathu. Na fíonta geala, a mbíonn siúcraí coiptheacha iontu scaití, baineann carachtar aramatach casta leo, a dtagann dea-bholaithe bláthacha amhail an sceach gheal, bláth teile agus beirbhéine chun cinn iontu, chomh maith le mionbhlasanna níos torthaíche citris agus piorra. Is minic a fhágann siad úire fhada ina ndiaidh sa bhéal.

Oisly

Agus iad suite i gcroílár limistéar fíonóireachta Sologne, táirgtear fíonta geala sna fíonghoirt sin, a dhéantar as fíonchaora den chineál Sauvignon B amháin, ar fíonchaora iad a bhaineann barr a gcumais amach mar go bhfásann siad i ngaineamh ilchríochach agus in ithreacha gairbhéil agus ar ghnáthfhoirmíochtaí Sologne ina bhfuil gaineamh, cré agus marla sliogánach. Léirítear sna sonraí aeráide don limistéar geografach go bhfuil an séasúr is fo-tirime i réigiún Touraine aige. Soláthraíonn an timpeallacht nádúrtha sin úire d’fhíonta ar saintréith di dea-bholaithe míne agus fíneálta lena mbaineann mionbholaithe citris agus bláthanna bána. Is chun castacht a chur leis na fíonta a aosaítear iad, aostú a mhaireann go dtí an 30 Aibreán ar a laghad den bhliain i ndiaidh na buainte.

Tá Touraine, lena oidhreacht fíonghort agus gleannta a bhí ardmholta ag ríthe, fós ar cheann de sheoda réigiún fíonóireachta an tuaiscirt, agus chuir a thírdhreacha cultúrtha beo, arna gcaomhnú ag saothrú fíniúna tuata, le Gleann Loire a bheith san áireamh mar láithreán Oidhreachta Domhanda Unesco.

Fíonta súilíneacha

Táirgtear fíonta súilíneacha faoi na dálaí ar a dtugtar tuairisc thuas. Agus iad ag tabhairt faoi deara go raibh sé de nós scaití ag na fíonta buidéalaithe ina siléir coipeadh den dara uair, d’fhéach táirgeoirí Touraine le leas a bhaint as an nós a bhaineann le haerú nádúrtha agus le tairbhú de. Ba as sin a tháinig na fíonta a cuireadh ar an margadh do thomhaltóirí mar fhíonta ‘súilíneacha’ ón 19ú haois. Chuidigh na siléir a gearradh amach as an tuffeau (aolchloch mhínghráinneach) le forbairtí i dtáirgeadh na bhfíonta sin a chur chun cinn, táirgeadh a dteastaíonn limistéir ollmhóra stórála agus láimhseála ag teocht mheasartha ina leith.

I bhfianaise na taithí atá bailithe acu le breis agus céad bliain, tá saineolas cruthanta ag táirgeoirí na bhfíonta súilíneacha maidir le comhdhéanamh a mbaisceanna fíona. Léirítear úrnuacht chríochach na bhfíonta geala leis an gceanglas gur cheart 60 % den chineál fíniúna Chenin B nó Orbois B a bheith sna cumaisc. Cuidíonn aosú cothrománach ar racaí lata le forbairt na mionbhlasanna brioche agus chastacht na bhfíonta.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus próiseáil na bhfíonta súilíneacha agus maidir le táirgeadh, aosú agus buidéalú na bhfíonta súilíneacha, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas (liosta a cuireadh le chéile ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021):

Roinn Indre: Faverolles-en-Berry, Fontguenand, Lye, La Vernelle, Veuil agus Villentrois;

Roinn Indre-et-Loire: Bréhémont, La Chapelle-aux-Naux, Chaveignes, Chezelles agus Crissay-sur-Manse;

Roinn Loir-et-Cher: Candé-sur-Beuvron, Cheverny, Cormeray, Fresnes, Le Controis-en-Sologne (críoch bhardais tharmligthe Feings, Fougères-sur-Bièvre agus Ouchamps), Les Montils, Mont-près-Chambord, Sambin agus Selles-sur-Cher;

Roinn Maine-et-Loire: Brain-sur-Allonnes agus Montsoreau.

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an tásc ‘Gamay’ a bheith i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.

Féadfaidh ceann amháin de na hainmneacha geografacha forlíontacha seo a leanas a bheith i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge: ‘Amboise’, ‘Azay-le-Rideau’, ‘Chenonceaux’, ‘Mesland’ agus ‘Oisly’.

Féadfaidh an tásc ‘primeur’ (‘luath’) nó ‘nouveau’ (‘nua’) a bheith i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.

I gcás ina sonraítear i reachtaíocht an Aontais go bhféadfaidh na Ballstáit na tásca roghnacha a rialú, priontálfar tásca den sórt sin ar lipéid i bhfoclaíocht nach bhfuil níos mó, ar airde agus ar leithead, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.

Ní mór méid na litreacha le haghaidh an ainmniúcháin gheografaigh ‘Val de Loire’ a bheith níos mó, ar airde nó ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.

Tásca forlíontacha

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an t-ainm geografach forlíontach ‘Amboise’, ‘Azay-le-Rideau’ nó ‘Mesland’ a bheith priontáilte i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe i litreacha nach bhfuil níos mó, ar airde agus ar leithead, ná méid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.

Ní mór an t-ainm geografach forlíontach ‘Chenonceaux’ nó ‘Oisly’ a bheith priontáilte faoi ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe i litreacha nach bhfuil níos mó, ar airde agus ar leithead, ná méid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.

Ní mór an tásc ‘demi-sec’ (‘leath-thirim’) a bheith ar lipéad na bhfíonta geala ar a bhfuil an t-ainm geografach forlíontach ‘Amboise’, ‘Mesland’ nó ‘Azay-le-Rideau’, faoi réir chomhlíonadh na gcaighdeán anailíseach le haghaidh an táisc sin sa tsonraíocht táirge, nó ní mór an tásc ‘moelleux’ (‘leath-mhilis’) nó ‘doux’ (‘milis’) a bheith ar an lipéad, ag comhfhreagairt don chion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) san fhíon, arna shainiú i reachtaíocht an Aontais.

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an tásc ‘demi-sec’ (‘leath-thirim’) a bheith ar lipéad na bhfíonta rosé ar a bhfuil an t-ainm geografach forlíontach ‘Mesland’, faoi réir chomhlíonadh na gcaighdeán anailíseach le haghaidh an táisc sin sa tsonraíocht táirge, nó ní mór an tásc ‘moelleux’ (‘leath-mhilis’) nó ‘doux’ (‘milis’) a bheith ar an lipéad, ag comhfhreagairt don chion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) san fhíon, arna shainiú i reachtaíocht an Aontais.

Maidir le fíonta is féidir a lipéadú mar ‘primeur’ (‘luath’) nó ‘nouveau’ (‘nua’), ní mór an bhliain fíona a bheith ar an lipéad.

I gcás fíonta lena ngabhann an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe, féadfar ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

gur ainm áite é atá liostaithe i gclárlann na talún;

go bhfuil an t-ainm le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Go bhfuil an tásc ‘Gamay’ priontáilte díreach faoi ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe i litríocht nár cheart a bheith níos lú, ar airde nó ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe, ach níor cheart dóibh a bheith níos mó ná na litreacha sin.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-8ee59a6d-350c-419e-abed-7be2bd49b69e


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5230/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)